(So Dráma aoin-ghnímh do sgríobh “Cuchulainn” le
haghaidh Oireachtais na bliadhna so.)
Lá na nAmadán
An Fhuireann
Mícheál (Mangaire),
Constábla,
Meirgeach (Déirceóir),
Seaghan Crón,
Neill (Cailín aimsire),
Bean Sheaghain,
Sáirseant,
Brighid (Inghíon-Sheaghain).
(Féachann an sáirseant ar an gconstábla agus féachann seisean ar an
sáirseant).
An Sáir. — Am bhriathar! sin é, é. Níor chuimhnigheas
air. Mhaise greadadh chuice an toice; ní rachaidh an
bob so in aisge léi. Táim marbh ó'n rith sin. Téanam
ort; tar abhaile (Imthigheann an bheirt).
Meir (ag piocadh suas na bprátaí, is na rudaí
eile.) — Go neirighidh bhúr mbóthar libh abhaile mo
bhuachaillí; acht, bainfead-sa aisdear eile asaibh sul a
mbéadh réidh libh.
(Tig Mícheál)
Mícheál. — Cad é an sgéal é? (Leathann a súile air,
nuair a fheiceas sé na prátaí.) Do sgaipeadar do
phrátaí dhuit, sul ar imthigheadar.
Meir. — Acht díolfaidh na spreallairíní as, láithreach.
An cailín aimsire do chuir ar do lorg iad; an í?
Mícheál. — 'Sí.
Meir. — Tá go maith. Do thairig an sáirseant coróin
dom, acht innsint dó cá rabhais. Tabhair dhom do mhála
anois, agus bíodh an mála so agat-sa; cuir rud éigin eile
ann in ionad an tsean-bhríste so (ag taisbeánt an
tsean-bhríste dhó), agus in a ionad so (ag taisbeánt an
bhirt páipéir) fág na prátaí ann; ní bheidh aithne aca
ortha san. Imthigh-se isteach go tigh Sheaghain Cróin —
gheóbhaidh tú cóta nó léine ann. Táim ag dul thar nais
go dtí an barraic chum innsint dhóibh go bhfaca an
mangaire ag dul isteach chum tighe Sheaghain Cróin, agus
gheóbhad mo choróin, ó'n sáirseant. Chídhfir-se na
constáblaí ag teacht, ó thigh Sheaghain agus bí ar an mbóthar
rómpa, agus do mhála ullamh agat.
Mícheál (ag sgartadh ar gháiribh). — O! tuigim: is
glic an cleasaidhe thú. Seo dhuit an mála. (Tugann
a mhála do Mheirgeach. Tógann an mála eile ar a
dhruim. Tógann Meirgeach a mhála-sain ar a dhruim).
Mícheál. — Ní fheadar-sa cá bhfuil an teach sin. Teach
Sheaghain Cróin a dubhrais. Ní rabhas riamh timcheall
na háite so cheana, agus ní'l a fhios agam cá bhfuil sé.
Meir. — Taisbeánfad duit é. Téanam ort: buail
mar so. – Ó! – fan airiú; do dhearmadas. Má fhiaf-
ruigheann na constáblaí d'ainm díot, tabhair d'ainm
dilis féin dóibh. (Imthighidh).
An Treas Radharc
An Barraic
An Sáirseant, an Constábla, agus Neill
An Sáir. — (Go feargach) 'Sé so an bob is gránna agus
is measa do buaileadh riamh orm. Nach maith a bhí fhior
agat gurab é lá na namadán an lá indiu. Is uras
a thuigsint, nach raibh pioc eile le déanamh agat. Éist
liom; tugaim fógra dhuit anois gan a leithéid sin do
dhéanamh go deo aris, nó má ghnídhir, rachair amach as an
tigh so, ar mhullach do chinn, agus bí id' amadán nó id'
oinsigh, má is maith leat, in áit éigin eile.
Neill. — Féach ar sin anois, mar éagcóir. Níor
bhuaileas-sa aon bhob ort, agus is lugha 'ná sin do bhí fhios
agam gurab é lá na namadán atá indiu againn. Níor
chuimhnigheas ar a leithéid go deimhin. Mheasas go
mbéidhtheá buidheach díom, acht, thú chur ar lorg an
mhangaire sin. Muna rugabhar air, ní ormsa atá an
locht.
An Sáir. — Eist do bhéal! Ní theastuigheann do ghach
re 'seadh uaim-se. Do chuiris ar lorg bhacaigh sinn, nach
raibh 'na mhála aige, acht prátaí agus seanbhríste. Ní
chreidim thú a thoice. Is fearr dhuit do bhéal do dhúnadh
anois.
Neill. — O! faire! féach ar sin! cad a dhéanfad?
Ó! airiú! tá an biorán agus an láimh-éadach agam.
