Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN.



Táimíd ana-bhuidheach de sna daoinibh do scríb chughainn, ag
moladh an IRISLEABHAIR nua. Bhí páipéar an chéad uimhir
buille tanaidhe acht déanfar soin do leigheas i ndiaidh ar ndiaidh.
Is deacair teacht ar gach nídh i bhfochair a chéile. Do pháipéarthaibh
na Gaedhilge is na Gaedhltacht is dual ár mbuidheachus leis.
Táid ag cabhrughadh linn go maith. Déanfam ár ndícheall chun a
chúiteamh leó.



D'oirfadh dhúinn breis cheannach a chur ar an IRISLEABHAR.
Chuige sin beidh ár mbraith go léir ar ár léightheóiríbh. Do bheimís
fá chomaoin mhóir ag gach duine do chuirfeadh chughainn ainm dhuine
eile a bheadh toilteannach ar an IRISLEABHAR cheannach i
n-aghaidh na bliadhna. Deineadh gach duine trácht — os íseal agus
os árd - ar an IRISLEABHAR. Bíodh a fhios ag an saoghal go
bhfuil a leithéid ann. Sin mar is mó do b'fhéidir linn maitheas
do dhéanamh.



Molaimíd dár léightheóiríbh na daoine go bhfuil fógraí uatha
sa pháipéar so. Is ceart dúinn cabhrughadh le sna daoinibh atá
ag cabhrughadh linne. Mara mbeadh na fógraí atá againn ní
fhéadfadh an tIRISLEABHAR seasamh ar feadh bliadhna. Ní
bhfuigheam fógraí mara mbíonn a fhios ag lucht siopaí go ndéan-
faidh fógraí maitheas dóibh. Ar ár léightheóiríbh a théidheann sé,
soin a chur i n-umhail dóibh. Nuair a bhír ag ceannach ó dhuine
aca, a léightheóir, nó ag sgríobhadh chun duine aca ná dearmhaid
gan ainm an pháipéir seo do luadh.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services