Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Trácht ar an bPíobaire Mhór chá saoilim gur mhúin
sé píobaireacht d'aon duine riamh & is mór an truaigh é.
Theagasg sé na céadta chum ringceadh, óir is ar fheabhas
atá an ringce chomh maith le n-a phíobaireacht, & tá mórán
dá chuid ringce sgaptha ag daoinibh i dTírchonaill acht
ní'l aon phíobaire ann anois acht é féin. Is mór an
truaigh adeirim gur leigeadh an phíobaireacht ar gcúl.
Lá ar n-a bhárach b'éigin damh gluaiseacht liom arís.
Bhí lá breágh gréine ann, siúd is go raibh leath troigh
sneachta 'na luighe ar na bailtibh móra. Chuaidh mé
thart bealach Taobh a' Mhuilinn, & Baile-an-Átha-Mhóir, go
dtí port an bhóthair iarainn. D'fhan mé ann sin go
dtáinig an traen. Bhí comhrádh agam le fear an phoirt
& siúd is gur fear neamh-dhúthchasach é & nach bhfuil
Gaedhilg ró-mhaith aige go fóill, tá sé ag déanamh a
dhíchill le n-a foghluim. Thug sé gealladh damh go
mbéadh dórnán sean-sgéal aige fá mo choinne an
darna uair a thiocfainn an bealach sin, mar dubhairt
sé go raibh aithne aige ar dhaoinibh a raibh go leor neithe
mar seo aca.
Tháinig an traen ar ball, & chuaidh mé isteach i gcarbad
tar éis damh mo rothar do chur ar bórd romham. Chá
deachaidh mé i bhfad ar an traen mar do thuirling mé
ag an darna port, sé sin ag port an Chlochain i nGleann-
fhinne. Chár mhaith liom sgaradh le n-a sléibhtibh go fóill.
Is ionnann teórainn do na sléibhtibh & do'n Ghaedhealtacht
óir níor b'fhéidir do Ghallaibh theacht i dtír i measg na
sliabh. Ar an adhbhar sin d'fhág siad na sléibhte ag
Gaedhealaibh & mhair an Gaedheal ann siúd gan bac gan
buaidhreadh go dtí an lá indiu, acht amháin gur bh'éigin
dó cíos do dhíol do na tighearnaibh Gallda. Ní ró-
shaidhbhir an slighe bheathadh atá aige imeasg na sliabh, acht
'na dhiaidh sin 's uilig tá saoirse & saoirseacht aige &
tá a intinn féin aige & a theanga féin gan chead
d'aonnach, chan mac a samhail na Gaedhil bhochta atá
'na gcomhnuidhe i measg na nGall i n-oirthear Thírchonaill
ar bh'éigin dóibh géilleadh do'n Ghalldachas & a dteanga
& a mbéasa féin do leigint ar gcúl. Mar sin de,
molaim na sléibhte & molaim & altuighim Dia gur chruthuigh.
Sé na sléibhte le dídion & dúnadh do dhéanamh d'ar
gcineadh i n-aimsir a gcruadhtáin & a ngéibhinn.
D'fhill mé arais ag an gClochán Mór, & rothair mé go
dtí an Clochán Beag. Sráid-bhaile atá 'sa' Chlochán
Bheag ar a mbíonn aonach míosamhail, & aonach te tair-
bheach. Acht taobh amuich de lá an aonaigh ní'l mórán
le feacail 'sa' bhaile sin. Ghoir mé isteach go tigh
Sheumais Mhig Loinsigh (no Mig Fhlannchadha b'fhéidir).
Is fear creideamhnach é Seumas, & fear fiúntach
macánta leis. Tá siopa breágh aige 'sa' Chlochán Bheag
& díolann sé biotáilte fosda. Tá Gaedhilg bhreágh
aige mar do bhí ag a sheacht sinnsir roimhe, & ní'l aon
fhaitchíos air a theanga dhúthchais a labhairt i n-uair ar
bith. Nuair a bhí sé 'na dheolach óg chuaidh sé go dtí
Amerioca & bhí Gaedhilg bhreágh aige 'ar ndóigh. Lá
amháin bhí sé amuich ag siubhal ar an tsráid & fear
macánta eile leis. Casadh orra seanduine bocht &
bheannuigh sé dóibh i nGaedhilg. D'fhreagair Seumas dó,
acht leig an fear eile air nár thuig sé é ar chor ar bith,
siúd is go raibh fhios ag Seumas go raibh neart Gaedh-
ilge aige. Chuir an rud seo an oiread sin de shamhnas
ar Sheumas gur chinn sé comhairle dhó féin an Ghaedhilg
do labhairt i gcomhnuidhe & í do mhúnadh dá chlann. Bhí
sé pósda ar mhnaoi a raibh neart Gaedhilge aici, &
theagasg siad an Ghaedhilg do na páisdíbh i gcomhnuidhe
go dtáinig siad uilig 'na bhaile go hÉirinn arís.
D'innis Seumas damh go bhfuil obair mhaith dá
déanamh do'n Ghaedhilg i gcuid de na sgoltaibh thart
fá'n tír sin. Cuireann an sagart Mac Aifeartaigh
suim mhór 'sa' Ghaedhilg. Tá Domhnall Ruadh Mag
Loinsigh mar oide speiséalta leis an nGaedhilg do
theasgasg i mbeirt nó triúr de na sgoltaibh, & níor
bh'fhéidir fear ní b'fhearr d'fhagháil. Ba dhual is ba
dhúthchas do chloinn Mhig Loinsigh grádh bheith aca do'n
Ghaedhilg.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11