Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Moladh Dhiarmada.
Title
Moladh Dhiarmada.
Author(s)
Ó Cuilionáin, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Moladh Dhiarmada.</title><author><persName>Ó Cuilionáin, Micheál</persName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG19-11662</note> <note type="L">126</note> <note type="B">1909</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Márta, 1909</date><idno>IG19-11662</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">19</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ó Cuilionáin, Micheál</author><title>Moladh Dhiarmada.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Moladh Dhiarmada.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Márta, 1909</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Moladh Dhiarmada.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>Bhí fear dar bh'ainm Suanton ina chomhnuidhe ar an Smúrán,</span> <lb n="3"/><span>láimh leis an Sgiobairín timcheall deich mbliadhna fichead ó choin </span> <lb n="4"/><span>ann.</span></p> <lb n="5"/> <lb n="6"/><p><span>Bhí Dairyman aige agus Diarmaid do b'ainm dhon Dairyman.</span></p> <lb n="7"/> <lb n="8"/><p><span>B'fhéidir go mbeadh cuid de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR </span> <lb n="9"/><span>ná tuigfeadh dó-chruinn cad is Dairyman ann. Déanfad iarracht </span> <lb n="10"/><span>ar é chur i gcéill dóibh.</span></p> <lb n="11"/> <lb n="12"/><p><span>Uaireanta ní fhéadann an fear gur leis an fheirm an aire </span> <lb n="13"/><span>cheart a thabhairt di. B'fhéidir go mbeadh gnó éigin eile ar </span> <lb n="14"/><span>lámhaibh aige, nú go mbeadh a thigh comhnuidhthe ró-fhada ón bhfeirm,</span> <lb n="15"/><span>acht ar aon chuma isé dhéanann sé ná an fheirm agus stoc na </span> <lb n="16"/><span>feirmeach do chur i seilbh duine eile ar feadh bliadhna.</span></p> <lb n="17"/> <lb n="18"/><p><span>Tugann an duine sin suim áirithe airgid do ar gach buin.</span></p> </div> <pb n="127"/> <div><lb n="19"/><p><span>Sé an duine sin an Dairyman. Is leis an Dairyman na gamhna</span> <lb n="20"/><span>agus an bainne, agus caitheann fear na feirmeach an biadh a </span> <lb n="21"/><span>dholáthar dhóibh. Deintar margaidhe fé leith uaireanta lasmuich</span> <lb n="22"/><span>dá bhfuil luaidhte romham.</span></p> <lb n="23"/> <lb n="24"/><p><span>Seadh; ar aon chuma dhein an Diarmuid seo a dhícheall ar </span> <lb n="25"/><span>feadh bliadhna, acht mo léir chráidhte! annsan fuair sé ná raibh</span> <lb n="26"/><span>sé i n-acfuinn aige cíos na mbó a dhíol.</span></p> <lb n="27"/> <lb n="28"/><p><span>"A, a mháighistir," ar seisean, "níl éinnídh agam chun tú</span> <lb n="29"/><span>dhíol an turus so."</span></p> <lb n="30"/> <lb n="31"/><p><span>"Tá go maith, a Dhiarmaid," arsa Suanton, "bainimís triail</span> <lb n="32"/><span>eile as, agus i gcionn na bliadhna so againn-na chífimíd cad a </span> <lb n="33"/><span>thiocfaidh as."</span></p> <lb n="34"/> <lb n="35"/><p><span>Do deineadh amhlaidh agus i gcionn na bliadhna, bhí cás</span> <lb n="36"/><span>Dhiarmuda ní ba mheasa 'ná mar bhí roimis sin. Bhí na fiacha</span> <lb n="37"/><span>dúbalta agus gan éinnídh aige do ghlanfadh an scór.