Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Thairis
Title
Sgéalta Thairis
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉALTA THAIRIS CÚRSAIDHE DLIGHE Do héisteadh cúis ag Seisiún an Earraigh an lá cheana i gCorcaigh faoi fhear do marbhuigheadh, go timpisteach, i gCathair Saidhbhín san Meitheamh seo chuaidh thart. Is cosmhail go raibh an fear ag siubhal ar an gcasán i n-aice tighe mhuinntire Uharton, & gur thuit sé i bpoll, & gur briseadh a chos. Dubhairt athair an fhir go mb' iad muinntir Uharton ba cionntach leis an bpoll a bheith ann, mar bhíodar ag déanamh tighe, & do shac a casán síos. Ní raibh fuagra ná eile thuas aca, adeir sé, le taisbeáint go raibh an áit contabhairteach, & chuir sé isteach ar £500 d'fhagháil i n-omós bais a mhic. Sí an fhiadhnaise do bhí ar an taoibh eile, i n-aghaidh sin, go raibh an fear súgach nuair chuaidh sé san áit, & nach raibh fuagradh ná a leithéid ag teastáil, mar gurab é lár an lae ghléigil do bhí ann. Do chreid an coiste an fhiadhnaise sin, & do sgaoi- leadar muinntir Uharton saor ó mhilleán, & ó eiric. Sé an ceangal atá leis an sgéal nach rud ionmholta do dhuine dhul 'un dlighe má bhíonn an dara hinnseacht ar sgéal, & deir an sean-fhocal go mbíonn dhá innseacht ar sgéal, & dhá ghabháil déag ar amhrán. AN SGADÁN Tá sgéal greannmhar fá bás an sgadáin ar bun i nDúndalgáin. Innsigheann Enrí Ua Muirgheasa é. Ba gnáthach le muinntir an bhaile sin triosga an Charaighis do dhéanamh chomh fíreamhail sin nach n-ithidhe blas feóla ann i n-imtheacht an Charaighis. Is mór do chuireadh sin lucht marbhtha mart, na búistéirí ar deireadh, & gach uile Shatharn Cásga, nuair bhíodh a seasúr ag teacht arís cheannuighdís sgadán, chrochaidís ar chleith naoi dtroighthe dhíreach láidir é, d'fhághaidís slata móra fada, & shiubhlaidís thríd an mbaile, ó Chnoc na Croiche go dtí an Droichead Mór ag gabháil ar an sgadán bocht, & á lasgadh, nó nach mbíodh eite dhe le chéile. Nuair thagaidís go dtí an droichead chaithidís an sgadán granna síos do thuairt san uisge, ag déanamh uilc air, mar 'dheadh, & chrochaidís ceathramhadh uain i n-áit, & an ceathramhadh uain gléasta suas fá ribínibh & fá bhláthaibh, & théighidís ar ais arís go loch an mhargaidh ag gabháil fhuinn, & ag gáir-mhaodhachtáil le n-a chéile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services