Cúrsaidhe an tSaoghail
Tar Lear
Tá fhios ag an saoghal go bhfuil pisreóga ann. Táid
siad ann ón Dílinn agus i bhfad roimhe sin. Ní fheadar cia
acu creideamh nó pisreóga ba cheart dom do ghlaodhach
ar an mearbhall do tháinig ar dhream daoine i n-aice
Bournemouth an seachtmhain seo tharainn. Cheapadar
go raibh deireadh an domhain orainn láithreach. Chonnaic
ceann acu, dar leis, réaltan dearg 'sa spéir agus thug
sé an rabhadh do'n chuid eile go rabhathas chúca agus gur
chóir dóibh beartughadh ortha. Ghléas sé capall, chuir
sé uimis culaith mhaith éadaigh, agus deirthear gur bhuail sé
leis fá dhéin Iarusalem. Go n-éirighidh an bhóthar leis!
D'fhan an chuid eile ag baile acht bhíodar ag ag áirneáin
go maidean Domhnaigh. Dhiúltaigh brothaire an bhaile
feóil do thabhairt dóibh, mar dar leis, níor b'fhiú dhóibh
biadh do chaitheamh. Thuit an drúcht ar feadh na hoidhche,
dhúisigh an t-éan go meidhreach ar an gcraoibh, d'éirigh
an ghrian go taithneamhach, líon an taoide na chuais,
sgaip na sgamail agus bhí aghaidh na cruinne go h-álainn
úr, acht bhí súla na n-amadán deárg le h-easbadh
codlata. Saghas buile is eadh a leithéid sin do thaom
is dócha. Briseann an bhuile amach ar chumaíbh eile ins
an treibh chéadna. Bhí dream eile acu an mhaidean
Domhnaigh áirighthe sin ag triall chum machaire mhín
ar imeall Lúnduin i gcóir rúna do chur i bhfeidhm
i n-aghaidh na Frainnce mar náchar thaithnigh leo gur
cuireadh an cime Dréafus ar ais go braighdineas. Ba
mhaith an obair Domhnaigh í dar leo. Bhí na céadta acu
láithreach agus gan amhras mhealladar iad féin go mbiadh
spéis mhór ag an bhFrainnc 'na gcuid cainte. Mo léir-
ghoin is beag an beann atá ag an Fhrainnc ar an gcuid
gleóigh. Acht ní dhéineann a leithéid sin aon díoghbháil
d'éinneach, ní dhéineann go deimhin acht maitheas coirp
agus intinne, mar tugann sé leath-sgéal dóibh chum
aéridheachta, agus is áil leo éisteacht le n-a nguth féin.
Do mhaith Uachtarán na Frainnce le toil an Riaghal-
tais do Dhréafus agus atá an fear sain sgaoilte fá
dheireadh. D'fhulaing sé braighdineas géar cheana agus
atá an truagán bocht droch-shláinteach indiu. Ba mhaith
an mhaise de'n Uachtarán é sgaoileadh, siúd agus go raibh
sé cionntach. Ceapaim ná cloisfear a thuilleadh 'na
thaobh agus is mithid é. Do ghéill an gaige beag eile úd
Guerin do bhí dúnta suas na thigh i bPáris. D'aithnígheas
go dtiocfadh sé amach nuair do bhiadh an t-ocras ag
cur air. Bhí an dlíghe tuirseach fá dheireadh ó bheith ag
faireadh air 'na thigh agus bhagaradar air maidean bhreágh
muna ngéillfeadh sé i gcionn chúig nóimití go leag-
fadaois na frathacha anuas air. Ní raibh aige acht aon
bhulóg amháin aráin agus meigín uisge agus bhuail sé féin agus
móirsheisear dá chómhluadar amach chuca. Ghabhadar
Guerin an bhuilg fholaimh agus leigeadar do'n chuid eile
imtheacht leo. Duine meata is eadh é adeir na Sasa-
naigh, acht "is maith an t-iománaidhe an té bhíonn ar an
gclaidhe." Cúis gháire chúgainn, is mór an sult bheith
ag éisteacht leis na Sasanaigh seo ag trácht ar an
bhFrainnc agus ag tabhairt cómhairle do'n tír sin cionnus
ba cheart di a gnó do dhéanamh.
