Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beránger. (ar leanamhaint)
Title
Beránger. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Beránger. (ar leanamhaint)</title><author><persName>Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir</persName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG18-11558</note> <note type="L">196</note> <note type="B">1908</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Bealtaine, 1908</date><idno>IG18-11558</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">18</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir</author><title>Beránger. (ar leanamhaint)</title></analytic> <monogr> <title level="j">Beránger. (ar leanamhaint)</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Bealtaine, 1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Beránger.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>(Ar leanamhaint).</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>Is fánach an duine anois ná fuil sé ar a chumas léightheóireacht </span> <lb n="5"/><span>do dhéanamh, agus is beag duine ná fuil roinnt leabhar aige. </span> <lb n="6"/><span>Acht roimis aimsir Bheránger, ní mar sin a bhí an scéal. Ba </span> <lb n="7"/><span>bheag duine do chuireadh suim i léightheóireacht an uair sin leath-</span> <lb n="8"/><span>smuigh de na huaisle agus den lucht léighinn, agus is dóibh-san do </span> <lb n="9"/><span>ceapthí an litridheacht idir phrós is filidheacht. Acht do tháinig </span> <lb n="10"/><span>atharrughadh ar an saoghal, agus do thosnuigh an sluagh ar an </span> <lb n="11"/><span>éightheóireacht d'fhoghluim. Do thug Beránger é sin fé ndeara, </span> <lb n="12"/><span>agus do thuig sé gur bh'é an litridheacht do mhairfeadh 'ná an </span> <lb n="13"/><span>litridheacht do thaithneoghadh leis an sluagh. Rud eile de thuig sé </span> <lb n="14"/><span>.i. ná raibh éin-nídh a b'fhearr do thaithneóghadh leis an sluagh 'ná </span> <lb n="15"/><span>amhrán. Mar gheall air sin, do thóg sé chuige na puirt agus na </span> <lb n="16"/><span>fuinn a bhí coitcheann i measc na ndaoine, agus chúm sé amhráin </span> <lb n="17"/><span>a raghadh leó. Níor bh'fhada go raibh na hamhráin so i mbéalaibh </span> <lb n="18"/><span><pb n="197"/> </span> <lb n="19"/><span>cháich. Dubhairt sé gur bh'é féin an t-aon ughdar amháin nár ghádh </span> <lb n="20"/><span>dhó an clódh, mar ní túisce a cheapadh sé amhrán 'ná go mbíodh </span> <lb n="21"/><span>gach éinne 'á ghabháil - pé aca an léightheóireacht a bheith aca nó </span> <lb n="22"/><span>gan a bheith. </span></p> <lb n="23"/> <lb n="24"/><p><span>Má's maith le héinne amhráin Bheránger do mheas, caithfidh sé </span> <lb n="25"/><span>iad do léigheamh sa bhFrainncis. Ní féidir filidheacht do mheas i </span> <lb n="26"/><span>gceart tré aistriú. Ar a shon soin is uile, do bhailigheas dornán </span> <lb n="27"/><span>snáith dá chuid filidheachta, agus do dheineas iarracht ar iad do </span> <lb n="28"/><span>shníomh i rannaibh Gaedhilge. Ní gádh dham a rádh gur mór atá idir </span> <lb n="29"/><span>fhilidheacht Bheránger agus an aithris atá déanta agam-sa air. </span> <lb n="30"/><span>Tá an oiread difridheacht eatortha agus atá idir an duine agus </span> <lb n="31"/><span>a scáith. Is 'mdhó focal atá agam-sa gan a chómh-fhocal sa </span> <lb n="32"/><span>bhFrainncis, agus is 'mdhó focal atá sa bhFrainncis gan a chómh-</span> <lb n="33"/><span>fhocal agam-sa. 