Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.</title><author><persName>Féach ainm cleite</persName></author><author><addName type="alias">Tórna</addName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG18-11574</note> <note type="L">270</note> <note type="B">1908</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Meitheamh, 1908</date><idno>IG18-11574</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">18</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Féach ainm cleite</author><title>Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Meitheamh, 1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Déantúisí Gaedhlacha.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>VI. - OLANN.</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>(a). - RÉMHFHOCAL.</span></p> <lb n="5"/> <lb n="6"/><p><span>Ní bheadh dul agam ar thuairisc iomlán a thabhairt annso ar </span> <lb n="7"/><span>gach a mbaineann le hobair olna. Ní foláir cuid de fhágaint </span> <lb n="8"/><span>ar lár, nó a chur ar an mhéir fhada. Is éigin tuilleadh dhe a </span> <lb n="9"/><span>ghiorrúchaint. Agus an chuid eile ní móide go bhfuighe sé a cheart </span> <lb n="10"/><span>san aiste bhig seo. Má éirigheann liom léightheóirí an IRIS-</span> <lb n="11"/><span>LEABHAIR a chur ag smaoineamh ar chúrsaí an déantúis bhreagh </span> <lb n="12"/><span>dhuthchuis seo, agus iad a bhrostughadh i dtaobh a ndualguis i leith </span> <lb n="13"/><span>éadaighe Gaedhlacha, bead sásta go leór. Ní hamhlaidh is gábhadh </span> <lb n="14"/><span>a bhfurmhór a chomhairliughadh, acht sa saoghal atá buailte linn </span> <lb n="15"/><span>anois ní leór ón nGaedheal sampla maith a thabhairt uaidh. Is </span> <lb n="16"/><span>éigin dó chomhairle mhaith a thabhairt uaidh leis. Gheobha sé adhbhar </span> <lb n="17"/><span>chun comhairle annso. </span></p> <lb n="18"/> <lb n="19"/><p><span>(b). - CUID DÁ STAIR.</span></p> <lb n="20"/> <lb n="21"/><p><span>Chomh fada siar is a théigheann iarsmaí na ndúithchí is seannda </span> <lb n="22"/><span>deintar amach go raibh eolus ar obair olna. Níor bh'iongnadh </span> <lb n="23"/><span>soin. Sa domhan toir fadó mar a gcomhnuigheadh treabha bhíodh </span> <lb n="24"/><span>ag síorthaisteal ó áit go háit, caoirigh is mó bhíodh aca, agus </span> <lb n="25"/><span>nuair bhíodh féar buill ithte agá dtréad d'aistrighidís go ball </span> <lb n="26"/><span>eile. Tá tagairt go minic sa Bhíobla d'olainn is d'obair olna, </span> <lb n="27"/><span>agus ó thosach an tsaoghail, beagnach, bhí lorg ar olainn na </span> <lb n="28"/><span>gcaorach chun éadaighe a dhéanamh. </span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>Do bhuadhadar figheadóirí Siria is na Gréige, na hIodáile is </span> <lb n="31"/><span>na Spáinne árdchlú dhóibh féin sa tseanashaoghal i dtaobh feabhus a </span> <lb n="32"/><span>ndéantúisí. I dteannta taithighe a bheith aca ar shníomh is ar fhighe </span> <lb n="33"/><span>is deallrathach go raibh eólus aca ar dhathúchán is ar bhruith </span> <lb n="34"/><span>d'árdach ar éadach. I measc na nGréag is na Rómhánach is sa </span> <lb n="35"/><span>bhaile do dheintí éadach d'ullmhughadh. Insa hIndiachaibh Thoir do </span> <lb n="36"/><span>dheintí seálanna míne ioldathacha. Deirtear gur ón India is ón </span> <lb n="37"/><span>Éigipt