"Dánta Aodhagáin Uí Rathaille."
Má tá fear beó thuilleas moladh ó Chlannaibh
Gaedheal, is é an tAthair Pádruig O Duinnín é, mar
gheall ar an leabhar breágh snasta so do chur i n-eagar
dúinn. Dar go deimhin is ró-fhada fír-fhilidheacht na
nÉigeas fá cheó fhaillighthe againn gan luadhchant táirste
ná aithris dá déanamh uirri, agus mar bharra ar gach ain-
deise, fuar-sacaireacht cham-chosach fá árd-réim i n-ar
measg ag daoinibh go mbadh ceart dóibh a mhalairt
d'eólas bheith aca seoch bheith d'ar mbodhradh ag dríodar
Bhéarla ná tuigimíd anois agus ná tuigfimís go lá an
Luain. Tá tosach dá déanamh ar oibreachaibh na bhfilí
nGaedhealach do chur i gcló agus is maith an comhartha é
sin. Féach go bhfuil dánta an Cheitinnigh agus dánta
Aodhagáin Uí Rathaille cheana againn, agus go n-airighmíd
gur gearr go mbeidh dánta Dháith Uí Bhruadair agus dánta
Eoghain Ruaidh Uí Shúilliobháin againn. Acht dá líon-
mhaire a gcuid filidheachta sain, is beag é i gcoimh-
mheas le n-a bhfuil ar fagháil i leabharlannaibh, ní hé
amháin i nÉirinn féin, acht i Sasana agus i nAlbain agus dá
n-abraimís i nAimeirce. Tá súil againn ó tá tosach
déanta ar an déagh-obair seo, ná beidh stad ná
géilleadh go dtí go mbeidh leabharlainn fá leith againn
d'fhilidheacht fhíor-Ghaedhealaigh ár nÉigse dúthchais. Sin
í an tslíghe is fearr chum stad do chur le Báirdín-
teacht Béarlachais, agus le mór-chúis muinntire an "Celtic
Note." Sin í an tslíghe cheart chum a thaisbeánt do'n
tsaoghal go léir go bhfuil litridheacht uasal, d'fhóghanfadh
do neamh-spleádhchas aignidh Gaedheal, i n-ár dteangaidh
féin againn, agus nach gábhadh dhúinn ceann i dteangaidh
iasachta do tharraing isteach agus a huaisliughadh le cong-
namh intleachta na nGaedheal.
Caithfimíd cuid de thréithibh an leabhair seo d'innsint
d'ár léightheóiríbh. I dtosach an leabhair tá cunntas
ar bheathaidh Aodhagáin agus an aimsir 'nar mhair sé. Bíodh
gur i mBéarla do sgríobh an tAthair Pádraig O
Duinnín an cunntas so, is deimhin gur tairbheach le
léigheadh é, agus go bhfuil mórán rudaí cnuasuighthe i
dteannta a chéile ann. Tá an rud céadna le rádh
againn i dtaobh gach a bhfuil de thagra thíos aige tríd
an leabhar. Deir an tAthair Pádraig nach in-chréidthe
an rud adubhairt Éadbhard O Raghallaigh gur de na
Raghallachaibh ó Chonntae an Chábháin d'Aodhagán. Tagann
Eoghan O Comhruidhe i gcoinnibh an Raghallaigh leis. Is
é "Aodhagán O Rathghaille" do thugaid na sgríobhnóirí
go léir air, agus is é is deallradhaighe nach raibh gaol ná
baint ar bith aige le haon mhuintir Raghallaigh ó
Chonntae an Chábháin. Tá trácht fada ag an Athair
Pádraig ar mhéidreacht na n-amhrán agus na ndán marbhna.
Tá ocht n-amhráin ag filidhibh eile i ndeireadh an
leabhair. Ceithre cinn déag is dá fhichid ar fad atá
ann agus níor bheag mar ghnó an méid sin do chur i n-eagar
agus Béarla chur orra focal ar fhocal. 'Na ndiaidh sin go
léir tá foclóir go bhfuil míniughadh na gcruadh-fhocal
ann.
Ní'l éan amhrus ná go ndéanfaidh an leabhar so
mórán maithis do'n Ghaedhilg. Sgaipfidh sé eólas ceart
cruinn ar fhilidheacht. Oireann sé go maith dá bhfuil
ag foghluim Gaedhilge, ó tá an Béarla agus an Ghaedhilg
taobh le taobh, acht caithfidh duine roinnt eólais bheith
aige cheana, sula thosnóghaidh sé ar a léigheadh.
Ní'limíd gan chúrsaí gearáin i dtaobh an leabhair seo
leis. Is dóigh linn go bhfuil breis Bhéarla ar fad ann,
acht ní'l aon leigheas as sin go fóill. Ní aontuighmíd
ar fad le litriughadh an Athar Pádruig. Níor bh'fhiú
mórán litriughadh sgríobhnóiri na haoise seo, ná cuid
dá raibh ar marthain i ndeireadh na haoise seo
caithte againn. Ba mhaith linn an Foclóir bheith nísa
thoirteamhla.
Na n-éagmuis sin agus ní mór iad, is féidir linn a rádh
gan bhréag gur luachmhar agus gur tairbheach an leabhar é.
Is mór theasduigheann ní hé amháin an leabhar so acht
caogad leabhar mar é uainn. Tá freagra oireamhnach
do'n aimsir seo 'san leabhar féin ar cheist an Athar
Cormac Mac Cartáin:
"Cá bhfuil Aodhagán éigeas Iarthair Fáil
Ná tigeann a shaothar tréan nó a shians 'n-ar ndail."
Tá saothar tréan Aodhagáin tar éis teacht n-ár
ndáil-ne, agus is deimhin go bhfuilmíd buidheach de'n fhear
eagair mar gheall air. Tuilleann sé ár mbuidh-
eachas. Tuilleann an leabhar a cheannach, agus a léigheadh.
Tuilleann Cumann na dTéacs nGaedhilge árd-mholadh,
i dtaobh an leabhar do thabairt amach chomh slachtmhar agus
do rinneadar. Leath-ghiní atá ar an leabhar d'éanduine
nach bhfuil 'na chomhalta de Chumann na dTéacs, agus is
féidir a fhagháil air sin ó Chonnradh na Gaedhilge i mBaile
Átha Cliath.
Luisne agus líomhthacht brígh agus caoráin teó
Goise agus críonnacht, caointe créacht Chláir Eóghain
Ag siollaire an ghrinn tá thíos ar réidh-phár romhainn
An tuile ghlan-laoithe shníomh ar nAodhagán cóir.
Tórna
19/12/1900