Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beránger. (ar leanamhaint)

Title
Beránger. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Beránger.



(Ar leanamhaint).



Is fánach an duine anois ná fuil sé ar a chumas léightheóireacht
do dhéanamh, agus is beag duine ná fuil roinnt leabhar aige.
Acht roimis aimsir Bheránger, ní mar sin a bhí an scéal. Ba
bheag duine do chuireadh suim i léightheóireacht an uair sin leath-
smuigh de na huaisle agus den lucht léighinn, agus is dóibh-san do
ceapthí an litridheacht idir phrós is filidheacht. Acht do tháinig
atharrughadh ar an saoghal, agus do thosnuigh an sluagh ar an
éightheóireacht d'fhoghluim. Do thug Beránger é sin fé ndeara,
agus do thuig sé gur bh'é an litridheacht do mhairfeadh 'ná an
litridheacht do thaithneoghadh leis an sluagh. Rud eile de thuig sé
.i. ná raibh éin-nídh a b'fhearr do thaithneóghadh leis an sluagh 'ná
amhrán. Mar gheall air sin, do thóg sé chuige na puirt agus na
fuinn a bhí coitcheann i measc na ndaoine, agus chúm sé amhráin
a raghadh leó. Níor bh'fhada go raibh na hamhráin so i mbéalaibh


L. 197


cháich. Dubhairt sé gur bh'é féin an t-aon ughdar amháin nár ghádh
dhó an clódh, mar ní túisce a cheapadh sé amhrán 'ná go mbíodh
gach éinne 'á ghabháil - pé aca an léightheóireacht a bheith aca nó
gan a bheith.



Má's maith le héinne amhráin Bheránger do mheas, caithfidh sé
iad do léigheamh sa bhFrainncis. Ní féidir filidheacht do mheas i
gceart tré aistriú. Ar a shon soin is uile, do bhailigheas dornán
snáith dá chuid filidheachta, agus do dheineas iarracht ar iad do
shníomh i rannaibh Gaedhilge. Ní gádh dham a rádh gur mór atá idir
fhilidheacht Bheránger agus an aithris atá déanta agam-sa air.
Tá an oiread difridheacht eatortha agus atá idir an duine agus
a scáith. Is 'mdhó focal atá agam-sa gan a chómh-fhocal sa
bhFrainncis, agus is 'mdhó focal atá sa bhFrainncis gan a chómh-
fhocal agam-sa. 'Sé a bhí uaim 'ná anam an fhile do nochtadh,
agus, má theip orm, ní'l de leithscéal agam acht gur dheineas
mo dhícheall.



Tá "Le Roi d'Yvetôt" ar na hamhrántaibh do chéadchuir sé i
gcló. Níor thaithn sé le Napóleon, agus do chuir sé na síoth-
mhaoir ar lorg an ughdair. Seo cúpla bhéarsa dhe i nGaedhilg:




Bhí rí ann fadó i mbaile Íbhtó,
Is deas é mo sceól gan dearmad,
Caipín chodla róin do dhein a bhean chóir
Do bhíodh air mar choróin, 'sí theastuigh uaidh;
Ó'n Nodlaig go Samhain, do chodladh go trom -
Níor bh'fhearr leis aon ghreann 'ná an codladh soin;
Ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe,
Agus ólam gan díth dhá chorn dó.



Ní troscadh do-ghníodh acht a bholg do líonadh
Le potóga, le him, is le prátaí,
Is ar asal do théidheadh tríd an gcathair go léir
Ag smachtughadh a thréad, dá mbeadh gádh leis.
Ní bhíodh aige do ghárda acht gadhar nó coileáinín,
Eagal níor ghádh roimh a phobal air;
Is ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe,
Agus ólam gan díth dhá chorn dó.



I mBaile Íbhtó tá a dhealbh ann fós -
Os cionn doruis tighe ósta atá sé -
A chaipín ar a cheann, is a bholg breagh reamhar,
Is é ar asal go seamhrach sásta.
Tagann ann cáirde lá saoire nó rásann,
Agus ólaid a shláinte le formad;
Is ba dheas é mar rígh an firín beag buidhe,
Agus ólam gan díth dhá chorn dó.


L. 198


Seo anois trí bhéarsaí d'amhrán do cheap sé ag tespeáint
gur bh'í an fhilidheacht ba cheárd duthchais do:




Duine do caitheadh ar dhruim an tailimh,
Mar pheil do raidfeadh buachaill uaidh,
Smid gan maith, sin me go beacht,
File gan mheas - nach truagh dham é?
Ar leath-taobh caithte mar shean-chrúdh chapaill,
Caoi do dhéanamh, cár bh'iongnadh dhom?
"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,
"A aindeiseóir, is ná bac do chaoi!"



