Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.</title><author><persName>Féach ainm cleite</persName></author><author><addName type="alias">Tórna</addName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG18-11528</note> <note type="L">63</note> <note type="B">1908</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Feabhra, 1908</date><idno>IG18-11528</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">18</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Féach ainm cleite</author><title>Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Feabhra, 1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Déantúisí Gaedhlacha.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>II. — AN PHOIPLÍN.</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>(A). A STAIR.</span></p> <lb n="5"/> <lb n="6"/><p><span>Cad as go dtáinig an ainm "Poiplín"? Ní annsa. Baile </span> <lb n="7"/><span>mór darab ainm Poperinghe, atá sa bhFlóndras i dtír na </span> <lb n="8"/><span>bPléimeann; sean-ainm don mbaile chéadna is eadh Popeling, </span> <lb n="9"/><span>agus deir "drong le seanchus" gur ón sean-ainm sin do tháinig </span> <lb n="10"/><span>an focal "Poiplín". Is móide is inmheasta fírinne an tsean-</span> <lb n="11"/><span>chuis sin, de bhrígh gur baile le figheadóireacht Poperinghe ó </span> <lb n="12"/><span>aimsir imchéin gus an ló indiu. Baineann sé le deallramh gur </span> <lb n="13"/><span>i bPoperinghe do tosnuigheadh ar an bPoiplín d'fhighe ar dtúis. </span> <lb n="14"/><span>As so do leath an chéird ar fuid ceanntrach áirithe sa bhFraingc. </span> <lb n="15"/><span>Le linn an tsémhadh aois déag is an tseachtmhadh aois déag nuair </span> <lb n="16"/><span>a bhítí ag malartughadh creidimh chomh tiugh le grean, mórchuid </span> <lb n="17"/><span>d'fhigheadóiríbh na Fraingce do ghabhadar páirt le sna Huguenots. </span> <lb n="18"/><span>I ndeireadh na preibe do hionnarbadh as an bhFraingc iad agus </span> <lb n="19"/><span>an dream do b'fhearr ortha-san, chuireadar fútha, i mbliadhain a </span> <lb n="20"/><span>1685, ar an dtaobh thiar de chathair Bhaile Átha Cliath, ar shaor-</span> <lb n="21"/><span>fhearann a thug Iarla na Midhe an uair sin dóibh. Saor-fhearann </span> <lb n="22"/><span>nó Liberties atá ar an áit sin ó shoin. Tá rian na Huguenots </span> <lb n="23"/><span>fós ar na sean-tightibh is ar a lán nidhthe san mball gcéadna, i </span> <lb n="24"/><span>slighe is go mb'fhéidir aiste fé leith a scríobhadh ortha. Ar shon go </span> <lb n="25"/><span>ndeintí sa bhFraingc earradh éigin ba chosmhail leis an bpoiplín, </span> <lb n="26"/><span>ní'l pioc dá mhearaidhe orainn ná gur d'éis teacht go hÉirinn do </span> <lb n="27"/><span>sna figheadóiríbh do cuireadh deis ar an gcéird agus do tugadh </span> <lb n="28"/><span>chun críche an earradh mhín seo go dtugtar Poiplín Ghaedhlach air. </span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>D'éis cur fútha i mBaile Átha Cliath do chrom na figheadóirí </span> <lb n="31"/><span>ar a lán earraidhe a dhéanamh, chomh maith leis an bpoiplín. Do </span> <lb n="32"/><span>dheinidís, síoda agus bheilbhit, éadaighe olna agus fighghréasa, ar </span> <lb n="33"/><span>chuma go raibh árdchlú ar Bhaile Átha Cliath i dtaobh