d'fhoghluim na Gréaga cionnus obair mhín a dhénamh. Ón </span> <lb n="38"/><span>nGréig do leath an chéird ndiaidh ar ndiaidh ar fuid deiscirt na </span></p> </div> <pb n="271"/> <div><lb n="39"/><p><span>hEórpa. Nuair a rug briseadh ar impireacht na Rómha do tháinig </span> <lb n="40"/><span>stad ar chéardaibh tiúscail agus druideadh soir fé dhein Chathair </span> <lb n="41"/><span>Chonstaintín. D'éis tamaill, ámh, fé riar na hEaglaise do </span> <lb n="42"/><span>cuireadh séantúisí ar bun arís. Sa Spáinn is i dTír fó Thuinn </span> <lb n="43"/><span>do rith leo go maith agus baineann sé le deallramh gur de </span> <lb n="44"/><span>dheascaibh an tsaothair do deineadh an uair sin do leath eolus na </span> <lb n="45"/><span>céirde ar fuid na ríoghacht n-oileánach so. </span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>(c.) - AN CHÉIRD I nÉIRINN.</span></p> <lb n="48"/> <lb n="49"/><p><span>Má fhágtar saothrughadh na talmhan gan áireamh isé an olann </span> <lb n="50"/><span>agus na déantúisí a bhaineann léi an tiúscal is dúthchasaighe </span> <lb n="51"/><span>agus is oireamhnaighe d'Éirinn. Tá aér na tíre oireamhnach. </span> <lb n="52"/><span>Taitneann fear na tíre le caoirigh. Uisce na n-abhann againn </span> <lb n="53"/><span>tá sé ag imtheacht díomhaoin i n-ionad muilte a sheoladh. I </span> <lb n="54"/><span>ndeisceart agus i n-iarthar na hÉireann is mó a tugtar na </span> <lb n="55"/><span>rudaí soin fé ndeara. Tá feabhas ag teacht orainn le </span> <lb n="56"/><span>déadhnaighe acht mar sin féin tá slighe go leór ann dá gcuirtí </span> <lb n="57"/><span>ar bun an oiread céadna eile de mhuiltibh. </span></p> <lb n="58"/> <lb n="59"/><p><span>Deirthear gur bh'iad na Rómhánaigh a thug eólus na céirde </span> <lb n="60"/><span>seo ar dtúis don Bhreatain. Ní raibh puinn áird ortha, amhthach, </span> <lb n="61"/><span>go dtí aimsir Liam Choncur, nuair tháinig i Sasana sluagh </span> <lb n="62"/><span>ceárduithe ag teicheadh ón dTír fó Thuinn is ón bhFlóndras. Iad </span> <lb n="63"/><span>súd a chuir an chéird ar a bonnaibh i Sasana. Acht bhí muinntir </span> <lb n="64"/><span>na hÉireann oilte ar an ngnó so abhfad roimh an aimsir sin. Bhí </span> <lb n="65"/><span>ceannaigheacht agus trácht idir Éirinn is an Roinn Eorpa siar </span> <lb n="66"/><span>roimh an tráth n-a ndearnadh an scríbhinn is seannda. Tá tagairt </span> <lb n="67"/><span>do éadaighibh olna insna starthaibh is túisce ceapadh i nÉirinn. </span> <lb n="68"/><span>San ochtmhadh aois do caithtí annso fallaing fhada go mbíodh </span> <lb n="69"/><span>cochal uirthi. Den olainn a deintí í sin. Den olainn a deintí </span> <lb n="70"/><span>bruit agus léinte sa tseanashaoghal, agus bhí éileamh ar na </span> <lb n="71"/><span>hearraidhibh sin ar fuid na Roinne Eórpa. </span></p> <lb n="72"/> <lb n="73"/><p><span>Bhí an t-aneólus leis againn ar dhathúchán fádó. Do deintí </span> <lb n="74"/><span>éadaighe breaca acht an t-abhrus a dhathughadh gach re ngiota dhe </span> <lb n="75"/><span>ar dhathannaibh éagsamhla. Is amhla deintí scáinní den abhrus </span> <lb n="76"/><span>agus cuirtí ceangal de shnáth lín timcheall air annso is annsúd. </span> <lb n="77"/><span>Annsoin do tomthaí san ndath é, agus ní théigheadh an dath ar na </span> <lb n="78"/><span>háiteanna i mbíodh an ceangal. Tá an nós so