(Tógann an biorán agus an láimh-éadach amach as a póca.)
Féach orthasan: do cheannuigheas uaidh iad.
(Tig Meirgeach isteach)
Meir. (agus gearr-anála air). — Do chonnac an mangaire
úd a sháirsint! Bhí sé i bhfolach dtaobh istigh de'n chlaidhe
agus d'imthigheabhar thairis: do rugabhar ormsa annsain.
Sin é an dearmad a rinneabhar. Nuair a bhídheabhar
imthighthe abhaile, tháinig sé amach tar an gclaidhe.
Neill (leis an sáirseant). — 'Seadh anois, ní chreidfeá
mise.
An Sáir. — Cá bhfios duit gur mangaire é?
Meir. — Airiú! nách bhfuil aithne agam riamh ar an
rógaire úd. Is fada tá sé ar an mbóthar anois agus ní
rugadh fós air. Ní fhuil aon-chead aige agus tá sé ag
díol tae, agus tobac, agus poitín agus mórán giúrléidí beaga
eile. Mícheál Breathnach is ainm dó.
An Sáir. — Cá bhfuil sé anois? Ní thiocfá annso is
dócha acht go bhfuil fhios agat cá bhfuil sé. Rachamaoid
'na dhiaidh.
Meir. — Airiú a sháirsint a chroidhe 'stigh! nár gheallais
coróin dom: tabhair dhom í agus cuirfeadh anuas air sibh.
An Sáir. — Tar linn-ne má 'seadh, agus má bheireann sinn
air tabharfad duit í.
Meir. — Airiú! connas fhéadfainn-se siubhal libh agus mé
chomh bacach sin; agus fós, ní maith liom a fhios a bheith aige-
siúd gur mise do chuir ar a lorg sibh. Och! do
mharbhóchadh sé mé dá mbéadh a fhios aige é. Ba cheart
díbh bheith ag gluaiseacht anois nó beidh sé imthighthe uaibh.
An Sáir. — (Ag síneadh na corónach chuige). — Seo
máiseadh. Brostuigh ort agus innis dúinn cá bhfuil se.
Meir. — Chonnac ag dul isteach go tigh Sheaghain
Cróin é; ní bheidh aon deithneas air anois, mar is dóigh
leis go bhfuil sé saor uaibh-se, ó chonnaic sé ag filleadh
abhaile sibh, agus béarfaidh sibh annsain air acht bhrostughadh.
(Imthigheann an bheirt).
Neill. — Ní fhuaras riamh a leithéid d'aoide, agus tá fághalta
anois agam ó'n sáirseant mar gheall ar an mangaire
céadna sin. Mheas sé go rabhas ag déanamh amadáin
díobh. Agus ort-sa do rugadar? Mhaise ní haon
iongna leis, é bheith buailte isteach 'na n-aigne go raibh
an sgéal mar sin.
Meir. — Bhídheas féin deimhnitheach de leis, go raibh
duine éigin a déanamh amadáin díobh go dtí go bhfacas
mo bhuachaill ag teacht amach thar an gclaidhe chugham.
Ní fhaca seisean mise ámh: bhídheas díreach ag teacht
timcheall cúinne an bhóthair nuair a chonnaic ag teacht
amach é agus do dhruideas siar. D'fhaireas annsain air,
go ndeachaidh sé isteach chum tighe Sheaghain Cróin, agus
annsain do bhogas an bóthar annso. Rachadh 'na ndiaidh
anois; ba mhaith liom cuid de'n spórt d'fheicsint. Ní
ceart dom leis a bheith annso rómpa; do bheadh amhrus
ag Mícheal orm. Tabhair dhom rud éigin ar son Dé
anois: béad ag imtheacht.
Neill. — Ní fhuil aoin-phinginn agam anois duit: nach
bhfuairis do choróin, agus ba cheart duit bheith sásta leis.
Tabharfad píosa aráin duit ámh. (Imthigheann ag iarraidh
an aráin: tar éis tamaill, filleann agus síneann an
t-arán chuige.) Seo. Dá mbeadh pinginn agam do
geóbhfá í, acht ní fhuil leigheas agam air anois.
Meir. — Tut! ná bíodh ceist ort airiú! dá ngeabhainn
an oiread so in gach aoin-tigh ní baoghal go mbeadh
ocras orm. Go méaduighidh Dia do stór a chailín agus go
ndéanaidh Sé trócaire ar anamanaibh do mharbh.
(Imthigheann).
Neill ('Na haonar). — Maise greadadh chughat, mar
sháirseant! Nach luath do tharraing sé an droch-chaint
chuige. Aililiú! do rachainn amach ar mhullach mo chinn.
Is fada arís go neósfad aoin-nídh dhó. (Imthigheann.)
An Ceathramhadh Radharc.