na n-earraidhe </span> <lb n="34"/><span>sin. Acht aithearrach faiseann agus faireachán is formud riaghal-</span> <lb n="35"/><span>tuis Shasana d'imireadar an donus ortha. Tuairim is deiread </span> <lb n="36"/><span>an ochtmhadh aois déag do bhíodar go léir imthighthe i ndísc acht </span> <lb n="37"/><span>amháin an phoiplín. Ar chuma éigin, níor bh'fhéidir é sin a mhúchadh. </span> <lb n="38"/><span>A fheabhus a bhí an earradh féin agus a liacht eólus ealadhnta a </span></p> </div> <pb n="64"/> <div><lb n="39"/><p><span>bhaineann leis an gcéird fé ndeara nár cuireadh an cadhbáis air. </span> <lb n="40"/><span>Ba mhinic a bhí i ndeireadh an anma, agus bhítí ag ullmhughadh chun </span> <lb n="41"/><span>a chaointe; acht thagadh atharrughadh i bhfaiseannaibh éadaigh, agus </span> <lb n="42"/><span>d'éirigheadh sé arís. Le déidheannaighe ámh, tá a mhalairt de </span> <lb n="43"/><span>thuairisc le hinnsint n-a thaobh. Fuarthas amach ná raibh a bhárr </span> <lb n="44"/><span>le fagháil chun carbhataí agus nidhthe den tsórd soin. Táid </span> <lb n="45"/><span>daoine i gcoitchinne ag dul i n-a taithighe, agus ní bhíonn a braith </span> <lb n="46"/><span>a thuilleadh ar ghoithíbh éigcinnte ban teidil ná banríoghan. </span></p> <lb n="47"/> <lb n="48"/><p><span>(B). NA hEARRAIDHE DÁ nDEINTAR É.</span></p> <lb n="49"/> <lb n="50"/><p><span>Sara gcuiread síos ar an gcuma n-a ndeintar an phoiplín </span> <lb n="51"/><span>b'fhéidir nár mhiste dham beagán a rádh ar an earraidh sin féin, </span> <lb n="52"/><span>ar a thréithibh is ar na hearaidhibh dá ndeintar é. </span></p> <lb n="53"/> <lb n="54"/><p><span>Éadach is eadh an Phoiplín a deintar de shíoda is d'olainn is </span> <lb n="55"/><span>iad fighte i n-a chéile. Ní fuláir togha síoda agus togha olna </span> <lb n="56"/><span>chuige. Éadach mín bog lonnrach lán-tsaidhbhir is eadh é. An </span> <lb n="57"/><span>síoda do-bheir saidhbhir lonnrach é; an olann a thugann an mhíne </span> <lb n="58"/><span>is an bhuige dhi; iad araon ar-n-a bhfighe i gcothrom 's i gceart </span> <lb n="59"/><span>ann fé ndeara an teilgean a baintear as a caitheamh. </span></p> <lb n="60"/> <lb n="61"/><p><span>Ón tSín do thagann furmhór an tsíoda. Ní faghtar an ear-</span> <lb n="62"/><span>radh soin i nÉirinn ar shon gurab é tuairim daoine atá oilte </span> <lb n="63"/><span>ar an ngnó gur féidir cnumh an tsíoda a chothughadh is a choimeád i </span> <lb n="64"/><span>mballaibh áirithe i ndeisceart Chúige Mumhan. D'fhásfadh an </span> <lb n="65"/><span>crann maoildhearg n-a sheódh ann. Badh dhóigh liom gur bh'fhiú dhon </span> <lb n="66"/><span>Dipartmint é seo a thréail i bhfochair na bprátaí luatha is an </span> <lb n="67"/><span>tobac. Sa bhFraingc is san Iodáil is iad bantrach an tighe a </span> <lb n="68"/><span>bhíonn i mbun na hoibre seo. An iomad dár gcailíní-na a </span> <lb n="69"/><span>théidheann tar sáile nó a bhíonn dá ndalladh age lásaí beag-</span> <lb n="70"/><span>thairbhe. </span></p> <lb n="71"/> <lb n="72"/><p><span>Ón Austráil a thagann an olann. Olann Bhotaní nó olann </span> <lb n="73"/><span>Mherino an ainm atá uirthi. Is amhlaidh cuirtar an olann ar </span> <lb n="74"/><span>luingeas go Lunndain is díoltar annsoin í ar