Is feárr 'ná fíon dam grádh Lísín,
Má's cráidhte bhím fé bhrón istigh;
Acht táim-se críon is ag dul i n-aois,
Is fágfaidh sí lem óige me.
Ní fuláir dom chroidhe bheith láidir groidhe,
Tá ag dul dem bhrígh gach ló go tiugh -
"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,
"A aindeiseoir, is ná bac Lísín!"



'Seadh, canfad dréachta ar feadh mo shaoghail,
Is é mo chéird gan dearmad;
Acu go léir gur breágh leo dréacht
Beidh grádh dá réir dom shamhail-se.
Tá aguinn fíon is caraid ghrinn,
Is canaimís go maidin moch -
"Seo, can do cheól," ar m'aingeal caoin,
"A aindeiseóir, is ná bac an fíon!"




Nuair d'éirigh leis an éirghe amach sa bhFrainnc, do b'éigin
dos na huaislibh teicheadh leó as an dtír. Ar ngabháilt ceannas
don ochtmhadh Laoiseach déag, thángadar thar n-ais arís. Acht
níor bh'ionann saoghal dóibh anois agus san lá n-a rabhadar i
n-uachtar. Do chúm Beránger amhrán darab ainm "Le Marquis
de Carabas", ag stealladh-mhagadh fútha. Seo bhéarsa dhe:



Seo seana-rodaire chughainn ar sodar,
Dá ndéarfainn go socair, do b'fhíor dham,
Rian an ocrais treasna ar an ngob air,
Is é 'n-a leath-chodladh le críonnacht;
Dar leis gurab é an maor is gur sinne a thréadtha,
Ag tigheacht d'ár n-aodhaireacht tá sé;
Siúd é ar a stéad, i bhfuinneamh 's i bhfaobhar,
Agus seana-chlaidhimh maol i n-a láimh dheis.
Umhluighidh! umhluighidh! - seo chughainn an rodaire:
Deallramh an ríogh agus druinn ar an ngrogaire.




Ní hi gcomhnuidhe a bhíodh an file ag magadh, ámh. Do cheap sé
amhrán i bhfuirm agallaimh idir leanbh agus aodhaire, agus tá sé


L. 199


gruamdha go leór. Tá an bheirt ag féachaint ar na réaltaibh,
agus chíd siad ceann acu ag tuitim. Luigheann an leanbh annsan
ar an maor do cheistiughchán:




"An ndeirir, a mhaéir, go mbíonn réalt do gach duine?"
"Deirim, a laogh, acht a léigheamh ní fuirist."
"Féach an réalt úd ag tuitim ón spéir,
A scéal-san, an féidir leat innsint?"



"Duine gur ghnáth leis cáirde is ceól,
Do sciob an bás é i lár a spóirt."
"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir,
A scéal-san, an féidir leat innsint?"



"Maighdean áluinn an lá do phós sí,
Ó n-a céile grádhach an bás go thóg í."
"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir,
A scéal-san, an féidir leat innsint?"



"Leanbh an tighearna n-a chliabhán órdha,
D'fhuascail an t-éag ón mbréagadóir é."
"Agus siúd arís réalt ag tuitim ón spéir
A scéal-san, an féidir leat innsint?"



"Do sciob an bás gan náire an récs,
Is sciobfaidh cách dá láidreacht é:
Féach an réalt soin ag tuitim ón spéir -
Sin é do scéal-sa, is beidh le hinnsint."




Ní'l san aistriughadh soin agam acht leamh-iarracht ar amhrán
binn an fhile do chur i nGaedhilg. Is ar éigin atá cnámha an
amhráin féin 'san aistriughadh agam. Seo ceann eile, agus badh
dheacair é shárughadh ar ghreann:



Bhí firín sa mbaile,
Is níor dhuine gan mhaith é,
Is ní theipeadh air aigne sásta;
Badh chuma leis maoir
Nó báille ar a thí,
Ní dhíolfadh sé cíosa ná cána
Mar "An dtuigeann tú," ar seisean,
"Gur duine me," ar seisean,
"Fé'n rud soin ná deineann acht gáire;
Is an dtuigeann tú," ar seisean,
"Gurab é sin mo sheift-se,"
Agus, óró, an firín beag donn!



A stór nuair bhí caithte
Ag ól ar a charaid
Is gur mhór i dtigh an tabhairne a tháille,


L. 200


Na báillí do rug air
Is d'fhágadar nocht é,
Is do caitheadh beó bocht ar an tsráid é,
"Acht ná tuigeann tú." agus rl.



An díon ar a thigh beag
Bhí puill ann go dtuiteadh
N-a braoineacha fliucha air an bháisdeach;
Is do bhíodh sé go minic
'Na shuidhe istigh gan teine,
Mar phríochán fé dhoininn na Márta,
"Acht ná tuigeann tú," agus rl.



