Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Ag trácht tar pháipéaraibh nuadhachta cluinim nach
raibh focal san Derry Journal Dia Luain seo chuaidh thart
um an gcruinniughadh mhór do bhí agaibh i mBaile-Átha-
Cliath, Dia Domhnaigh. Ní iongantach go dtugaid lucht
na Gaedhilge fán dtuaidh “Cáileach a' Bhéarla” mar
leas-ainm ar an bpáipéar, úd. Is é so an páipéar is
mó léigheas i dTírchonaill & nidh nach iongnadh. Tá
díoghbháil mór déanta aige do chúis na Gaedhilge.
Támaoid sgriosta gan pháipéar náisiúnta ionaraiceach
bheith againn i dTírchonaill!



Lá ar n-a bhárach in a dhiaidh sin d'fhág mé slán ag
Diarmuid, chuaidh mé ar dhruim mo rothair & as go
bráthach liom go dtí na Gleanntaibh. Siúd is gur “i lár
an gheimhridh fhuair” a bhí sé, fuair mé lá breágh gréine
an lá úd. Bhí beagán sneachta go dearbhtha 'na luighe
annso is annsiúd ar an mbealach mhór, acht mar bhí an
sneachta reóighte leis an tsiocain, char chuir sé bac ar
bith orm acht rothair mé liom go gasda & char buaineadh
tuisle nó tuitim asainn. Cha raibh faill agam furacht
i bhfad ins na Gleanntaibh mar bhíos ar tí dul ar an
traen ag an aon a chlog & bhí cuairt no dó agam le
tabhairt ar dhaoinibh 'san' bhaile sin. Fuair mé tuairisg
ar mhnaoi a bhí fairíor! i dtigh na-mbocht as na Gleann-
taibh, go raibh a lán sgéalta aici. Is cosmhail go
mbéidh a cuid sgéalta caillte anois, óir ní mheasaim
go bhfuil duine fá'n áit sin ar fiú leis iad a chur síos.
Cailltear cuid mhór de na sean-sgéaltaibh thar a bheith
nach bhfuil daoine in gach dúthaigh Gaedhealach in ann
an Ghaedhilg do sgríobh. B'fhearr na sgéalta do chur
síos i mBéarla féin ná leigint dóibh bheith caillte &
b'fhurus iad d'athrughadh go Gaedhilg arís.



Is mar gheall ar seo go measaim go ndearna Seumas
Mac Maghnuis beart maith tairbheach nuair bhailigh sé na
sé sgéalta draoidheachta úd ar chuir sé amach go
deirionnach faoi ainm — “Sgéalta draoidheachta Dhún-
na-nGall.” Siúd is gur i mBéarla innistear anois iad
tá blas na Gaedhilge orra uile & tá súil agam go bhfeic-
fear 'sa' Ghaedhilg iad arís roimh i bhfad. Tá greann &
grinn ionnta, & éirighim dá fhichid bliadhain níos óige
nuair léighim ar an phléidhseam; ar Chonall & Domhnall
ag Tadhg; ar an mbeach, an chruit an luch, & an priom-
pollán & na sgéalta eile. Tá cuimhne mhaith agam ar
shean-chailín a bhíodh i dtigh mo athar in aimsir m'óige
go raibh na sgéalta seo go léir léithe & gidheadh, gur
rinne mé dearmad orra ó shoin tigeann siad arais de
ghlan-mheabhar chugam anois nuair a léighim iad i leabhar
Sheumais.



Chuaidh mé ar an traen go dtí Fionntúin & thuirling
mé annsin le cuairt a thabhairt ar mo dhuine mhuinn-
teardha Conall Mac Aodhcháin. Ag Fionntún chonnaic
mé taidhbhse. Ná buaineadh seo preab nó geit as mo
chuid léightheóir, óir bhí an lá geal ann & cha raibh aon
eagla orm. B'é an rud do chonnaic mé samhail i
gcosmhaileacht duine. Bhí aithne mhaith agam air, mar
bhí sé ar sgoil liom fadó. Acht bhí athrughadh mór air.
Cha raibh snáithe éadaigh air acht sean-bhríste giobalach
& a chroiceann le feiceál tríotha. Bhí a chasóg chomh
dona le n-a bhrístibh & sean-chaibín ar a cheann & é ar
dath an fhéir, sár-chaithte, & a chiumhasa briste ina
bhearnaibh. Labhair sé liom acht níor thuig mé focal a
bhí sé a' rádh, & measaim nach Gaedhilg nó Béarla go
labhair sé acht Béarlagar leis féin. Sgaoil mé
tharam é mar nar bh'fhéidir liom ciall ar bith d'fhagháil
as. Anois ní dheirim go bhfuair an duine bocht seo
bás riamh & char chualas go bhfuair, acht bhéarfainn mo
mhionna daoibh gur taidhbhse bhí ann & chan duine daonda.
Tá sé ag ól uisge beatha ar feadh fiche bliadhain & sin
an méid tháinig as go bhfuil sé 'na thaidhbhse ar an
tsaoghal indiu. Fairíor géar! is iomdha taidhbhse aca
seo atá ar fud na hÉireann! Cá bhfuil teaghlach nó
clann, treibh no aicme nach bhfuil a dtaidhbhse féin aca.
Táid seo caillte go léir; caillte d'Éirinn, caillte
dá muinntir, caillte dóibh féin, b'fhéidir caillte do
Dhia féin. Is cosmhail nach féidir fóirithin do thabhairt
dóibh, acht a dhaoine chléibh nach bhfuil sé d'fhiachaibh orainn
an uile shaothar do ghlacadh & an uile iarracht do dhéanamh
ó n-ar gcroidhe istigh leis an aos óg a choimhéad slán
ó'n ngalar cráidhte úd, a ghníos taidhbhsí ar an tsaoghal
de dhaoinibh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services