ceant. Ceannuigh-</span> <lb n="75"/><span>eann gach duine an méid is dóigh leis a theastuigheann uaidh. Sé </span> <lb n="76"/><span>an truagh nach féidir úsáid a dhéanamh d'olainn na hÉireann. </span> <lb n="77"/><span>Tá sí rógharbh, agus ní fuláir don abhrus a bheith ar mhíneacht an </span> <lb n="78"/><span>domhain. Caithtar í thiomáint tré sholus gasa chun na guairighe a </span> <lb n="79"/><span>dhóghadh dhi. </span> <lb n="80"/></p> </div> <pb n="65"/> <div><lb n="81"/><p><span>(C). DATHUGHADH.</span></p> <lb n="82"/> <lb n="83"/><p><span>N-a scáinníbh abhruis seadh do-gheibhtear an síoda is an olann. </span> <lb n="84"/><span>Bíd na scáinní seo déanta suas i mbeartaibh. Innfhiúchtar agus </span> <lb n="85"/><span>mionscrúduighthear gach scáinne síoda dá mbíonn ann, agus </span> <lb n="86"/><span>cuirtar i n-eagar iad de réir a míneacht. Ní fuláir na scáinní </span> <lb n="87"/><span>a mheadhchaint anois i gcóir an dlúith .i. an snáth a ghabhann tré </span> <lb n="88"/><span>fhaid an éadaigh. Bíonn meadhchant fé leith i gcóir gach dlúith, de </span> <lb n="89"/><span>réir fhaid an phíosa éadaigh. Cuirtar na scáinní annsoin dá </span> <lb n="90"/><span>ndathughadh. Beirbhthear an síoda i gcoire uisce go mbíonn </span> <lb n="91"/><span>galamhnach leaghta tríd, agus fágtar ag beirbhadh ar feadh a </span> <lb n="92"/><span>ceathair nó a cúig d'uairibh an chluig é. Baineann soin dé an </span> <lb n="93"/><span>croiceann cruaidh a bhíonn air. Cailleann sé timcheall is an </span> <lb n="94"/><span>ceathramhadh chuid dá mheadhchant, agus nuair tógtar as an gcoire </span> <lb n="95"/><span>é bíonn sé ar dhath an uachtair, agus é ar mhíne do mhothóghfá ar </span> <lb n="96"/><span>éigin idir do mhéireannaibh. Beirbhthear agus nightar an t-abhrus </span> <lb n="97"/><span>olna ar an gcuma gcéadna nach mór. San inneach a cuirtear </span> <lb n="98"/><span>an snáth olna. I gcóir an dathughcháin, bíd coirí mhóra annsúd </span> <lb n="99"/><span>agus iad ag síor-bheiriughadh. Bíonn meascán fé leith i gcóir </span> <lb n="100"/><span>gach datha. Crochtar de mhaide na scáinní abhruis is sáithtear sa </span> <lb n="101"/><span>choire iad. Coimeádtar ann iad go dtagann ortha an ghné datha </span> <lb n="102"/><span>is mian le duine. Ní'l gné datha fén spéir nach féidir d'fhagháil </span> <lb n="103"/><span>ortha. Nuair a bhíd dathuighthe a ndóthain deintar iad do thíoradh </span> <lb n="104"/><span>os cionn teine. </span> <lb n="105"/><span> </span> <lb n="106"/><span>(D). AN tINNEACH.</span></p> <lb n="107"/> <lb n="108"/><p><span>Sé rud an t-inneach ná an snáth a ghabhann ó thaobh taobh san </span> <lb n="109"/><span>éadach. Snáth olna a cuirtar i n-inneach poiplíneach. D'éis an </span> <lb n="110"/><span>snáth a dhathughadh agus a thíoradh beirtear é go dtí gléas atá </span> <lb n="111"/><span>ana-chosmhail le túrainn olna. Deineann an túrann so an </span> <lb n="112"/><span>t-abhrus a thochruis ar fhiteánaibh beaga. Is amhlaidh bhíd na </span> <lb n="113"/><span>fiteáin seo agus iad ar n-a ndéanamh de pháipéar cárta, agus </span> <lb n="114"/><span>poll tríotha, mar bheadh timcheall is dhá órdlach go leith do gearr-</span> <lb n="115"/><span>faidhe de dheócán. Tochruistear roinnt áirithe den