Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. III. - Gaibhneacht Gheal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



III. - GAIBHNEACHT GHEAL.



(A.) COMHACHTA AN DÚTHCHUIS.
Déanfad gearr-chunntus a scríobhadh an taca so ar obair an
ghabha ghil. Sean-cheárd i nÉirinn é sin, ach dálta a lán de
cheardaibh dúthchuis na nGaedheal bhí sí imthighthe nach mór i ndísc
go dtí gur thosnuigh an aithbheódhchant ar an dteangain. Tá
aithbheódhchant dá réir ag teacht ar ghaibhneacht ghil is ar a cear-
daibh gaoil go mbídís ar sinsir oilte ina dtaithighe. Sé
leónughadh Dé - moladh go deó leis - don daonnuidhe, gur de
réir mar oibrigheann sé as a ghustal féin seadh bhíonn rath ó Dhia
ar a shaothar agus cáil fé leith air um chumadóireacht i measc
cineadhach ealadhnta an domhain. Is follus go leór fírinne na
cainnte sin a cúrsaíbh gaibhneacht gile na hÉireann. An fhaid a
bhí sí ar a bonnaibh féin, do shaothruigh sí cáil i dtaobh airgid is
óir d'oibriughadh. Ní túisce tháinig an t-iasacht fá mheas aici ná
b'iúd ar teicheadh uaithi idir chéird is ealadhain. Fillfid arís de
réir mar do sheachnann sí an coimhightheach is mar do chlaoidheann
le na dúthchus ceart féin.



(B.) STAIR NA CÉIRDE.
D'fhás an chéird ar dtúis as an dúil a bhíonn ag an uile
dhuine i n-ornáidíbh. Tá an tréith seo coitcheanta ar fuaid an
domhain; bíonn sí i ríghthibh is i n-uaislibh, sa bhocht is sa saidhbhir,
sa bhfear gorm is san nEórpach. Bhí soin amhlaidh ó thosach an
domhain, agus beidh mar sin go Lá an tSléibhe. Ar dtúis do-
ghníthí usáid de mhion-chlochaibh, de chnóithibh is de mheas crann.
Deirthear gur bh'é an t-ór an chéad mhiotal go ndearnadh usáid
de chun ornáidí. Sé is túisce do fríoth as an dtalamh; agus sé
is túisce go bhfuil trácht air i sean-eachtraidhibh.



Ar dtúis do-gheibhtí an t-ór n-a ghráinníbh is n-a mhionch-
lóchaibh. Do ceangaltaí as a chéile iad-san le sreangaibh.



N-a dhiaidh-san fuarthas amach go raibh an t-ór "ionbhuailte,"
.i. go mb'fhéidir é oibriughadh acht gabháil d'ordaibh air. Úird
cloiche do cleachtaí ar dtúis.


L. 131


Do b'fhada go bhfuarthas amach go mb'fhéidir na gráinní is na
mionchlocha óir a leaghadh, ionnus go mbeadh cnapán maith óir ag
dúine chun oibriughadh air.



Nuair a bhí soin ar eólus ag daoinibh agus taithighe aca ar
úirlisíbh iarainn, do ceapadh snoighe agus greanadh agus gréasadh.



As na seodaibh do-gheibhtear i dtuambaíbh is i mbogachaibh,
agus rl., is féidir tuairim a dhéanamh den chuma nar fhás an chéird
ar fuid an domhain. I dtuambaíbh na bhForann san Éigipt do-
gheibhtear ornáidí garbh go leór. Bhíodar na sean-Ghréagaigh
oilte go maith ar airgead is ar ór d'oibriughadh. Do chleacht-
adar súd fuirm aiceanta ceárduidheachta, i slighe is go dtáinig
feabhus mór ar an gcéird dá bhárr. Cine eile go raibh ainm
mhór ortha sa chéird seo b'eadh na hÉdruscaigh. Ó sna Gréagaigh
d'fhoghluim na Rómhánaigh an chéird, agus tríd na Rómhánaigh
tháinig sí anuas chughainn-na.



(C.) I MEASC NA nGAEDHEAL.
Do b'fhéidir a lán do scríobhadh ar dhálaibh na céirde seo i
measc na nGaedheal. Ní beag dhúinn anois a rádh go raibh
d'fheabhus uirthi annso tráth go dteipfeadh ar an nGréig an lá do
b'fhearr a bhí sí é shárughadh. Bhí ceárda na nGaedheal oilte ar
gach ar bhain le na gcéird. Téigheadh duine isteach sa Seód-
lainn i mBaile Átha Cliath. Chífidh sé ann somplaí fóghanta de
ghreanadh, de shnoighe, de líneáil datha, d'obair filigré, agus
d'obair niello. Do deineadh usáid díobh-san go léir coitcheanta
i nÉirinn fadó. B'é rud a tháinig as soin gur fhás i measc na
nGaedheal ceárduidheacht fé leith go mb'fhéidir é chur i gcom-
práid le hobair tíre ar bith. Maidir le hornáideacht, tá buadh
fé leith faghta ag Gaedhlaibh innti-sin. Bíodh ná deaghamair le
haiceantacht na nGréag, is fada go sáróghthar "péistíní" agus
"trumpaí" na nGaedheal, má sáróghthar go bráth. Ní hiongnadh
go mbeimís mórdhálach a Crois Chunga is a Corn Árdachadh. Ní
féidir a samhail eile a dhéanamh indiu. Ní féidir a mbárr
d'fhagháil thíos ná thuas.



