Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. VI - Olann.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



VI. - OLANN.



(a). - RÉMHFHOCAL.



Ní bheadh dul agam ar thuairisc iomlán a thabhairt annso ar
gach a mbaineann le hobair olna. Ní foláir cuid de fhágaint
ar lár, nó a chur ar an mhéir fhada. Is éigin tuilleadh dhe a
ghiorrúchaint. Agus an chuid eile ní móide go bhfuighe sé a cheart
san aiste bhig seo. Má éirigheann liom léightheóirí an IRIS-
LEABHAIR a chur ag smaoineamh ar chúrsaí an déantúis bhreagh
dhuthchuis seo, agus iad a bhrostughadh i dtaobh a ndualguis i leith
éadaighe Gaedhlacha, bead sásta go leór. Ní hamhlaidh is gábhadh
a bhfurmhór a chomhairliughadh, acht sa saoghal atá buailte linn
anois ní leór ón nGaedheal sampla maith a thabhairt uaidh. Is
éigin dó chomhairle mhaith a thabhairt uaidh leis. Gheobha sé adhbhar
chun comhairle annso.



(b). - CUID DÁ STAIR.



Chomh fada siar is a théigheann iarsmaí na ndúithchí is seannda
deintar amach go raibh eolus ar obair olna. Níor bh'iongnadh
soin. Sa domhan toir fadó mar a gcomhnuigheadh treabha bhíodh
ag síorthaisteal ó áit go háit, caoirigh is mó bhíodh aca, agus
nuair bhíodh féar buill ithte agá dtréad d'aistrighidís go ball
eile. Tá tagairt go minic sa Bhíobla d'olainn is d'obair olna,
agus ó thosach an tsaoghail, beagnach, bhí lorg ar olainn na
gcaorach chun éadaighe a dhéanamh.



Do bhuadhadar figheadóirí Siria is na Gréige, na hIodáile is
na Spáinne árdchlú dhóibh féin sa tseanashaoghal i dtaobh feabhus a
ndéantúisí. I dteannta taithighe a bheith aca ar shníomh is ar fhighe
is deallrathach go raibh eólus aca ar dhathúchán is ar bhruith
d'árdach ar éadach. I measc na nGréag is na Rómhánach is sa
bhaile do dheintí éadach d'ullmhughadh. Insa hIndiachaibh Thoir do
dheintí seálanna míne ioldathacha. Deirtear gur ón India is ón
Éigipt d'fhoghluim na Gréaga cionnus obair mhín a dhénamh. Ón
nGréig do leath an chéird ndiaidh ar ndiaidh ar fuid deiscirt na


L. 271


hEórpa. Nuair a rug briseadh ar impireacht na Rómha do tháinig
stad ar chéardaibh tiúscail agus druideadh soir fé dhein Chathair
Chonstaintín. D'éis tamaill, ámh, fé riar na hEaglaise do
cuireadh séantúisí ar bun arís. Sa Spáinn is i dTír fó Thuinn
do rith leo go maith agus baineann sé le deallramh gur de
dheascaibh an tsaothair do deineadh an uair sin do leath eolus na
céirde ar fuid na ríoghacht n-oileánach so.



(c.) - AN CHÉIRD I nÉIRINN.



Má fhágtar saothrughadh na talmhan gan áireamh isé an olann
agus na déantúisí a bhaineann léi an tiúscal is dúthchasaighe
agus is oireamhnaighe d'Éirinn. Tá aér na tíre oireamhnach.
Taitneann fear na tíre le caoirigh. Uisce na n-abhann againn
tá sé ag imtheacht díomhaoin i n-ionad muilte a sheoladh. I
ndeisceart agus i n-iarthar na hÉireann is mó a tugtar na
rudaí soin fé ndeara. Tá feabhas ag teacht orainn le
déadhnaighe acht mar sin féin tá slighe go leór ann dá gcuirtí
ar bun an oiread céadna eile de mhuiltibh.