</span></p> <lb n="38"/> <lb n="39"/><p><span>"Seadh, a mháighistir," arsa Diarmuid, "níor éirigh liom ró-</span> <lb n="40"/><span>mhaith anuiridh, acht cá bhfios ná go mbhéadh a mhalairt de phort</span> <lb n="41"/><span>againn bliadhain agus an lá indiu. Bainimís triail eile as."</span></p> <lb n="42"/> <lb n="43"/><p><span>"Leogaim leat an turus so, acht caithfam ár gcúntaisí do </span> <lb n="44"/><span>shocrughadh annsan go háirithe, pé crot a bheidh ar an sgéal,"</span> <lb n="45"/><span>arsa Suanton.</span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>Bhí go maith agus ní raibh go holc. Acht, am baisce! i </span> <lb n="48"/><span>ndeireadh na bliadhna, á dhonacht a bhí an sgéal age Diarmuid</span> <lb n="49"/><span>roimis sin, ba thrí mheasa a bhí sé anois.</span></p> <lb n="50"/> <lb n="51"/><p><span>"Seadh, a dhuine uasail," arsa Diarmuid, "ní ag dul i </span> <lb n="52"/><span>bhfeabhas atá an sgéal. Dheineas mo dhícheall, acht is dócha nách é </span> <lb n="53"/><span>mo dhícheall a theastuigheann uait acht do chuid airgid."</span></p> <lb n="54"/> <lb n="55"/><p><span>"A Dhiarmaid," arsa Suanton, "is mithid dúinn ár gcúrsaí do </span> <lb n="56"/><span>réiteach anois nó riamh. Ag dul i n-olcas atá an sgéal i </span> <lb n="57"/><span>n-aghaidh na bliadhna, agus ní mór dhúinn crích éigin do chur air.</span> <lb n="58"/><span>Caithfam sgaramhaint feasta, acht déarfad an méid seo: Bhís </span> <lb n="59"/><span>soghluaiste, deaghriaghaltha, críochnamhail, dícheallach, cruinn. Bhís</span> <lb n="60"/><span>aireach gasta slachtmhar. Thugais aire do sna buaibh agus do </span> <lb n="61"/><span>gach aon nídh. Níl aon locht agam ort. Marar éirigh leat san </span> <lb n="62"/><span>obair seo, sin é do ghnó féin. Acht mar sin féin, ní bhead dian</span> <lb n="63"/><span>ort. Fágfad socrughadh ár gcúrsaí fé rádh beirte."</span></p> <lb n="64"/> <lb n="65"/><p><span>Do rug Diarmuid ar láimh air agus do chroith í.</span></p> <lb n="66"/> <lb n="67"/><p><span>"Á, a mháighistir," ar seisean, "is fíor an seanfhocal é go </span></p> </div> <pb n="128"/> <div><lb n="68"/><p><span>"mbriseann an dúthchas trí shúilibh an chait". Ba dhual agus ba </span> <lb n="69"/><span>dhuthchas duit-se an braon foghanta a bheith ionnat, agus tá ó </span> <lb n="70"/><span>thalamh. Cad eile cad déarfadh duine dot chine acht rud éigin</span> <lb n="71"/><span>níos féile 'ná a chéile."</span></p> <lb n="72"/> <lb n="73"/><p><span>"Toibh-se duine anois, a Dhiarmuid, agus toghfad an duine</span> <lb n="74"/><span>eile," arsa Suanton, "agus cuiream an sgéal fé n-a mbrághaid</span> <lb n="75"/><span>gan mhoill.</span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>"A mháighistir," arsa Diarmuid, "níl aon bheirt i gcúig </span> <lb n="78"/><span>cúigíbh na hÉireann is fearr eólas ar an sgéal so 'ná an bheirt</span> <lb n="79"/><span>againn-na, agus dá fhaid a bheimís ag míniughadh an sgéil dhóibh,</span> <lb n="80"/><span>agus á chur i dtuisgint agus i gcéill dóibh, ní thuigfidís sa deire </span> <lb n="81"/><span>thiar thall bun agus barr lár agus leathimeall an sgéil leath</span> <lb n="82"/><span>chomh maith agus thuigimíd-na anois é.