Sinn Féin.
Bhí dearmhad orainn i dtaobh Bhluic an Rothair i nIRISLEABHAR na Bealtaine. 
Ní le Mac Uí Néill é, acht le Muintir an Ghoill, agus tá sé i gcló sa trímhadh 
uimhir de Mhodh Díreach an Dochtúra Mac Énrí.  Dá mb'eól dúinn é bheith ann, 
d'iarrfaimis cead ortha chun é chur san IRISLEABHAR.  Níor cheart dúinn gan 
fios an scéil do chur os comhair ár léightheóirí. 
Tá aiste agam ó láimh Liam Uí Mhíodhcháin ag cur síos ar stair Dhún 
Garbhán.  Tosnóghfar air gan mhoill.  Tá rudaí deasa eile ag feitheamh ar im-
theacht uainn.  Bítar foidhneach. 
Tá súil againn go dtiocfaidh daoine ón dtuaith go Baile Átha Cliath i gcóir 
mí an Iúil a thabhairt ar Scoil na Sean-Ghaedhilge.  Ná bac éinne ná bíonn 
beagán eólus aige ar an Sean-Ghaedhilg, agus ní baoghal go mbeidh cathughadh air 
má chaitheann tamall fé riar an Dochtúra Ó hAimhirgin.  Is cúis aithis do 
mhuinntir na hÉireann gan an tsuim cheart chur aca i gcúrsáibh bunadhus a 
dteangan féin.  Tá an chaé aca anois ar thosnughadh, agus, de réir gach deall-
raimh, beidh gábhadh dhen eólus ar ball.  Éinne a bhíonn ar a shaoirseacht i gcaith-
eamh an Iúil, tugadh aghaidh ar an scoil, is beidh a bhuidheachus orainne ar ball i 
dtaobh é chur ar a leas.  Sidé an clár oibre: