Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Bhuail mé liom ar mo rothar ó Fhionntuin go dtí an Cheanngharbh mar atá mo dhuine muinnteardha Conall Mag Aodhcháin 'na chomhnuidhe. Casadh mórán daoine orm ar an bhealach & bheannuigh siad uilig damh i nGaedhilg. Go dearbhtha badh dheacair duine d'fhagháil 'sa' dúthaigh seo nach bhfuil tréan Gaedhilge aige. Ní mheasaim go gcluintear Béarla ar bith thart fá Fhionntúin acht an méid labharthar insna tighthibh sgoile & 'sa' tigh pobuil Dia Domhnaigh. Siúd is gur Gaedhilg labhras na páisdí uilig san áit sin, is suarach an méid Gaedhilge teasgasg- thar ins na sgoltaibh. Go dtí an lá indiu cuirtear maighistrí sgoile ins na sgoltaibh gan focal Gaedhilge ina bpluic, & ar ndóigh ní féidir leo Gaedhilg do mhúnadh nuair nach bhfuil an Ghaedhilg aca féin. Suas go dtí an bhliadhain seo chuaidh tharainn bhí an teach pobuil chomh dona leis na sgoltaibh, óir ní chluinfidhe focal ó'n altóir acht an Béarla — taobh amuich de dhórnán Laidne. Ó tháinig an sagart Mac Pháidín do'n pharáisde tigeann sé go Fionntúin, cor uair, & labhrann sé as Gaedhilg i gcomhnuidhe. Tá teach eile i bhFionntúin ina labharthar Béarla sé sin, barraic na bpíleirs. Bhí sé i ndiaidh am dinnéire nuair tháinig mé go tigh Chonaill Mag Aodhcháin, & mar nach raibh muinntir an tighe ag feitheamh liom cha raibh gréim bidh réidh & bhí ocras an tsaoghail orm-sa, nídh nar bh'iongnadh & mé amuich ar marcuidheacht ar dhruim rothair an lá fuar geimhridh sin. Bhí teine mhaith mhóna ar an teallach, & chuir mo dheirbhshiúr .i. Bean Chonaill síos braon uisge gan mhoill fá choinne tae a dhéanamh damh. Anois bhí samhnas orm féin leis an tae óir i rith m'aisdir i dTírchonaill b'fhusa tae d'fhagháil déanta go minic nó béile ar bith eile, & mar gheall ar sin d'ól mé liom ar an tae go raibh mé éadtrom in mo cheann leis. Dubhairt mé an méid seo le mo dheirbhshiúr & thóg sí an coire uisge arís & chuir síos pota beag préataí in a hait. Dhearg mé féin mo phíopa le linn na hama sin i modh nach smuaineóchainn ar an bhiadh go mbéadh na préataí bruithte. Fá'n am céadna bhí gearr-chearc marbh ag an ghirsigh & buaineadh na cleiteacha dhi go cliste & i gcionn uaire nó mar sin bhí béile maith bidh ós mo choinne ar an bhórd; & dar leoga, & ní leoga bréagach sin, cha dtug mé mo chúl air acht d'ith mé go raibh maróg orm. Tá máthair Chonaill beo & í 'na comhnuidhe leisean & tá seisear cloinne ag Conall. Mar sin tá trí gein- ealach daoine san tigh sin & imeasg na dtrí ngeinealach sin is Gaedhilg labharthar beagnach uilig. Ní mheasaim go bhfuil Béarla ró-mhaith ag sean-Bhríghid, nó má tá ní'l grádh ar bith aici dó, óir char chualas focal Béarla uaithe riamh sílim. Tá an dá chuid ag Conall acht is minice dó a labhairt na Gaedhilge. Bhí a bhean, sé sin mo dheirbhshiúr, níos cliste ag an Bhéarla (mo dhálta féin) i n-aimsir a hóige acht is mór a chuaidh a chuid Gaedhilge i bhfeabhas ó pósadh í. Tá an t-aos óg go cliste 'sa' dá theangain. A bé an gluaiseacht Gaedhilge atá ann le roinnt bliadhain anois chá sílim go mbéadh oiread Gaedhilge ag an dream óg is atá, & is iomdha teaghlach mar seo i dTír-Chonaill a bhfuil comhartha na gluaiseachta orra cheana féin. Chá bhfuair clann Mhig Aodhcháin cuideacht no uchtach ar bith 'sa' sgoil a bhfuil siad air, leis an Ghaedhilg d'fhoghluim. D'fhoghluim siad an teanga do léigheadh & do sgríobh as a stuaim fhéin & gan buidheachas do lucht stiúrtha na sgoile, & tá mórán páisdí eile ar an sgoil sin, nach bhfuil aca de theanga acht an Ghaedhilg acht ní'l siad in ann a léigheadh no a sgríobhadh. I rith na tráthnóna tháinig cuid de na comhursannaibh isteach ag áirneáil, & bhí luthgháir orm cluinsint gur as Gaedhilg labhair siad uilig. Char lámhaigh duine aca labhairt sa' Bhéarla. Bhí sean duine amháin ann, Niall Mag Aodhcháin a dtug siad Yankee air, & chá raibh sé acht i ndiaidh teacht ar ais as an Oileán Úr taréis dá fhichead bliadhain dá bheatha do chaitheadh annsin. Níor bh'iongantach an rud é dá mbéadh an Ghaedhilg caillte go léir aige. Acht do réir cosamhlachta is contrardha atá an sgéal aige, óir ní labhrann sé focal acht Gaedhilg & ní'l aige acht meas madaidh ar lucht an Bhéarla.
Bhíos ar tí imtheacht liom an oidhche sin arís mar bhí mo ghnó féin agam le déanamh acht hinnseadh damh ar feadh na tráthnóna go raibh an Píobaire Mór, .i. Toirdhealbhach Mac Suibhne, píobaire an chóisir san chomhursanacht & go raibh iom-dhamhsa le bheith aige i dtigh Phaidí Mheadhbha an oidhche sin; & mar nach bhfacas píobaire le seal, & mar nach raibh coiscéim ringce agam le fada, acht amháin cúrsa beag san Árd a' Rátha an oidhche roimhe sin, chinn mé comhairle furacht i dtigh Chonaill an oidhche sin & cuairt a thabhairt ar an bpíobaire. Acht b'fhéidir go mbeadh tuairim agat-sa, a fhir-eagair, go bhfuil an t-alt so fada go leor cheana féin; & mar gheall ar sin, cuirfidh mé tuairisg an phíobaire ar ath-lá go dtí an tseachtmhain seo chugainn. Cú Uladh (Is dóigh linn gur mór is ioncháinte an tae. Déan- faidh sé an tubaiste muna gcuirtear bac éigin air. Nach é is cionntach le droch-fhiaclaibh, le laigeacht croidhe, le droch ghoile & le fiche galar eile. Is mór an t-iongnadh linn nach mbagruigheann na doctúirí ar dhaoinibh gan a bheith agá shíor-chaitheamh mar ata siad. An F. E.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services