Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.</title><author><persName>Féach ainm cleite</persName></author><author><addName type="alias">Tórna</addName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG18-11542</note> <note type="L">130</note> <note type="B">1908</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Márta, 1908</date><idno>IG18-11542</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">18</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Féach ainm cleite</author><title>Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Márta, 1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Déantúisí Gaedhlacha.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>III. - GAIBHNEACHT GHEAL.</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>(A.) COMHACHTA AN DÚTHCHUIS.</span> <lb n="5"/><span>Déanfad gearr-chunntus a scríobhadh an taca so ar obair an </span> <lb n="6"/><span>ghabha ghil. Sean-cheárd i nÉirinn é sin, ach dálta a lán de </span> <lb n="7"/><span>cheardaibh dúthchuis na nGaedheal bhí sí imthighthe nach mór i ndísc </span> <lb n="8"/><span>go dtí gur thosnuigh an aithbheódhchant ar an dteangain. Tá </span> <lb n="9"/><span>aithbheódhchant dá réir ag teacht ar ghaibhneacht ghil is ar a cear-</span> <lb n="10"/><span>daibh gaoil go mbídís ar sinsir oilte ina dtaithighe. Sé </span> <lb n="11"/><span>leónughadh Dé - moladh go deó leis - don daonnuidhe, gur de </span> <lb n="12"/><span>réir mar oibrigheann sé as a ghustal féin seadh bhíonn rath ó Dhia </span> <lb n="13"/><span>ar a shaothar agus cáil fé leith air um chumadóireacht i measc </span> <lb n="14"/><span>cineadhach ealadhnta an domhain. Is follus go leór fírinne na </span> <lb n="15"/><span>cainnte sin a cúrsaíbh gaibhneacht gile na hÉireann. An fhaid a </span> <lb n="16"/><span>bhí sí ar a bonnaibh féin, do shaothruigh sí cáil i dtaobh airgid is </span> <lb n="17"/><span>óir d'oibriughadh. Ní túisce tháinig an t-iasacht fá mheas aici ná </span> <lb n="18"/><span>b'iúd ar teicheadh uaithi idir chéird is ealadhain. Fillfid arís de </span> <lb n="19"/><span>réir mar do sheachnann sí an coimhightheach is mar do chlaoidheann </span> <lb n="20"/><span>le na dúthchus ceart féin. </span></p> <lb n="21"/> <lb n="22"/><p><span>(B.) STAIR NA CÉIRDE.</span> <lb n="23"/><span>D'fhás an chéird ar dtúis as an dúil a bhíonn ag an uile </span> <lb n="24"/><span>dhuine i n-ornáidíbh. Tá an tréith seo coitcheanta ar fuaid an </span> <lb n="25"/><span>domhain; bíonn sí i ríghthibh is i n-uaislibh, sa bhocht is sa saidhbhir, </span> <lb n="26"/><span>sa bhfear gorm is san nEórpach. Bhí soin amhlaidh ó thosach an </span> <lb n="27"/><span>domhain, agus beidh mar sin go Lá an tSléibhe. Ar dtúis do-</span> <lb n="28"/><span>ghníthí usáid de mhion-chlochaibh, de chnóithibh is de mheas crann. </span> <lb n="29"/><span>Deirthear gur bh'é an t-ór an chéad mhiotal go ndearnadh usáid </span> <lb n="30"/><span>de chun ornáidí. Sé is túisce do fríoth as an dtalamh; agus sé </span> <lb n="31"/><span>is túisce go bhfuil trácht air i sean-eachtraidhibh. </span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>Ar dtúis do-gheibhtí an t-ór n-a ghráinníbh is n-a mhionch-</span> <lb n="34"/><span>lóchaibh. Do ceangaltaí as a chéile iad-san le sreangaibh. </span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>N-a dhiaidh-san fuarthas amach go raibh an t-ór "ionbhuailte," </span> <lb n="37"/><span>.i. go mb'fhéidir é oibriughadh acht gabháil d'ordaibh air. Úird </span> <lb n="38"/><span>cloiche do cleachtaí ar dtúis. </span> <lb n="39"/></p> </div> <pb n="131"/> <div><lb n="40"/><p><span>Do b'fhada go bhfuarthas amach go mb'fhéidir na gráinní is na </span> <lb n="41"/><span>mionchlocha óir a leaghadh, ionnus go mbeadh cnapán maith óir ag </span> <lb n="42"/><span>dúine chun oibriughadh air. </span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>Nuair a bhí soin ar eólus ag daoinibh agus taithighe aca ar </span> <lb n="45"/><span>úirlisíbh iarainn, do ceapadh snoighe agus greanadh agus gréasadh. </span></p> <lb n="46"/> <lb n="47"/><p><span>As na seodaibh do-gheibhtear i dtuambaíbh is i mbogachaibh, </span> <lb n="48"/><span>agus rl., is féidir tuairim a dhéanamh den chuma nar fhás an chéird </span> <lb n="49"/><span>ar fuid an domhain. I dtuambaíbh na bhForann san Éigipt do-</span> <lb n="50"/><span>gheibhtear ornáidí garbh go leór. Bhíodar na sean-Ghréagaigh </span> <lb n="51"/><span>oilte go maith ar airgead is ar ór d'oibriughadh. Do chleacht-</span> <lb n="52"/><span>adar súd fuirm aiceanta ceárduidheachta, i slighe is go dtáinig </span> <lb n="53"/><span>feabhus mór ar an gcéird dá bhárr. Cine eile go raibh ainm </span> <lb n="54"/><span>mhór ortha sa chéird seo b'eadh na hÉdruscaigh. Ó sna Gréagaigh </span> <lb n="55"/><span>d'fhoghluim na Rómhánaigh an chéird, agus tríd na Rómhánaigh </span> <lb n="56"/><span>tháinig sí anuas chughainn-na. </span></p> <lb n="57"/> <lb n="58"/><p><span>(C.) I MEASC NA nGAEDHEAL.</span> <lb n="59"/><span>Do b'fhéidir a lán do scríobhadh ar dhálaibh na céirde seo i </span> <lb n="60"/><span>measc na nGaedheal. Ní beag dhúinn anois a rádh go raibh </span> <lb n="61"/><span>d'fheabhus uirthi annso tráth go dteipfeadh ar an nGréig an lá do </span> <lb n="62"/><span>b'fhearr a bhí sí é shárughadh. Bhí ceárda na nGaedheal oilte ar </span> <lb n="63"/><span>gach ar bhain le na gcéird. Téigheadh duine isteach sa Seód-</span> <lb n="64"/><span>lainn i mBaile Átha Cliath. Chífidh sé ann somplaí fóghanta de </span> <lb n="65"/><span>ghreanadh, de shnoighe, de líneáil datha, d'obair filigré, agus </span> <lb n="66"/><span>d'obair niello. Do deineadh usáid díobh-san go léir coitcheanta </span> <lb n="67"/><span>i nÉirinn fadó. B'é rud a tháinig as soin gur fhás i measc na </span> <lb n="68"/><span>nGaedheal ceárduidheacht fé leith go mb'fhéidir é chur i gcom-</span> <lb n="69"/><span>práid le hobair tíre ar bith. Maidir le hornáideacht, tá buadh </span> <lb n="70"/><span>fé leith faghta ag Gaedhlaibh innti-sin. Bíodh ná deaghamair le </span> <lb n="71"/><span>haiceantacht na nGréag, is fada go sáróghthar "péistíní" agus </span> <lb n="72"/><span>"trumpaí" na nGaedheal, má sáróghthar go bráth. Ní hiongnadh </span> <lb n="73"/><span>go mbeimís mórdhálach a Crois Chunga is a Corn Árdachadh. Ní </span> <lb n="74"/><span>féidir a samhail eile a dhéanamh indiu. Ní féidir a mbárr </span> <lb n="75"/><span>d'fhagháil thíos ná thuas. </span></p> <lb n="76"/> <lb n="77"/><p><span>(D.) AN CHÉIRD FÉ LÁTHAIR.</span> <lb n="78"/><span>Fadó nuair a chuireadh cearduighe roimhe earradh a dhéanamh, </span> <lb n="79"/><span>do leaghadh sé féin an t-ór dó féin. É féin a bhuaileadh amach </span></p> </div> <pb n="132"/> <div><lb n="80"/><p><span>n-a dhiaidh-san; é féin do-ghníodh greanadh agus snoighe air; é </span> <lb n="81"/><span>féin a chuireadh líneáil is ornáidí air. Ní mar sin atá an scéal </span> <lb n="82"/><span>anois. Bíonn gach obair fé leith aca-san fé chúram duine </span> <lb n="83"/><span>amháin, nó gasra daoine. Tá an chéird roinnte n-a codchaibh i </span> <lb n="84"/><span>slighe is ná bíonn sí ina hiomláine ag aon duine. N-a theannta </span> <lb n="85"/><span>soin, deineann an t-inneal gaile fé láthair mórchuid den obair </span> <lb n="86"/><span>do-ghníthí le saothar láimhe fádó. Dá dheascaibh sin tá an chéird </span> <lb n="87"/><span>ag teacht ar aon dul ar fuaid an domhain, agus í ag caille-</span> <lb n="88"/><span>amhaint furmhór an leithleachais a bhí saothruighthe ag cineadhchaibh </span> <lb n="89"/><span>áirithe. </span></p> <lb n="90"/> <lb n="91"/><p><span>(E.) TIGH MHUINNTIR HOPCINS.</span> <lb n="92"/><span>Is fearra dhúinn bualadh isteach i dtigh Mhuinntir Hopcins i </span> <lb n="93"/><span>mBaile Átha Cliath, agus chífam annsoin ceárduidhthe ag obair ar </span> <lb n="94"/><span>gach a mbaineann leis an gcéird. Gheobham cead ár gcos ó </span> <lb n="95"/><span>Risteárd Hopcins, an fear gur leis an tigh; agus tiocfaidh </span> <lb n="96"/><span>chughainn Diarmaid Ó Laoghaire chun gach nídh a mhíniughadh dhúinn i </span> <lb n="97"/><span>nGaedhilg bhlasta. </span></p> <lb n="98"/> <lb n="99"/><p><span>Thíos i mbun an tighe a deintear an t-ullmhughchán. Tá coire </span> <lb n="100"/><span>annsúd chun miotail a leaghadh. Curtar cnapán óir isteach ann, </span> <lb n="101"/><span>agus i gcionn ocht nóimeat beidh se leaghta. Geas agus aer a </span> <lb n="102"/><span>séidtar féidh. Doirtthear an miotal leaghta so as an gcoire i </span> <lb n="103"/><span>múnlaíbh de gach saghas. Táid muilte ann i gcóir baraí óir agus rl., </span> <lb n="104"/><span>a thanughadh is a ghearradh, a bhualadh is a líomhadh. </span></p> <lb n="105"/> <lb n="106"/><p><span>(F.) BUINN GHAEDHLACHA ÓIR.</span> <lb n="107"/><span>Tá ainm mhór amuigh ar Mhuinntir Hopcins i dtaobh aithris ar</span> <lb n="108"/><span>sheancheárduidheacht na nGaedheal, agus deinid buinn is cuirn is </span> <lb n="109"/><span>uirlisí dá sórd ar na hinnealaibh is déadhnaighe go bhfuil fagháil </span> <lb n="110"/><span>ortha. Tá suas le cúig céad clódh déanta aca i gcóir na </span> <lb n="111"/><span>n-earraidhe nGaedhlach so. Tá gléas n-a shuidhe aca chun na </span> <lb n="112"/><span>gclódh soin d'oibriughadh agus inneal aibhleach ghá thiomáint. </span> <lb n="113"/><span>Dhéanfadh súd na mílte bonn a ghearradh i n-aon lá amháin. Táid </span> <lb n="114"/><span>na buinn úd an-oireamhnach i gcóir feiseann is iomaidheachta </span> <lb n="115"/><span>báire is peile. </span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>Is amhlaidh a cuirtar bara miotail tríd an muileann tanugh-</span> <lb n="118"/><span>cháin ar dtúis. Leantar de sin go mbíonn sé ar an dtoirt nó </span> <lb n="119"/><span>ar an ndoimhneacht atá riachtanach. Bíonn sé n-a shraith chaoil </span></p> </div> <pb n="133"/> <div><lb n="120"/><p><span>annsoin. Scaoiltear an tsraith tríd an muileann gearrtha. </span> <lb n="121"/><span>Gearrann soin aisti, fan a faid, deilbh an bhuinn timcheall, i </span> <lb n="122"/><span>slighe is go bhfágtar san tsraith miotail puill de thoirt an bhuinn. </span> <lb n="123"/><span>Bailightear na giotaí miotail agus beirtear go dtí an gléas </span> <lb n="124"/><span>buailte iad. Is gnáthach go mbíonn dá chlódh go gach bonn - </span> <lb n="125"/><span>ceann uachtair agus ceann íochtair. Socruightar an dá chlódh </span> <lb n="126"/><span>san inneal. Cuirtear isteach giota miotail. Iompuighthear roth </span> <lb n="127"/><span>agus tagann an clódh uachtair anuas ar an gceann íochtair. </span> <lb n="128"/><span>Dianfháiscthear eatortha an giota miotail i slighe is go mbain-</span> <lb n="129"/><span>tear as pé deilbh a bhíonn ar an dá chlódh. </span></p> <lb n="130"/> <lb n="131"/><p><span>Má's buinn áirithe atá le déanamh, ní fuláir a ndeilbh a </span> <lb n="132"/><span>ghreanadh ar an tsraith miotail ar dtúis. Bíonn leathdhosaon </span> <lb n="133"/><span>greanadóirí aca ag obair de ghnáith. Tagann duine eile, is </span> <lb n="134"/><span>sábh bheag ana-mhín aige, agus gearann amach na buinn de réir </span> <lb n="135"/><span>mar go greanadh iad. </span></p> <lb n="136"/> <lb n="137"/><p><span>Nuair a bhíd na buinn gearrtha amach, pé aca le sábh nó ar </span> <lb n="138"/><span>an gclódh é, deintear ortha pé tairngtheóireacht nó ornaíd go </span> <lb n="139"/><span>mbíonn gábhadh leis. Uaireanta scríobhtar focail áirithe ortha. </span> <lb n="140"/><span>Cuirtear annsoin go dtí an muileann líomhacháin iad. Bíonn </span> <lb n="141"/><span>beirt fhear i gcomhnuidhe i mbun na hoibre seo. </span></p> <lb n="142"/> <lb n="143"/><p><span>(G.) SNÁTH ÓIR.</span> <lb n="144"/><span>I gcúinne fé leith de mhonarchain Hopcins tá gléas chun </span> <lb n="145"/><span>snáith óir a dhéanamh. Ní míchosmhail le túrainn olna an gléas </span> <lb n="146"/><span>soin. Ní ar nós túirne d'oibrightear é amh. Bíonn bara </span> <lb n="147"/><span>beag cruaidhe ann, agus puill tríd de réir míneacht </span> <lb n="148"/><span>an tsnáith. Cuirtar an bara so i dtathach sa cheann thíos </span> <lb n="149"/><span>den ghléas. Cuirtar giota dhen ór tríd an bpoll. Ar an </span> <lb n="150"/><span>gceann eile den ghleas ta roth feistighthe, agus nuair a castar é </span> <lb n="151"/><span>sin tairngeann sé an snáth tríd an bpoll. Is iomdha saghas </span> <lb n="152"/><span>snáith ann: snáth an t-ochtmhadh cuid d'órdlach ar reimhre agus </span> <lb n="153"/><span>snáth ar chaoile ribe gruaige; snáth leathchruinn i gcóir fáinní, </span> <lb n="154"/><span>agus snáth leathfaobhrach i gcóir dealg. </span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>(I.) SUIM AN SCÉIL. </span> <lb n="157"/><span>I measc na gclódh go mbainid Muinntir Hopcins feidhm </span> <lb n="158"/><span>asta, ní miste a áireamh annso: giotaí a Corn Árdachadh is a </span> <lb n="159"/><span>Crois Chunga; cinnleitreacha a Leabhar Cheanannais; sean-</span></p> </div> <pb n="134"/> <div><lb n="160"/><p><span>dealga agus cruite Bhriain is Dimna - i bhfuirm deilge. N-a </span> <lb n="161"/><span>theannta-san tá clódha aca i gcóir bioráin is slabhraidhe, sigirlíní </span> <lb n="162"/><span>is fáisceáin chreasa, agus rl. Cuirtear ornáideacht Ghaedhlach ortha-</span> <lb n="163"/><span>san go léir. </span></p> <lb n="164"/> <lb n="165"/><p><span>Bíonn gasra mhaith d'fhearaibh aca i gcomhnuidhe ag deisiughadh </span> <lb n="166"/><span>uaradóirí is clog, agus seomraí móra oscailte aca chun oibre. </span> <lb n="167"/><span>Tá ionad suidhte ar áilleacht ag na greanadóiríbh. Bíd aghaidh </span> <lb n="168"/><span>le gréin furmhór an lae, agus is maith an congnamh dóibh an </span> <lb n="169"/><span>deaghsholus. </span></p> <lb n="170"/> <lb n="171"/><p><span>TÓRNA.