Deirthear gur bh'iad na Rómhánaigh a thug eólus na céirde
seo ar dtúis don Bhreatain. Ní raibh puinn áird ortha, amhthach,
go dtí aimsir Liam Choncur, nuair tháinig i Sasana sluagh
ceárduithe ag teicheadh ón dTír fó Thuinn is ón bhFlóndras. Iad
súd a chuir an chéird ar a bonnaibh i Sasana. Acht bhí muinntir
na hÉireann oilte ar an ngnó so abhfad roimh an aimsir sin. Bhí
ceannaigheacht agus trácht idir Éirinn is an Roinn Eorpa siar
roimh an tráth n-a ndearnadh an scríbhinn is seannda. Tá tagairt
do éadaighibh olna insna starthaibh is túisce ceapadh i nÉirinn.
San ochtmhadh aois do caithtí annso fallaing fhada go mbíodh
cochal uirthi. Den olainn a deintí í sin. Den olainn a deintí
bruit agus léinte sa tseanashaoghal, agus bhí éileamh ar na
hearraidhibh sin ar fuid na Roinne Eórpa.



Bhí an t-aneólus leis againn ar dhathúchán fádó. Do deintí
éadaighe breaca acht an t-abhrus a dhathughadh gach re ngiota dhe
ar dhathannaibh éagsamhla. Is amhla deintí scáinní den abhrus
agus cuirtí ceangal de shnáth lín timcheall air annso is annsúd.
Annsoin do tomthaí san ndath é, agus ní théigheadh an dath ar na
háiteanna i mbíodh an ceangal. Tá an nós so á chleachtadh fós i
gceanntrachaibh iargcúldha i gcóir stocaí. Tespeánann leabhar


L. 272


Ceanannuis is leabhair nach é gur bh'eól do Ghaedhlaibh fadó
cionnus dathanna a sholáthar. Ní gábhadh tagairt don dlighe a bhí
i bhfeidhm i dtaobh dathanna ar éadaighibh daoine. D'aithnightí
gradam duine ar na dathannaibh a cleachtadh ar a chuid éadaigh.



Tá dóthain éinne de dhearbhughadh againn i dtaobh a fheabhus a
bhíodar Gaedhil fadó chun éadaighe olna a dhéanamh. Chuir Éadbhard,
an chéad rí den ainm sin, dlighe i bhfeidhm ar Shasana dá chosc ar
gach duine i bpéin bhraighdeanais éadaighe olna a thabhairt a
tíorthaibh eile. San acht féin do luadhadh go sonnrádhach nár
thagair an dlighe sin do Irish frisages, .i. don bhréid Ghaedhlach.
Scríbhneóir Iodáilise a mhair le linn an cheathramhadh aois déag,
tá tuairisc n-a dhiaidh ar phlainín bhán go dtugtaí air Sain
d'Irlando .i. Síric Ghaedhlach, is dubhairt sé go mbíodh árdéileamh
air. Ón dtrímhadh aois déag anuas do cuirtí ón bPápa go
hÉirinn daoine chun fallainge is bruit dhathuighthe a cheannach
d'fhonn a n-usáide le linn tabhairt amach i gcathair ríoghdha na
Rómha. San éadach n-a gcóir súd do cuirtí gach saghas ornáidí,
agus deirtear gur bh'iad cearduithe na hÉireann do b'fhearr ar
an obair sin. Ba mhinic do bhíodh snáth óir san inneach aca. Sa
bhFeineachus tá scríobhtha dlighthe ag baint le gach taobh d'obair
olna. I Leabhar na gCeart tá tagairt go minic do bhrataibh is
do fhallaingíbh do dlighthí ó ríghthibh cúige dhon árdrígh is ón árdrígh
do ríghthibh cúige. Tespeánann súd go léir a fhaid is tá obair
olna ar siubhal i nÉirinn, agus a dhícheallaighe is do cleachtaí gach
roinn di.



