"Fear na Féasóige Deirge"
I.
Tá roinnt mhaith bliadhan ann ó thuit sé seo amach cé gur
cruinn é mo chuimhne indiu ar imtheachtaibh na haimsire céadna.
Maidean bhreágh aoibhinn i dtosach an tSamraidh do b'eadh é, agus
sinne araon ag cur an bhealaigh dínn go stad na traenach ag
Droicheadh na Fola i mBaile Átha Cliath. Is amhlaidh bhí Cormac
is mé féin ag tabhairt ár n-aghaidh ar an dtuaith chum seal saoir-
seachta do chaitheamh ann. Dil-chara dhom do b'eadh Cormac o
bhíomair i n-ár bpáistíbh, agus ba bhéas againn riamh ár laetheanta
saoire do chaitheamh i bhfochair a chéile. B'amhlaidh dhúinn an taca
so. I nÁrainn na Naomh do chaitheamar an bhliadhain roimis sin,
agus bí ár n-aghaidh dírighthe againn ar shléibhtibh Chiarraighe an
taca so. Do shroicheamair stad na traenach ar an buille a chluig
díreach, agus níor bh'fhada i n-a dhiaidh san go rabhamair ar bóthar.
Bhí beart páipéar againn, agus bhíomair á léigheamh go suaimh-
neasach feadh tamaill.
Annsoin thosnuigheamair ar chúrsaíbh na haimsire do chur tré
chéile. As Gaedhilg is eadh a bhíomair ag labhairt. Ní hamhlaidh
bhí aon bhród againn as teangain ár sinnsear an uair úd, mar
ní raibh Connradh na Gaedhilge ar bun i n-aon chor; acht, ó b'í an
Ghaedhealg teanga ár n-óige, b'í b'úsáidighe dhúinn. Tar éis
tamaill, do dhearcas féin timcheall orm, agus thugas fé
ndeara fear beag gasta ann féin ar an dtaobh thall díom. Bhí
féasóg dhearg air, agus peidhre spéaclaidhe dá chaitheamh aige.
Bhí deigh-mheoin is deagh-dheallraimh na huaisleachta ag baint
leis. Bhí chluas le héisteact air, agus é ag tabhairt catsúl
orainn anois is arís.
"Ní móide rud de ná gur Gaedhilgeóir an fear thall," arsa
mise le Cormac.
"Cé'r bé," ar seisean. "Fear na Féasóige Deirge, an
eadh?"
"An fear céadna," arsa mise.
"B'fhéidir gurab eadh," ar seisean, "cé ná fuil a dheallramh
air."
D'airigh sé an aighneas, agus do dhruid sé i n-ár n-aice.
Leig sé meangadh gáire as.
"Saghas Gaedhilgeóra is eadh mé," ar seisean. "Tá an
teanga go pras agaibh-se, bail oraibh."
"Ní ghearánta orn-sa acht cómh beag," arsa mise.
"Budh dheacair dom san," ar seisean, "mar gur fada ó
Éirinn do rugadh is do beathuigheadh mise."
"Och! cuir uait anois," arsa Cormac, "is amhlaidh taoi ag
iarraidh an dubh do chur i n-a gheal orainn."
"Ní h-eadh i n-aon chor, geallaim díbh. Thall i Springfield i
nAimeirce do rugadh mé, agus tá mo shaoghal go dtí so caithte
ann. Beag iongnadh gan deallramh Gaedhilgeóra ionnam fé
mar a dubhairís-se ó chiainibh," ar seisean le Cormac.
"Gabh mo leathscéal," arsa Cormac, "ní le neart tarcuisne
dubhairt an méid sin ar chuma ar bith."
"Tá a fhios agam nach eadh go deimhin," ar seisean, "acht
thall do rugadh mé lán-dáiríribh mar adeirim ar a shon san."
"Agus cionnus tháinig leat eolas do chur ar theangain na
hÉireann mar sin?" arsa mise.
"Ráinig," ar seisean, "gur casadh fear de mhuinntir
Éagartaigh orm tar éis teacht ó choláiste dhom, agus b'é do
chéad-chuir i n-a luighe orm go raibh teanga dhúthchais ag mo
shinnsear."
"Ó chím mar sin gur de shíol na nGaedheal thú," arsa mise.
"Is eadh," ar seisean. "Ball áirithe i n-aice Neidín i
gCiarraidhe baile dhúthchais m'athar. Go ndeinidh Dia trócaire
air."
"Agus do dheinis an Ghaedhealg d'fhoghluim thall," arsa
Cormac.
"Do dheineas í fhoghluim ó Mhac Uí Éagartaigh," ar seisean,
"agus budh mhaith an sás chuige é. Is amhlaidh bhí an scéal go
raibh an-dhúil agam i dteangachaibh an uair úd, mór mhór sean-
teangacha na hEorpa, agus bhí m'inntinn aibidh cum tabhairt fé'n
Ghaedhilg."
"Agus cár ab as Mac Uí Éagartaigh," arsa mise, "ní fuláir
ná gur bh'Eireannach i ndáiríribh é!"
"Ní miste san a dhearbhughadh," ar seisean, "ó Uíbh-Ráthach
i gCiarraidhe dhó, agus dá chómhartha san féin, beidh m'aistear
féin ann lá des na laetheantaibh so, mar gur gheallas dó ná
rachainn thar n-ais gan a bhaile dhúthchais d'fheicsint."
"Mhaise, is ait mar a chastar na daoine ar a chéile!" arsa
Cormac. "Féach sinne ag fágaint Átha Cliath ar maidin ar
intinn sléibhthe Chiarraighe d'fheicsint, agus tusa anall ó
Meiroca agus an cúram céadna ort."
"Agus an amhlaidh tá bhur dtaistealsa ar Chiarraidhe leis?"
ar seisean.
"Is amhlaidh díreach a mhaise," arsa mise. "Tá coicthigheas
saoirseachta againn, agus is ann tá beartuighthe againn é
chaitheamh. Ní móide rud de ná go gcasfaidhe ar a chéile sinn an
fhaid is beimíd ann."