Ba dhóich leat gurab é teagasgóir an tsaoghail
Seaghán bocht. Tá mearbhall air ar feadh na bliadhna
ghabh tharainn cionnus is féidir leis an teampall gallda
do riaghlughadh agus réidhteach agus síothcháin do dhéanamh idir
mhuintir an chreidimh. Tá dream acu ag iarraidh tusga
do losgadh, agus coinnle do lasadh ins na teampallaibh,
agus tá dream eile adeireas gurab iodhal-adhradh, agus diabh-
luigheacht a leithéid sin de nós. Táid an dá dhream
ag abhastraigh ar a chéile le fada, agus ní féidir leis na
h-easpogaibh réidhtiughadh eatortha. Fuair na h-easpoig
amach go raibh dlighe ann do cuireadh ar bun i n-aimsir
bhainrioghain Elísi do choisg coinnle agus tusga do bheith i
n-úsáid i dteampallaibh agus dá réir sin do choisgeadar
an nós, acht tá roinn eile de'n dlighe chéadna úd
adeireas go bhfuil sé dleaghthach fíneáil dhá phingin déag
do chur ar gach duine nách rachaidh chum paidreacha do
ghabháil gách lá Domhnaigh ins an teampall gallda. Níor
bhféidir leis na h-easpogaibh an dara roinn seo de'n
dlíghe do chur i bhfeidhm indiu mar ná géillfeadh na
daoine dhóibh, toisg nách bhfuil níos mó ná deich sa chéad
i gcathair Lúnduin do thagann i ngoire teampaill lá
Domhnaigh. Caithid an furmhór eile an lá Saoire mar
is toil leó. Is gnáthach leó tosach an lae Saoire do
chaitheamh ar leabaibh chodlata acht mar sin féin déar-
faid siad leat gurab iad féin na daoine is creideamh-
naighe agus is feárr ar domhan. Má chreideann tú iad,
bíodh leat.
Acht aon nídh amháin beidh na milliúin punt caithte ag
Seághan sul a mbeidh sé ionán dó an ruagadh do chur ar
Phól Kruger má bhéidheas cogadh eatortha, óir is deall-
rathach go mbeidh anois. Do b'fheárr agus ba sheacht bhfeárr
do na milliúin seo do chaitheamh i Lúnduin mar tá an
chathair sin lán de neadaibh salachair mar a ngnáthui-
gheann na mílte daoine bochta gan biadh, gan éadach,
gan glanachar, gan creideamh, gan múineadh, gan
béasa - beithidhigh allta ar chruth duine. Is deorach an
radharc é, siubhal thré áitibh áirighthe i gcathair Lúnduin
ar lár na h-oidhche. Admhuighím é, a déarfair, acht ní
fhuil leigheas nó neart air. Nách bhfuil ámh? Tá an
tír is saidhbhre ar druim an domhain ag caitheamh na
mílte punt, cum eólas agus riaghlais do thabhairt do
dhaoinibh dorcha acht ceileann sí iad so ar na daoinibh
cois baile. Tá an Riaghaltas ag déanadh a dhíchill
dóibh seo cois baile adéarfair. Má's é sin do bhara-
mhail a chara ní bheimís araon ar aon inntinn amháin go
lá an bhreitheamhnais agus is cóir dúinn ar suaimhneas do
ghlacadh agus dul a chodladh do nós na gráinneóige.
Is deas an rud bheith mín, measardha, agus gan feirg
do chur ar éinneach, agus go mór mhór ar fhearaibh na
sparán fada. Sin mar do shíleann páipéir Lúnduin,
acht ní leanaid an gnáth sain nuair do thráchtaid ar a
gcómharsanaibh na Franncaigh. Féach an bualadh bas
do bhí acu tá seachtmhain ó shoin ag iarraidh áitimh ar
mhuintir Shasana gan dul go dtí Aonach na gCríoch atá
le bheith i bPáris an bhliadhain seo chugainn. Daoradh
Dréafus i n-éagcóir, dar leo, agus ní ceart go mbiadh
baint acu leis an Fhrainnc feasda, acht mhachtnuigh
Seághan ar feadh seachtmhaine agus dubhairt leis féin
"tá obair lámh, bréagáin, agus sáslach agam-sa le
teasbánadh ag Aonach na gCríoch, beidh daoine ó gach
tír ann agus bfhéidir go gceannóchadaois beagán dom
chuid díolacháin uaim, dá réir sin imthigheadh Dréafus i
n-ainm an deamhain, is feárr liom sgilling 'ná a chorp.
Ar nós fir chiallmhair beidh Seághan go leathan láidir ar
Aonach na gCríoch agus ní bheidh aon náire air gur gheall
sé do'n tsaoghal ná biadh baint aige feasda leis an
Fhrainnc. Tá ceannuighthe beaga i Sasana nách raibh
riamh ar tí a mbréagáin do theasbáint ar Aonach na
gCríoch mar táid ró-bhocht agus níor bhfiú dhóibh dul
annsúd. Mar sin féin bíonn a súil i n-áirde i gcóir
foillsiughadh d'fhághail, ní nách locht ortha. Sgríobh cuid
mhaith acu seo go páipéaraibh buile Lúnduin go raibh so
agus súd le teasbáint acu ar Aonach na gCríoch acht
go bhfanfadaois ag baile anois i dtaobh éagcóra
Dhréafuis. Thug páipéir mheallta foillsiughadh breágh
dhóibh i n-aisge, agus bhí a dteanga 'na bpluc ag na
ceannuighthe beaga.
Conán Maol