Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. - IV.
LIAM UA MÍODHACHÁIN 
do scríobh.
Soir ó thuaidh ó'n áit seo do dheineadh ball eile d'chóiriughadh. 
D'thógadh Caladh-phort fada fairsing ann agus ní amháin gur 
mór an mhaise ar an áit é, acht is acarach an port é leis do 
Bhádóirí seachas mar do bhí an áit roimhe sin. 
Tar éis na buntáistithibh seo go léir do bhronnadh ar mhuintir 
an bhaile budh chóir nach ndeunfaidís dearmhad ar fhéileacht an 
deigh-fhir charthanach d'fhág 'n a diaidh iad, gan guidheachant go 
h-árd ar a shon chun gach buntáiste 'tá geallta do'n bhfíréun do 
bhronnadh air ag caitheamh a shiorruigheachta ar an saoghal eile. 
Do eag an séimhfhear ghrádhmhar so ar an gceáthramhadh lá deug 
de Mhí na Nodlag agus do adhlacadh é cois an bhfalla thiar de 
Roilig an tSéipéil Mhóir. 
Gach uile samhradh d'eirigheann tagaid daoine 'na sluaighte ó 
Chonntaethibh Thiobruid Aráinn, Chorcaighe, Chille Coinnigh agus 
mórán áiteannaibh eile chun a laetheanta saoire do chaitheamh ag 
an tsáile. 
Gaybrick's a thugtar mar leas-ainm ar an dream so.  Ó'n 
nGaedhilg do cheapadh an focal san, agus ní mórán maise tá ag 
baint leis d'réir a bhunadhas. 
Mar seo d' thárla.  Lá dá raibh bhí beirt fhear de'n dream so 
ag cómhrádh cois na trágha.  D' chuir duine aca ceist ar an duine 
eile agus d'fhreagair sé sin é ar an gcuma so. - "Dh'oibrigh, 
dh'oibrigh, dh'oibrigh." 
Bhí roinnt dailtíní, nár thuig an caint, ag eisteacht leo 's 
d'phiocadar suas na focail seo, agus sin é an míniughadh do 
bhaineadar asta.  Do bhaisteadh Gaybrick's annsan ortha agus do 
lean an ainm sin dóibh ó shoin.  Bíodh a thuairm féin ag an 
léightheóir anois i dtaobh brígh na ceiste. 
Rud is anamh le faghail i mbailtibh dá leithéid tá iostas 's 
lóisdín an-shaorgáideach ann, agus mar bhárr ar sin bíonn 
 
Sgoruidheachta 's Ceól ar siúbhail gach oidhche nach beag i riocht an 
t-samhradh. 
In fhocair sin ní fuiris na hionada Ionnálaidh tá le fagháil ann 
d'shárúghadh.  Fá chúram Sheóirse Ó Stóice tá gach uile saghas 
fothragachd, idir fuar, te, agus fionn-fuair le fagháil ar an 
gcosdas is saoire.  Fear is eadh é seo a bhfuil tuigsint thar 
bárr aige i ngach gléus 's cumadóireacht do bhainean leis an 
ngnó san, agus dá bhrigh sin is beag áiteanna dá leithéid i 
nÉirinn d'thógfadh bárr ar an áit seo le feabhas, le deiseacht, 's 
le gloineacht. 
Tar éis a bhfuil curtha síos anois agam i dtaobh Dhún-Garbhán 
ó'n chead lá do chuireadh an chloch-bhuinn ann go nuige seo, is 
deacair a mheas nach gcuirfidh sé ag smuaineamh 's ag machtnamh 
pé duine do léighfidh nó do chloisfidh léighte é. 
Cuirfidh sé i gcuimhne dho na laetheanta séunmhara sona do 
bhí ag Éireannaigh nuair do bhí cóir 's ceannas aca ar a dtír 
féin, nuair do bhí a dteanga 's a g-creideamh gan sal, gan 
toibhéim, nuair do theaspáineadar eólas agus deagh-shompla do'n 
domhan mhór go léir. 
Cuirfidh sé i gcuimhne dho leis na laetheanta dúbha dorcha 
nuair do bhí ár sinsir ag fulangughadh fá gheir-leanamhain is fá 
fhoirneart a namhaid, nuair do bhíodh ar tí ár gcreideamh 's ar 
dteanga do mhúchadh, nuair do bhí gach péinn 's trioblóid d'fhiad-
faidhe do áireamh curtha i leith dóibh trí chlaon-dhlighthe agus 
trom-sgiúirse na nEachtrannach. 
Nach ait greannmhar an saoghal é.  Thar a ceann san, nach 
umhail urramach tá urmhór againn indiu do shíolraigh an aicme 
do chuir san gcruadhchás san ár sean agus ár sinsir.  I n-ionad 
fuath agus gráin do bheith againn ortha, agus ar gach nídh do 
bhainean leo, is amhlaidh 'tá báidh agus meas againn ortha. 
Gidheadh nach droch-chomhartha orainn a bheith geanamhail grádhmhar, 
mar budh dhual dúinn a bheith, is olc an mhaise orrainn gan a 
bheith misneachamhail neamh-spleádhach agus gan iontaoibh a bheith 
againn as ár n-oighreachtaibh luachmhara féin. 
Is mór an iongnadh an ceanntair seo d'bheith chomh Gaodhalach 
indiu agus an tearma fada 'tá an baile fá urlámhas Shasanna. 
Teaspáinean san dúinn go raibh fíor-fhuil neamh-bhásuighthe na 
nGaedheal ag teannadh cuisleanna agus féitheacha na bpriomh 
 