"Ní fhuil amhras ar sin," ar seisean. "Dar ndóigh, mara
mbeidh ár dtaisteal maide ar maide féin, tiocfaidh linn bheith i
bhfochair a chéile tráth áirithe."
"Díreach é," arsa Cormac.
Seadh, bhíomar ag cur cúrsaidhe na haimsire tré chéile go dtí
gur sroicheamar an ladhar ag Lios na gCheann. D'fhág ár gcom-
rádaidhe slán againn annsan, mar go Cill Áirne bhí a aistear an
lá úd, agus níor bh'fhada i n-a dhiaidh san sinne ag cur na sléibhthe
siar go Ceann Mara dhínn. Do chaitheamar cúpla lá i Néidín,
agus ar fuaid an bhaill mór dtimcheall, agus annsan thángamair
ar chómhairle an tríomhadh lá aoibhneas na sléibhthe siar do chur i
n-eolas orainn féin. Do chualamar a lán trácht thar áilneacht
na háite. Do chuireamair ar gcúlaibh é go dtí go raibh an aim-
sear an-bhrothallach an uair chéadna. Bhí an uain go háluinn agus
sinn ag cur bóthair na Snadhma amach dínn. Ag déanamh siar
ar an dTeampull Nuadh, do thugas féin fé ndeara sean-
chaisleán cois fairrge ar thaobh ár láimhe clé. Do chuireas i
n-umhail do Chormac é. D'fhéach sé ar a uaireadóir.
"Diabhach ruainne acht go mbeidh d'uain againn é fheicsint,"
ar seisean.
"Beidh, fuighleach, dar ndóigh," arsa mise - "teanam."
Do leanamair ar aghaidh go dtí gur aimsigheamair póirsín ag
iompáil síos fé dhéin an chaisleáin. D'fhágamair ár rothair i
mbéal bóthair annsan agus síos linn. Ní raibh sé chomh athchumair
dúinn is mar shaoileamair ar dtúis. Bhíomair ag siubhal
tamaillín an uair do casadh seanduine orainn. Fear lúthmhair,
láidir, éascaigh ab eadh é tráth dá raibh sé de réir deallraimh,
agus bhí sé go gasta groidhe fós go deimhin. Do bheannuigh sé
dhúinn go dúthrachtach agus do bheannuigheamair dó mar an
gcéadna.
"Táthaoi ag teacht chun an chaisleáin d'fheicsint," ar seisean.
"Támaoid," arsa mise, "thugamair fé ndeara é agus sinn
ag dul thar bhrághaid, agus bhí sainnt eolais orainn."
"Ní móide go gcasfaidhe fear ar fuaid na dúthaighe orraibh
go mbeadh i n-a chumas seanchus na háite do thabhairt díbh ní budh
chruinn ná mise, a mhaise," ar seisean.
"Tá an t-ádh orainn mar soin," arsa Cormac.
"De Mhuinntir Shúilleabháin mé," arsa seisean, "agus b'é
m'athair an seanchuidhe a b'fhearr i gCúige Mumhan le linn a ré, is
é mo thuairim."
"Ní hiongnadh an tseanchuidheacht ag baint leat-sa mar soin,"
arsa mise. "Briseann an dúthchas tré shúilibh an chait, tá a
fhios agat."
"Is amhlaidh dó, díreach," ar seisean. "Agus cogar - ar
airghís riamh bun-phréimh an tseanráidh sin?"
"Níor airigheas, dar ndóigh," arsa mise. "Cad uime?"
"Well," ar seisean, "téanam timcheall annso go dtí úrlár
an chaisleáin, agus nochtad-sa dhíbh é. Ní fhéadfaidhe brigh an
tseanfhocail chéadna do chraobhscaoileadh i n-áit ní budh oireamh-
naighe."
Do leanamair a threóir, agus níor bh'fhada gur aimsigheamar
sean-doras ag dul isteach i mbun an chaisleáin. Isteach linn ár
dtriúr. Bhí seomra breágh fairsing ós ár gcómhair istigh, gidh go
raibh na fallaidhe briste annso is annsúd, agus clocha scaipthe
go líonmhar ar fuaid na háite.
"Sean-Chaisleán Ceapach na Coise is eadh é seo," ars' an
seanchuidhe," agus budh le Muinntir Shúilleabháin é tráth. Is eól
díbh is dócha gur dhuine de'n chine céadna Eoghan Ruadh, an
sáir-fhile. Taoiseach calma ab eadh ceann urraidh an tsleachta
so, agus annso bhí a ionad cómhnuighthe. B'é an seomra ós bhur
gcómhair árus suidhte a chuideachtan an uair a bhíodh fleadh nó
féasta ar bun. Fear mór fiadhaigh agus spóirt ab eadh an
taoiseach so, agus do thárla gur bhronn cara dó caitín gleoidhte
air uair. Bhi sé an-mhórdhálach i dtaoibh an bhronntanais chéadna,
agus thosnuigh sé féin ar chleasa do mhúineadh don chat. D'éirigh
leis go maith. Níor bh'fhada go raibh an cat chómh deighbheasach
san go gcoimeádadh sé coineal, is é ar lasadh, greamuighthe idir
a dhá lapa tosaigh. Aimsear suipéir gach oidhche bhí sé de bhéas
ag an gcat preabadh ar an mbórd; shuidheadh sé ar a chorra-ghuib
ar cheann an bhúird; árduigheadh sé a lapa tosaigh; agus coim-
eádadh sé an choineal ag lasadh annsoin go críochnamhail go dtí
go mbíodh suipéar caithte. Bhí go maith go dtí gur tháinig cara
ar cuaird go dtí an caisleán. Thug sé fé ndeara an cat, nídh
nach iongnadh. Chuir fear a' tighe síos go mórdhálach ar a dheigh-
thréithibh."
"Chuirim geall," arsa a chara, "go ndéanfad-sa é mhealladh
chum an choineal do chaitheamh uaidh."
"Ní fhéadfá é," arsa fear an tighe.
"'S dóigh d'fhéadfainn," ars' an fear eile.
"Ní féidir é," ars' an taoiseach.