'Sé a bhí uaim 'ná anam an fhile do nochtadh, </span> <lb n="34"/><span>agus, má theip orm, ní'l de leithscéal agam acht gur dheineas </span> <lb n="35"/><span>mo dhícheall. </span></p> <lb n="36"/> <lb n="37"/><p><span>Tá "Le Roi d'Yvetôt" ar na hamhrántaibh do chéadchuir sé i </span> <lb n="38"/><span>gcló. Níor thaithn sé le Napóleon, agus do chuir sé na síoth-</span> <lb n="39"/><span>mhaoir ar lorg an ughdair. Seo cúpla bhéarsa dhe i nGaedhilg: </span></p> <lb n="40"/> <lb n="41"/><p> <lb n="42"/><span>Bhí rí ann fadó i mbaile Íbhtó,</span> <lb n="43"/><span>Is deas é mo sceól gan dearmad,</span> <lb n="44"/><span>Caipín chodla róin do dhein a bhean chóir </span> <lb n="45"/><span>Do bhíodh air mar choróin, 'sí theastuigh uaidh;</span> <lb n="46"/><span>Ó'n Nodlaig go Samhain, do chodladh go trom -</span> <lb n="47"/><span>Níor bh'fhearr leis aon ghreann 'ná an codladh soin;</span> <lb n="48"/><span>Ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe,</span> <lb n="49"/><span>Agus ólam gan díth dhá chorn dó.</span></p> <lb n="50"/> <lb n="51"/><p><span>Ní troscadh do-ghníodh acht a bholg do líonadh </span> <lb n="52"/><span>Le potóga, le him, is le prátaí, </span> <lb n="53"/><span>Is ar asal do théidheadh tríd an gcathair go léir </span> <lb n="54"/><span>Ag smachtughadh a thréad, dá mbeadh gádh leis. </span> <lb n="55"/><span>Ní bhíodh aige do ghárda acht gadhar nó coileáinín, </span> <lb n="56"/><span>Eagal níor ghádh roimh a phobal air; </span> <lb n="57"/><span>Is ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe, </span> <lb n="58"/><span>Agus ólam gan díth dhá chorn dó. </span></p> <lb n="59"/> <lb n="60"/><p><span>I mBaile Íbhtó tá a dhealbh ann fós -</span> <lb n="61"/><span>Os cionn doruis tighe ósta atá sé -</span> <lb n="62"/><span>A chaipín ar a cheann, is a bholg breagh reamhar,</span> <lb n="63"/><span>Is é ar asal go seamhrach sásta.</span> <lb n="64"/><span>Tagann ann cáirde lá saoire nó rásann,</span> <lb n="65"/><span>Agus ólaid a shláinte le formad;</span> <lb n="66"/><span>Is ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe,</span> <lb n="67"/><span>Agus ólam gan díth dhá chorn dó.</span> <lb n="68"/></p> </div> <pb n="198"/> <div><lb n="69"/><p><span>Seo anois trí bhéarsaí d'amhrán do cheap sé ag tespeáint </span> <lb n="70"/><span>gur bh'í an fhilidheacht ba cheárd duthchais do: </span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p> <lb n="73"/><span>Duine do caitheadh ar dhruim an tailimh,</span> <lb n="74"/><span>Mar pheil do raidfeadh buachaill uaidh,</span> <lb n="75"/><span>Smid gan maith, sin me go beacht,</span> <lb n="76"/><span>File gan mheas - nach truagh dham é?