SGÉALTA THAIRIS
CÚRSAIDHE DLIGHE
Do héisteadh cúis ag Seisiún an Earraigh an lá
cheana i gCorcaigh faoi fhear do marbhuigheadh, go
timpisteach, i gCathair Saidhbhín san Meitheamh seo
chuaidh thart. Is cosmhail go raibh an fear ag siubhal
ar an gcasán i n-aice tighe mhuinntire Uharton, & gur
thuit sé i bpoll, & gur briseadh a chos. Dubhairt athair
an fhir go mb' iad muinntir Uharton ba cionntach
leis an bpoll a bheith ann, mar bhíodar ag déanamh
tighe, & do shac a casán síos. Ní raibh fuagra ná
eile thuas aca, adeir sé, le taisbeáint go raibh an áit
contabhairteach, & chuir sé isteach ar £500 d'fhagháil i
n-omós bais a mhic. Sí an fhiadhnaise do bhí ar an
taoibh eile, i n-aghaidh sin, go raibh an fear súgach nuair
chuaidh sé san áit, & nach raibh fuagradh ná a leithéid ag
teastáil, mar gurab é lár an lae ghléigil do bhí ann.
Do chreid an coiste an fhiadhnaise sin, & do sgaoi-
leadar muinntir Uharton saor ó mhilleán, & ó eiric.
Sé an ceangal atá leis an sgéal nach rud ionmholta
do dhuine dhul 'un dlighe má bhíonn an dara hinnseacht
ar sgéal, & deir an sean-fhocal go mbíonn "dhá
innseacht ar sgéal, & dhá ghabháil déag ar amhrán."
AN SGADÁN
Tá sgéal greannmhar fá bás an sgadáin ar bun
i nDúndalgáin. Innsigheann Enrí Ua Muirgheasa é.
Ba gnáthach le muinntir an bhaile sin triosga an Charaighis
do dhéanamh chomh fíreamhail sin nach n-ithidhe blas feóla
ann i n-imtheacht an Charaighis. Is mór do chuireadh sin
lucht marbhtha mart, na búistéirí ar deireadh, & gach
uile Shatharn Cásga, nuair bhíodh a seasúr ag teacht
arís cheannuighdís sgadán, chrochaidís ar "chleith naoi
dtroighthe dhíreach láidir" é, d'fhághaidís slata móra
fada, & shiubhlaidís thríd an mbaile, ó Chnoc na Croiche
go dtí an Droichead Mór ag gabháil ar an sgadán
bocht, & á lasgadh, nó nach mbíodh eite dhe le chéile.
Nuair thagaidís go dtí an droichead chaithidís an sgadán
granna síos do thuairt san uisge, ag déanamh uilc air,
mar 'dheadh, & chrochaidís ceathramhadh uain i n-áit, & an
ceathramhadh uain gléasta suas fá ribínibh & fá bhláthaibh,
& théighidís ar ais arís go loch an mhargaidh ag gabháil
fhuinn, & ag gáir-mhaodhachtáil le n-a chéile.