áitighteóirí, agus i n-aimhdeoin cam-dlighthe agus cruaidhriaghal-
taibh na nGall gur sgéithidh sí anuas go fíor-ghlan neamh-
thruaillighthe ó ghlún go glún. 
Is deallrach leis gur mhinic í ag casaoid 's ag ceisneamh de 
bhárr na h-eugcóra do bíodh a dheanamh uirthe.  Tá a rian san 
uirthe, mar budh mhinic a dhoirteadh steall di ag éileamh a cirt. 
Ar a shon san 's uile níl an fhuil sin ar a suaimhneas fós. 
Tá Gaedhil chalma Dhun-Garbhán ag troid go dian i n-aghaidh na 
méirlig fós, agus ag comhairliughadh na neamh-eólaighe chun iad 
d'chur ar bhealach a leasa.  Tá Craobhacha Gaedhealacha de gach 
cineál ar an mbaile, agus cé nach morán 'tá le moidheamh ag 
ceachtar aca, 'táid ag deanamh mórán maitheasa.  Bíodh a bhuidh-
eachas san againn ar an leomhan Gaodhalach san, Domhnall Ua 
Fearachair, ar Thomas Ó hAoileacháin, agus ar roinnt eile Ghaodh-
alaibh dhuthrachtach ar fuaid an bhaile. 
Braithim anois gur mithid dom críochnughadh agus gan dul 
níos siadh leis.  Sul a sguirfead bheirim buidheachas leis an 
dream do chur adhbhar an aiste seo ar mo chomhgar. 
Do'n méid díobh 'tá beó guidhim saoghal fada sonasach, so-
mhaoíneach, ag siúbhal de shíor i gcosán na subhailcíbh agus na 
n-deagh-oibreacha. 
Do'n méid díobh 'tá ar shlíghe na fírinne, iarraim ar Dhia 
Uilechúmhachdaighe, trí eadar-ghuidhe Phádraig Naomhtha, solas 
síorruidhe na bhFlaitheas do chur ar lasadh go glé-geal lonnrach 
dóibh, cun iad do stiúrughadh go gradamach réimeach dtí 'n-a 
árus shár-bheannuighthe féin, agus ionad onórach do thabhairt ann 
dóibh chun a siorruigheachta do chaitheamh go meidhreach glórmhar i 
gcuideachta na Naomh 's na nAingeal. 
TAGRA.
Tabhaistín .i. Aughuistín nó Aibhistín.  The Irish for Augustine in this locality is
tabhaist.
Crioslíne, diameter.
Barcur na Síoth-mhaor, Police Barrack.
Leacht líg, a tombstone.
Bruachadaighil, loitering, in expectation of something.
Múir a' tighe, udner th roof of the house (a very common phrase).
Urlámhas, suzerainty.
Badhon, bastion.
 
Fearann oighreachta, manor.
Tóchur, a causeway.
Buirghéis, borough.
D'ar na bháireach: Dr. Henebry explains this to be dia ar na bháireach, dia pro-
bably being an oLd word for lá.
Lannsaoirí, Lancers.
Díair, ar noimeant díair, the very minute (a very common expression).
Bárdas, borough.
Traghlaeirí (?), trawlers.
Urchóga, spawn.
Anbhfobhracha, skeletons.
Trod, an elephant.
Ionad, Ionnalaidh, baths.
Fothragachd, bathing.
Cóir, authority.
Ceann Cléire, (?) Cape Clear.
Abha Mhór, the River Blackwater.
A CRÍOCH.
FILE ÉIGIN cct.
Do chím gur tiubaisteach turus an óil seo ghnáth 
Do chím na hioscada uireasbhach feóir-lag tláth 
Do chím duine le duille gan treóir san tsráid 
'S an trímhadh duine gan friotal 'n-a bheól ar áird. 
AN tATHAIR LIAM Ó hIARFHLAITHE, cct.
Cé cuireadh ar Ghallaibh bheith ganguideach diacharach,
Le duine dá gcaraid tá cneastacht is ciall aca;
Níl cimilt le hacharann fada 'n-a n-iarrachtaibh
'S gur le hiomad a mbearta do glanadh don iarthar me.
DONNCHADH DALL Ó LAOGHAIRE, cct.
A shiollaire shultmhair a thugann do bharamhail fhúm,
Is duine beag goinideach mise nach greannamhail gnúis,
'S dá gcuireadh an uireasbha thusa go ceasnamhail cumhach,
Tu fheicsin im chulaith ní thuigim gur dhathamhail thú!
LIAM AORACH Ó CONAILL, cct.
A fiche is a dathad, a ceathair 's a trí is aos dam,
Ag fuirseadh 's ag grafadh 's ag casadh le cloidhe dhéanamh,
Ag feitheamh le hatharrach beathadh de dhruim scéalta
Chum gur thuiteas im sheanduine dhealbh gan lí-le agam.