Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Ag trácht tar pháipéaraibh nuadhachta cluinim nach raibh focal san Derry Journal Dia Luain seo chuaidh thart um an gcruinniughadh mhór do bhí agaibh i mBaile-Átha- Cliath, Dia Domhnaigh. Ní iongantach go dtugaid lucht na Gaedhilge fán dtuaidh “Cáileach a' Bhéarla” mar leas-ainm ar an bpáipéar, úd. Is é so an páipéar is mó léigheas i dTírchonaill & nidh nach iongnadh. Tá díoghbháil mór déanta aige do chúis na Gaedhilge. Támaoid sgriosta gan pháipéar náisiúnta ionaraiceach bheith againn i dTírchonaill! Lá ar n-a bhárach in a dhiaidh sin d'fhág mé slán ag Diarmuid, chuaidh mé ar dhruim mo rothair & as go bráthach liom go dtí na Gleanntaibh. Siúd is gur “i lár an gheimhridh fhuair” a bhí sé, fuair mé lá breágh gréine an lá úd. Bhí beagán sneachta go dearbhtha 'na luighe annso is annsiúd ar an mbealach mhór, acht mar bhí an sneachta reóighte leis an tsiocain, char chuir sé bac ar bith orm acht rothair mé liom go gasda & char buaineadh tuisle nó tuitim asainn. Cha raibh faill agam furacht i bhfad ins na Gleanntaibh mar bhíos ar tí dul ar an traen ag an aon a chlog & bhí cuairt no dó agam le tabhairt ar dhaoinibh 'san' bhaile sin. Fuair mé tuairisg ar mhnaoi a bhí fairíor! i dtigh na-mbocht as na Gleann- taibh, go raibh a lán sgéalta aici. Is cosmhail go mbéidh a cuid sgéalta caillte anois, óir ní mheasaim go bhfuil duine fá'n áit sin ar fiú leis iad a chur síos. Cailltear cuid mhór de na sean-sgéaltaibh thar a bheith nach bhfuil daoine in gach dúthaigh Gaedhealach in ann an Ghaedhilg do sgríobh. B'fhearr na sgéalta do chur síos i mBéarla féin ná leigint dóibh bheith caillte & b'fhurus iad d'athrughadh go Gaedhilg arís. Is mar gheall ar seo go measaim go ndearna Seumas Mac Maghnuis beart maith tairbheach nuair bhailigh sé na sé sgéalta draoidheachta úd ar chuir sé amach go deirionnach faoi ainm — “Sgéalta draoidheachta Dhún- na-nGall.” Siúd is gur i mBéarla innistear anois iad tá blas na Gaedhilge orra uile & tá súil agam go bhfeic- fear 'sa' Ghaedhilg iad arís roimh i bhfad. Tá greann & grinn ionnta, & éirighim dá fhichid bliadhain níos óige nuair léighim ar an phléidhseam; ar Chonall & Domhnall ag Tadhg; ar an mbeach, an chruit an luch, & an priom- pollán & na sgéalta eile. Tá cuimhne mhaith agam ar shean-chailín a bhíodh i dtigh mo athar in aimsir m'óige go raibh na sgéalta seo go léir léithe & gidheadh, gur rinne mé dearmad orra ó shoin tigeann siad arais de ghlan-mheabhar chugam anois nuair a léighim iad i leabhar Sheumais. Chuaidh mé ar an traen go dtí Fionntúin & thuirling mé annsin le cuairt a thabhairt ar mo dhuine mhuinn- teardha Conall Mac Aodhcháin. Ag Fionntún chonnaic mé taidhbhse. Ná buaineadh seo preab nó geit as mo chuid léightheóir, óir bhí an lá geal ann & cha raibh aon eagla orm. B'é an rud do chonnaic mé samhail i gcosmhaileacht duine. Bhí aithne mhaith agam air, mar bhí sé ar sgoil liom fadó. Acht bhí athrughadh mór air. Cha raibh snáithe éadaigh air acht sean-bhríste giobalach & a chroiceann le feiceál tríotha. Bhí a chasóg chomh dona le n-a bhrístibh & sean-chaibín ar a cheann & é ar dath an fhéir, sár-chaithte, & a chiumhasa briste ina bhearnaibh. Labhair sé liom acht níor thuig mé focal a bhí sé a' rádh, & measaim nach Gaedhilg nó Béarla go labhair sé acht Béarlagar leis féin. Sgaoil mé tharam é mar nar bh'fhéidir liom ciall ar bith d'fhagháil as. Anois ní dheirim go bhfuair an duine bocht seo bás riamh & char chualas go bhfuair, acht bhéarfainn mo mhionna daoibh gur taidhbhse bhí ann & chan duine daonda. Tá sé ag ól uisge beatha ar feadh fiche bliadhain & sin an méid tháinig as go bhfuil sé 'na thaidhbhse ar an tsaoghal indiu. Fairíor géar! is iomdha taidhbhse aca seo atá ar fud na hÉireann! Cá bhfuil teaghlach nó clann, treibh no aicme nach bhfuil a dtaidhbhse féin aca. Táid seo caillte go léir; caillte d'Éirinn, caillte dá muinntir, caillte dóibh féin, b'fhéidir caillte do Dhia féin. Is cosmhail nach féidir fóirithin do thabhairt dóibh, acht a dhaoine chléibh nach bhfuil sé d'fhiachaibh orainn an uile shaothar do ghlacadh & an uile iarracht do dhéanamh ó n-ar gcroidhe istigh leis an aos óg a choimhéad slán ó'n ngalar cráidhte úd, a ghníos taidhbhsí ar an tsaoghal de dhaoinibh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services