Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Log na gCeathramhan.

Title
Log na gCeathramhan.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Log na gCeathramhan.



AN "DIABHAL".



Sé bárr an aitis De Barra is an "Diabhal" ag pósadh;
Is báb de Barra rug barra - 's tá an "Diabhal" go fóghanta;
Guidhim áthus seascair is gearrachuid diablaidheacht dóibh sin
Agus lán an bhara go barra de dhiabhlaibh óga.



AN RACAIRE.



FREAGRA.



Ó tá go ndeachaidh soin eatortha d'fhiachaibh pósta
Báb na mBarrach gur tharraing an "Diabhal" n-a deoidh-se,
Is sámh do pheacachaibh feasta san iaith seo Fódla
Cead rás bheith aca agus nasc ar an Liaghairne Áidhbheirseora.



SEÁN BUIDHE.



CUINE AIRT I LAERE.



Is dócha go bhfuil "Caoineadh Airt Uí Laoghaire" léighte ag gach Gaedhal.
Gach duine léigh é, thaithn an caoineadh go mór leis, dá brónaighe é. Ní gadh
dhúinn é moladh annso. Isé rud a dhein Seán Ó Cuiv 'ná an "Caoineadh" d'aith-
scríbhadh san litriughadh nódh so ar a dtugtar "Irish Made Easy." Is féidir
aithint ón litrughadh son caidé an fhuaim a chuirtar ar gach focal san chaoineadh
- rud a téidheann i dtairbhe d'aos foghluma na Gaedhilge. Níor mhaith linn éirghe
as an sean-litriughadh; acht is léir dúinn gur féidir áis a dhéanamh den
litrughadh nódh. An Irish Book Company do chuir "Cuine Airt I Laere" i
gcló. An Company do sholáthruigh "Staraidheacht" leis dúinn, agus tá
"Caoineadh Airt Uí Laoghaire" le fagháil i "Staraidheacht" leis dúinn, agus tá
"Caoineadh Airt Uí Laoghaire" le fagháil i "Staraidheacht". An té gur mian
leis eolas a chur ar fuaim Ghaedhilge Mhúscraighe, níor mhiste dho an dá leabhar
úd d'aimsiughadh. Tá foclóirín adhsáideach i maille leis an "Cuine."



An Scannróir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services