(d). - MEATH NA CÉIRDE.



Ar feadh abhfad do choinghibh Éire aici féin an seanathrácht a
bhí buaidhte aici i leith éadaighe olna. I n-indeóin gach creiche
agus airgthe dá dtáinig ar an Mhumhain ó aimsir na nGearaltach
go dtí imtheacht na nGéadhna Fiaidhne, do coimeádadh ann eólus
ar an gcéird agus do deintí ceannaigheacht i gcomhnuidhe ar
olainn. Bhíodh luingeas ag taisteal ó Phortláirge is ó Dhún
Garbhán go dtí Sasana go dtí an bhFrainnc is go dtí an Spáinn.



I n-aimsir an chéad Séarlus nuair a bhí Iarla Straford
abhfus iseadh tugadh an chéad amus ar an ndéantús a bhriseadh
annso. Bhí an obair ag fás chomh tréan soin i nÉirinn, de
dheascaibh a oireamhnacht don tír seo, gur tháinig éad ar


L. 273


chéarduithibh Shasana. Do luigheadar ar bheith ag gearán leis an
rígh, agus ní nach iongnadh dhein sé sin rud ortha. B'é sin a thosach.
Ba ghearr gur fhás i measc muinntir Shasana fuath thar meadhón
d'earraídhibh a thagadh chúcha ó Éirinn, i gcás gur cuireadh a-bhaile
arís bronntanus mart a seóladh ó Éirinn i dtómus na ndaoine
do chaill a gcuid sa ndóighteán do thárla ar Lunndain.



Chuir rí Liam - an chéad duine dhen ainm sin - cáin trom ar
éadaighibh olna bhí ag dul isteach i Sasana. Ní raibh cead isteach
aca acht i n-áit nó dhó ar chuan Bhriostó. B'é rud a tháinig de
sin ná go raibh éadach le fagháil ag ceannuightheóiríbh Shasana ar
bhreith a mbéil féin, agus gur fhás anachuid smugléireacht i
nÉirinn.



I mbliadhain a 1779 le corp eagla roimh Ghrattan is saigh-
diúirí na hÉireann do baineadh an cháin den olainn arís. Chuir
soin an chéird ar a bonnaibh arís go prap. Mo chreach d'fhás an
seanéad don mhuinntir thall, agus dheineadar gearán arís.
Annsoin do sciobadh uainn an tSeanaid agus nuair d'imthigh sí
sin, dá olcas í, d'imthigh rath na hÉireann léi. Sa drochshaoghal
do cuireadh deireadh geall leis le hobair olna is le hoibreachaibh
nach í.



Timcheall dafhichid bliadhain ó shoin do tosnuigheadh ar déan-
túisíbh olna do athbheodhchant. Bhí an tosnughadh lag acht ó táthar
ag obair go macánta ag cur "dhá chloich ar chloich," tá ag éirighe
leis an gcéird go maith.



(e.) - DÉANAMH ÉADAIGH.



Is mór atá an chéird féin tagaithe chun cinn le céad éigin
bliadhain. Tá innil ann chun gach nídh a dhéanamh, agus is beag
bliadhain a ghabhann tharainn ná cuirtear feabhus éigin ar inneal
éigin aca. Dálta gach céirde eile, ní mór do dhuine gluaiseacht
leis an aimsir. An té ná bíd na hinnil is fearr aige níl ann
dó acht cailleamhaint aimsire is airgid, agus bheadh sé chomh maith
aige cur suas gan moill.



Deintear os cionn deich gcinn ar fhichid de oibreachaibh fé
leith ar olainn ón uair a fhágann sí druim na caorach go dtí go
mbíonn ullamh dhon táilliúir. Ní féidir a dhéanamh annso acht
amháin na hoibreacha soin d'áireamh.