abhrus ar gach </span> <lb n="116"/><span>fiteán aca soin. Nuair a bhíonn ádhbhar an innigh tochruiste ar </span> <lb n="117"/><span>na fiteánaibh, beirtear chun an tseóil iad. Tógtar fiteán aca. </span> <lb n="118"/><span>Sáithtear tríd an bpoll dol iarainn, agus cuirtar isteach sa </span> <lb n="119"/><span>spól é. Féadann an fiteán casadh timcheall istigh sa spól, agus </span></p> </div> <pb n="66"/> <div><lb n="120"/><p><span>an dol a choimeádan daingean istigh é. Tá an t-inneach ullamh </span> <lb n="121"/><span>anois don bhfigheadóir. </span></p> <lb n="122"/> <lb n="123"/><p><span>(E). AN DLÚTH.</span></p> <lb n="124"/> <lb n="125"/><p><span>An snáth síoda a théidheann sa dlúth. Sara gcuirtear ar an </span> <lb n="126"/><span>gcrann dealbha é, is éigin é thochruis ar fhiteánaibh. Bíd na </span> <lb n="127"/><span>fiteáin sin ar nós na bhfiteán snáith do chífidhe ag mnáibh tighe fé </span> <lb n="128"/><span>ghabhshnáth, acht go mbeidís b'fhéidir beagán níos mó 'ná iad. Seo </span> <lb n="129"/><span>mar dheintar an tochruis: Tá gléas annsúd, go bhfuil air a lán </span> <lb n="130"/><span>de chliabhaibh adhmaid agus iad ag casadh timcheall mar bheadh </span> <lb n="131"/><span>rothanna. Ar aghaidh na gcliabh soin tuas tá bara iarainn go </span> <lb n="132"/><span>gcuirtear na fiteáin air. Bíonn an bara so ag casadh timcheall </span> <lb n="133"/><span>leis. Ar gach cliabh cuirtar scáinne den tsnáth mar do chífá </span> <lb n="134"/><span>scáinne d'abhrus olna ar dhruim cathaoireach ag mnaoi fén </span> <lb n="135"/><span>dtuaith. Nuair cuirtar an gléas ar siubhal, tochruistar an snáth </span> <lb n="136"/><span>síoda ar na fiteánaibh. Cailíní a bhíonn i mbun na hoibre seo, </span> <lb n="137"/><span>agus d'fhéadfadh duine amháin aca aire thabhairt do scór fiteán. </span></p> <lb n="138"/> <lb n="139"/><p><span>An chéad rud eile, caithfar an snáth a chur ar an gcrann </span> <lb n="140"/><span>dealbha. Agus cad chuige é sin, adéarfar. Seadh caithfar a </span> <lb n="141"/><span>chur le hais a chéile uimhir áirithe de shnáithíníbh síoda — idir 5,000 </span> <lb n="142"/><span>agus 10,000, de réir mhíneacht is leithead an éadaigh — i gcóir an </span> <lb n="143"/><span>dlúith. Sórd druma mhóir is eadh an crann dealbha. Cuirtar </span> <lb n="144"/><span>fráma i n-a sheasamh le hais balla. Bíd tairngí sáithte annso </span> <lb n="145"/><span>is annsúd ann — abair dafhichid ceann, nó deich gcinn is dafhichid. </span> <lb n="146"/><span>Cuirtear na fiteáin snáith ar na tairngíbh seo. Tugtar le chéile </span> <lb n="147"/><span>cinn na snáithíní agus ceangaltar i n-éinfheacht iad don druma, </span> <lb n="148"/><span>nó don gcrann dealbha. Castar timcheall an crann dealbha. </span> <lb n="149"/><span>Ar an gcuma so tochruistar de sna fiteánaibh agus gabhaid na </span> <lb n="150"/><span>snáithíní timcheall an chrann dealbha go dtí go sroistear an fhaid </span> <lb n="151"/><span>atá riachtanach i gcóir an phíosa éadaigh. Athchastar gluaiseacht </span> <lb n="152"/><span>an chrann dealbha annsoin. Bítar mar sin síos suas an crann </span> <lb n="153"/><span>dealbha go mbíonn oiread snáithíní le chéile is a bhíonn riachtanach </span> <lb n="154"/><span>i gcóir an dlúith. Nuair a