"Bhíodar ag aighneas le chéile seal mar seo, agus b'é tháinig
as 'ná gur chuireadar geall le chéile d'fhonn an cheist do
shocrughadh. Bhí mar sin eatortha go dtí an chéad oidhche eile,
agus, an uair tháinig aimsear shuipéir arís, bhí mo chat ar cheann
an bhúird go módhmharach, agus an choineal lasta mar chúram air
mar budh ghnáth. Thosnuigh an lucht suidhte ar a suipéar do chaith-
eamh. Tar éis tamaill, do chuir fear an gheill a lámh i n-a phóca,
agus, an fiabhal! cad a bhí ann aige acht luch. Do scaoil sé an
luch treasna an bhúird, agus, má dhéin, ar mh'anam-sa nár bh'fada
an mhoill ar an gcat é thabhairt fé ndeara. Do chaith sé an
choineal uaidh de phreib! Thug sé léim as a chorp, agus i gcionn
neomait, bhí an luch bhocht treascartha aige ós cómhair a raibh ann
aca. "Is treis dúthchas 'ná oileamhaint," agus, an uair chonnaic
sé an luch, chuaidh an deaghthabhairt suas 'san mhuillean air. Tré
shúilibh an chait do bhris an dúthchas an tan do chonnaic sé an luch,
tá a fhios agaibh. Annso ar an láthair seo do thuit an méid sin
amach, agus b'é bunrúta an tseanráidh sin: "Briseann an
dúthchas tré shúilibh an chait."
"An fiabhal!" arsa Cormac liom-sa, "gur bh'fhiú dhúinn
teacht anuas chum an scéilín sin do chloisint. Is fada nár airigheas
aon nidh chómh taithneamhac leis."
"Is fada, ná mise acht cómh beag leat," arsa mise. "Ní
bréag seanchuidhe do ghlaodhach air seo."
"Och! arú, d'fhéadfainn-se sibh a choimeád ar siubhal go
breacadh an lae, dá mbeadh uain againn chuige," ar seisean.
B'fhíor dó, leis. Níor airigheas riamh cainnteóir ní budh
líomhtha 'ná é.
"Cogar," arsa mise, ar theacht fé dhéin an bóthar mór dhúinn,
"an bhfuil aon Bhéarla agat?"
"Níor labharas riamh focal di," ar seisean, "agus, dála
dúthchais an chait ó chiainibh, bhí sé sin de dhúthchas ó'm athair agam.
Budh bheag é ár mbeann-na riamh ar theangan na nEachtrannach
annso. Gidh gur mór fé meas é ar shleasaibh Fáil indiu."
An uair a bhíomair ar thí scaramhaint leis, chuir Cormac a
lámh i n-a phóca, agus thóg sé amach bonn airgid.
"Seo," ar seisean dhá síneadh chuige, "ól ár sláinte an
chéad lá bheidhir i Neidín."
Tháinig lasar feirge air lom láithreach.
"Tá dearmhad ort," ar seisean, "ní h-éinne de'n treibh sin
mise."
"Gabh mo leathscéal," arsa Cormac, "is le corp muinn-
teardhais do dhéineas é thairgsint duit. Dar ndóigh dá gcasfuidhe
ar a chéile ar an tsráid sinn, bheadh sur éigin againn le cois a
chéile."
"Bheadh gan amhras, agus fáilte," ar seisean, "acht ní mar a
chéile an dá scéal. Scaoilfeam leis go dtí uair éigin eile, pé
scéal é. An fada tá oraibh dul anocht?"
"Siar go mbaile an Snadhma," arsa mise, "agus ní mór dúinn
bheith ag gluaiseacht anois, mar go bhfuil sé ag eirghe déidheanach."
"Ní mór díbh san go deimhin," ar seisean, "acht cogar, sin é mo
thigh-se, an tigh slinne úd suas uaibh, agus má's mian libh fuireach
im' theannta go maidin, beidh leaba chlúimh agaibh i gcómhair na
hoidhche, agus ní bheidh tart ná ocras oraibh leis, geallaim díbh."
Go ghabhamair ár mbuidheachas leis, agus d'aontuigheamair
fuireach i n-a fhochair an oidhche sin. Bhí áthas chroidhe orainn i n-a
dhiaidh son gur dhéineamair, mar gur tháinig clagar báistighe
anuas i dtosach na hoidhche, agus dá mbeidhmís ar an mbóthar do
báthfaidhe sinn.
Do dhruideamair suas fé dhéin a inid chómhnuighthe. Tigh
breágh fairsing ab eadh í, agus bhí deaghshlacht, is deaghchrut ar
gach nidh ar fuaid na háite. Bhí cailín óg, dathamhail, istigh
rómhainn. Chuir sé i n-aithne ar a chéile sinn.
"Is í seo m'inghean Áine," ar seisean. "Is í íochtar na
cloinne ar fad í. Tá an chuid eile go léir pósta. Tá sí seo i
n-a mnaoi tighe agam ó chailleadh a máthair trí bliadhna déag ó
shoin - i bhFlaitheas Dé go raibh a hanam geal!"
Níor bhfhada Áine d'ár gcur ar ár socaireacht. Bhí suipéar
fial fairsing ar an mbórd aici i gcionn scaithimh, agus do chaith-
eamair ár gceathrar an béile chomh croidheamhail muinnteardha is
dá mbeadh aithne againn ar a chéile ó bhíomar i n-ár bpáistíbh.
Tar éis suipéir dhúinn, tharraingeamair ár gcathaoireacha i
n-aice na teine, chuireamair ár bpíopaidhe fé lán tseol, agus
do thosnuigh an sean-duine ar chúrsaidhe na háite do luadh dhúinn.
"Tá feirm dheas talmhan agam féin fé láthair," ar seisean,
"féar dosaon éigin bó, acht bhí tráth ann an uair a bhí a cheithre
oiread agam. Budh lem' mhuinntir talamh na dúthaighe ar fad
'san tseanshaoghal, acht ní raibh na scriosairidhe tíorach a bhfad
d'ár gcrapadh. Tá cneamhaire Gallda 'san tigh mór thuas annso
i n-ár n-aice, agus - gidh is ná fuil fear, bean, ná páiste leis
féin ag brath air - tá lán deich mbó is dachad d'ár gcuid tal-
mhan i n-a sheilbh aige anois.