</span> <lb n="77"/><span>Ar leath-taobh caithte mar shean-chrúdh chapaill,</span> <lb n="78"/><span>Caoi do dhéanamh, cár bh'iongnadh dhom?</span> <lb n="79"/><span>"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,</span> <lb n="80"/><span>"A aindeiseóir, is ná bac do chaoi!"</span></p> <lb n="81"/> <lb n="82"/><p><span>Is feárr 'ná fíon dam grádh Lísín,</span> <lb n="83"/><span>Má's cráidhte bhím fé bhrón istigh;</span> <lb n="84"/><span>Acht táim-se críon is ag dul i n-aois,</span> <lb n="85"/><span>Is fágfaidh sí lem óige me.</span> <lb n="86"/><span>Ní fuláir dom chroidhe bheith láidir groidhe,</span> <lb n="87"/><span>Tá ag dul dem bhrígh gach ló go tiugh -</span> <lb n="88"/><span>"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,</span> <lb n="89"/><span>"A aindeiseoir, is ná bac Lísín!"</span></p> <lb n="90"/> <lb n="91"/><p><span>'Seadh, canfad dréachta ar feadh mo shaoghail,</span> <lb n="92"/><span>Is é mo chéird gan dearmad;</span> <lb n="93"/><span>Acu go léir gur breágh leo dréacht</span> <lb n="94"/><span>Beidh grádh dá réir dom shamhail-se.</span> <lb n="95"/><span>Tá aguinn fíon is caraid ghrinn,</span> <lb n="96"/><span>Is canaimís go maidin moch -</span> <lb n="97"/><span>"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,</span> <lb n="98"/><span>"A aindeiseóir, is ná bac an fíon!"</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p> <lb n="101"/><span>Nuair d'éirigh leis an éirghe amach sa bhFrainnc, do b'éigin </span> <lb n="102"/><span>dos na huaislibh teicheadh leó as an dtír. Ar ngabháilt ceannas </span> <lb n="103"/><span>don ochtmhadh Laoiseach déag, thángadar thar n-ais arís. Acht </span> <lb n="104"/><span>níor bh'ionann saoghal dóibh anois agus san lá n-a rabhadar i </span> <lb n="105"/><span>n-uachtar. Do chúm Beránger amhrán darab ainm "Le Marquis </span> <lb n="106"/><span>de Carabas", ag stealladh-mhagadh fútha. Seo bhéarsa dhe: </span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Seo seana-rodaire chughainn ar sodar,</span> <lb n="109"/><span>Dá ndéarfainn go socair, do b'fhíor dham,</span> <lb n="110"/><span>Rian an ocrais treasna ar an ngob air, </span> <lb n="111"/><span>Is é 'n-a leath-chodladh le críonnacht;</span> <lb n="112"/><span>Dar leis gurab é an maor is gur sinne a thréadtha,</span> <lb n="113"/><span>Ag tigheacht d'ár n-aodhaireacht tá sé;</span> <lb n="114"/><span>Siúd é ar a stéad, i bhfuinneamh 's i bhfaobhar,</span> <lb n="115"/><span>Agus seana-chlaidhimh maol i n-a láimh dheis.</span> <lb n="116"/><span>Umhluighidh! umhluighidh! - seo chughainn an rodaire:</span> <lb n="117"/><span>Deallramh an ríogh agus druinn ar an ngrogaire.</span></p> <lb n="118"/> <lb n="119"/><p> <lb n="120"/><span>Ní hi gcomhnuidhe a bhíodh an file ag magadh, ámh. Do cheap sé </span> <lb n="121"/><span>amhrán i bhfuirm agallaimh idir leanbh agus aodhaire, agus tá sé </span> <lb n="122"/><span><pb n="199"/> </span> <lb n="123"/><span>gruamdha go leór. Tá an bheirt ag féachaint ar na réaltaibh, </span> <lb n="124"/><span>agus chíd siad ceann acu ag tuitim. Luigheann an leanbh annsan </span> <lb n="125"/><span>ar an maor do cheistiughchán: </span></p> <lb n="126"/> <lb n="127"/><p> <lb n="128"/><span>"An ndeirir, a mhaéir, go mbíonn réalt do gach duine?"