á chleachtadh fós i </span> <lb n="79"/><span>gceanntrachaibh iargcúldha i gcóir stocaí. Tespeánann leabhar </span></p> </div> <pb n="272"/> <div><lb n="80"/><p><span>Ceanannuis is leabhair nach é gur bh'eól do Ghaedhlaibh fadó </span> <lb n="81"/><span>cionnus dathanna a sholáthar. Ní gábhadh tagairt don dlighe a bhí </span> <lb n="82"/><span>i bhfeidhm i dtaobh dathanna ar éadaighibh daoine. D'aithnightí </span> <lb n="83"/><span>gradam duine ar na dathannaibh a cleachtadh ar a chuid éadaigh. </span></p> <lb n="84"/> <lb n="85"/><p><span>Tá dóthain éinne de dhearbhughadh againn i dtaobh a fheabhus a </span> <lb n="86"/><span>bhíodar Gaedhil fadó chun éadaighe olna a dhéanamh. Chuir Éadbhard, </span> <lb n="87"/><span>an chéad rí den ainm sin, dlighe i bhfeidhm ar Shasana dá chosc ar </span> <lb n="88"/><span>gach duine i bpéin bhraighdeanais éadaighe olna a thabhairt a </span> <lb n="89"/><span>tíorthaibh eile. San acht féin do luadhadh go sonnrádhach nár </span> <lb n="90"/><span>thagair an dlighe sin do Irish frisages, .i. don bhréid Ghaedhlach. </span> <lb n="91"/><span>Scríbhneóir Iodáilise a mhair le linn an cheathramhadh aois déag, </span> <lb n="92"/><span>tá tuairisc n-a dhiaidh ar phlainín bhán go dtugtaí air Sain </span> <lb n="93"/><span>d'Irlando .i. Síric Ghaedhlach, is dubhairt sé go mbíodh árdéileamh </span> <lb n="94"/><span>air. Ón dtrímhadh aois déag anuas do cuirtí ón bPápa go </span> <lb n="95"/><span>hÉirinn daoine chun fallainge is bruit dhathuighthe a cheannach </span> <lb n="96"/><span>d'fhonn a n-usáide le linn tabhairt amach i gcathair ríoghdha na </span> <lb n="97"/><span>Rómha. San éadach n-a gcóir súd do cuirtí gach saghas ornáidí, </span> <lb n="98"/><span>agus deirtear gur bh'iad cearduithe na hÉireann do b'fhearr ar </span> <lb n="99"/><span>an obair sin. Ba mhinic do bhíodh snáth óir san inneach aca. Sa </span> <lb n="100"/><span>bhFeineachus tá scríobhtha dlighthe ag baint le gach taobh d'obair </span> <lb n="101"/><span>olna. I Leabhar na gCeart tá tagairt go minic do bhrataibh is </span> <lb n="102"/><span>do fhallaingíbh do dlighthí ó ríghthibh cúige dhon árdrígh is ón árdrígh </span> <lb n="103"/><span>do ríghthibh cúige. Tespeánann súd go léir a fhaid is tá obair </span> <lb n="104"/><span>olna ar siubhal i nÉirinn, agus a dhícheallaighe is do cleachtaí gach </span> <lb n="105"/><span>roinn di. </span></p> <lb n="106"/> <lb n="107"/><p><span>(d). - MEATH NA CÉIRDE.</span></p> <lb n="108"/> <lb n="109"/><p><span>Ar feadh abhfad do choinghibh Éire aici féin an seanathrácht a </span> <lb n="110"/><span>bhí buaidhte aici i leith éadaighe olna. I n-indeóin gach creiche </span> <lb n="111"/><span>agus airgthe dá dtáinig ar an Mhumhain ó aimsir na nGearaltach </span> <lb n="112"/><span>go dtí imtheacht na nGéadhna Fiaidhne, do coimeádadh ann eólus </span> <lb n="113"/><span>ar an gcéird agus do deintí ceannaigheacht i gcomhnuidhe ar </span> <lb n="114"/><span>olainn. Bhíodh luingeas ag taisteal ó Phortláirge is ó Dhún </span> <lb n="115"/><span>Garbhán go dtí Sasana go dtí an bhFrainnc is go dtí an Spáinn. </span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>I n-aimsir an chéad Séarlus nuair a bhí Iarla Straford </span> <lb n="118"/><span>abhfus iseadh tugadh an chéad amus ar an ndéantús a bhriseadh </span> <lb