"Sin mar atá ar fuaid na tíre ar fad, faraoir!" arsa
Cormac; "acht, dar ndóigh, beidh athrughadh saoghail againn fós.
Ní bheidh an lámh uachtair aca i gcómhnaidhe, le congnamh Dé."
"Ní bheidh, leis," ar seisean, "agus b'ait an scéal é dá
mbeadh. Dá ndéanfadh buachaillidhe na háite seo mo chomhairle-
se, tabharfaidhe an scéimhle céadna dhóibh is mar fuaireadar ó
Lucht Lasta na Gealaighe (Moonlighters) croidheamhla i nOileán
Ciarraidhe tá tamall ó shoin ann."
"Mo ghreidhn chroidhe iad buachaillidhe an Oileáin," arsa mise.
"Bhí an spréach ionnta súd riamh, agus tá a rian ortha. Is beag
an imtheacht tá fé bhuicíníbh Gallda an bhaill úd, de réir mar
chloisim, tar éis a bhfuaireadar de scannradh an uair úd.
"Á, chreid é," ars' an seanduine. "Táid annso againne,
buachaillidhe óga, calma ná cuirfeadh leomhan buile scáth ortha,
agus nach aithiseach an scéal é, gur fé dhubhbhrat na hoidhche, téid
isteach i gcoill an Tighearna thiar annson cum adhbhar camán do
ghearradh."
"Is lag an beart é siúd ó bhuachaillíbh óga gan dearmad,"
arsa Cormac, "acht ní locht ortha é, is dócha nuair tá dlighthe na
tíre cómh mínádúrtha is mar táid."
"Táid amhlaidh go fíor," ars' an seanduine, "acht ní le
géilleadh dhóibh déanfar iad do leigheas. Lámh láidir i gcoinnibh
éagcórach, sin é an t-aon rud amháin a dhéin leasughadh riamh ar
dhlighthibh na Sasanach'san tír seo."
Bhíomair ag cur tré chéile mar seo feadh tamaill. Annsan
do chuireamair ar an seanduine scéal fiannuidheacht do innsint
dúinn, agus do dhéin, agus an tarna cheann cómh maith leis.
Thug Áine roinnt amhrán 'san tsean-nós go haoibhinn dúinn, ar
slighe go raibh sé a bhfad amach 'san oidhche sar ar chuimhnuigheamair
ar an leabaidh do dhéanamh amach. Fé dheireadh, d'árduigh
fear an tighe coineal leis, d'fhonn ár seomra leabthan do theas-
báint dúinn.
"Beidh sibh compórdach annso," ar seisean, d'ár seoladh
isteach i seomra breágh fairsing.
"Dar liom go mbéam," arsa Cormac, "nó beidh an donas
ar an scéal. Dar fiadh! mara bhfuil gléas chosanta agat!"
Is amhlaidh do thug Cormac fé ndeara dhá ghuna ar chrochadh
ós cionn na leapthan. Thugas féin fé ndeara iad ar an neomat
céadna.
"Im' basa táid agat go niadhta," arsa mise, dhá n-infhiuchadh.
"Táid amhlaidh," ar seisean, "ní fhuil a sárughadh de ineallaibh
lámhachta ar an dtaoibh so de Chathair Chorcaighe."
"Tá a deallramh ortha," arsa mise; "an amhlaidh bhíonn tú
ag lámhach?"
"Bím uaireanta. Táid úsáideach chum a lán rudaí," ar
seisean, ag leamhgháiridhe.
"Im' briathar," arsa Cormac, ag láimhsiughadh cinn aca, "má
thabharfaidh na daoine maithe fúinn i rith na hoidhche, go mbéam
réidh dóibh."
"Ní baoghal díbh iad san," ar seisean; "acht, dá bhféadfadh
sibh fuireach annso i gcomhair na hoidhche' mbáireach, ní bheadh a bhac
orainn ár dtriúr na gunaidhe d'árdughadh linn, agus bheadh an-
oidhche spóirt againn ag pléascadh na n-éanluithe shíos 'san
tráigh. Beidh an oidhche spéir-ghealaighe againn, leis."
"Is é an feall nach féidir linn fuireach," arsa Cormac. "Tá
geallta againn bheith i nUíbh Ráthach tráthnóna 'mbáireach, mar go
bhfuil orainn cara d'fheicsint, agus níor mhaith linn gan bheith i
n-a choinnibh."
Bhí sé dearmhadtha agam-sa go dtí an neomat san go raibh
socruighthe againn féin agus ag "Fear na Feasóige Deirge"
teacht i gceann a chéile tráth áirithe an lá bhí chughainn.
"Ní fhuil leigheas air," ars' an seanduine. "Caithfeam é
cur ar gcúlaibh go dtí uair éigin eile. Beannacht libh anois,
agus codladh sámh chughaibh!"
D'fhág sé annsan sinn. Do thóg Cormac anuas ceann de sna
gunaíbh, agus bhí sé á infhiuchadh. Do dhéineas-sa amhlaidh leis an
gceann eile.
"Cogar," arsa Cormac, "bhfuil tuirse ort?"
"Ní fhuil, ná cuid de thuirse," arsa mise, "agus is beag an
fonn chodalta tá orm acht chómh beag. Cad uime?"
"Cad déarfá dá dtábharfaimís ár n-aghaidh ar an dtráigh ar
ball, an uair a bheidh gach nidh fé chiuineas."
"Bhuailis do mhéar air," arsa mise. "Bhíos féin ag cuimh-
neamh ar an rud céadna."
Seadh, do fhanamair go ceann uair a chluig nó mar sin. Do
bhaineamair dhínn ár mbróga d'fhonn sleamhnughadh amach gan an
iomad fóthraim. D'éirigh linn go maith. Bhí an oidhche go háluinn
tar éis na báistighe, agus an ré ag lonnradh go soillseach ar
theacht amach dúinn. Thugamair ár n-aghaidh ar an gcaisleán síos
cois trágha. Níor bh'fhuiriste amharc ní budh áilne do aimsiughadh.
