SINN FÉIN.
Táimíd ana-bhuidheach de sna daoinibh do scríb chughainn, ag 
moladh an IRISLEABHAIR nua.  Bhí páipéar an chéad uimhir 
buille tanaidhe acht déanfar soin do leigheas i ndiaidh ar ndiaidh. 
Is deacair teacht ar gach nídh i bhfochair a chéile.  Do pháipéarthaibh 
na Gaedhilge is na Gaedhltacht is dual ár mbuidheachus leis. 
Táid ag cabhrughadh linn go maith.  Déanfam ár ndícheall chun a 
chúiteamh leó. 
D'oirfadh dhúinn breis cheannach a chur ar an IRISLEABHAR. 
Chuige sin beidh ár mbraith go léir ar ár léightheóiríbh.  Do bheimís 
fá chomaoin mhóir ag gach duine do chuirfeadh chughainn ainm dhuine 
eile a bheadh toilteannach ar an IRISLEABHAR cheannach i 
n-aghaidh na bliadhna.  Deineadh gach duine trácht — os íseal agus 
os árd - ar an IRISLEABHAR.  Bíodh a fhios ag an saoghal go 
bhfuil a leithéid ann.  Sin mar is mó do b'fhéidir linn maitheas 
do dhéanamh. 
Molaimíd dár léightheóiríbh na daoine go bhfuil fógraí uatha 
sa pháipéar so.  Is ceart dúinn cabhrughadh le sna daoinibh atá 
ag cabhrughadh linne.  Mara mbeadh na fógraí atá againn ní 
fhéadfadh an tIRISLEABHAR seasamh ar feadh bliadhna.  Ní 
bhfuigheam fógraí mara mbíonn a fhios ag lucht siopaí go ndéan-
faidh fógraí maitheas dóibh.  Ar ár léightheóiríbh a théidheann sé, 
soin a chur i n-umhail dóibh.  Nuair a bhír ag ceannach ó dhuine 
aca, a léightheóir, nó ag sgríobhadh chun duine aca ná dearmhaid 
gan ainm an pháipéir seo do luadh.