baintear den gcrann dealbha, bíonn </span> <lb n="155"/><span>an dlúth mar bheadh téadán, acht gan aon chasadh air. Duine </span> <lb n="156"/><span>ná beadh taithighe aige air, do thabharfadh sé an leabhar go raibh sé </span> <lb n="157"/><span>go léir in' aimhréidh. </span></p> <lb n="158"/> <lb n="159"/><p><span>Cuirtear an "téadán" anois timcheall ar rollaibh beaga </span> <lb n="160"/><span>adhmaid, agus tré chír go mbíonn fiacla práis uirthi. Deineann </span></p> </div> <pb n="67"/> <div><lb n="161"/><p><span>soin na snáithíní a scaradh ó n-a chéile. Cruadhthochruistar an </span> <lb n="162"/><span>dlúth anois ar sparra adhmaid; agus cuirtar an sparra soin in' </span> <lb n="163"/><span>ionad féin ar chúlaibh an tseóil. Tá an dlúth ullamh don </span> <lb n="164"/><span>bhfigheadóir annsoin. </span></p> <lb n="165"/> <lb n="166"/><p><span>(F). AN SEÓL.</span></p> <lb n="167"/> <lb n="168"/><p><span>Gabhann an dlúth ón "sparra" thiar go dtí sparra eile ar </span> <lb n="169"/><span>bhéalaibh an tseóil. Sa aistear sin gabhann gach snáithín den </span> <lb n="170"/><span>dlúth tríd an dtácla agus tré chír cruaidhe, agus cuirtear an </span> <lb n="171"/><span>t-inneach treasna ann. Mar sin, bíonn sé in' éadach ag dul </span> <lb n="172"/><span>timcheall an sparra i mbruinnibh an tseóil. </span></p> <lb n="173"/> <lb n="174"/><p><span>Sa ghnáithsheól, seo mar bhíonn an tácla: bíonn dhá fhráma </span> <lb n="175"/><span>adhmaid ann; i ngach fráma bíonn treasnán os cionn an dlúith, </span> <lb n="176"/><span>agus ceann eile féidh; idir an dá threasnán, mórchuid snáithíní </span> <lb n="177"/><span>cnáibe; i lár buill gach snáithín deintear súil mar bheadh cró </span> <lb n="178"/><span>snáthaide; gabhann snáithín den dlúth tré gach súilín aca-san. </span> <lb n="179"/><span>Bíd na frámaí sin ar ceangal d'uachtar an tseóil i slighe is gur </span> <lb n="180"/><span>féidir leo dul síos suas. Bíonn dhá throghthín i n-aice leis an </span> <lb n="181"/><span>dtalamh thíos ag an bhfigheadóir chun iad d'oibriughadh le na </span> <lb n="182"/><span>chosaibh. </span></p> <lb n="183"/> <lb n="184"/><p><span>Maidir leis an gcír cruaidhe go mbíonn an dlúth tríthi, de </span> <lb n="185"/><span>shnáith shármhín a deintear í. Bíd na fiacail innti timcheall le </span> <lb n="186"/><span>trí órdlach ar fhaid; agus bheadh ó dheich gcinn is trí fichid go dtí </span> <lb n="187"/><span>cheithre fichid ceann aca dhon órdlach innti. Bíonn an chíor soin </span> <lb n="188"/><span>istigh i bhfráma trom, ar crochadh de mhullach an tseóil i slighe is </span> <lb n="189"/><span>gur féidir é luascadh siar is aniar. </span></p> <lb n="190"/> <lb n="191"/><p><span>(G). FIGHEADÓIREACHT.</span></p> <lb n="192"/> <lb n="193"/><p><span>Beireann an figheadóir ar fráma na círeach. Brughann sé </span> <lb n="194"/><span>uaidh amach é. Luigheann sé cos ar cheann de sna troighthíníbh. </span> <lb n="195"/><span>Árduigheann soin ar fráma den dtácla agus ísligheann ar an </span> <lb n="196"/><span>gceann eile. Fágann soin poll treasna an dlúith ar aghaidh na </span> <lb n="197"/><span>círeach. Tríd an bpoll so caitheann an figheadóir an spól agus </span> <lb n="198"/><span>an snáth olna ann. Scaoiltar ar fhráma na círeach; luascann </span> <lb n="199"/><span>sé aleith agus buaileann an t-inneach isteach i gceart. Brughann </span> <lb n="200"/><span>an figheadóir uaidh arís é. Luigheann sé cos ar an dtroighthín </span> <lb n="201"/><span>eile. Árduigheann soin ar an bhfráma den tácla bhí thíos, agus </span> <lb n="202"/><span>ísligheann ar an gceann a bhí thuas. Caithtear an spól treasna </span></p> </div> <pb n="68"/> <div><lb n="203"/><p><span>ón dtaobh eile anois. Agus mar sin dó. Is minic nach fuláir </span> <lb n="204"/><span>an spól a chaitheamh os cionn céad uair chun órdlach éadaigh a </span> <lb n="205"/><span>dhéanamh. N-a theannta san is éigin snáithíní an dlúith a choimeád </span> <lb n="206"/><span>gach ceann aca in' ionad féin. </span></p> <lb n="207"/> <lb n="208"/><p><span>Sin mar oibrightar an gnáithsheól. Chun obair ghréasta a </span> <lb n="209"/><span>dhéanamh ní fuláir tácla ar leith do sholáthar. Deintar soin ar </span> <lb n="210"/><span>ghléas go dtugtar air Seól Jacquard. Caithfar deilbh an éadaigh </span> <lb n="211"/><span>a tharraing ar pháipéar. As soin cuirtear é ar chártaíbh go mbíd </span> <lb n="212"/><span>puill de réir na deilbhe ionnta. Ceangaltar as a chéile na </span> <lb n="213"/><span>cártaí, agus nuair cuirtar sa tseól iad, de réir na bpoll </span> <lb n="214"/><span>ionnta seadh bhíonn árdughadh is ísliughadh an tácla agus snáithíní </span> <lb n="215"/><span>an dlúith. </span></p> <lb n="216"/> <lb n="217"/><p><span>I bhfochair an méid atá churtha síos agam is iomdhó rud do </span> <lb n="218"/><span>b'fhéidir a rádh i dtaobh na poiplíneach, acht ní beag liom de an </span> <lb n="219"/><span>chor so. D'éis í fhighe caithfar í ghléasadh i gcóir an mhargaidh. </span> <lb n="220"/><span>Acht cheana, as an méid atá ráidhte agam is féidir tuairim a </span> <lb n="221"/><span>dhéanamh den obair a bhaineann léi agus den mhéid a raghadh sé </span> <lb n="222"/><span>chun leasa na tíre dá gcuideóghadh muinntir na hÉireann </span> <lb n="223"/><span>d'aontoil leis an ndéantús fíorghaedhlach so. </span></p> <lb n="224"/> <lb n="225"/><p><span>(I). MUINNTIR EILIOT.</span></p> <lb n="226"/> <lb n="227"/><p><span>Táim fé chomaoin mhóir ag Muinntir Eiliot, agus anois an </span> <lb n="228"/><span>t-am is ceart é admháil. Mí ó shoin bhíos chomh dall ar dhálaibh na </span> <lb n="229"/><span>poiplíneach is do bheadh Patagóinteach. Ar an dtaobh amuigh </span> <lb n="230"/><span>dhem charabhat ní aithneoghainn thar an mbréid í. Feicim anois </span> <lb n="231"/><span>cia cuirfidh an dubh n-a gheal orm mar gheall air. </span></p> <lb n="232"/> <lb n="233"/><p><span>An lá fé dheireadh thugas cuaird ar mhonarchain Mhuinntir </span> <lb n="234"/><span>Eiliot. Is ann do fuaireas an t-eólus agus soin le bárr </span> <lb n="235"/><span>cineáltuis. Do thespeáin Tomás Eiliot an áit go léir dam, </span> <lb n="236"/><span>agus do mhínigh dham cionnus a deintar gach nídh. Gaedheal maith </span> <lb n="237"/><span>is eadh Tomás. Gaedhil go léir atá ag obair ann. Is maith a bhí </span> <lb n="238"/><span>sé ar a gcumus ag cuid aca rudaí a mhíniughadh dham i nGaedhilg </span> <lb n="239"/><span>bhlasta. </span></p> <lb n="240"/> <lb n="241"/><p><span>Badh liosta dham cur síos ar na saghsanna