Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Fá thuairim an seacht a chlog ghléasamar orainn féin & bhuaileamar anonn go dtí Paidi Meadhbha mar a bhí an píobaire. Tá Paidi marbh (go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam) le roinnt bliadhan acht tugtar teach Phaidi Mheadhbha ar an tigh go fóill. Tá an bhain- treabhach beo & tá buachaill & cailín dá cuid cloinne aici 'sa' bhaile, sé sin, Feardorcha & Bríghid Óg. Tá an bheirt aca na ndamhsóiribh breágha. Tá fear eile aca pósda & é 'na chomhnuidhe trí mhíle ó'n áit sin, & is í mo bharamhail gurab é an damhsóir is fearr é i dTírchonaill. Acht chá raibh sé againn an oidhche sin. Nuair a bhuaileamar isteach 'na tighe bheannuigh gah uile dhúinn le lán-chroidhe. Tá muinnteardhas eadar an teaghlach & sinne, sé sin, mo dheirbhshiúr & mé féin, & ag mo chliamhain Conall fosda, & téidheann fuil i bhfad i dTírchonaill. Bhí an píobaire 'na shuidhe go modhmhar cois na teineadh & d'umhlaigheamar dhó, gach uile dhuine dhínn ar ndul isteach dhúinn. Níor bhuain sé bogadh as féin acht a cheann do chlaonadh go stáiteamhail amhail do dhéanfadh flaith nó taoiseach 'sa' tsean-aimsir, óir is mór an bhróid & an neamh-spleadhacht atá 'sa' phíobaire. Agus tá cuma flatha air leis. Tá gruaig chiar-dhubh air go fóill, siúd is go bhfuil sé suas le ceithre sgóir bliadhan d'aois. Suidheann sé i n-a chathaoir chomh díreach le ridire ar dhruim eich & féachann a shúile dubha dána ar an uile dhuine chomh neamh-eaglach is do dheanfadh Oscar mac Oisín. Chá raibh mórán daoine i láthair an oidhche sin, mar bhí an píobaire ar tí fanamhaint cúpla oidhche eile, & b' ar an oidhche i mbárach a bhí an ringce mór le bheith ann. Acht bhí fá thuairim deich nduine is fiche ann & b'fhéidir go raibh go leor annsin i gcoimh- mheas le méid an tighe. Is insan chistinigh a bhí muid ag damhsa & siúd is gur bhreágh fairsing an seomra é, bhí sé te go leor leis an teinidh & leis an ringce. Is iomdha port a bhí againn ó sin go dtí am luighe & chá deirim nach raibh mé féin gearr-thuirseach ag an dó- dhéag. Ní ionnan 'sa' chás do'n aos óg, óir chá raibh siad acht ag cur faobhair orra féin nuair stad an píobaire. Mar bhí dhá oidhche eile roimhe níor fhéad sé suidhe go ró-mhall. Thug mé fá deara go bhfuil damhsóireacht breágh ag an aos óg fá'n duthaigh sin go fóill. Acht thug mé fá deara rud eile do thaitin níos fearr liom, & sé sin gur b'í an Ghaedhilg do labhair siad rith na hoidhche. Bhí sean daoine & daoine óga i láthair, ó'n bpíobaire & a ceithre sgóir bliadhain air, go dtí páisdibh ar ghlúnaibh, & chár labhair aon duine focal Béarla. Go dearbhtha bhí mé féin ag cailleadh mo chuid Béarla go tiugh óir is fíor-bheag an méid Béarla chuala mé ó d'fhág mé na Cealla Beaga, chomhair a bheith seachtmhain ó shoin. Chuir sé iongantas & bróid orm go raibh an méid sin de Ghaedhilg beo i dTírchonaill fós. Acht shiubhal mé thríd Thírchonaill cúpla seachtmhaine eile i n-a dhiaidh sin & fuair mé amach go bhfuil áiteacha eile i dTírchonaill atá níos Gaedhealaighe ná an ceanntar sin féin. Go moltar an Righ tá an oiread Gaedhilge dá labhairt i dTírchonaill go fóill is do shíolchuirfeadh an domhan uile le Gaedhilg. Acht tá na daoine ar ainfhios liti- ordhachta Gaedhilge mar is fíor-bheag atá na sgolta gá déanamh le litiordhacht na Gaedhilge do chur ar aghaidh. Cuirfidhmid athrughadh ar seo nó béidh cloigne ar lár againn. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services