(D.) AN CHÉIRD FÉ LÁTHAIR.
Fadó nuair a chuireadh cearduighe roimhe earradh a dhéanamh,
do leaghadh sé féin an t-ór dó féin. É féin a bhuaileadh amach


L. 132


n-a dhiaidh-san; é féin do-ghníodh greanadh agus snoighe air; é
féin a chuireadh líneáil is ornáidí air. Ní mar sin atá an scéal
anois. Bíonn gach obair fé leith aca-san fé chúram duine
amháin, nó gasra daoine. Tá an chéird roinnte n-a codchaibh i
slighe is ná bíonn sí ina hiomláine ag aon duine. N-a theannta
soin, deineann an t-inneal gaile fé láthair mórchuid den obair
do-ghníthí le saothar láimhe fádó. Dá dheascaibh sin tá an chéird
ag teacht ar aon dul ar fuaid an domhain, agus í ag caille-
amhaint furmhór an leithleachais a bhí saothruighthe ag cineadhchaibh
áirithe.



(E.) TIGH MHUINNTIR HOPCINS.
Is fearra dhúinn bualadh isteach i dtigh Mhuinntir Hopcins i
mBaile Átha Cliath, agus chífam annsoin ceárduidhthe ag obair ar
gach a mbaineann leis an gcéird. Gheobham cead ár gcos ó
Risteárd Hopcins, an fear gur leis an tigh; agus tiocfaidh
chughainn Diarmaid Ó Laoghaire chun gach nídh a mhíniughadh dhúinn i
nGaedhilg bhlasta.



Thíos i mbun an tighe a deintear an t-ullmhughchán. Tá coire
annsúd chun miotail a leaghadh. Curtar cnapán óir isteach ann,
agus i gcionn ocht nóimeat beidh se leaghta. Geas agus aer a
séidtar féidh. Doirtthear an miotal leaghta so as an gcoire i
múnlaíbh de gach saghas. Táid muilte ann i gcóir baraí óir agus rl.,
a thanughadh is a ghearradh, a bhualadh is a líomhadh.



(F.) BUINN GHAEDHLACHA ÓIR.
Tá ainm mhór amuigh ar Mhuinntir Hopcins i dtaobh aithris ar
sheancheárduidheacht na nGaedheal, agus deinid buinn is cuirn is
uirlisí dá sórd ar na hinnealaibh is déadhnaighe go bhfuil fagháil
ortha. Tá suas le cúig céad clódh déanta aca i gcóir na
n-earraidhe nGaedhlach so. Tá gléas n-a shuidhe aca chun na
gclódh soin d'oibriughadh agus inneal aibhleach ghá thiomáint.
Dhéanfadh súd na mílte bonn a ghearradh i n-aon lá amháin. Táid
na buinn úd an-oireamhnach i gcóir feiseann is iomaidheachta
báire is peile.



Is amhlaidh a cuirtar bara miotail tríd an muileann tanugh-
cháin ar dtúis. Leantar de sin go mbíonn sé ar an dtoirt nó
ar an ndoimhneacht atá riachtanach. Bíonn sé n-a shraith chaoil


L. 133


annsoin. Scaoiltear an tsraith tríd an muileann gearrtha.
Gearrann soin aisti, fan a faid, deilbh an bhuinn timcheall, i
slighe is go bhfágtar san tsraith miotail puill de thoirt an bhuinn.
Bailightear na giotaí miotail agus beirtear go dtí an gléas
buailte iad. Is gnáthach go mbíonn dá chlódh go gach bonn -
ceann uachtair agus ceann íochtair. Socruightar an dá chlódh
san inneal. Cuirtear isteach giota miotail. Iompuighthear roth
agus tagann an clódh uachtair anuas ar an gceann íochtair.
Dianfháiscthear eatortha an giota miotail i slighe is go mbain-
tear as pé deilbh a bhíonn ar an dá chlódh.



Má's buinn áirithe atá le déanamh, ní fuláir a ndeilbh a
ghreanadh ar an tsraith miotail ar dtúis. Bíonn leathdhosaon
greanadóirí aca ag obair de ghnáith. Tagann duine eile, is
sábh bheag ana-mhín aige, agus gearann amach na buinn de réir
mar go greanadh iad.