</span> <lb n="129"/><span>"Deirim, a laogh, acht a léigheamh ní fuirist."</span> <lb n="130"/><span>"Féach an réalt úd ag tuitim ón spéir,</span> <lb n="131"/><span>A scéal-san, an féidir leat innsint?"</span></p> <lb n="132"/> <lb n="133"/><p><span>"Duine gur ghnáth leis cáirde is ceól,</span> <lb n="134"/><span>Do sciob an bás é i lár a spóirt."</span> <lb n="135"/><span>"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir,</span> <lb n="136"/><span>A scéal-san, an féidir leat innsint?"</span></p> <lb n="137"/> <lb n="138"/><p><span>"Maighdean áluinn an lá do phós sí,</span> <lb n="139"/><span>Ó n-a céile grádhach an bás go thóg í."</span> <lb n="140"/><span>"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir,</span> <lb n="141"/><span>A scéal-san, an féidir leat innsint?"</span></p> <lb n="142"/> <lb n="143"/><p><span>"Leanbh an tighearna n-a chliabhán órdha,</span> <lb n="144"/><span>D'fhuascail an t-éag ón mbréagadóir é."</span> <lb n="145"/><span>"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir</span> <lb n="146"/><span>A scéal-san, an féidir leat innsint?"</span></p> <lb n="147"/> <lb n="148"/><p><span>"Do sciob an bás gan náire an récs,</span> <lb n="149"/><span>Is sciobfaidh cách dá láidreacht é:</span> <lb n="150"/><span>Féach an réalt soin ag tuitim ón spéir -</span> <lb n="151"/><span>Sin é do scéal-sa, is beidh le hinnsint."</span></p> <lb n="152"/> <lb n="153"/><p> <lb n="154"/><span>Ní'l san aistriughadh soin agam acht leamh-iarracht ar amhrán </span> <lb n="155"/><span>binn an fhile do chur i nGaedhilg. Is ar éigin atá cnámha an </span> <lb n="156"/><span>amhráin féin 'san aistriughadh agam. Seo ceann eile, agus badh </span> <lb n="157"/><span>dheacair é shárughadh ar ghreann: </span></p> <lb n="158"/> <lb n="159"/><p><span>Bhí firín sa mbaile,</span> <lb n="160"/><span>Is níor dhuine gan mhaith é,</span> <lb n="161"/><span>Is ní theipeadh air aigne sásta;</span> <lb n="162"/><span>Badh chuma leis maoir</span> <lb n="163"/><span>Nó báille ar a thí,</span> <lb n="164"/><span>Ní dhíolfadh sé cíosa ná cána</span> <lb n="165"/><span>Mar "An dtuigeann tú," ar seisean,</span> <lb n="166"/><span>"Gur duine me," ar seisean,</span> <lb n="167"/><span>"Fé'n rud soin ná deineann acht gáire;</span> <lb n="168"/><span>Is an dtuigeann tú," ar seisean,</span> <lb n="169"/><span>"Gurab é sin mo sheift-se,"</span> <lb n="170"/><span>Agus, óró, an firín beag donn!</span></p> <lb n="171"/> <lb n="172"/><p><span>A stór nuair bhí caithte</span> <lb n="173"/><span>Ag ól ar a charaid</span> <lb n="174"/><span>Is gur mhór i dtigh an tabhairne a tháille,</span> <lb n="175"/></p> </div> <pb n="200"/> <div><lb n="176"/><p><span>Na báillí do rug air</span> <lb n="177"/><span>Is d'fhágadar nocht é,</span> <lb n="178"/><span>Is do caitheadh beó bocht ar an tsráid é,</span> <lb n="179"/><span>"Acht ná tuigeann tú." agus rl.