Log na gCeathramhan.
AN "DIABHAL".
Sé bárr an aitis De Barra is an "Diabhal" ag pósadh; 
Is báb de Barra rug barra - 's tá an "Diabhal" go fóghanta;
Guidhim áthus seascair is gearrachuid diablaidheacht dóibh sin 
Agus lán an bhara go barra de dhiabhlaibh óga.
AN RACAIRE.
FREAGRA. 
Ó tá go ndeachaidh soin eatortha d'fhiachaibh pósta
Báb na mBarrach gur tharraing an "Diabhal" n-a deoidh-se, 
Is sámh do pheacachaibh feasta san iaith seo Fódla
Cead rás bheith aca agus nasc ar an Liaghairne Áidhbheirseora.
SEÁN BUIDHE.
CUINE AIRT I LAERE.
Is dócha go bhfuil "Caoineadh Airt Uí Laoghaire" léighte ag gach Gaedhal.
Gach duine léigh é, thaithn an caoineadh go mór leis, dá brónaighe é.  Ní gadh
dhúinn é moladh annso.  Isé rud a dhein Seán Ó Cuiv 'ná an "Caoineadh" d'aith-
scríbhadh san litriughadh nódh so ar a dtugtar "Irish Made Easy."  Is féidir
aithint ón litrughadh son caidé an fhuaim a chuirtar ar gach focal san chaoineadh
- rud a téidheann i dtairbhe d'aos foghluma na Gaedhilge.  Níor mhaith linn éirghe
as an sean-litriughadh; acht is léir dúinn gur féidir áis a dhéanamh den
litrughadh nódh.  An Irish Book Company do chuir "Cuine Airt I Laere" i
gcló.  An Company do sholáthruigh "Staraidheacht" leis dúinn, agus tá
"Caoineadh Airt Uí Laoghaire" le fagháil i "Staraidheacht" leis dúinn, agus tá
"Caoineadh Airt Uí Laoghaire" le fagháil i "Staraidheacht".  An té gur mian
leis eolas a chur ar fuaim Ghaedhilge Mhúscraighe, níor mhiste dho an dá leabhar
úd d'aimsiughadh.  Tá foclóirín adhsáideach i maille leis an "Cuine."
An Scannróir.