Ar theacht deireadh a shaoghail,
Nuair do mhachnaimh a bhaoghal,
Is an sagart go léigheanta 'n-a láthair,
Do thrácht an fear naomhtha
Ar an mbás leis gan éalaing,
"Do pheacaidhe má scéidheann tú, raghair slán as",
"Acht ná tuigeann tú", agus rl.



Duine a b'eadh Beránger gur chuma leis saidhbhir nú daidhbhir
é. Ba bheag leis comhacht agus ceannus; agus, nuair theastuigh
ó sna daoine feisire a dhéanamh de, ní dhiúltóghadh sé dhíobh. Éin-
nídh amháin do theastuigh uaidh .i. bheith neamhspleádhach le gach
n-aon agus saor ar gach ceannus. Ní ghéillfeadh sé d'éinne acht
dá Lísín. Tréithe iad-san atá le feicsint is na rannaibh seo:




A dhaoine ghrádh, bíodh a fhios agaibh
Gur saoi gan spleádhchus mise agaibh -
Féach Lísín ag gáiridhe!
Ní nár liom claoidhe le gleann na mbocht,
Tá árus saoirse ann agam -
Ní dheineann sí acht gáiridhe.



Ualach trom 'seadh comhacht an ríogh,
Is truagh liom é gan gó ar bith -
Féach Lísín ag gáiridhe!
Ná daoine tá fé smacht aige,
Is aoibhne dhóibh i bhfad 'ná dó -
Ní dheineann sí acht gáiridhe.



Brón! - ní'l brón sa tsaoghal orm;
Is leór dom lón an lae agam -
Féach Lísín ag gáiridhe!
Nach fearra dhamh-sa im luighe go ló
Im leabaidh mhóir 'ná maoin ná stór?
Ní dheineann sí acht gáiridhe.




"Le Ménétrier" an chéad cheann eile dá amhrántaibh a léigh-
fimíd. Bheidhleadóir a sheineann ceól rinnce iseadh Ménétrier.


L. 201


'Sé teagasc an amhráin seo 'ná gur ceart do gach éinne aoibh-
neas do chleachtadh, gan éad a bheith aige le n-a chomharsain, agus
formad agus easaontas do sheachaint. Seo mar labhrann an
bheidhleadóir:




Duine bocht ait mé atá dealbh go leór,
Aithnighid cuit an bhaile seo an sean-bheidhleadóir,
Ólaim-se an fíon, is beidh ciall agam choidhche;
Uisce, ní bhíonn ann aiteas ná spórt;
Tagaid na daoine le tuitim na hoidhche,
Cuirid chun rinnce, agus glaodhaid ar cheol -
A chailíní an chroidhe istigh, preabaidh chun rinnce,
Mise is mo bheidhlín ag déanamh an cheóil.



Is iomdha lá Samhraidh (tá greann im' sceól)
Do bhailigh fé'n gcrann so dream chun spóirt:
Ba mhinic dár sinnsir fé ghéagaibh an chrainn seo
'N-a gcuideachtain tsaoithe agus fíonta ar bórd;
Ba mhinic dom féin i mbrothal an lae,
Im' shuidhe ar an bhféar, agus corn im dhóid -
A chailíní, agus rl.



Timcheall do gháirdín tá fál agus claidhe,
Má's beag é, bí sásta - ní gádh dhuit éad;
Talamh do chomharsan chun fuirse ná romhair ann
Ná bac leis, a stóraigh - ní bhaineann leat féin;
Acht glac let chuid féin, agus fásfaidh dá réir,
Agus beidh ag do ghaoltaibh mar oighreacht go deó -
Is a chailíní, agus rl.



Má's maith libh gan brón ar bhur gcomhgar ná díth,
Glacaidh mo chomhairle, a chomharsain an chroidhe:
Caithidh uaibh éad is gach smaoineamh dá réir sin,
Gabhaidh le chéile ó Shamhain go Foghmhar,
Mairidh d'aon-dream le haiteas is greann,
Is beidh fáilte fém chrann roimh gach caraid go deó -
A chailíní, agus rl.



(Ní críoch).




Níl éinne ná fuil a bheag nó a mhór áiféis ag baint leis.
Dá neartmhaire í an stoirm 'seadh is giorra sheasuigheann sí.
Ní féidir damáiste a dhéanamh don té thoiligheann.
Tá sé ró-chullóideach casadh le muinteardhas a dhéanamh leis an saoghal;
acht ná deinimís aon namhaid is ní beag dúinn é.
Eólus agus adhmad: dá nídh nár mhór leogaint dóibh stálughadh sara
n-úsáidfidhe iad.
Ní díolann focail fiacha.
Má's maith leat go labhairfidhe go maith ort, ná labhair go maith ort féin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services