poiplíneach a </span> <lb n="242"/><span>chonnac dá bhfighe i monarchain Eiliot. Ní miste dham a rádh </span> <lb n="243"/><span>amh, go bhfuighfar ann earraidhe daora i gcóir culaithe aifrinn, </span> <lb n="244"/><span>éadaighe ban, ribíní, agus a lán earraidhe i gcóir carabhataí. </span> <lb n="245"/><span>Ar chuid aca so gheóbhfar gréasa greanta Gaedhlacha. </span></p> <lb n="246"/> <lb n="247"/><p><span>Badh mhaith liom a iarraidh go sonnrádhach ar Chléir na </span> <lb n="248"/><span>Gaedhltacht earraidhe mhuinntir Eiliot a thréail. Tá a dtrácht </span> <lb n="249"/><span>ón gCléir ag dul i méid cheana féin, acht n-a dhiaidh-san is </span></p> </div> <pb n="69"/> <div><lb n="250"/><p><span>éachtach an méid earraidhe gan tábhacht a seóltar go hÉirinn ó </span> <lb n="251"/><span>thíorthaibh iasachta, agus rudaí is míle fearr 'ná iad dá ndéanamh </span> <lb n="252"/><span>sa bhaile againn. </span></p> <lb n="253"/> <lb n="254"/><p><span>Dubhairt Tomás Eiliot liom go bhfuilid figheadóirí gann fé </span> <lb n="255"/><span>láthair. Tá glaodhach chomh mór-san ar an bpoiplín go bhfuil </span> <lb n="256"/><span>d'fhiachaibh ortha a lán printíseach a ghlacadh. Is maith an comhartha </span> <lb n="257"/><span>é sin. Céird fhulláin is eadh é, agus monarcha Eiliot badh </span> <lb n="258"/><span>dheacair í shárughadh ar oscailteacht ar ghlaineacht is ar dheiseacht. </span> <lb n="259"/><span>Go mairid siad é, is go mairimíd-na iad-san. </span></p> <lb n="260"/> <lb n="261"/><p><span>TÓRNA.</span></p> <lb n="262"/> <lb n="263"/><p><span>Tagra</span></p> <lb n="264"/> <lb n="265"/><p><span>(a). Poiplín, gen. -neach, g.f. poplin. Poperinghe, an old commercial</span> <lb n="266"/><span>town in Belgium, near the French frontier, and about eight miles from Ypres.</span> <lb n="267"/><span>Aimsir imchian, a far-distant date. Malartughadh creidimh, .i. the Reformation.</span> <lb n="268"/><span>Do hionnarbadh, was expelled. Saor-fhearann, .i. freehold, "liberties" the</span> <lb n="269"/><span>Weavers enjoyed certain privileges and exemptions from the citizens of Dublin.</span> <lb n="270"/><span>Ní'l pioc dá mhearaidhe orainn, we are right in saying. Tabhairt chun críche,</span> <lb n="271"/><span>bring to perfection. Cur faoi, settle down in. Bheilbhit, velvet. Fighghréasa,</span> <lb n="272"/><span>tapestries. Aithearrach faiseann, change of fashions. Faireachán, constant</span> <lb n="273"/><span>watching. A liacht eólus, the great amount of technical knowledge. Cadhbáis,</span> <lb n="274"/><span>finishing stroke, "home" blow. This very common word has probably come</span> <lb n="275"/><span>from béarlagar na saer. Ag dul i n-a thaithighe, getting accustomed to it.</span> <lb n="276"/><span>Goithí éigcinnte, uncertain vagaries. Bean teidil, a titled lady.</span></p> <lb n="277"/> <lb n="278"/><p><span>(b). Buige, softness (of feel). Ar n-a bhfighe, woven in proper pro-</span> <lb n="279"/><span>portions. An teilgean, the economy practised in the use of it. Oilte ar an</span> <lb n="280"/><span>ngnó, know well the business. Cnumh an tsíoda, the silkworm. Crann maoil-</span> <lb n="281"/><span>dhearg, mulberry tree. Beag-thairbhe, of little use. Botaní, "Botany" or</span> <lb n="282"/><span>"Merino" wool. Ar ceant, by auction. Abhrus, a generic term for thread;</span> <lb n="283"/><span>"ní den abhrus an chéad snáth," "the beginning of the thread does not form</span> <lb n="284"/><span>portion of the abhrus," for the spinner has to make it between her fingers in </span> <lb n="285"/><span>order to tie it to the spindle. Ar mhíneacht an domhain, of the utmost fineness.