</span></p> <lb n="83"/> <lb n="84"/><p><span>"Agus an amhlaidh mheasann tú a rádh gur chóir dhúinn féinig </span> <lb n="85"/><span>an sgéal do mholadh," arsa Suanton. "Sin rud ná cualadh </span> <lb n="86"/><span>riamh: daoine ag moladh a sgéil fhéinigh."</span></p> <lb n="87"/> <lb n="88"/><p><span>"Sé mheasaim, a dhuine uasail," arsa Diarmuid, "gur cirtisidhe</span> <lb n="89"/><span>do bheirt againn-na an sgéal so a réiteach ná d'aon bheirt eile </span> <lb n="90"/><span>'na mbeathaidh. Sinn is fearr aithne ar a chéile. Agus sinn is mó</span> <lb n="91"/><span>tuisgint ar phuíntí na hoibre. Is minic mé á chuimhneamh gur </span> <lb n="92"/><span>corp dícéille agus dearg-amadántacht do dhaoinibh, a gcúrsaí</span> <lb n="93"/><span>do chur fé bhrághaid stróinséarach, agus go dtiocfadh leo féin </span> <lb n="94"/><span>an sgéal a shocrughadh i bhfad níos fearr 'ná aon stróinséarach</span> <lb n="95"/><span>dá ghéire intleacht nó dá mhácantacht do bheadh ann."</span></p> <lb n="96"/> <lb n="97"/><p><span>"Nách mór an iongnadh," arsa Suanton, "nár chúimhnigh éinne</span> <lb n="98"/><span>air sin riamh roimis seo, agus a liacht de chúiseannaibh dá shórd a </span> <lb n="99"/><span>fágtar fé rádh beirte stróinséarach."</span></p> <lb n="100"/> <lb n="101"/><p><span>"Caitheann duine éigin an tosach a bheith aige," arsa </span> <lb n="102"/><span>Diarmuid, "agus cá hiongnadh an tosach agam-sa thar éinne</span> <lb n="103"/><span>eile insa nídh seo."</span></p> <lb n="104"/> <lb n="105"/><p><span>"Bíodh 'na mhargadh mar sin," arsa Suanton, "agus béar-</span> <lb n="106"/><span>faimíd breith orainn féin, acht tugamís ceart agus cóir agus </span> <lb n="107"/><span>cothrom dá chéile agus dúinn féin."</span></p> <lb n="108"/> <lb n="109"/><p><span>Fuaradar páipéar agus sgríobhadar connradh, agus chuir-</span> <lb n="110"/><span>eadar a n-ainmeacha leis, á chur i sgríbhinn go mbeidís araon</span> <lb n="111"/><span>sásta le breith na beirte, pé breith bhéarfaidís an bheirt.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>Tréis é sin do dhéanamh dhóibh do labhair Diarmuid:</span> <lb n="114"/></p> </div> <pb n="129"/> <div><lb n="115"/><p><span>"An chéad rádh agat-sa a dhuine uasail," ar seisean.</span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>"A Dhiarmuid," arsa Suanton, "bhís soghluaiste riamh fé mar </span> <lb n="118"/><span>dubhart cheana, agus táim buidheach dhíot, agus i dtreo ná beidh</span> <lb n="119"/><span>aon tsiar 's aniar sa sgéal, béarfad mo bhreith féin i n-aon </span> <lb n="120"/><span>fhocal amháin: Maithfad a leath dhuit."</span></p> <lb n="121"/> <lb n="122"/><p><span>"Airiú! cuir annsan í, a mháighistir," arsa Diarmuid ag éirighe</span> <lb n="123"/><span>agus a síneadh na láimhe chun an fhir eile. "Cuir annsan í. An </span> <lb n="124"/><span>saoghal go léir, ní bhuadhfadh ar an seannstoc. Fágaim le </span> <lb n="125"/><span>húdhacht gur feárr liom an chaint atá ráidhte agat do chlos uait </span> <lb n="126"/><span>ná na fiacha go léir do bheith im sheilbh agam. An treibh ar a dhíobh</span> <lb n="127"/><span>mé théin, is suarach le rádh iad indiu, cé gur mhór an lán béil iad</span> <lb n="128"/><span>tráth, agus mar is eol duit-se, a mháighistir, bhí clú agus ainm na </span> <lb n="129"/><span>féile agus na fairsinge ortha an fhaid agus ba ghustalach </span> <lb n="130"/><span>acfuinneach iad. Agus dar so súd ní bhuadhfair-se i bhféile orm-</span> <lb n="131"/><span>sa. Ní leogfad duit é dhéanamh. Ní bheidh le casadh liom gur </span> <lb n="132"/><span>rabhas-sa ar an gcéad duine dhem chine go raibh spriúnlaitheacht</span> <lb n="133"/><span>ag baint leis. Is fial an sampla atá tabhartha agat, a mháighis-</span> <lb n="134"/><span>tir - leath na bhfiach a mhaitheamh dom, agus maithfad féin an leath </span> <lb n="135"/><span>eile dhom ó thárla am bmolthóir mé."</span></p> <lb n="136"/> <lb n="137"/><p><span>Airiú! d'fhéach Suanton air ar feadh abhfad, agus focal níor </span> <lb n="138"/><span>labhair. Do baineadh an chaint de glan. An túisge a tháinig sé</span> <lb n="139"/><span>chuige féin dubhairt sé:</span></p> <lb n="140"/> <lb n="141"/><p><span>"Mhuise, dhon diabhal a bheirim thusa agus do rádh beirte, a </span> <lb n="142"/><span>Dhiarmuid."</span></p> <lb n="143"/> <lb n="144"/><p><span>Acht bhí an páipeár saighneáltha, agus an margadh déanta,</span> <lb n="145"/><span>agus ní raibh aon dul ó bhreith na beirte.</span></p> <lb n="146"/> <lb n="147"/><p><span>Do labhair Diarmuid airís: </span></p> <lb n="148"/> <lb n="149"/><p><span>"A mháighistir," ar seisean, "ó thárla mo chuid fiacha díoltha, nách</span> <lb n="150"/><span>fearra dhúinn tosnughadh as an nua airís i mbáireach."</span></p> <lb n="151"/> <lb n="152"/><p><span>Ní haithristear a thuilleadh dá n-imtheachtaibh insa tSeanachus.</span></p> <lb n="153"/> <lb n="154"/><p><span>MICHEÁL Ó CUILIONÁIN.</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>Tá uimhir nua de "Journal of the County Louth Archaeological Society"</span> <lb n="157"/><span>d'éis teacht amach, agus go deimhin is mór an chreideamhaint é don dream atá</span> <lb n="158"/><span>n-a bhun. Tá sé lán go bruach d'eolus i dtaobh Co. Lughbhaidhe, eólus a raghadh i </span> <lb n="159"/><span>dtairbhe leis do dhaoinibh nach bhfuil baint ar bith aca le Co. Lughbhaidhe acht </span> <lb n="160"/><span>amháin a gcomhmbráithreas. Ní healadha dhúinn áireamh a dhéanamh ar na haistí </span> <lb n="161"/><span>taitneamhacha atá sa n-uimhir seo den "Journal", acht tá focheann ann nach</span> <lb n="162"/><span>miste linn a luadh. Tá an tsean-bháidh againn le "Louthiana" agus na </span> <lb n="163"/><span>pictiúirí breaghtha a curtar i gcló in' fhochair. Go deimhin níor miste do </span> <lb n="164"/><span>dhaoinibh eile aithris a dhéanamh ar Eagarthóirí an "Journal" so i dtaobh pic-</span> <lb n="165"/><span>tiuirí: is annamh a gheibhmíd níos fearr iad. Molaimíd go mór Liam Teimpist </span> <lb n="166"/><span>agus Teach-chló Dhúndealgan. Tá aiste an-mhaith san uimhir seo ar O Cearbhall-</span> <lb n="167"/><span>áin, maraon le cuid de na "marbhnaibh" is de na "fáiltíbh" do rinneadh do.</span> <lb n="168"/><span>Táid siad súd ann i nGaedhilg is i mBéarla. Tá aiste dheas ann ó n-ar sean-</span> <lb n="169"/><span>charaid Énrí Ó Muirgheasa ar "Motes and Their Origin".</span></p> <lb n="170"/> <lb n="171"/><p><span>TORNA.</span></p> <lb n="172"/> <lb n="173"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services