Síos uainn bhí an Góilín gleóidhte, agus ag gluaiseacht fé n-a
dhéin síos do bhí abha bhreagh ghlégeal ag siosmarnaigh le sna
clochaibh ag gabháil thar brághaid ar thaobh ár láimhe clé. Bhí
na ranna ar ghach taoibh den Ghóilín ag síneadh amach san
bhfairrge fé chulaith de chrannaibh breághtha úrghlaise, agus
annsoin ar mhuir mhór ag druideamhaint amach siar, siar go
teorannaibh Béarsa.
Bhíomair fé scáth an chaisleáin ag tabhairt na nidhthe seo
fé ndeara, an uair d'airigheamair maididhe-rámha ag cnagadh ar
an dtaoibh eile den phuinnte ar ár láimh clé. Is ar éigin bhí sé
d'uain againn sinn féin do sháith i bhfolach fé sheancholumhain gur
phreab bád chugainn i leith, is í ag déanamh ar an nGóilín isteach.
Bhí ceathrar rámhaidhe innti agus iad ag iomrámh go tréan, agus
fear ar an stiúir ar deireadh. Níor bh'fada gur bhuail sí an
fearann, agus do phreabadar a gcúigear amach. Do dhangain-
eadar an bhád, agus thug siad a n-aghaidh orainn suas. Do
stadadar fé scáth an chaisleáin i n-ár n-aice. Níor bh'fhéidir leo
sinne do thabhairt fé ndeara, ámh. Bhíodar ag cur comhairle le
chéile annsoin ar feadh tamaill. I dteangain na Frainnce
bhíodar ag cainnt, agus b'fhuiriste aithneamhaint gur don tír sin
a bh'furmhór. Do thuig Cormac an teanga sin go pras, agus
níor bh'fhéidir leis gan gach nidh bhí ar siubhal aca do thuigsint.
Bhíos féin ag iarraidh a chur i n-a luighe orm féin cár casadh
duine aca orm cheana, óir bhíos cinnte gur airigheas a ghlór
i n-áit éigin roimis sin. Níor bh'fhada gur dhruideadar uainn.
D'fhan duine aca tamall ón gcaisleán, amhail is dá mbeadh sé
ag faire, agus do ghlan an ceathrar eile leo go tiugh fé dhéin an
bhóthair móir suas.
"Cogar," arsa Cormac de chogar, "ar aithnighis éinne aca
súd?"
"Do casadh duine aca orm i mball éigin cheana, dar liom,"
arsa mise, "gidh is nách féidir liom cuimhneamh air anois."
"Do casadh go cinnte," ar seisean, "acht Gaedhealg a bhí ar
siubhal aige an tráth úd. Is é "Fear na Féasóige Deirge" é,
má's beo dhómh-sa."
"An deamhain gurab é díreach," arsa mise; "cad is ciall
leis an obair seo i n-aon chor?"
"Ní thuigim an scéal i gceart ón méid adubhradar, acht táid
ar inntin scéimhle do thabhairt do dhuine éigin, Tighearna Talmhan
nó abhnaor, ní fheadar cia 'cu."
"An t-abhnaor go raibh Mac Uí Shúilleabháin ag cur síos air
anocht chómh deimhnighthe is mhaireann tú," arsa mise. "Droich-
earra is eadh é, de réir dheallraimh."
"An fear céadna, is dócha," arsa Cormac. "Cogar, do
thuigeas as a ndubhradar gur mac dearbhráthar do Mhac Uí
Shúilleabháin ár gcara, "Fear na Féasóige Deirge", má's deimhin
dúinn gurab é tá ann."
"Cuireann tú iongnadh orm," arsa mise, "ní fuláir ná go
bhfuil dearmhad ort. B'ait dá mbeadh an scéal amhlaidh, is an
bheirt tar éis buailte linn chómh greannmhar san."
"Dá aite é, is amhlaidh atá mhaise," arsa Cormac. "Ní fhuil aon
dearmhad orm. Chuala é 'ghá rádh go soiléir gur bh'í tigh a úncail,
an tigh budh chómhngaraidhe do'n Ghóilín de réir mar cuireadh
i n-umhail dó; agus, dar ndóigh, ní fhuil tigh eile i n-aice na
háite."
Bhí orainn cosc a chur le n-ár nglór feasta, mar ná raibh an
fear faire a bhfad uainn, agus bhí eagla orainn go gcloisfeadh
sé sinn.
Bhíomair suas le uair a chluig fé scáth an uair d'airígheamair
ag teacht thar n-ais iad. Níor bh'fhada gur ghluaiseadar anuas
fé n-ár ndéin. Thugamair fé ndeara go raibh ualach éigin aca,
agus do dheineamair amach, agus iad ag dul tharrainn gur duine
bhí dhá iomchur aca. Bhí bréidín casta ar a aghaidh, agus b'fhuiriste
aithneamhaint gur i gcoinnibh a thola bhí sé i n-a measc. Bhí
"Fear Na Féasóige Deirge" agus ár gcara Mac Uí Shúillea-
bháin ag siubhal le cois a chéile, agus iad ag cainnt go cíocrach.
D'árduigh an chuid eile a bpríosúnach síos leo fé dhéin an bháid,
agus do sheas an bheirt seo os ár gcómhair-na amach dhíreach.
"An diabhach, go mbeidh 'cipid do ríl' i bpáipéarthaibh Shasana
mar gheall air seo," arsa Mac Uí Shúilleabháin, ag gáiridhe.
"Beidh, gan dearmad," ars' an duine eile. "Dar Na
Mionna! Is dána an iarracht é abhnaor do ghoid, is gan fiú
amháin tásc ná tuirisc ar na beitheamhnachaibh. Is ró-annamh a
thuiteann a leithéid amach."
"Tá suil le Dia agam," arsa Mac Uí Shúilleabháin, "go
n-eireóchaidh libh deigh-chríoch do chur ar an scéal."
"Eireóchaidh le conghnamh Dé," ars' an fear eile, "mara
bhfuil an bioránach so chómh ceanndánta le muic. Agus, dar
Dia, má tá, bíodh air féin. Ní héin dóithín mise an uair a
chuirtear chuige mé."
"Dar liom, gur bh'olc an toghadh déanfadh an té cuirfeadh
suas mar adhbhar magaidh thú, tar éis obair na hoidhche seo.
