Cúrsaidhe an tSaoghail
Sgéalta Thairis
An tIasgaire
Shuas i mbárr na hÉireann, i Loch Suilligh tá na
hiasgairidhe ag casaoid nach bhfuil caladh-phort ceart
aca le theacht chum tíre. Tá an cuan ro-thana má
bhíonn sé n-a thrágh, agus báthadh beirt fhear an lá fá
dheireadh ann cheal áit le theacht i dtír. Tháinig an lá
n-a stoirm, agus ní raibh áit aca a dtiocfaidís. B'éigin
dóibh mar sin a bheith tabhairt leath-bhord anonn 's anall,
acht nuair rug an sinneán go mío-fhabharach ortha, hiom-
puigheadh an báidín agus chuaidh sí féin agus a foireann go
tóin poill. Go ndéanaidh Dia trócaire ar an mbeirt!
Cuireadh sgéala go dtí Bord an Riaghaltais atá ag
breathnughadh i ndiaidh na n-iasgairidhe, agus na dtalmhuidhe
bochta ar fud na hÉireann, agus thairigeadarsan céad go
leith punt le cuidiughadh le caladh a dhéanamh dhá
dtugadh an Comhairle Condae an oiread eile uatha le
n-a chríochnughadh, acht níor cloiseadh focal ó'n gComh-
airle Condae fós n-a dtaoibh.
An Tarbh
Bhí fear a' leigean tairbh amach as an gcró, nó as
an stábla, coicthidhis nó trí seachtmhainí ó shoin, shíos i
gCillchainnigh, agus bhí an tarbh ar théid aige. Nuair tháinig
an tarbh amach, d'iompuigh sé ar an bhfear go hobann,
agus mar bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, bhí sé i mullach
an fhir, agus an adharc go feirc aige ann a chliabhrach.
Cuireadh fios ar an sagart agus ar an dochtúir, acht ní
raibh maith ann, fuair an fear bás faoi cheann trí
huaire na dhiaidh sin. Bhí beirt fhear eile san áit, an
tam céadna, acht bhí an tarbh chom hobann sain nár
fhéadadar a dhul roimhe.
Toras Saor
Thug muintir an Bhóthair Iarainn Thuaidh toras saor
do mhuintir Chonnartha na Gaedhilge i mBéal Feirsde
an tseachtmhain seo chuaidh tharainn, le go dtiocfaidís
go B'l' á' Cliath le Casadh an tSúgáin d'fheicsint.
Fuaireadar an toras ann agus as ar luach aon aistear
amháin. Níl na Bóithre Iarainn i naghaidh lucht na Gae-
dhilge, agus tá Gaedhilgeóirí Bhéil Feirsde buidheach do
lucht an bhóthair seo.
An Margadh
Ní raibh an oiread stuic ar an aonach i nAth Cliath le
tamall fada, agus bhí an tseachtmhain seo chuaidh tharainn,
agus níor díoladh a leath. Ceanna réasúnta is fairsne
bhí ann, cé go raibh beagán de'n chuid ramhar féin le
fághail. Fuair ceannachóiridhe na hÉireann an t-eallach
níos saoire ná bhí súil aca, ag teacht ann dóibh. Tá an
fheoil a' teacht anall fós thar farraige n-a tonnaibh, agus
n-a míltibh de thonnaibh, agus ní'l aon tuairim go mbeidh
aon chlaochmughadh air go cheann fada. Ní raibh thar 2 3/4
phighinn go dtí 3 pighne is leith-phighinn an punt, ar
cheannaibh garbha cnámhacha, agus mar sain féin, níor díoladh
iad. Bhí caoirigh tuitighthe ó 28, go dtí 38, an ceann
agus ní raibh fiafrughadh ar bith ortha muna mbeidís i n-ann
a márbhughadh. Bhí na ba bainne daor ann má bhíodar
go maith, agus díoladh a lán aca-san. Chuadar ó sheacht-
bpunta dhéag go dtí fiche punt an ceann.
Tá sé air ag lucht féir bheith ar a naireachas féin.
Má fhanann an teallach tuitighthe mar so, is gearr go
gcaithfear an cimín a ghearradh suas le céachtaibh agus a
chur. Dhá dteidheadh caoi mhaith ar thalamh cuir is fearr
go mór a díocfadh sé ná n-a chimín.
Fear Meabhrach
Bhí na daoine ag déanamh an-torann sa gcúirt lá, agus
níor bhforusta focal a chlos mar gheall ortha. Fá
dheireadh theip an fhoighid ar an ngiúistís, agus d'fhuagair
sé ar an “bpílear”: “tabhair áit suidhte do na daoinibh
sin atá a' déanamh torainn ar an urlár, agus cuir amach
'c uile dhuine eile.”
