Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Fá thuairim an seacht a chlog ghléasamar orainn féin
& bhuaileamar anonn go dtí Paidi Meadhbha mar a bhí
an píobaire. Tá Paidi marbh (go ndéanaidh Dia
trócaire ar a anam) le roinnt bliadhan acht tugtar
teach Phaidi Mheadhbha ar an tigh go fóill. Tá an bhain-
treabhach beo & tá buachaill & cailín dá cuid cloinne aici
'sa' bhaile, sé sin, Feardorcha & Bríghid Óg. Tá an
bheirt aca na ndamhsóiribh breágha. Tá fear eile aca
pósda & é 'na chomhnuidhe trí mhíle ó'n áit sin, & is í mo
bharamhail gurab é an damhsóir is fearr é i dTírchonaill.
Acht chá raibh sé againn an oidhche sin.
Nuair a bhuaileamar isteach 'na tighe bheannuigh gah
uile dhúinn le lán-chroidhe. Tá muinnteardhas eadar
an teaghlach & sinne, sé sin, mo dheirbhshiúr & mé féin, &
ag mo chliamhain Conall fosda, & téidheann fuil i bhfad
i dTírchonaill. Bhí an píobaire 'na shuidhe go modhmhar
cois na teineadh & d'umhlaigheamar dhó, gach uile dhuine
dhínn ar ndul isteach dhúinn. Níor bhuain sé bogadh as
féin acht a cheann do chlaonadh go stáiteamhail amhail
do dhéanfadh flaith nó taoiseach 'sa' tsean-aimsir, óir
is mór an bhróid & an neamh-spleadhacht atá 'sa' phíobaire.
Agus tá cuma flatha air leis. Tá gruaig chiar-dhubh
air go fóill, siúd is go bhfuil sé suas le ceithre sgóir
bliadhan d'aois. Suidheann sé i n-a chathaoir chomh díreach
le ridire ar dhruim eich & féachann a shúile dubha dána
ar an uile dhuine chomh neamh-eaglach is do dheanfadh
Oscar mac Oisín. Chá raibh mórán daoine i láthair an
oidhche sin, mar bhí an píobaire ar tí fanamhaint cúpla
oidhche eile, & b' ar an oidhche i mbárach a bhí an ringce
mór le bheith ann. Acht bhí fá thuairim deich nduine is
fiche ann & b'fhéidir go raibh go leor annsin i gcoimh-
mheas le méid an tighe. Is insan chistinigh a bhí muid ag
damhsa & siúd is gur bhreágh fairsing an seomra é, bhí
sé te go leor leis an teinidh & leis an ringce. Is
iomdha port a bhí againn ó sin go dtí am luighe & chá
deirim nach raibh mé féin gearr-thuirseach ag an dó-
dhéag. Ní ionnan 'sa' chás do'n aos óg, óir chá raibh
siad acht ag cur faobhair orra féin nuair stad an
píobaire. Mar bhí dhá oidhche eile roimhe níor fhéad sé
suidhe go ró-mhall.
Thug mé fá deara go bhfuil damhsóireacht breágh ag
an aos óg fá'n duthaigh sin go fóill. Acht thug mé fá
deara rud eile do thaitin níos fearr liom, & sé sin
gur b'í an Ghaedhilg do labhair siad rith na hoidhche. Bhí
sean daoine & daoine óga i láthair, ó'n bpíobaire & a
ceithre sgóir bliadhain air, go dtí páisdibh ar ghlúnaibh,
& chár labhair aon duine focal Béarla. Go dearbhtha
bhí mé féin ag cailleadh mo chuid Béarla go tiugh óir
is fíor-bheag an méid Béarla chuala mé ó d'fhág mé
na Cealla Beaga, chomhair a bheith seachtmhain ó shoin.
Chuir sé iongantas & bróid orm go raibh an méid sin
de Ghaedhilg beo i dTírchonaill fós. Acht shiubhal mé
thríd Thírchonaill cúpla seachtmhaine eile i n-a dhiaidh sin
& fuair mé amach go bhfuil áiteacha eile i dTírchonaill
atá níos Gaedhealaighe ná an ceanntar sin féin. Go
moltar an Righ tá an oiread Gaedhilge dá labhairt i
dTírchonaill go fóill is do shíolchuirfeadh an domhan
uile le Gaedhilg. Acht tá na daoine ar ainfhios liti-
ordhachta Gaedhilge mar is fíor-bheag atá na sgolta
gá déanamh le litiordhacht na Gaedhilge do chur ar
aghaidh. Cuirfidhmid athrughadh ar seo nó béidh cloigne
ar lár againn.
Cú Uladh
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11