Cogar, nárab ádhbharach mar a tháinig libh teacht ar an abhnaor
'san choill!" Is dócha gurab amhla bhí sé ag tabhairt cúrsa na
háite ar eagla go mbeadh na buachaillidhe ag gearradh adhbhair
na gcamán."
"Is dócha gur mar sin a bhí, mar gur dhírigh sé guna orainne
'san chéad cur amach, acht ní rabhamair a bhfad á mhealladh. Thug
ceann de sna buachaillibh buille beag ar an leathcheann dó, a
chuir ar aithintinn é, go tapaidh."
"Chím go bhfuil na buachaillidhe ag sáthadh amach," arsa Mac
Uí Shúilleabháin. "Ní fada go mbeidh breacadh an lae againn."
"Ní fada," ars' an fear eile. "'Seadh, slán leat anois, a
úncail," ar seisean. "Tá orainne bheith ag gluaiseacht. Tá an
long bheag ag fuireach linn siar ó dheas ó Bhreac-Ros, agus ní
fada go mbéam ag árdughadh ár seolta go talamh na Frainnce.
Ná bíodh ceist ort 'ná go mbeidh ughdarás an Abhnaoir agam-sa
ar thalamh m'athar do bhronnadh ar pé duine is maith liom an uair
a casfar ar a chéile arís, nó, mara mbeidh, beidh malairt
abhnaoireachta ar an áit seo feasta. Beannacht agat!"
Do chrothadar lámha le chéile go cáirdeamhail, agus do ghluais
"Fear na Feasóige Deirge" fé dhéin an bhaíd go tapaidh. Do
phreabadar chum siubhail, agus níor bh'fhada ag glanadh as ár
radharc iad. D'iompuigh Mac Uí Shúilleabháin fé dhéin an tighe.
D'fhanamair-ne mar a raibh againn go ceann a bhfad i n-a dhiaidh
sin. Bhí lonnradh na maidne ag sméideadh thar chnoc orainn, is
sinn ag gabháilt isteach. Do shleamhnamair go ciuin suas an
staidhre fé dhéin ár seomra leabhthan, agus bhí sé ag déanamh ar
a deich ar maidin geal sar ar mhúsclamair as ár dtrom-
shuan.
II.
Níor bh'fhada i n-ár sidhe sinn ar maidin gur bhuail fear an
tighe chughainn isteach. Níor leigh sé faic air, agus ní gábhadh a
innsint, gur bh'amhlaidh dhúinne. Bhíomair ar dtrúir ag caitheamh
ar mbrecfeast nuair do phreab Áine isteach chughainn. Bhí dath
báidhte uirthe, agus a gruaig ag sileadh síos léi. Bhí galún
crúidhte aici i n-a glaic.
"Ó, a athair, ar airghís an eachtra," ar sise, agus saothar
uirthi. "Bhíos ag crúdhadh na mbó anois nuair do bhuail Seán
Léan a leith chugham. Deir sé go bhfuil ceathrar dos na
buacaillidhe gabhtha ag na píléiridhe mar gheall ar rud éigin do
thuit amach 'san choill aréir."
"Cuid de scaotharacht Sheáin é sin," arsa fear an tighe.
"Cad fhéadfadh tuitim amach 'san choill?"
Do leig sé smiota gáire as, acht do thugamair-na fé ndeara
go raibh sé imshníomhach go leór fé an scéal ar a shon son.
"Seo isteach chughainn Seán Léan féin anois," arsa Áine.
Tháinig fear óg, caol, árd, isteach ar an neomat céadna.
"Cad é an t-éirleach seo tá agat á chur i bhfighis ar Áine
annso, a Sheáin?" arsa fear an tighe. "Cuid ded' bhrastghail,
mar is gnáthach, is dócha."
"Ní headh i n-aon chor, geallaim dhuit," arsa Seán. "Tá
Tadhg Ruadh, is Mícheál Geanncach, is Dáith Óg, is Domhnall 'Ac
Séamus ar an mbóthar go Neidín mar seo fé chúram na
bpíléiridhe."
"Lán dáiríribh! Agus cad tá i n-a gcoinnibh?"
"Ní thuigim-se fíorcheart na ceiste," arsa Seán Léan, "acht
de réir mar chuala, is amhlaidh do dhearbhuigh Diarmuid Dubh, an
fear faire ortha go rabhadar 'san choill aréir."
"Mara bhfuil i n-a leith acht an méid sin," arsa Cormac,"
"dar ndóigh is suarach an t-adhbhar ghearáin é sin."
"Budh bheag gan dearmhad," arsa Seán Léan; "acht ní mar
gheall ar adhbhar na gcamán táid gabhtha. Tháinig an tAbhnaor
féin ortha 'san choill, de réir dheallraimh, agus, pé nidh éirigh
eatortha, bhí fuil go flúirseach 'san choill ar maidin, agus ní fhuil
tásc ná tuairisc ar an Abhnaor féin pé nídh do deineadh leis."
"Agus cionnus ar bhuaileadar méar ar an gceathrar so
seachas buachaillidhe eile na háite?" arsa fear an tighe.
"Tá, go raibh báire le bheith aca le muinntir na Snadhma an
Domhnach seo chughainn, agus scaoil fear scéithte éigin ar leathadh
go raibh an ceathrar i dteannta chéile lá an aonaigh i Neidín,
agus go ndubhairt duine aca go mbeadh camáin an Abhnaoir ag
cnagadh go cithréibeach an lá úd."
"Dar ndóigh, ní fhéadfaidhe iad do ghabháil ar fheidhnéidh comh
suarach san," arsa mise.
"Cheapfá ná féadhfaidhe," arsa Seán Léan; "acht is amhlaidh
mar tá an scéil go bhfuil Diarmuid Dubh ag faire ar fhaill
d'fhagháil ar an gceathrar so le tamall maith, agus thug sé an
leabhar ar maidin gur bh'iad a bhí ann. Dearbhuigh sé go raibh sé
féin ag féachaint ar gach nidh."
"Agus, má bhí sé i láthair," arsa Cormac, "cad i n-a thaoibh
nár chabhruigh sé leis an Abhnaor?"
