Moladh Dhiarmada.
Bhí fear dar bh'ainm Suanton ina chomhnuidhe ar an Smúrán,
láimh leis an Sgiobairín timcheall deich mbliadhna fichead ó choin
ann.
Bhí Dairyman aige agus Diarmaid do b'ainm dhon Dairyman.
B'fhéidir go mbeadh cuid de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR
ná tuigfeadh dó-chruinn cad is Dairyman ann. Déanfad iarracht
ar é chur i gcéill dóibh.
Uaireanta ní fhéadann an fear gur leis an fheirm an aire
cheart a thabhairt di. B'fhéidir go mbeadh gnó éigin eile ar
lámhaibh aige, nú go mbeadh a thigh comhnuidhthe ró-fhada ón bhfeirm,
acht ar aon chuma isé dhéanann sé ná an fheirm agus stoc na
feirmeach do chur i seilbh duine eile ar feadh bliadhna.
Tugann an duine sin suim áirithe airgid do ar gach buin.
Sé an duine sin an Dairyman. Is leis an Dairyman na gamhna
agus an bainne, agus caitheann fear na feirmeach an biadh a
dholáthar dhóibh. Deintar margaidhe fé leith uaireanta lasmuich
dá bhfuil luaidhte romham.
Seadh; ar aon chuma dhein an Diarmuid seo a dhícheall ar
feadh bliadhna, acht mo léir chráidhte! annsan fuair sé ná raibh
sé i n-acfuinn aige cíos na mbó a dhíol.
"A, a mháighistir," ar seisean, "níl éinnídh agam chun tú
dhíol an turus so."
"Tá go maith, a Dhiarmaid," arsa Suanton, "bainimís triail
eile as, agus i gcionn na bliadhna so againn-na chífimíd cad a
thiocfaidh as."
Do deineadh amhlaidh agus i gcionn na bliadhna, bhí cás
Dhiarmuda ní ba mheasa 'ná mar bhí roimis sin. Bhí na fiacha
dúbalta agus gan éinnídh aige do ghlanfadh an scór.
"Seadh, a mháighistir," arsa Diarmuid, "níor éirigh liom ró-
mhaith anuiridh, acht cá bhfios ná go mbhéadh a mhalairt de phort
againn bliadhain agus an lá indiu. Bainimís triail eile as."
"Leogaim leat an turus so, acht caithfam ár gcúntaisí do
shocrughadh annsan go háirithe, pé crot a bheidh ar an sgéal,"
arsa Suanton.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Acht, am baisce! i
ndeireadh na bliadhna, á dhonacht a bhí an sgéal age Diarmuid
roimis sin, ba thrí mheasa a bhí sé anois.
"Seadh, a dhuine uasail," arsa Diarmuid, "ní ag dul i
bhfeabhas atá an sgéal. Dheineas mo dhícheall, acht is dócha nách é
mo dhícheall a theastuigheann uait acht do chuid airgid."
"A Dhiarmaid," arsa Suanton, "is mithid dúinn ár gcúrsaí do
réiteach anois nó riamh. Ag dul i n-olcas atá an sgéal i
n-aghaidh na bliadhna, agus ní mór dhúinn crích éigin do chur air.
Caithfam sgaramhaint feasta, acht déarfad an méid seo: Bhís
soghluaiste, deaghriaghaltha, críochnamhail, dícheallach, cruinn. Bhís
aireach gasta slachtmhar. Thugais aire do sna buaibh agus do
gach aon nídh. Níl aon locht agam ort. Marar éirigh leat san
obair seo, sin é do ghnó féin. Acht mar sin féin, ní bhead dian
ort. Fágfad socrughadh ár gcúrsaí fé rádh beirte."
Do rug Diarmuid ar láimh air agus do chroith í.
"Á, a mháighistir," ar seisean, "is fíor an seanfhocal é go
"mbriseann an dúthchas trí shúilibh an chait". Ba dhual agus ba
dhuthchas duit-se an braon foghanta a bheith ionnat, agus tá ó
thalamh. Cad eile cad déarfadh duine dot chine acht rud éigin
níos féile 'ná a chéile."
"Toibh-se duine anois, a Dhiarmuid, agus toghfad an duine
eile," arsa Suanton, "agus cuiream an sgéal fé n-a mbrághaid
gan mhoill.
"A mháighistir," arsa Diarmuid, "níl aon bheirt i gcúig
cúigíbh na hÉireann is fearr eólas ar an sgéal so 'ná an bheirt
againn-na, agus dá fhaid a bheimís ag míniughadh an sgéil dhóibh,
agus á chur i dtuisgint agus i gcéill dóibh, ní thuigfidís sa deire
thiar thall bun agus barr lár agus leathimeall an sgéil leath
chomh maith agus thuigimíd-na anois é.
"Agus an amhlaidh mheasann tú a rádh gur chóir dhúinn féinig
an sgéal do mholadh," arsa Suanton. "Sin rud ná cualadh
riamh: daoine ag moladh a sgéil fhéinigh."