Teach Sheaghain Cróin.
Seaghan Cróin, bean Sheaghain, agus Brighid.
(Tig Mícheál isteach)
Mícheál. — Bail ó Dia orraibh.
Seaghan. — Go mbeannaighidh Dia agus Muire dhuit a
dhuine bhoicht. Druid aníos. Suidh ar an gcathaoir sin
annsain. (Suidheann Mícheál). An bhfuil aon sgéal
nuadh agat?
Mícheál. — Ní'l focal airiú: acht tá mhaise! tá sgéal
greannmhar agam. An bhfuil aithne agat ar an duine
bocht sin go nglaodhtar Meirgeach air?
Seaghan. — Tá go deimhin; tá tógha na haithne agam
air. Cad 'na thaobh?
Mícheál. — Do chuir sé annso mé d'iarraidh cóta nó
léine, nó rud éigin de'n tsaghas sin, chum a churtha ins
an mála so.
Seaghan. — Cad chuige airiú? Cád 'na thaobh nach
dtiocfadh sé féin 'ghá n-iarraidh?
Mícheál. — Neósfad duit é. Mangaire is eadh mise.
Ní'l eolas na háite so agam, agus do shiubhlas isteach
díreach go dtí an barraic indiu, agus mé gan “chead.”
Ní raibh na constáblaí istigh rómham ámh, agus do bhéinn
imthighthe glan as a líontaibh muna mbeadh gur dhíolas
cúpla rud leis an gcailín-aimsire. Do bhí braon
poitín agam, agus bhí sí ghá cheannach, nó ag leigint uirri
bheith 'ghá cheannach; ní fheadar cia 'cu. Níor thgas di
é ámh, mar do chonnac cúpla gunna agus cúpla crios ar
an mballa, agus bhí fhios agam láithreach go rabhas ins an
mbarraic. Do ruitheas liom féin, acht ní rabhas acht
tamall beag ó'n mbarraic nuair a bhí na constáblaí
im' dhiaidh; bhí an cailín-aimsire tar éis a gcurtha ar
mo lorg. Bhéadh beirthe orm gan dearmad acht gur
casadh Meirgeach orm. Ní'l aithne ag na constáblaí
ar Mheirgeach agus d'fhan sé leó, agus chuadhas-sa i bhfolach!
Thángadar, agus rugadar ar Mheirgeach agus bhidheadar lán-
deimhnitheach go raibh an mangaire aca, acht bhí dearmad
mór orra dar ndóigh. Do thairig an sáirseant coróin
annsain dó, acht iad do chur ar lorg ceart an mhangaire,
acht do mheall seisean i gcuma éigin é ionnas go
ndeachadar abhaile. Pé sgéal é, tá Meirgeach imthighthe
anois go dtí an barraic ag innsint do'n sáirseant go
bhfaca sé mise ag teacht isteach annso, le súil an
choróin d'fhághail; acht sul ar imthigh sé, do thug sé a
mhála féin domh-sa agus tá mo mhála-sa aige-sean.
Anois, do chuarduigh na constáblaí an mála agus b'fhéidir
go mbéadh aithne aca ar an mbeart páipéir so ('ghá
tharraing amach as an mála) agus ar an sean-bhríste so,
(ag tarraing an tsean-bhriste amach) agus dubhairt
Meirgeach go ngeóbhainn rud éigin annso a chuirfinn
'na nionad. Táim le bheith ar an mbóthar roimh na
constáblaíbh nuair a bheidheas siad ag teacht, tá fhios
agat. (Sgartaid go léir ar gháiribh.)
Bean Sheaghain. — Mhaise cúis gháire chughainn. Ní
dhéanfainn dabht de Mheirgeach. Féach a Bhrighid, tá
sean-chóta annsain fá'n staidhre; tá sean-léine ann
leis: tabhair annso iad araon.
Seaghan (Ag sgartadh ar gháiribh arís). — Lá na
namadán dar fiadh. 'Sé so an cleas is deise d'imreadh
riamh ortha. Caithfead-sa dul ag féachaint ar an spórt
leis.
Mícheál (Ag gáiridh). — 'S eadh go díreach; lá na
namadán is eadh é; is iongantach nár chuimhnigheas air,
agus níor dubhairt Meirgeach focal mar gheall air.
(Tugann Brighid an cóta ian léine dhó.)
Brighid. — Féach! a mháthair! tá máilín plúir annsain
ar an gclár; do dhéanfadh sé go háluinn ins an mála
leis.
Bean Sheaghain. — Tabhair dó é, máiseadh. (Tugann
Bríghid an máilín agus imthigheann go dtí an doras.
Socruigheann Mícheál a mhála.)
Mícheál. — Fanfad annso anois go mbeidh siad ag
teacht.
(Ní críoch.)