</span> <lb n="286"/><span>An ghuaireach, the hairs which arise off woollen thread.</span></p> <lb n="287"/> <lb n="288"/><p><span>(c). Scáinní, skeins. An dlúth, the "warp," i.e. the threads which run</span> <lb n="289"/><span>lengthwise in a piece of cloth. An croiceann cruaidh, the harsh rind or "gum"</span> <lb n="290"/><span>of raw silk. Ar dhath an uachtair, of a "cream" colour. Do mhothóghfá ar éigin,</span> <lb n="291"/><span>you would scarcely feel. An t-inneach, the "warp," i.e., the threads which run</span> <lb n="292"/><span>from side to side across a piece of cloth. Dathughchán, dyeing. An ghné datha is</span> <lb n="293"/><span>mian le duine, the required tint.</span></p> <lb n="294"/> <lb n="295"/><p><span>(d). Túrann olna, a spinning-wheel (wool). Fiteán, a spool. Páipéar</span> <lb n="296"/><span>cárta, "cardboard." Deóchán, a kind of "drone" or "reed" made from a </span> <lb n="297"/><span>stalk of corn. An seól, the loom. Dol, a "spring" or lock. An crann dealbha</span> <lb n="298"/><span>(prond. dealú), the warping "mill."</span></p> <lb n="299"/> <lb n="300"/><p><span>(e). Gabhshnáth, "house-wife" thread. Tairngí, nails, "pegs." Athchastar</span> <lb n="301"/><span>agusrl., the motion of the mill is then reversed. Thabharfadh sé an leabhar, he would</span> <lb n="302"/><span>swear. In' aimhréidh, entangled. Rolla adhmaid, a wooden roller. Cruadh-</span> <lb n="303"/><span>thochruistar, is wound tightly. Sparra, a block of wood. Ar chúlaibh, at the </span> <lb n="304"/><span>back.</span></p> <lb n="305"/> <lb n="306"/><p><span>(f). Ar bhéalaibh, in front of. An tácla, the "harness." Cíor cruaidhe, a </span> <lb n="307"/><span>steel comb. I mbruinnibh, at the front. An gnáithsheól, the ordinary loom.</span> <lb n="308"/><span>Féidh, beneath it. Cnáib, hemp. I lár buill, in the centre. Troighthíní, levers</span> <lb n="309"/><span>worked by the feet. Don órdlach, to the inch.</span></p> <lb n="310"/> <lb n="311"/><p><span>(g). Brughann, he pushes it out from him. Árduigheann … ar, causes to</span> <lb n="312"/><span>rise. An spól, the shuttle. Obair ghréasta, brocaded work. Tácla ar leith, a </span> <lb n="313"/><span>special harness. Seól Jacquard, a Jacquard Loom. D'aonthoil, with one</span> <lb n="314"/><span>accord.</span></p> <lb n="315"/> <lb n="316"/><p><span>(i). Dála na p., things relating to Poplin. Patagóinteach, a Patagonian.</span> <lb n="317"/><span>Bréid, freize. Monarcha, -an, ain, 5. f., a factory. Culaith Aifrinn, vestment.</span> <lb n="318"/><span>Gréasa Gaedhlacha, "Celtic" designs. Go sonnrádhach, especially. Trácht</span> <lb n="319"/><span>custom. Gan tábhacht, flimsy. Printíseach, an apprentice, Oscailteacht,</span> <lb n="320"/><span>airiness.</span></p> <lb n="321"/> <lb n="322"/><p> <lb n="323"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services