Aisling Phádraig Uí Chruadhlaoich.
Araoir dam im aonar cois Laoi
Go déadhnach i gcoill chluthair bhláith,
Ag cuimhneamh ar chlaontas an tsaoighil
Gan aon bhraith go bhfillfinn go lá,
Taoibh liom i ngaorthadh an ghlasgeimhinn
Tig spéirbhean go híogmhar im dháil;
Míonlacht is maordhacht a gnaoi
Rug céim ar na mílthe eile 'e mhnáibh.
Bhí a dlaoithe go craobhach cas buidhe
Go slaodmhar go slíogach ag fás;
A braoithe deas caola mar scríob
Peann cléirigh nuair scaoilenn ar phár;
N-a caoinleacain aolmhair do fríth
Caora agus lítis go báidheach;
A mínchneas mar scéimh eala chím
Ar léigibh na groidhe mara ag snámh.
Fíorfachtaim scéalta ón mnaoi
Cá taobh nó cá tír ann gur fás;
Nó ar bh'í do sciob laoch leis don Traoi
Is chuir léan guirt ar chroidhe Mheneláus;
Nó ar bh'fhíor gur bh'í Déirdre Naois'
Thug léirscrios ar Chraoibh Uladh 's ár;
Nó an ríogan de phréimh chirt na ríogh
Thug Déarmaid fá choilltibh dá grádh.
Is caoin d'fhreagair mése gan mhoill
Insna bréithribh seo chífir in dheáidh:
"Ní díobh-san ar aonchor me mhaoidhis,
Ní shéanfainn ort fírinne is fáth,
Acht sídhbhean ó thaobhaibh na Laoi
Tá im aonar gach oidhche agus lá,
Ag caoineadh mo ghaolta do bhí
I réimeas na gcríocha so tráth.
Is díth liom a dtréine dhul síos;
Is saoth liom gur chríochnuigh a gcáil;
'S a ríoghbhroga aolmhar' gan díon
Ó Bhaile Aodha thoir go dtídh go Cloch Dáith;
Ní'l flaith go Léinloch an ghrinn;
Sin Béarra gan taoiseach de bhárr
An ghríbh lannaigh thréig me i nDún Buidhe
'S nár théarnaimh le tigheacht chughainn ón Spáinn."
Rith díleann de dhéaraibh go fuidheach
Gan taoladh ortha síos léi go bán
A caoinrosca réghlasa bhí
Le géarruide líonta go bárr;
Do síneadh me tréimhse fá scím
Ag éisteacht le sídhghol na mná,
'S ar fhíorbhreacadh an lae thoir do thigheacht
Seadh d'éaluigh sí arís uaim chun fáin.
MaghCromdha, 15/11/'08.