Nuair a bhíd na buinn gearrtha amach, pé aca le sábh nó ar
an gclódh é, deintear ortha pé tairngtheóireacht nó ornaíd go
mbíonn gábhadh leis. Uaireanta scríobhtar focail áirithe ortha.
Cuirtear annsoin go dtí an muileann líomhacháin iad. Bíonn
beirt fhear i gcomhnuidhe i mbun na hoibre seo.



(G.) SNÁTH ÓIR.
I gcúinne fé leith de mhonarchain Hopcins tá gléas chun
snáith óir a dhéanamh. Ní míchosmhail le túrainn olna an gléas
soin. Ní ar nós túirne d'oibrightear é amh. Bíonn bara
beag cruaidhe ann, agus puill tríd de réir míneacht
an tsnáith. Cuirtar an bara so i dtathach sa cheann thíos
den ghléas. Cuirtar giota dhen ór tríd an bpoll. Ar an
gceann eile den ghleas ta roth feistighthe, agus nuair a castar é
sin tairngeann sé an snáth tríd an bpoll. Is iomdha saghas
snáith ann: snáth an t-ochtmhadh cuid d'órdlach ar reimhre agus
snáth ar chaoile ribe gruaige; snáth leathchruinn i gcóir fáinní,
agus snáth leathfaobhrach i gcóir dealg.



(I.) SUIM AN SCÉIL.
I measc na gclódh go mbainid Muinntir Hopcins feidhm
asta, ní miste a áireamh annso: giotaí a Corn Árdachadh is a
Crois Chunga; cinnleitreacha a Leabhar Cheanannais; sean-


L. 134


dealga agus cruite Bhriain is Dimna - i bhfuirm deilge. N-a
theannta-san tá clódha aca i gcóir bioráin is slabhraidhe, sigirlíní
is fáisceáin chreasa, agus rl. Cuirtear ornáideacht Ghaedhlach ortha-
san go léir.



Bíonn gasra mhaith d'fhearaibh aca i gcomhnuidhe ag deisiughadh
uaradóirí is clog, agus seomraí móra oscailte aca chun oibre.
Tá ionad suidhte ar áilleacht ag na greanadóiríbh. Bíd aghaidh
le gréin furmhór an lae, agus is maith an congnamh dóibh an
deaghsholus.



TÓRNA.



TAGRA.



(a). Gabha geal, a silversmith. Cearda gaoil, cognate trades.



(b). Fear gorm, Ethiopian. Mionchlocha, pebbles. Ionbhuailte, malleable.
Snoighe, chasing; greannadh, engraving, shaping; gréasadh, ornamenting, emboss-
ing. Tuambaí na bhForann, the tombs of the Pharaohs. Fuirm aiceanta, nature
form. Na hÉdruscaigh, the Etruscans.



(c.) Go raibh d'fheabhus, such was the perfection. Seódlann (prond. seóll-
ann), Museum. Líneáil datha, enamelling. Ceárduidheacht fé leith, a special or
distinct art Ornáideacht, ornamentation. "Péistíní" agus "trumpaí" the
animal and trumpet designs of Irish ornamentation.



(d.) Leaghadh, melt. N-a codchaibh, into divisions. An t-inneal gaile, the
steam engine. Ag teacht ar aon dul, getting into a uniform groove. Furmhór
an leithleachuis, most of the distinctive character.



(e.) Ullmhughchán, preparatory work. Múnlaí, moulds. Do thanughadh, to
flatten.



(f.) Buinn, "medals." Na hinnil is déadnaighe, i the most up-to-date machin-
ery. Clódh, a "die." Inneal aibhleach , an electric motor. Muileann tanughcháin,
a flattening-mill. Fan a faid, along its length. Deilbh, shape, outline. Muil-
eann buailte, "stamping press." Buinn áirithe, special medals. Greanadh, act
of engraving. Greanadóir, engraver. Sábh, a saw. Tairngtheóireacht, desingn-
ing, drawing. Muileann líomhacháin, polishing "lathe."



(g.) Monarcha, factory, workshop. Snáth, wire. Ní míchosmhail le, it is some-
thing like. Bara beag cruaidhe, a little steel bar. Cuirtar i dtathach i, is fixed
into. Snáth leathchruinn, half-circular wire. Snáth leathfaobhrach, "knife-edge"
wire. Dealg, a brooch.



(i.) Suim, summing-up. Sigirlíní, pendants. Faisceáin chreasa, belt clasps.
Ionad suidhte, position. Bíd aghaidh le gréin, they face the sun.



Caithréim. "D'ériigh sé de lá go n-a lántsoilse. D'iarr sé déirc na
trócaire, no munar iarr do leig dó. Tharraing sé air a stocaí beárrtha bána
is a bhróga beárrtha dubha. Do scríbh ar bhárr a scéithe gurab é féin sás cóir
agus cirt a bhaint amach agus gan cóir ná ceart do thabhairt uaidh. D'imthigh
sé air de sna coiscéimibh is séimhe (?) saighdiúra do bhí sa tseanaimsir lem
linn féin, sé sin, cnoc de léim, faill de choiscéim agus páirc bhán de
chosabocóid."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services