"Sin í an cheist chéadna do chur an Sárgaint air sa mbarraic
ar maidin," arsa Seán Léan, "agus 'sé an leathscéal a thug sé
uaidh, go raibh eagla a anama air rómpa.
"Tá go breágh, a thailliúir," arsa fear an tighe. "Tá 'lúb
an lár' i scéal Dhiarmuda is baoghalach; acht, mar sin féin, ní
mór dlíghtheóir do chur ag obair ar son na mbuachaillidhe
láithreach. Rachad-sa go Neidín."
"Agus racham-na led' chois," arsa mise. "Budh mhaith liom
fíorcheart na ceiste ar fad a bheith againn."
"Tá go maith," arsa fear an tighe. "Bí ag gléasadh an
chapaill, a Sheáin, an fhaid is béam-na d'ár n-ullmhughadh féin."
Níor bh'fhada go rabhamair ar bóthar. Ní raibh a lán cainnt
eadrainn go dtí gur shroicheamair Neidín. Bhí Mac Uí Shúil-
leabháin imshníomhach go leór, agus ní raibh fonn air mórán a rádh.
B'amhlaidh dhúinn féin go deimhin. Do bhuaileamair suas chum tighe
an dlíghtheóra, nuair shroicheamair an bhaile. Bhí sé istigh romhainn.
Cuireamair ár ngnó i gcéill dó.
"Tá a fhios agam," ar seisean. "Ní fhuil trácht thar aon nidh
eile ar fuaid an bhaile indiu acht an chúis sin, agus de réir mar
chloisim rachaidh sé dian ar na príosúnachaibh."
"Caithfeam ár ndícheall do dhéanamh dóibh ar a shon son,"
arsa Mac Uí Shúilleabháin.
"Déanfad-sa pé nidh tá im' chumas go háirithe," ars' an
dlíghtheóir. "Beidh siad ós comhair cúirte ar leithligh amáireach.
Bhí sé le bheith ar siubhal indiu, acht ní raibh acht aon ghuistís
amháin ar fuaid na háite, agus níor mhaith leis siúd breitheamhntas
do thabhairt ar an gceist uaidh féin."
"Fanfam i Neidín anocht mar sin," arsa Mac Uí Shúilleabháin,
"agus anois mar a dhéanfadh fear maith, déin do dhícheall dóibh,
agus ní bheir chum deiridh leis, geallaim duit. Seo bille cúig
bpúnt duit 'san chéad chur amach."
"Ní ghábhadh dhuit an t-airgead go fóill," ars' an dlíghtheóir;
"tá breis aithne agam ort-sa chum aon imshníomh a bheith orm i n-a
thaoibh san. Is féidir linn é shocrughadh nuair a bheidh an chúis ar
leath-taoibh."
"Tá go maith," ars' an fear eile. "Bíodh sé de réir do
thola. Chífeam i dTigh na Cúirte thú ar maidin."
Bhíomair i dTigh na Cúirte ar a deich a chlog díreach. Bhí an
chúis tosnuighthe cheana féin. Bhí na príosúnaigh i láthair, agus iad
fé chuibhreach daingean dlúth. Bhí beirt ghuistís ar an mbinnse.
Do chuireadh an leabhar ar Dhiarmuid Dubh, agus is é do dhearbhuigh
go soiléir, neamheaglach.
"Fear faire fiadhaigh ab eadh é, agus bhí sé 'san choill an oidhche
áirithe seo mar budh gnáthach. D'airigh sé tamall roimis sin go
raibh an ceathrar so i láthair na cúirte ceaptha ar an t-adhmad
do ghearradh i gcomhair camán, agus bhí a shúil i n-áirde aige.
Timcheall a dó a chlog nó mar soin, chuala sé fothram éigin' san
choill i n-aice an tighe mhóir. Níor bh'fhada i n-a dhiaidh san gur
chuaidh ceathrar fear thar an áit i n-a raibh sé i bhfolach. Do
scaoil sé leo, d'fhonn faill ní b'fhearr d'fhagháil chum teacht ortha,
acht, le n-a linn sin, thug sé fé ndeara fear ag déanamh fé n-a
ndéin ó chómhngar an tighe. D'aithnigh sé láithreach gur b'é an
tAbhnaor féin a bhí ann. Do chur an duine uasal isteach ortha
láithreach. Bhí guna aige, agus do dhírigh sé ortha é. Do stad
siad, agus do thosnuigh aighneas eatortha. Bhí sé féin ró-fhada
uatha chum an chainnt do thuigsint; acht, pe cur is cúiteamh a bhí
aca, d'ísligh an tAbhnaor a ghuna. B'shin é an rud a bhí uatha, de
réir dheallraimh; mar ní túisce bhí sin déanta aige 'ná gur
shleamhnuigh duine aca ar chúl an Abhnaoir, bhuail sé buille marbh-
thach ar phlaosc air le piostal, agus do thuit an fear bocht i n-a
phleist. Oidhche spéirghealaighe a b'eadh í, agus b'fhuiriste dhó
aithneamhaint gurab iad an ceathrar áirithe seo i láthair do dhéin
an droichbheart soin."
"Agus cad a thuit amach i n-a dhiaidh sin?" arsa Uachtarán
na Cúirte."
"Do dhéineadar sórt bréid do chasadh ar a aghaidh, is ar a
bhéal, agus d'árduigheadar leo é eatortha."
"Agus cár ghabhadar leis annsoin?" ars' an tUachtarán.
"Ní fhéadfainn a innsint duit," arsa Diarmuid Dubh. "Bhí
eagla orm iad do leanamhaint."
"Agus a ndeireann tú linn go rabhais ag féachaint ar an
ndrochobair so ar fad, agus nár chuiris chum cabhruighthe leis an
nduine uasal?"
"Bhí eagla m'anama orm, a Uachtaráin. Tá an ghráin dearg
aca orm-sa riamh ar fuaid an bhaill seo, agus budh bheag ar
dhuine aca súd solus an lae do scaoileadh thríom, dá teangmhóch-
ainn ortha an uair úd."