</span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>An díon ar a thigh beag</span> <lb n="182"/><span>Bhí puill ann go dtuiteadh</span> <lb n="183"/><span>N-a braoineacha fliucha air an bháisdeach;</span> <lb n="184"/><span>Is do bhíodh sé go minic</span> <lb n="185"/><span>'Na shuidhe istigh gan teine,</span> <lb n="186"/><span>Mar phríochán fé dhoininn na Márta,</span> <lb n="187"/><span>"Acht ná tuigeann tú," agus rl.</span></p> <lb n="188"/> <lb n="189"/><p><span>Ar theacht deireadh a shaoghail,</span> <lb n="190"/><span>Nuair do mhachnaimh a bhaoghal,</span> <lb n="191"/><span>Is an sagart go léigheanta 'n-a láthair,</span> <lb n="192"/><span>Do thrácht an fear naomhtha</span> <lb n="193"/><span>Ar an mbás leis gan éalaing,</span> <lb n="194"/><span>"Do pheacaidhe má scéidheann tú, raghair slán as",</span> <lb n="195"/><span>"Acht ná tuigeann tú", agus rl.</span> <lb n="196"/><span> </span></p> <lb n="197"/> <lb n="198"/><p><span>Duine a b'eadh Beránger gur chuma leis saidhbhir nú daidhbhir </span> <lb n="199"/><span>é. Ba bheag leis comhacht agus ceannus; agus, nuair theastuigh </span> <lb n="200"/><span>ó sna daoine feisire a dhéanamh de, ní dhiúltóghadh sé dhíobh. Éin-</span> <lb n="201"/><span>nídh amháin do theastuigh uaidh .i. bheith neamhspleádhach le gach </span> <lb n="202"/><span>n-aon agus saor ar gach ceannus. Ní ghéillfeadh sé d'éinne acht </span> <lb n="203"/><span>dá Lísín. Tréithe iad-san atá le feicsint is na rannaibh seo: </span></p> <lb n="204"/> <lb n="205"/><p> <lb n="206"/><span>A dhaoine ghrádh, bíodh a fhios agaibh</span> <lb n="207"/><span>Gur saoi gan spleádhchus mise agaibh - </span> <lb n="208"/><span>Féach Lísín ag gáiridhe!</span> <lb n="209"/><span>Ní nár liom claoidhe le gleann na mbocht,</span> <lb n="210"/><span>Tá árus saoirse ann agam - </span> <lb n="211"/><span>Ní dheineann sí acht gáiridhe.</span></p> <lb n="212"/> <lb n="213"/><p><span>Ualach trom 'seadh comhacht an ríogh,</span> <lb n="214"/><span>Is truagh liom é gan gó ar bith -</span> <lb n="215"/><span>Féach Lísín ag gáiridhe! </span> <lb n="216"/><span>Ná daoine tá fé smacht aige,</span> <lb n="217"/><span>Is aoibhne dhóibh i bhfad 'ná dó -</span> <lb n="218"/><span>Ní dheineann sí acht gáiridhe.</span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p><span>Brón! - ní'l brón sa tsaoghal orm;</span> <lb n="221"/><span>Is leór dom lón an lae agam -</span> <lb n="222"/><span>Féach Lísín ag gáiridhe!</span> <lb n="223"/><span>Nach fearra dhamh-sa im luighe go ló</span> <lb n="224"/><span>Im leabaidh mhóir 'ná maoin ná stór?</span> <lb n="225"/><span>Ní dheineann sí acht gáiridhe.</span></p> <lb n="226"/> <lb n="227"/><p> <lb n="228"/><span>"Le Ménétrier" an chéad cheann eile dá amhrántaibh a léigh-</span> <lb n="229"/><span>fimíd. Bheidhleadóir a sheineann ceól rinnce iseadh Ménétrier. </span> <lb n="230"/><span><pb n="201"/> </span> <lb n="231"/><span>'Sé teagasc an amhráin seo 'ná gur ceart do gach éinne aoibh-</span> <lb n="232"/><span>neas do chleachtadh, gan éad a bheith aige le n-a chomharsain, agus </span> <lb n="233"/><span>formad agus easaontas do sheachaint. Seo mar labhrann an </span> <lb