"Sé mheasaim, a dhuine uasail," arsa Diarmuid, "gur cirtisidhe
do bheirt againn-na an sgéal so a réiteach ná d'aon bheirt eile
'na mbeathaidh. Sinn is fearr aithne ar a chéile. Agus sinn is mó
tuisgint ar phuíntí na hoibre. Is minic mé á chuimhneamh gur
corp dícéille agus dearg-amadántacht do dhaoinibh, a gcúrsaí
do chur fé bhrághaid stróinséarach, agus go dtiocfadh leo féin
an sgéal a shocrughadh i bhfad níos fearr 'ná aon stróinséarach
dá ghéire intleacht nó dá mhácantacht do bheadh ann."
"Nách mór an iongnadh," arsa Suanton, "nár chúimhnigh éinne
air sin riamh roimis seo, agus a liacht de chúiseannaibh dá shórd a
fágtar fé rádh beirte stróinséarach."
"Caitheann duine éigin an tosach a bheith aige," arsa
Diarmuid, "agus cá hiongnadh an tosach agam-sa thar éinne
eile insa nídh seo."
"Bíodh 'na mhargadh mar sin," arsa Suanton, "agus béar-
faimíd breith orainn féin, acht tugamís ceart agus cóir agus
cothrom dá chéile agus dúinn féin."
Fuaradar páipéar agus sgríobhadar connradh, agus chuir-
eadar a n-ainmeacha leis, á chur i sgríbhinn go mbeidís araon
sásta le breith na beirte, pé breith bhéarfaidís an bheirt.
Tréis é sin do dhéanamh dhóibh do labhair Diarmuid:
"An chéad rádh agat-sa a dhuine uasail," ar seisean.
"A Dhiarmuid," arsa Suanton, "bhís soghluaiste riamh fé mar
dubhart cheana, agus táim buidheach dhíot, agus i dtreo ná beidh
aon tsiar 's aniar sa sgéal, béarfad mo bhreith féin i n-aon
fhocal amháin: Maithfad a leath dhuit."
"Airiú! cuir annsan í, a mháighistir," arsa Diarmuid ag éirighe
agus a síneadh na láimhe chun an fhir eile. "Cuir annsan í. An
saoghal go léir, ní bhuadhfadh ar an seannstoc. Fágaim le
húdhacht gur feárr liom an chaint atá ráidhte agat do chlos uait
ná na fiacha go léir do bheith im sheilbh agam. An treibh ar a dhíobh
mé théin, is suarach le rádh iad indiu, cé gur mhór an lán béil iad
tráth, agus mar is eol duit-se, a mháighistir, bhí clú agus ainm na
féile agus na fairsinge ortha an fhaid agus ba ghustalach
acfuinneach iad. Agus dar so súd ní bhuadhfair-se i bhféile orm-
sa. Ní leogfad duit é dhéanamh. Ní bheidh le casadh liom gur
rabhas-sa ar an gcéad duine dhem chine go raibh spriúnlaitheacht
ag baint leis. Is fial an sampla atá tabhartha agat, a mháighis-
tir - leath na bhfiach a mhaitheamh dom, agus maithfad féin an leath
eile dhom ó thárla am bmolthóir mé."
Airiú! d'fhéach Suanton air ar feadh abhfad, agus focal níor
labhair. Do baineadh an chaint de glan. An túisge a tháinig sé
chuige féin dubhairt sé:
"Mhuise, dhon diabhal a bheirim thusa agus do rádh beirte, a
Dhiarmuid."
Acht bhí an páipeár saighneáltha, agus an margadh déanta,
agus ní raibh aon dul ó bhreith na beirte.
Do labhair Diarmuid airís:
"A mháighistir," ar seisean, "ó thárla mo chuid fiacha díoltha, nách
fearra dhúinn tosnughadh as an nua airís i mbáireach."
Ní haithristear a thuilleadh dá n-imtheachtaibh insa tSeanachus.
MICHEÁL Ó CUILIONÁIN.
Tá uimhir nua de "Journal of the County Louth Archaeological Society"
d'éis teacht amach, agus go deimhin is mór an chreideamhaint é don dream atá
n-a bhun. Tá sé lán go bruach d'eolus i dtaobh Co. Lughbhaidhe, eólus a raghadh i
dtairbhe leis do dhaoinibh nach bhfuil baint ar bith aca le Co. Lughbhaidhe acht
amháin a gcomhmbráithreas. Ní healadha dhúinn áireamh a dhéanamh ar na haistí
taitneamhacha atá sa n-uimhir seo den "Journal", acht tá focheann ann nach
miste linn a luadh. Tá an tsean-bháidh againn le "Louthiana" agus na
pictiúirí breaghtha a curtar i gcló in' fhochair. Go deimhin níor miste do
dhaoinibh eile aithris a dhéanamh ar Eagarthóirí an "Journal" so i dtaobh pic-
tiuirí: is annamh a gheibhmíd níos fearr iad. Molaimíd go mór Liam Teimpist
agus Teach-chló Dhúndealgan. Tá aiste an-mhaith san uimhir seo ar O Cearbhall-
áin, maraon le cuid de na "marbhnaibh" is de na "fáiltíbh" do rinneadh do.
Táid siad súd ann i nGaedhilg is i mBéarla. Tá aiste dheas ann ó n-ar sean-
charaid Énrí Ó Muirgheasa ar "Motes and Their Origin".
TORNA.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11