"Mó náire is m'aithis thú, a chréatúir an lag-chroidhe!" ars'
an tUachtarán. "Mara mbeadh do mhí-mhisneach, ní bheadh ár
gcara ar lár indiu againn. Caithfeam an chúis do chur ar ath-lá
go Ceathramhadh Seiseón Chill Áirne. Is ádhbharach go mbeidh siad
ar siubhal an tseachtmhain seo chughainn."
"Gabhaim párdún agat," ars' an dlíghtheóir. "Tá feidh-
néidhthe go líonmhar annso agam-sa a dheimhneóchaidh go raibh gach
duine de sna príosúnachaibh sínte ar a leabaidh an uair a thuit
an obair seo go léir amach. Fan mar a bhfuil agat-sa, a Dhiar-
muid - tá focal nó dhó le rádh agam leat-sa."
Bhí Diarmuid Dubh ar tí teacht anuas, agus d'fhan sé mar a
raibh aige.
"Cuir an leabhar ar Dhiarmuid arís," ar seisean le Cléireach
na Cúirte.
Do déineadh amhlaidh.
"'Seadh, a Dhiarmuid," ars' an dlíghtheóir, "taoi cinnte
dearbhtha gur bh'iad an ceathrar so i láthair na cúirte do dhéin an
drochobair seo ar a bhfuil cur síos déanta agat."
"Táim, a dhuine uasail."
"An rabhais a bhfad uatha an uair bhí an t-imreas so ar
siubhal?"
"Timcheall dhá chéad slat, nó mar soin, de réir mo thuair-
ime."
"Dhá chéad slat! Agus a measann tú a chur i n-a luighe
orainn go bhféadfá duine d'aithint a bheadh an fhaid sin uait fé
scáth na hoidhche is eile."
"Gan amhras, a dhuine uasail. Cad i n-a thaoibh ná aith-
neóchainn? Ná raibh oidhche spéirghealaighe againn!"
"Ní miste seabhac do thabhairt ort-sa, a Dhiarmuid. Féach, a
mhaise, ní chreidim-se thú, mar is léir d'éinne ná féadfadh duine
acht tuairim a bheith aige ar an té bheadh an fhaid sin uaidh, dá
ghile a bheadh an uain ist oidhche. Gaibh síos, a Dhiarmuid. Beidh
lá eile againn ort-sa le congnamh Dé."
Cuireadh an leabhar annsoin ar aithreachaibh na mbuachaillidhe,
agus do dhearbhuigh siad san - gach duine aca, go raibh a mhac féin
fé dhíon an tighe ó n-a deich a chlog an oidhche áirithe seo, agus
níor bh'fhéidir leo bheith 'san choill ar chuma ar bith. Do cheistigheadh
go dian iad, acht ní raibh dul ar mhalairt chrota do chur ar an
scéal, do chuir an dlíghtheóir ar an guistís gur cheart na
spíosúnaigh do scaoileadh láithreach, de bhrigh go raibh féidhnéidhthe
Dhiarmuda bréagnuighthe; acht ní ghéillfeadh siad dó. B'é críoch
an scéil gur cuireadh an chúis ar gcúlaibh go dtí Ceathramhadh
Seiséon Chill Áirne, an tseachtmhain a bhí chughainn, agus ní
leigfidhe amach na buachaillidhe ar bhannaíbh.
Do bhuaileas féin agus Cormac an bóthar go Cill Áirne
seachtmhain i n-a dhiaidh sin. Bhí na Seiseóin ar lántsiubhal
rómhainn. B'é ár gcara Mac Uí Shúilleabháin an chéad duine do
casadh orainn. Bhí sé ag dul fé dhéin Tighe na Cúirte, mar bhí
an chúis le tosnughadh láithreach baill. Do imthigheamair le n-a
chois. Bhí an chúirt i n-a suidhe ar ár ndul isteach, agus b'í cúis
na mbuachaillidhe an chéad cheann ós cómhair an Bhreithimh.
Do chur an dlíghtheóir i n-a luighe ar an mbreitheamh, gur bh'é a
thuairm láidir go raibh sé i n-aghaidh na dlilghe na buachaillidhe seo
do ghabháil i n-aon chor. Do mhínigh sé go cliste gach nidh dár
bhain leis an gceist. Dubhairt sé go raibh sé i leith na bpríos-
únach gur thugadar drochúsáid ar thí a mharbhtha ar dhuine áirithe;
acht dar ndóigh níor bh'fhios d'éinne ná go raibh an duine uasal so
cómh mhaith i n-a shláinte is mar bhí sé riamh. Ní raibh aoinne i
láthair na cúirte a dhearbhóchadh a mhalairt.
"Is é is dóthaighe go bhfuil an t-Abhnaor seo i bhfeidhil a
ghnótha i mball éigin" ars' eisean, "agus go dtí go gcuirfidh an
duine uasal féin coir éigin i n-ár leith, dar liom-sa ná fuil sé
riachtanach ag Ceannas na chúirte seo, breitheamhnas ar bith do
thabhairt ar an gceist."
"Aontuighim le n-a lán dá bhfuil ráidhte agat" ars' an
Breitheamh, "acht cá bhfios dúinn nách amhlaidh do marbhuigheadh an
duine seo! Is eol do chách gur neamhfhoighneach an saoghal é
fé láthair, ag uaisle na tíre, agus ar an adhbhar soin, is ceart
dómh-sa an fheidhnéidh do chur tré chéile go háirithe."
Do déineadh amhlaidh. B'é Diarmuid Dubh an chéad duine do
spailp an leabhar. Do dhearbhuigh sé go dian, dána, ar na
buachaillíbh, amhail mar a dhéin sé 'san chúirt íseal i Neidín
roimis sin. Do chuir dlíghtheóir na bpríosúnach isteach air go
tapaidh.
"Cogar" ar seisean, "an fíor é go bhfuil an ghráin dearg
agat-sa ar Mhícheál Geanncach, tá gabhta fét fheidhnéidh annso?"
"Well" arsa Diarmuid, "admhuighim ná fuilmíd ró-bháidheamhail
le chéile."
"Ná dubhairís seal ó shoin go gcuirfeá laincis faoi, an
chéad áisc do gheóbhfá an chaoi air?"
"Ní fheadar, ní chuimhin liom é anois, má dubhart."
(Ní críoch).