Gnó Gaedhealach
Fuair cara linn litir an tseachtmhain seo chuaidh thart
ó lucht-gnó i Sasana, ag iarraidh air, dá mb' é a thoil
é, a ainm a chur ar a litir i mBéarla feasta, ar fhait-
chíos go dtiocfadh aon phioc dá ghnó amudha. D'fhreag-
air ar gcara agus dubhairt nach gcuirfeadh, agus nach gcuirfeadh
sé a ainm i mBéarla ar aon pháipéar feasta, muna
gcaithfeadh sé a dhéanamh dhá lom-aimhdheoin. Rinne
muintir Aongusa (an leanna), iarracht cheana ar chur
faoi ndeara dhó a ainm a sgríobh i mBéarla agus, cé go
ndeachadar chum dlighe le chéile, chinn sé ortha. Sheas
an Gaedheal agus ghnóthuigh sé.
Nach ait an rud do lucht gnó mar so a bheith ag
iarraidh rud chomh seafóideach sain ar Gaedheal mar ar
gcara? Dá mbudh fear as an ngréig é, agus fios a chur
ar earraibh go Sasana, chaithfidh sé a gnó dhéanamh i
ngréigis, acht ó thárla gur Éireannach é, iarrtar air
an Béarla a sgríobhadh. Níl adhbhar ar bith eile sa
domhan ag cuid aca so thar sáile, le n-a leithéid sin
iarraidh, acht gur mian leo Shasanaigh a dhéanamh dhínn
ar fad. Cia mhéad Gaedhilgeoir sa tír a bhfuil sé de
mhisneach aige a ghnó dhéanamh i dteangaidh na hÉireann.
An bhfuil dhá chéad? a bhfuil aon chéad amháin féin ann?
Budh mhaith linn fios cinnte fhághail má's féidir é.
An Feirmeoir.
Is mór atá gnó an fheirmeora a' dul chum deiridh le
goirid i náiteachaibh de'n tír. Tá na fir-oibre ag
eirighe gann, agus daorsuigheann sin iad. Tá toradh na
talman a' saorsughadh, agus ní íocann sé an feirmeoir.
Leigeadh as an gcur go mór i mbliadhna, agus ní mórán
feabhais a chuir sin féin ar an gcúis. Tá ocht míle
fichead acra talmhan níos lúgha faoi chur i mbliadhna,
ná bhí anuraidh, agus tá os cionn chúig mhíle dhéag acra
níos mó, leigthe amach chum féir. I náiteachaibh i gcúige
Mumhan, agus sna cúigibh eile freisin, cuireadh foirinn
gnó ar bun le im a bhaint de'n bhainne. Ceannauigheatar
an tuachtar ar an oiread so, agus fágann fear na bó an
tiachtar ar ais. Ní'l mórán maitheasa san iachtar, ní'l
ann acht mar bheadh lóchán i ndiaidh an tsíl, agus tar éis na
ba a bheathughadh ar an bhféar fada bog sa samhraidh, agus
beathughadh-láimhe thabhairt dóibh sa ngeimhreadh, ní'l dhá
mbárr ag an bhfeirmeóir, acht caitheamh is fághail, má
bhíonn sin féin aige. Dhá mbeadh caitheamh is fághail is
cosgadh na bhfiacha aige, níor chás dhó é.
Seadh! agus cia 'n fáth bhfuil an sgéal mar sain aige?
Deir an sean-fhocal, nó an é an leath-fhocal é: —
Nuair chaill tú an leabhar,
Chaill tú an mheabhair,
Is bhí tú d' bhaileabhair annsin.
Acht is dócha gurab é cailleadh na Gaedhilge is ciontach
leis. Ní'l an meas céadna ag an bhfeilméar ar féin,
ná an mhuinghin chéadna aige as féin ó chaill sé an bhrigh
bhí i dteangaidh a shinsir. Leig sé neamh-shuim ann a
chuid oibre, agus is mó an áird a chuir sé i neirighe i náirde
is i gcainteannaibh nár bhain dó, ná i dteach ná árus.
Tosuigheadh sé ar an nGaedhilg arís, agus is gearr go
dtiocfadh misneach ann a chroidhe agus luth ann a láimh.
Dlighe san Oileán Úr.
I státa san Oileán Ur tá sé i naghaidh an dlighe bheith
a' mionnadh móra. Tugadh bean óg mhaiseach chum na
cúirte ann an lá cheana mar gheall ar a bheith ag
tabhairt na mionn, acht ní raibh an fhiadhnuise láidir n-a
haghaidh. Mar sin féin tligeadh í, agus d'íoc an cóisteadh
an cáin. Ní raibh d'adhbhar ag an gcóisteadh le n-a
tligeann, acht nach bhfuil aon íocuidheacht le fághail
aca, muna mbeidh an té atá ar a choiméad ciontach.
Nuair frith ciontach í d'íoc siad féin an cáin chuadar
chum an tighe-ósda, agus d'óladar a sláinte go súgach
sásta.