n="119"/><span>annso. Bhí an obair ag fás chomh tréan soin i nÉirinn, de </span> <lb n="120"/><span>dheascaibh a oireamhnacht don tír seo, gur tháinig éad ar </span> <lb n="121"/><span><pb n="273"/> </span> <lb n="122"/><span>chéarduithibh Shasana. Do luigheadar ar bheith ag gearán leis an </span> <lb n="123"/><span>rígh, agus ní nach iongnadh dhein sé sin rud ortha. B'é sin a thosach. </span> <lb n="124"/><span>Ba ghearr gur fhás i measc muinntir Shasana fuath thar meadhón </span> <lb n="125"/><span>d'earraídhibh a thagadh chúcha ó Éirinn, i gcás gur cuireadh a-bhaile </span> <lb n="126"/><span>arís bronntanus mart a seóladh ó Éirinn i dtómus na ndaoine </span> <lb n="127"/><span>do chaill a gcuid sa ndóighteán do thárla ar Lunndain. </span></p> <lb n="128"/> <lb n="129"/><p><span>Chuir rí Liam - an chéad duine dhen ainm sin - cáin trom ar </span> <lb n="130"/><span>éadaighibh olna bhí ag dul isteach i Sasana. Ní raibh cead isteach </span> <lb n="131"/><span>aca acht i n-áit nó dhó ar chuan Bhriostó. B'é rud a tháinig de </span> <lb n="132"/><span>sin ná go raibh éadach le fagháil ag ceannuightheóiríbh Shasana ar </span> <lb n="133"/><span>bhreith a mbéil féin, agus gur fhás anachuid smugléireacht i </span> <lb n="134"/><span>nÉirinn. </span></p> <lb n="135"/> <lb n="136"/><p><span>I mbliadhain a 1779 le corp eagla roimh Ghrattan is saigh-</span> <lb n="137"/><span>diúirí na hÉireann do baineadh an cháin den olainn arís. Chuir </span> <lb n="138"/><span>soin an chéird ar a bonnaibh arís go prap. Mo chreach d'fhás an </span> <lb n="139"/><span>seanéad don mhuinntir thall, agus dheineadar gearán arís. </span> <lb n="140"/><span>Annsoin do sciobadh uainn an tSeanaid agus nuair d'imthigh sí </span> <lb n="141"/><span>sin, dá olcas í, d'imthigh rath na hÉireann léi. Sa drochshaoghal </span> <lb n="142"/><span>do cuireadh deireadh geall leis le hobair olna is le hoibreachaibh </span> <lb n="143"/><span>nach í. </span></p> <lb n="144"/> <lb n="145"/><p><span>Timcheall dafhichid bliadhain ó shoin do tosnuigheadh ar déan-</span> <lb n="146"/><span>túisíbh olna do athbheodhchant. Bhí an tosnughadh lag acht ó táthar </span> <lb n="147"/><span>ag obair go macánta ag cur "dhá chloich ar chloich," tá ag éirighe </span> <lb n="148"/><span>leis an gcéird go maith. </span></p> <lb n="149"/> <lb n="150"/><p><span>(e.) - DÉANAMH ÉADAIGH.</span></p> <lb n="151"/> <lb n="152"/><p><span>Is mór atá an chéird féin tagaithe chun cinn le céad éigin </span> <lb n="153"/><span>bliadhain. Tá innil ann chun gach nídh a dhéanamh, agus is beag </span> <lb n="154"/><span>bliadhain a ghabhann tharainn ná cuirtear feabhus éigin ar inneal </span> <lb n="155"/><span>éigin aca. Dálta gach céirde eile, ní mór do dhuine gluaiseacht </span> <lb n="156"/><span>leis an aimsir. An té ná bíd na hinnil is fearr aige níl ann </span> <lb n="157"/><span>dó acht cailleamhaint aimsire is airgid, agus bheadh sé chomh maith </span> <lb n="158"/><span>aige cur suas gan moill. </span></p> <lb n="159"/> <lb n="160"/><p><span>Deintear os cionn deich gcinn ar fhichid de oibreachaibh fé </span> <lb n="161"/><span>leith ar olainn ón uair a fhágann sí druim na caorach go dtí go </span> <lb n="162"/><span>mbíonn ullamh dhon táilliúir. Ní féidir a dhéanamh annso acht </span> <lb n="163"/><span>amháin na hoibreacha soin d'áireamh. </span> <lb n="164"/></p> </div> <pb n="274"/> <div><lb n="165"/><p><span>1. An lomra a roinnt de réir faid, agus rl. na holna. </span> <lb n="166"/><span>Deintear an lomra óna trí go dtí a deich de rannaibh. </span></p> <lb n="167"/> <lb n="168"/><p><span>2. Glanadh na holna. Berbhthear an olann i meascán </span> <lb n="169"/><span>alcailí fé 120º teasa. </span></p> <lb n="170"/> <lb n="171"/><p><span>3. A nighe n-a dhiaidh san.</span></p> <lb n="172"/> <lb n="173"/><p><span>4. A tíoradh.</span></p> <lb n="174"/> <lb n="175"/><p><span>5. A dathughadh, má's í an olann a dathuightear.</span></p> <lb n="176"/> <lb n="177"/><p><span>6. A réidhteach. Oscailtear na dualacha olna ó chéile is </span> <lb n="178"/><span>baintear díobh pé cloichíní gainmhe, síol, agus rl., bhíonn i n-acharann </span> <lb n="179"/><span>ionnta. </span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>7, 8. A n-innfhiúchadh is a piocadh, chun rudaí a bhíonn dlúth-</span> <lb n="182"/><span>cheangailte dhi a bhaint dhi. </span></p> <lb n="183"/> <lb n="184"/><p><span>9. A híliughadh.</span></p> <lb n="185"/> <lb n="186"/><p><span>10. A scríobadh. Sórd cárdála soin.</span></p> <lb n="187"/> <lb n="188"/><p><span>11. A stothadh. </span></p> <lb n="189"/> <lb n="190"/><p><span>12. A cárdáil.</span></p> <lb n="191"/> <lb n="192"/><p><span>13. A tarrang i gcóir sníomhtha.</span></p> <lb n="193"/> <lb n="194"/><p><span>14. A sníomhadh.</span></p> <lb n="195"/> <lb n="196"/><p><span>15. Tochruis an tsnáith.</span></p> <lb n="197"/> <lb n="198"/><p><span>16. A dheilbheadh.</span></p> <lb n="199"/> <lb n="200"/><p><span>17. A chuir sa gharman.</span></p> <lb n="201"/> <lb n="202"/><p><span>18. Loscadh a fhionfaidh, agus glóthán, agus rl., a chur air.</span></p> <lb n="203"/> <lb n="204"/><p><span>19. A fhighe in' éadach.</span></p> <lb n="205"/> <lb n="206"/><p><span>20. Glanadh an ghlótháin, agus rl., dhe.</span></p> <lb n="207"/> <lb n="208"/><p><span>21. A dhathughadh, nuair a dathuightear an t-éadach.</span></p> <lb n="209"/> <lb n="210"/><p><span>22. A thíoradh. </span></p> <lb n="211"/> <lb n="212"/><p><span>23. A dheisiughadh.</span></p> <lb n="213"/> <lb n="214"/><p><span>24. A úcaireacht.</span></p> <lb n="215"/> <lb n="216"/><p><span>25. A ghlanadh arís.</span></p> <lb n="217"/> <lb n="218"/><p><span>26. A thíoradh arís.</span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p><span>27. Bruth do chur air.</span></p> <lb n="221"/> <lb n="222"/><p><span>28. A bhearradh.</span></p> <lb n="223"/> <lb n="224"/><p><span>29. A bheirbheadh.</span></p> <lb n="225"/> <lb n="226"/><p><span>30. A scuabadh.</span></p> <lb n="227"/> <lb n="228"/><p><span>31. A tharrang is a chomharthughadh.</span></p> <lb n="229"/> <lb n="230"/><p><span>32. A bhrúghadh.</span></p> <lb n="231"/> <lb n="232"/><p><span>33. A chur tré ghail, agus </span></p> <lb n="233"/> <lb n="234"/><p><span>34. A fhilleadh ar a chéile.</span> <lb n="235"/></p> </div> <pb n="275"/> <div><lb n="236"/><p><span>(f.) - NUASCÉALA.