L. 274


1. An lomra a roinnt de réir faid, agus rl. na holna.
Deintear an lomra óna trí go dtí a deich de rannaibh.



2. Glanadh na holna. Berbhthear an olann i meascán
alcailí fé 120º teasa.



3. A nighe n-a dhiaidh san.



4. A tíoradh.



5. A dathughadh, má's í an olann a dathuightear.



6. A réidhteach. Oscailtear na dualacha olna ó chéile is
baintear díobh pé cloichíní gainmhe, síol, agus rl., bhíonn i n-acharann
ionnta.



7, 8. A n-innfhiúchadh is a piocadh, chun rudaí a bhíonn dlúth-
cheangailte dhi a bhaint dhi.



9. A híliughadh.



10. A scríobadh. Sórd cárdála soin.



11. A stothadh.



12. A cárdáil.



13. A tarrang i gcóir sníomhtha.



14. A sníomhadh.



15. Tochruis an tsnáith.



16. A dheilbheadh.



17. A chuir sa gharman.



18. Loscadh a fhionfaidh, agus glóthán, agus rl., a chur air.



19. A fhighe in' éadach.



20. Glanadh an ghlótháin, agus rl., dhe.



21. A dhathughadh, nuair a dathuightear an t-éadach.



22. A thíoradh.



23. A dheisiughadh.



24. A úcaireacht.



25. A ghlanadh arís.



26. A thíoradh arís.



27. Bruth do chur air.



28. A bhearradh.



29. A bheirbheadh.



30. A scuabadh.



31. A tharrang is a chomharthughadh.



32. A bhrúghadh.



33. A chur tré ghail, agus



34. A fhilleadh ar a chéile.


L. 275


(f.) - NUASCÉALA.



Nuair a chuimhnigheas ar rud éigin a scríobhadh i dtaobh déan-
túisí olna na hÉireann, do bhuaileas isteach lá go dtí Seán
Mac Neachtain, an fear gur leis an "City Woollen Mills" i
mBaile Átha Cliath. Do thug sé tríd an muileann me, agus do
thespeáin dam gach nídh dá raibh ann. Tá iongantuisí go leór
ann. Monarcha mhór shoillseach iseadh é. Badh bhreag leat bheith
ag féachaint ar an lucht oibre, gach duine aca go sásta is go
gealgháiritheach, agus cion is meas ag an uile dhuine aca ar fhear
an tighe. Ní hiongnadh soin go deimhin, de bhrígh gur Gaedheal
grádhmhar sochroidhe é Seán Mac Neachtain, agus tuigeann sé dá
lucht oibre is tá mórdhálach asta. I mbliadhain a 1903 do chuir-
eadh an muileann so ar bun. I mbliadhain a 1906 b'éigin dóibh
aistriughadh go dtí Sráid Chorcaighe. Tá slighé a ndóthain aca
anois, acht ní fuláir bheith ag cur leis an dtigh i gcomhnuidhe. Ní'l
aon lochtaí sa mhonarchain seo. Táid na fuinneóga i ndíon an
tighe, agus do b'iongnadh leat a ghile agus d'fhéachann sé. Ní
fheicfá ann acht na hinnil is fearr agus is déaghnaighe ceapadh.
Inneal gasa a thiomáineann na hinnil eile, agus gual ó Chill
Choinnigh a caithtear ann. Éireannach iseadh an uile dhuine fé
iadh an tighe ann. Tá órduighthe ar láimh aca a choimeádfaidh an
mhonarchain ar siubhal go ceann ráithe. Ní fuláir dam mo bhuidh-
eachus a ghabháil le Seán Mac Neachtain i dtaobh an eoluis a
thug sé dham chun na haiste seo a scríobhadh. Guidhim faid saoghal
dó agus árdcheannach ar a bhréid is ar an "Rialto Serge". Níor
bh'fhéidir soin a shárúghadh.



