Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL IS I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Siúd is go bhfuil Srath-an-urláir suidhte i dTírchonaill
ní mheasfadh duine é ar dtabhairt fá deara dhó Gall-
dachas na háite. Baile beag socharach is eadh Srath-an-
urláir, agus is maith a mhaise dhó sin mar tá sé 'na shuidhe
i gceart-lár an chuisle talmhan is fearr atá i dTír-
chonaill. Ar ndóigh tá an talamh te saidhbhir seo i
seilbh na bPlandtóirí mar tá gach aon ghiota talmhan ar
fiú tráithnín é i dTírchonaill, agus seo é cionnfáth agus
príomh-adhbhar an Ghalldachais atá 'na luighe go trom ar
an áit. Is fíor é go dearbhtha go bhfuil mórán daoine
fá Srath-an-Urláir anois a bhfuil na bhfíor-Ghaedhealaibh
do réir cinidh, acht ní'l an réim cheart aca agus ní'l an
spiorad cheart ionnta. Díbireadh a sinnsear, i naim-
sir an Phlanduighthe amach siar imeasg na sliabh.
Shleamhnuigh cuid aca ar ais ó shoin acht bhí an faitchíos
chomh mór sin in a gcroidhthibh go raibh eagla orra roimh
gach dos is gach sgáil dá bhfaca siad, is shaoil siad gur
mór cumhachtach na daoine iad na Plandthóirí. Thar a
bheith sin, lean siad nósa na bPlandthóirí agus a gcuid
Béarla agus a gcuid múinteachais. Leantar na neidhthe
seo go fóill i Srath-an-Urláir. Tá baile beag eile i
ndeas do Shrath-an-Urláir, acht ar an taobh thall de
abhainn na Finne. Is é seo Baile-bó-Fiaich. Tá na
daoine 'sa bhaile seo i bhfad níos Gaedhealaigh do réir
cinidh 'na tá muintear Srath-an-Urláir, acht ní'l siad
pioc níos Gaedhealaigh i na n-inntinnibh. Deirtear
imeasg Gaedhilgtheóirí gur bhé seo an sráid-bháile is
Gallda i nDún-na-nGall, sé sin, i na chaint agus i nósaibh
a dhaoine, acht cha deirim féin an méid seo mar is
iomdha sráid-bhaile Gallda i nDún-na-nGall. Ag port
an bhóthair-iarainn ag Srath-an-Urláir bhí daoine ag
furacht le dhul ar an traen go Dún-na-nGall. Is i
mBéarla bhí siad ag caint agus níor chualas riamh roimhe
go dtí an uair sin, a leithéid de dhroch-chaint is chuala
mé ann sin. Bhí cuid aca 'na gceannuidhthibh bó agus capall
agus bhíodar ag caint fá'n aonach a bhí i mBaile-bó-Fiaich
an lá sin agus gach aon darna focal a bhí as a mbéalaibh
mionna mór do bhí ann, agus a leithéid de mhionna mhór!
faraor! ní chluinfeá níos measa sa Saltmarket i
nGlaschú, i mBaile-mic-Airt, i mBéilfeirsde, nó i
Whitechapel i Lúndúin. Acht bhí níos measa ná seo
le fulaing agam. Bhí beirt ghasúr 'na suidhe le mo
thaobh agus gach aon mhionna mór asta chomh maith le fear!
Droch-chreach ar an mBéarlachas, nach é tá ag milleadh
agus ag damhnughadh na tíre!
Lá gearr geimhridh do bhí ann agus bhí an oidhche ann sul
a ndeachaidh an traen thríd an Bhearnas Mhór, rud nachar
thaitin liom mar is aoibhinn liom i gcomhnuidhe malaí
na sliabh d'fheiceál san mBearnas agus Conallach agus Eoghanach
acht dhá bhinn atá ar ghach taoibh de'n bhóthar ag an
mBearnas Mhór. Acht cha raibh neart air; thiomáin an
tiománaidhe ar aghaidh i n-éadan na gaoithe gur
shroicheamar Dún-na-nGall. Char fhan mé i bhfad aca i
nDún-na-nGall an oidhche sin, mar bhí giota beag eile
agam le dhul.
Níor thrácht mé mórán i nGaedhilg nó thar an Ghaedhilg
i nDún-na-nGall, mar bhí fhios agam cheana féin nach raibh
mórán tairbhe dhamh ann. Bhíos ann sin lá breagh Samhraidh
roimhe sin nuair a bhí cruinniughadh breagh ag Cumann
Litiordha na Gaedhilge as Doire ann, agus ag seo an sgéal
d'innis mo chara Pádraig Mac Aodhgain, rúnaire
Craobha Glaschú, dhamh fá'n chruinniughadh sin. Bhí seisean
i nDún-na-nGall cúpla lá i ndiaidh an chruinniughthe agus
shaoil sé go mbéadh an fraoch ar lasadh ann sin ar ndóigh.
Casadh air ógánach a raibh sean-aithne aige air, agus arsa
Pádraig leis. “Bhí cruinniughadh breagh Gaedhilge Dia
Domhnaigh ann seo.” “Bhí saoilim,” ars an deólach, “chuala
mé iomrádh air.” Chuir a neamh-shuim samhnas ar Phádraig
acht d'fhiafraigh sé de an raibh sgolta Gaedhilge aca i
nDún-na-nGall. “Chá saoilim go bhfuil,” arsan buachaill,
“bhíodh siad ag tracht ar a léithéid tá tamall ó shoin
acht ní chluinim iomrádh orra le fada.” D'fhág Pádraig
ann sin é. Sin a gcuirtear de shuim sa Ghaedhilg i
nDún-na-nGall an chuid is mó aca. Ochón goide an
brón do bhéadh ar Lughaidh Ó Cléirigh agus ar Thadhg an
tSléibhe, (an Bráthair Mícheál) nó ar Aodh Ruadh, nó ar
Chormac an Eigeas, nó ar Choluimcille dá mbéadh a
fhios aca (agus cha deirim nach bhfuil a fhios sin aca) an
cineal daoi agus dósán d'fhágadar i na ndiaidh i nDún-na-
nGall.
Ar a shon sin ní'l na daoine uilig caillte sa'
Ghalldachas agus sgríobhfadh an tseachtmhain seo chugainn
ar dhornán daoine Gaedhealach atá i nDún-na-nGall nó
i ndeas dó.
Cú Uladh