Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sinn Féin.



Bhí dearmhad orainn i dtaobh Bhluic an Rothair i nIRISLEABHAR na Bealtaine.
Ní le Mac Uí Néill é, acht le Muintir an Ghoill, agus tá sé i gcló sa trímhadh
uimhir de Mhodh Díreach an Dochtúra Mac Énrí. Dá mb'eól dúinn é bheith ann,
d'iarrfaimis cead ortha chun é chur san IRISLEABHAR. Níor cheart dúinn gan
fios an scéil do chur os comhair ár léightheóirí.



Tá aiste agam ó láimh Liam Uí Mhíodhcháin ag cur síos ar stair Dhún
Garbhán. Tosnóghfar air gan mhoill. Tá rudaí deasa eile ag feitheamh ar im-
theacht uainn. Bítar foidhneach.



Tá súil againn go dtiocfaidh daoine ón dtuaith go Baile Átha Cliath i gcóir
mí an Iúil a thabhairt ar Scoil na Sean-Ghaedhilge. Ná bac éinne ná bíonn
beagán eólus aige ar an Sean-Ghaedhilg, agus ní baoghal go mbeidh cathughadh air
má chaitheann tamall fé riar an Dochtúra Ó hAimhirgin. Is cúis aithis do
mhuinntir na hÉireann gan an tsuim cheart chur aca i gcúrsáibh bunadhus a
dteangan féin. Tá an chaé aca anois ar thosnughadh, agus, de réir gach deall-
raimh, beidh gábhadh dhen eólus ar ball. Éinne a bhíonn ar a shaoirseacht i gcaith-
eamh an Iúil, tugadh aghaidh ar an scoil, is beidh a bhuidheachus orainne ar ball i
dtaobh é chur ar a leas. Sidé an clár oibre:




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services