</span></p> <lb n="237"/> <lb n="238"/><p><span>Nuair a chuimhnigheas ar rud éigin a scríobhadh i dtaobh déan-</span> <lb n="239"/><span>túisí olna na hÉireann, do bhuaileas isteach lá go dtí Seán </span> <lb n="240"/><span>Mac Neachtain, an fear gur leis an "City Woollen Mills" i </span> <lb n="241"/><span>mBaile Átha Cliath. Do thug sé tríd an muileann me, agus do </span> <lb n="242"/><span>thespeáin dam gach nídh dá raibh ann. Tá iongantuisí go leór </span> <lb n="243"/><span>ann. Monarcha mhór shoillseach iseadh é. Badh bhreag leat bheith </span> <lb n="244"/><span>ag féachaint ar an lucht oibre, gach duine aca go sásta is go </span> <lb n="245"/><span>gealgháiritheach, agus cion is meas ag an uile dhuine aca ar fhear </span> <lb n="246"/><span>an tighe. Ní hiongnadh soin go deimhin, de bhrígh gur Gaedheal </span> <lb n="247"/><span>grádhmhar sochroidhe é Seán Mac Neachtain, agus tuigeann sé dá </span> <lb n="248"/><span>lucht oibre is tá mórdhálach asta. I mbliadhain a 1903 do chuir-</span> <lb n="249"/><span>eadh an muileann so ar bun. I mbliadhain a 1906 b'éigin dóibh </span> <lb n="250"/><span>aistriughadh go dtí Sráid Chorcaighe. Tá slighé a ndóthain aca </span> <lb n="251"/><span>anois, acht ní fuláir bheith ag cur leis an dtigh i gcomhnuidhe. Ní'l </span> <lb n="252"/><span>aon lochtaí sa mhonarchain seo. Táid na fuinneóga i ndíon an </span> <lb n="253"/><span>tighe, agus do b'iongnadh leat a ghile agus d'fhéachann sé. Ní </span> <lb n="254"/><span>fheicfá ann acht na hinnil is fearr agus is déaghnaighe ceapadh. </span> <lb n="255"/><span>Inneal gasa a thiomáineann na hinnil eile, agus gual ó Chill </span> <lb n="256"/><span>Choinnigh a caithtear ann. Éireannach iseadh an uile dhuine fé </span> <lb n="257"/><span>iadh an tighe ann. Tá órduighthe ar láimh aca a choimeádfaidh an </span> <lb n="258"/><span>mhonarchain ar siubhal go ceann ráithe. Ní fuláir dam mo bhuidh-</span> <lb n="259"/><span>eachus a ghabháil le Seán Mac Neachtain i dtaobh an eoluis a </span> <lb n="260"/><span>thug sé dham chun na haiste seo a scríobhadh. Guidhim faid saoghal </span> <lb n="261"/><span>dó agus árdcheannach ar a bhréid is ar an "Rialto Serge". Níor </span> <lb n="262"/><span>bh'fhéidir soin a shárúghadh. </span></p> <lb n="263"/> <lb n="264"/><p><span>Do scríobhamar chun bainisteóir gach uile mhuilinn olna i </span> <lb n="265"/><span>nÉirinn a d'iarraidh eóluis i gcóir na haiste seo. Níor bh'fhiú le </span> <lb n="266"/><span>n-a lán aca oiread agus freagra a thabhairt orainn. Mac Uí </span> <lb n="267"/><span>Fhiadha ó Chill Choinnigh thug sé cuire dhúinn chun a mhuilinn súd a </span> <lb n="268"/><span>fheicsint. Is saith linn ná raibh sé dh'uainn againn dul ann. </span> <lb n="269"/><span>B'fhéidir go raghaimís ann lá éigin. Ní fearra dhúinn rud a </span> <lb n="270"/><span>dhéanfaimís 'ná na freagraí fuaireamar a chur annso i slighe go </span> <lb n="271"/><span>bhfeicfidh cách cadé an treó atá ar dhéantúisíbh olna na hÉireann </span> <lb n="272"/><span>fé láthair. </span></p> <lb n="273"/> <lb n="274"/><p><span>Seo mar adeir muinntir na Dripsighe:</span> <lb n="275"/></p> </div> <pb n="276"/> <div><lb n="276"/><p><span>Sidiad na scéala is déadhnaighe ón nGaillimh:</span></p> <lb n="277"/> <lb n="278"/><p><span>Seo tuairisc ó Leamhcán:</span></p> <lb n="279"/> <lb n="280"/><p><span>Seo tuairisc do fríoth ón Uaimh:</span></p> <lb n="281"/> <lb n="282"/><p><span>I mBaile Átha Luain táthar ag teacht chun cinn n-a sheódh. I </span> <lb n="283"/><span>mbliadhain a 1859 do cuireadh an áit ar bun, agus ón uair sin </span> <lb n="284"/><span>go dtí an lá indiú ní feacathas