Do scríobhamar chun bainisteóir gach uile mhuilinn olna i
nÉirinn a d'iarraidh eóluis i gcóir na haiste seo. Níor bh'fhiú le
n-a lán aca oiread agus freagra a thabhairt orainn. Mac Uí
Fhiadha ó Chill Choinnigh thug sé cuire dhúinn chun a mhuilinn súd a
fheicsint. Is saith linn ná raibh sé dh'uainn againn dul ann.
B'fhéidir go raghaimís ann lá éigin. Ní fearra dhúinn rud a
dhéanfaimís 'ná na freagraí fuaireamar a chur annso i slighe go
bhfeicfidh cách cadé an treó atá ar dhéantúisíbh olna na hÉireann
fé láthair.



Seo mar adeir muinntir na Dripsighe:


L. 276


Sidiad na scéala is déadhnaighe ón nGaillimh:



Seo tuairisc ó Leamhcán:



Seo tuairisc do fríoth ón Uaimh:



I mBaile Átha Luain táthar ag teacht chun cinn n-a sheódh. I
mbliadhain a 1859 do cuireadh an áit ar bun, agus ón uair sin
go dtí an lá indiú ní feacathas lá díomhaoin ann. Tá meas ar
stuif Bhaile Átha Luain ní hamháin i nÉirinn féin, acht sa Chanada


L. 277


san Astráil, san Aifric Theas, agus ar fuid na Roinne Eórpa.
Seo mar a deirid linn:



Sin é scéal olann na hÉireann agat, a léightheoir, mar do
b'fhearr do b'fhéidir linn a scríobhadh. Tá súil agam go bhfuighir
ann adhbhar chun comhairle a leasa a thabhairt don té ná taithigh-
eann leis earraidhe Gaedhlacha i leith éadaigh a chaitheamh.



TÓRNA.



TAGRA.



(A.) A ghiorrúchant, to cut down. Dualgas, what one is bound to do.
(B.) Deintar amach, it has been shown. Bruth, a nap on cloth. Ioldathach,
many-coloured. Tiúscal, industry, method of work.
(C.) Saothrughadh na t, agriculture. Duthchasach, native. Ar a bonnaibh, "as a
going concern." Ceannuigheacht, intercourse, commerce. Trácht, custom. Cochal,
a hood. Éileamh, asking, "much sought." Aneolus, agreat knowledge (aineolus,
ignorance). Scáinní, skeins. Dearbhughadh, proof, testimony. Braighdeanas, im-
prisonment. Do luadhadh go s., it was specially mentioned. Síris, serge. Ornáid,
ornament. An Feineachus, the Brehon Laws. Do dlightí ó, were due from.
Dícheallach, zealous.
(D.) Na Géadhna Fiaidhne, the "Wild Geese." Do luigheadar ar, they began
to. I dtómus, for, for the sake of. Cuan Bhristó, the Bristol Channel. Breith a
mbéal féin i.e., at their own price. Saighdiúirí, i.e. the Volunteers. An droch-
shaoghal, '47. "Dhá chloich ar chloich" : The first rule of building is, according to
the Irish proverb "dhá chloich ar chloich, agus cloch ar dhá chloich."



(E.) Gluaiseacht, be up to date. Roinnt, sorting. Glanadh, "scouring."
Alcaoilí, alkali. Réidhteach, "willying." Dual, a lock of wool or hair. Scríobadh,
"scribbling." Tarrang, "slubbing." Garman, a weaver's "beam." Loscadh,
singeing. Glóthan, glue, size, agus c. Deisiughadh, "burling." Úcaireacht, "pulling"
or "milling."



(F.) Seán Mac Neachtain, Mr John P. Mc Knight, the owner of the "City
Woollen Mills," who very kindly gave me all information about the different pro-
cesses, as well as the History of Irish Woollens. Tuigeann do, takes an interest
in. Mac Uí Fhiadha, Mr. Hunter, Manager, Kilkenny Woollen Mills. Cuire, an
invitation.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services