Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Ná'r bh'iongantach an céasadh thug na Bóraigh do'n
Phréachán Mhór an tseachtmhain seo ghabh thart. Is dócha,
mar ba ghnáthach, ná'r innseadh dúinn acht leath na
fírinne. Tá an leath soin féin searbh go leór, agus tá
béala na Sasanach ar leathadh le hiongnadh agus le heagla.
Ná'r shíleamar, adeir siad, go raibh an cogadh so críoch-
nuighthe. Bhí sé mar sin, dar libhse, a óinseacha, acht
féach anois, buaileann an leómhan soin Delaré an
tslíghe agus tá dhá chead Sasanach sínte ag Bhlacfontein
cois Phretoria.
Is é an briseadh is 'mó do fuair Seaghan é le ráithe.
Is truagh nach bhfuil tuairisg chruinn againn air. Tá
an sgéal níos measa 'ná soin má's fíor gur fearradh
cath eile leo agus go bhfuair Delaré an buaidh mar an
gcéadna. Níor creideadh an tuairisg sin ar dtúis
mar is maith an sás sgéil do cheilt agus do bhréagnúghadh
Seaghan, acht is cuma le Delaré. Deirthear gur thóg
sé seacht nó hocht de ghunnaibh móra, sé nó seacht de
chéadaibh Sasanach, agus gur fhág sé ar bhiorraibh a gceanna
trí chéad eile aca. Beidh builg lán ar na beathadhaigh
allta ó bheith ag itheadh na Sasanach mbochta. Uch! is
úrghránna an chruth atá ar an bPréachán Mór, ní fhuil
cleite 'ná clúmh air, tá ceann d'á sgiathánaibh briste,
tá i gcead duitse, a bhúndún amuich, gearba is cneádha
air, fochall is bracha —
Is meidhreach atá Ímpire na nGearmánach an aimsir
seo. Tá áthas air, adeir se, go bhfuil an cheist chruaidh
chontabhartach úd na Síne i dtreó bheith réidh. Tá sé ag
smigeadh agus ag cómh-chumann leis an bhFrainc i dtaobh
gur chabhruigh an saighdiúir Francach agus an saighdiúir
Gearmánach le chéile go carthanach. Ní gábhadh dhó an
gleó. Do ghnídh na saighdiúirí mar dubhradh leo é, agus ba
mhaith an sás goid agus fuadach iad go léir idir íseal
agus uasal. Taithnigheann a mholadh go maith leis na
Francaigh. Fuair sé teachtaireacht teinntreach ó tSár
na Rúise ag gabháil buidheachas leis mar gheall ar a
chongnamh 'sa tSín, acht caithfidh na Sínigh díol as an
bpíobaireacht so.
Deir a lán go mbeidh cáirdeas cogaidh idir an
Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Rúise, agus d'á mbadh fhíor é
níor bh'iontaoibh an triúr. Ní le grádh dh'á chéile bhiadh
an ceangal-cumainn sin eatortha, acht le haghaidh
sladuidheacht. Ní thaithneóchaidh muinteardhas an triúir
seo leis an Seapáin, 'ná le Sasana. Dubharthas, tá
tamall ó shoin, go raibh saghas éigin cáirdis foluightheach
idir an Ímpire agus Sasana acht ba bheag ar na Gearmánaigh
an gnó agus meastar d'á dheasgaibh sin gur dheaghail an
tImpire sin ó Shasana. Gidh gur glaigín uallach é, mar
sin féin deirthear go bhfuil ciall aige, agus is dócha
go dtuigeann sé ná'r bh'aon tairbhe dhó bheith cean-
gailte le h-iarlais. Ní fhuil puínn measa ag éinneach
ar an bPréachán Mór indiu, acht amháin againn-ne
féin. Is mór linn-ne é; má chuireann sé goic ar féin
cuirimíd-ne goic orainn féin leis, agus má deir sé
“currác” leigimídne an glór céadna asainn.
Conán Maol