n="234"/><span>bheidhleadóir: </span></p> <lb n="235"/> <lb n="236"/><p> <lb n="237"/><span>Duine bocht ait mé atá dealbh go leór,</span> <lb n="238"/><span>Aithnighid cuit an bhaile seo an sean-bheidhleadóir,</span> <lb n="239"/><span>Ólaim-se an fíon, is beidh ciall agam choidhche;</span> <lb n="240"/><span>Uisce, ní bhíonn ann aiteas ná spórt;</span> <lb n="241"/><span>Tagaid na daoine le tuitim na hoidhche, </span> <lb n="242"/><span>Cuirid chun rinnce, agus glaodhaid ar cheol - </span> <lb n="243"/><span>A chailíní an chroidhe istigh, preabaidh chun rinnce,</span> <lb n="244"/><span>Mise is mo bheidhlín ag déanamh an cheóil.</span></p> <lb n="245"/> <lb n="246"/><p><span>Is iomdha lá Samhraidh (tá greann im' sceól)</span> <lb n="247"/><span>Do bhailigh fé'n gcrann so dream chun spóirt:</span> <lb n="248"/><span>Ba mhinic dár sinnsir fé ghéagaibh an chrainn seo</span> <lb n="249"/><span>'N-a gcuideachtain tsaoithe agus fíonta ar bórd;</span> <lb n="250"/><span>Ba mhinic dom féin i mbrothal an lae,</span> <lb n="251"/><span>Im' shuidhe ar an bhféar, agus corn im dhóid -</span> <lb n="252"/><span>A chailíní, agus rl.</span></p> <lb n="253"/> <lb n="254"/><p><span>Timcheall do gháirdín tá fál agus claidhe,</span> <lb n="255"/><span>Má's beag é, bí sásta - ní gádh dhuit éad;</span> <lb n="256"/><span>Talamh do chomharsan chun fuirse ná romhair ann</span> <lb n="257"/><span>Ná bac leis, a stóraigh - ní bhaineann leat féin;</span> <lb n="258"/><span>Acht glac let chuid féin, agus fásfaidh dá réir, </span> <lb n="259"/><span>Agus beidh ag do ghaoltaibh mar oighreacht go deó -</span> <lb n="260"/><span>Is a chailíní, agus rl.</span></p> <lb n="261"/> <lb n="262"/><p><span>Má's maith libh gan brón ar bhur gcomhgar ná díth, </span> <lb n="263"/><span>Glacaidh mo chomhairle, a chomharsain an chroidhe:</span> <lb n="264"/><span>Caithidh uaibh éad is gach smaoineamh dá réir sin,</span> <lb n="265"/><span>Gabhaidh le chéile ó Shamhain go Foghmhar,</span> <lb n="266"/><span>Mairidh d'aon-dream le haiteas is greann,</span> <lb n="267"/><span>Is beidh fáilte fém chrann roimh gach caraid go deó -</span> <lb n="268"/><span>A chailíní, agus rl.</span></p> <lb n="269"/> <lb n="270"/><p><span>(Ní críoch).</span></p> <lb n="271"/> <lb n="272"/><p> <lb n="273"/><span>Níl éinne ná fuil a bheag nó a mhór áiféis ag baint leis.</span> <lb n="274"/><span>Dá neartmhaire í an stoirm 'seadh is giorra sheasuigheann sí.</span> <lb n="275"/><span>Ní féidir damáiste a dhéanamh don té thoiligheann.</span> <lb n="276"/><span>Tá sé ró-chullóideach casadh le muinteardhas a dhéanamh leis an saoghal;</span> <lb n="277"/><span>acht ná deinimís aon namhaid is ní beag dúinn é.</span> <lb n="278"/><span>Eólus agus adhmad: dá nídh nár mhór leogaint dóibh stálughadh sara </span> <lb n="279"/><span>n-úsáidfidhe iad.</span> <lb n="280"/><span>Ní díolann focail fiacha.</span> <lb n="281"/><span>Má's maith leat go labhairfidhe go maith ort, ná labhair go maith ort féin.</span></p> <lb n="282"/> <lb n="283"/><p/></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services