lá díomhaoin ann. Tá meas ar </span> <lb n="285"/><span>stuif Bhaile Átha Luain ní hamháin i nÉirinn féin, acht sa Chanada </span> <lb n="286"/><span><pb n="277"/> </span> <lb n="287"/><span>san Astráil, san Aifric Theas, agus ar fuid na Roinne Eórpa. </span> <lb n="288"/><span>Seo mar a deirid linn: </span></p> <lb n="289"/> <lb n="290"/><p><span>Sin é scéal olann na hÉireann agat, a léightheoir, mar do </span> <lb n="291"/><span>b'fhearr do b'fhéidir linn a scríobhadh. Tá súil agam go bhfuighir </span> <lb n="292"/><span>ann adhbhar chun comhairle a leasa a thabhairt don té ná taithigh-</span> <lb n="293"/><span>eann leis earraidhe Gaedhlacha i leith éadaigh a chaitheamh. </span></p> <lb n="294"/> <lb n="295"/><p><span>TÓRNA.</span></p> <lb n="296"/> <lb n="297"/><p><span>TAGRA.</span></p> <lb n="298"/> <lb n="299"/><p><span>(A.) A ghiorrúchant, to cut down. Dualgas, what one is bound to do.</span> <lb n="300"/><span>(B.) Deintar amach, it has been shown. Bruth, a nap on cloth. Ioldathach,</span> <lb n="301"/><span>many-coloured. Tiúscal, industry, method of work.</span> <lb n="302"/><span>(C.) Saothrughadh na t, agriculture. Duthchasach, native. Ar a bonnaibh, "as a</span> <lb n="303"/><span>going concern." Ceannuigheacht, intercourse, commerce. Trácht, custom. Cochal,</span> <lb n="304"/><span>a hood. Éileamh, asking, "much sought." Aneolus, agreat knowledge (aineolus,</span> <lb n="305"/><span>ignorance). Scáinní, skeins. Dearbhughadh, proof, testimony. Braighdeanas, im-</span> <lb n="306"/><span>prisonment. Do luadhadh go s., it was specially mentioned. Síris, serge. Ornáid,</span> <lb n="307"/><span>ornament. An Feineachus, the Brehon Laws. Do dlightí ó, were due from.</span> <lb n="308"/><span>Dícheallach, zealous.</span> <lb n="309"/><span>(D.) Na Géadhna Fiaidhne, the "Wild Geese." Do luigheadar ar, they began</span> <lb n="310"/><span>to. I dtómus, for, for the sake of. Cuan Bhristó, the Bristol Channel. Breith a</span> <lb n="311"/><span>mbéal féin i.e., at their own price. Saighdiúirí, i.e. the Volunteers. An droch-</span> <lb n="312"/><span>shaoghal, '47. "Dhá chloich ar chloich" : The first rule of building is, according to</span> <lb n="313"/><span>the Irish proverb "dhá chloich ar chloich, agus cloch ar dhá chloich."</span></p> <lb n="314"/> <lb n="315"/><p><span>(E.) Gluaiseacht, be up to date. Roinnt, sorting. Glanadh, "scouring."</span> <lb n="316"/><span>Alcaoilí, alkali. Réidhteach, "willying." Dual, a lock of wool or hair. Scríobadh,</span> <lb n="317"/><span>"scribbling." Tarrang, "slubbing." Garman, a weaver's "beam." Loscadh,</span> <lb n="318"/><span>singeing. Glóthan, glue, size, agus c. Deisiughadh, "burling." Úcaireacht, "pulling"</span> <lb n="319"/><span>or "milling."</span></p> <lb n="320"/> <lb n="321"/><p><span>(F.) Seán Mac Neachtain, Mr John P. Mc Knight, the owner of the "City</span> <lb n="322"/><span>Woollen Mills," who very kindly gave me all information about the different pro-</span> <lb n="323"/><span>cesses, as well as the History of Irish Woollens. Tuigeann do, takes an interest</span> <lb n="324"/><span>in. Mac Uí Fhiadha, Mr. Hunter, Manager, Kilkenny Woollen Mills. Cuire, an</span> <lb n="325"/><span>invitation.</span></p> <lb n="326"/> <lb n="327"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services