An Cogadh
Sin a thómhais ar aoinneach cia 'n chaoi bhfuil an cogadh
dul ar aghaidh fá láthair, nó b'fhéidir go mbudh córa a
rádh cia 'n chaoi bhfuil sé dul ar gcúl. Fuair muintir
Sheaghain na gunnaí móra do bhain na Búraigh díobh cúig
nó sé seachtmhainí ó shoin, fuaireadar curtha go domhainn
i dtalamh iad, agus chuireadar sgéala anall go ndéarna-
dar an-ghníomh agus na gunnaí fhághail. Shíos i lár tír na
Rinne, coicthidhís ó shoin bhí sgata aca amuigh ar lorg
na dtaoiseach, agus rugadar ar aon fhear amháin. Budh
mhian leo sgéal mór a dhéanamh de 'n méid sin, agus
dubhairt fear aca, “Acht cad é an croiceann a chuir-
feas sinn ar an mbréig sin, agus gur éaluigh an fear eile
uainn?”
Is dócha gur cruinniughadh timchioll na beirte seo,
agus go rabhthas leath an lae ghá dhéanamh sain. Is ionda-
mhuil gurab 'in é an chaoi a ndéanann siad an obair
anois ó cuireadh glugar sa gcluais aca go ro-mhinic
cheana, “An té buailtear sa mullach bionn faitchíos
air.” Is ar éigin báis atá coruigh na gcos i muintir
Sheaghain annsúd anois. Nuair d'iarr siad ar Phól ar
dtús an Béarla leigeann isteach n-a bhfeis, “Ní chain-
teochainn ar sin chor ar bith leat,” ar sa Pól. “Anam
tíre a teanga.”
Mór-thaisbeánadh Chorcaigh
Bhí Ard-Mhaor Chorcaigh ag casaoid tamall ó shoin go
raibh muintir na hÉireann an-righin ag teacht isteach, agus ag
tógbháil áite ar thalamh an Mhóir-Thaisbeánadh. Is cosa-
mhuil gur bhrosduigh sin suas iad, mar deir an rúnaire
anois go bhfuil cheithre fíchid cuid sa gcéad, de'n
talamh ag Éireannachaibh. Deir sé leis go bhfuil an
tairgeadh ag teacht isteach aca n-a shruthán, agus go
ndéanfadh siad an-ghríosach ar fad an bhliadhain seo
chugainn. Go ndéanaidh cheana! B'fhéidir dúinn féin
an Claidheamh Soluis a ghléas suas i nGaedhilge ó thaobh
go taobh, agus a rádh leo: — Seo bídhidh Gaedhealach, má's
libh a bheith i nÉirinn. An é an Béarla bhí i núsáid
anuraidh ag na Francaibh ann a dTaisbeánadh féin?
Ceist eile. Bhfuil muintir an Mhóir-Thaisbeánadh so
ag fanamhuint nó go ndéantar riaghlacha a chuirfeas
d'fhiachaibh ortha Gaedhilg a labhairt?
Na Bóithre
Is fíor-olc na bóithre atá i náiteachaibh de'n tír,
amach faoi 'n tuaidh, agus i gcuid de na bailtibh móra.
Go mór-mhór amach faoi 'n dúthaigh tá siad go dona.
An áit a bhfuil an talamh bog faoi 'n mbóthar tá an
bóthar fa chlascannaibh, agus fa iomaireachaibh, daigéid mhóra,
méid do chloiginn, de chlochaibh annso, is annsúd, agus a
mullaigh aníos. Is iomdha bóthar ann atá gleannach,
agus is iomdha bóthar eile ann atá comhthrom, agus cruthuighe-
ann sin nach bhfuil fhios ag séilmhéaraibh na duthaigh le
bóthar a dhéanamh i naon chor. Budh cheart drúnn no
druim árd a bheith ann gach uile bhóthar, i gcruth 's nach
gcomhnochadh an fliuchán air. Muna ndéantar sain,
budh chóir do gach uile bhaile nach bhfuil bóithre maithe
aca, litir chasaoide a sgríobhadh, agus a cur chum an Chomh-
airle Condae, nó pé ar bith cia 'n Chomhairle eile ar
a bhfuil cúram bóithre a dhéanamh do na daoinibh.
Tír an Áir.
Chonnaiceamar litir an tseachtmhain seo ó'n Aifric
Theas. Deir an sgríbhneoir gur cuireadh urchar tré
Broecsma taobh amuigh de'n dún atá i Iohannesburg.
Tligeadh i dtosach é os comhair cúirte airm — ní raibh
sa gcúirt sin acht leithsgéal. Is beag nach bhfuil bean
Bhroecsma as a céill, mar gheall ar chaitheamh a fir,
adeir an litir. Is mó is cosamhula le barbaracht an
riaghlughadh tá annso anois, adeir sí ná le sithbhialtacht.
Chuir saighdiúr urchar tré chailín óg i dteach-bídh annso
dó nó trí sheachtmhainidhe ó shoin, adeir an litir i n-áit
eile, acht ní raibh fiche míle duine le impidhe a chur
chum Righe Shasanaigh go ndéarnadh aon éagcóir sa
gcúis seo.