</span></p> <lb n="172"/> <lb n="173"/><p><span>TAGRA.</span></p> <lb n="174"/> <lb n="175"/><p><span>(a). Gabha geal, a silversmith. Cearda gaoil, cognate trades.</span></p> <lb n="176"/> <lb n="177"/><p><span>(b). Fear gorm, Ethiopian. Mionchlocha, pebbles. Ionbhuailte, malleable.</span> <lb n="178"/><span>Snoighe, chasing; greannadh, engraving, shaping; gréasadh, ornamenting, emboss-</span> <lb n="179"/><span>ing. Tuambaí na bhForann, the tombs of the Pharaohs. Fuirm aiceanta, nature</span> <lb n="180"/><span>form. Na hÉdruscaigh, the Etruscans.</span></p> <lb n="181"/> <lb n="182"/><p><span>(c.) Go raibh d'fheabhus, such was the perfection. Seódlann (prond. seóll-</span> <lb n="183"/><span>ann), Museum. Líneáil datha, enamelling. Ceárduidheacht fé leith, a special or</span> <lb n="184"/><span>distinct art Ornáideacht, ornamentation. "Péistíní" agus "trumpaí" the</span> <lb n="185"/><span>animal and trumpet designs of Irish ornamentation.</span></p> <lb n="186"/> <lb n="187"/><p><span>(d.) Leaghadh, melt. N-a codchaibh, into divisions. An t-inneal gaile, the</span> <lb n="188"/><span>steam engine. Ag teacht ar aon dul, getting into a uniform groove. Furmhór</span> <lb n="189"/><span>an leithleachuis, most of the distinctive character.</span></p> <lb n="190"/> <lb n="191"/><p><span>(e.) Ullmhughchán, preparatory work. Múnlaí, moulds. Do thanughadh, to </span> <lb n="192"/><span>flatten.</span></p> <lb n="193"/> <lb n="194"/><p><span>(f.) Buinn, "medals." Na hinnil is déadnaighe, i the most up-to-date machin-</span> <lb n="195"/><span>ery. Clódh, a "die." Inneal aibhleach , an electric motor. Muileann tanughcháin,</span> <lb n="196"/><span>a flattening-mill. Fan a faid, along its length. Deilbh, shape, outline. Muil-</span> <lb n="197"/><span>eann buailte, "stamping press." Buinn áirithe, special medals. Greanadh, act</span> <lb n="198"/><span>of engraving. Greanadóir, engraver. Sábh, a saw. Tairngtheóireacht, desingn-</span> <lb n="199"/><span>ing, drawing. Muileann líomhacháin, polishing "lathe."</span></p> <lb n="200"/> <lb n="201"/><p><span>(g.) Monarcha, factory, workshop. Snáth, wire. Ní míchosmhail le, it is some-</span> <lb n="202"/><span>thing like. Bara beag cruaidhe, a little steel bar. Cuirtar i dtathach i, is fixed</span> <lb n="203"/><span>into. Snáth leathchruinn, half-circular wire. Snáth leathfaobhrach, "knife-edge"</span> <lb n="204"/><span>wire. Dealg, a brooch.</span></p> <lb n="205"/> <lb n="206"/><p><span>(i.) Suim, summing-up. Sigirlíní, pendants. Faisceáin chreasa, belt clasps.</span> <lb n="207"/><span>Ionad suidhte, position. Bíd aghaidh le gréin, they face the sun.</span></p> <lb n="208"/> <lb n="209"/><p><span>Caithréim. "D'ériigh sé de lá go n-a lántsoilse. D'iarr sé déirc na</span> <lb n="210"/><span>trócaire, no munar iarr do leig dó. Tharraing sé air a stocaí beárrtha bána</span> <lb n="211"/><span>is a bhróga beárrtha dubha. Do scríbh ar bhárr a scéithe gurab é féin sás cóir</span> <lb n="212"/><span>agus cirt a bhaint amach agus gan cóir ná ceart do thabhairt uaidh. D'imthigh</span> <lb n="213"/><span>sé air de sna coiscéimibh is séimhe (?) saighdiúra do bhí sa tseanaimsir lem</span> <lb n="214"/><span>linn féin, sé sin, cnoc de léim, faill de choiscéim agus páirc bhán de</span> <lb n="215"/><span>chosabocóid."</span></p> <lb n="216"/> <lb n="217"/><p> <lb n="218"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services