Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. II. - An Phoiplín.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



II. — AN PHOIPLÍN.



(A). A STAIR.



Cad as go dtáinig an ainm "Poiplín"? Ní annsa. Baile
mór darab ainm Poperinghe, atá sa bhFlóndras i dtír na
bPléimeann; sean-ainm don mbaile chéadna is eadh Popeling,
agus deir "drong le seanchus" gur ón sean-ainm sin do tháinig
an focal "Poiplín". Is móide is inmheasta fírinne an tsean-
chuis sin, de bhrígh gur baile le figheadóireacht Poperinghe ó
aimsir imchéin gus an ló indiu. Baineann sé le deallramh gur
i bPoperinghe do tosnuigheadh ar an bPoiplín d'fhighe ar dtúis.
As so do leath an chéird ar fuid ceanntrach áirithe sa bhFraingc.
Le linn an tsémhadh aois déag is an tseachtmhadh aois déag nuair
a bhítí ag malartughadh creidimh chomh tiugh le grean, mórchuid
d'fhigheadóiríbh na Fraingce do ghabhadar páirt le sna Huguenots.
I ndeireadh na preibe do hionnarbadh as an bhFraingc iad agus
an dream do b'fhearr ortha-san, chuireadar fútha, i mbliadhain a
1685, ar an dtaobh thiar de chathair Bhaile Átha Cliath, ar shaor-
fhearann a thug Iarla na Midhe an uair sin dóibh. Saor-fhearann
nó Liberties atá ar an áit sin ó shoin. Tá rian na Huguenots
fós ar na sean-tightibh is ar a lán nidhthe san mball gcéadna, i
slighe is go mb'fhéidir aiste fé leith a scríobhadh ortha. Ar shon go
ndeintí sa bhFraingc earradh éigin ba chosmhail leis an bpoiplín,
ní'l pioc dá mhearaidhe orainn ná gur d'éis teacht go hÉirinn do
sna figheadóiríbh do cuireadh deis ar an gcéird agus do tugadh
chun críche an earradh mhín seo go dtugtar Poiplín Ghaedhlach air.



D'éis cur fútha i mBaile Átha Cliath do chrom na figheadóirí
ar a lán earraidhe a dhéanamh, chomh maith leis an bpoiplín. Do
dheinidís, síoda agus bheilbhit, éadaighe olna agus fighghréasa, ar
chuma go raibh árdchlú ar Bhaile Átha Cliath i dtaobh na n-earraidhe
sin. Acht aithearrach faiseann agus faireachán is formud riaghal-
tuis Shasana d'imireadar an donus ortha. Tuairim is deiread
an ochtmhadh aois déag do bhíodar go léir imthighthe i ndísc acht
amháin an phoiplín. Ar chuma éigin, níor bh'fhéidir é sin a mhúchadh.
A fheabhus a bhí an earradh féin agus a liacht eólus ealadhnta a


L. 64


bhaineann leis an gcéird fé ndeara nár cuireadh an cadhbáis air.
Ba mhinic a bhí i ndeireadh an anma, agus bhítí ag ullmhughadh chun
a chaointe; acht thagadh atharrughadh i bhfaiseannaibh éadaigh, agus
d'éirigheadh sé arís. Le déidheannaighe ámh, tá a mhalairt de
thuairisc le hinnsint n-a thaobh. Fuarthas amach ná raibh a bhárr
le fagháil chun carbhataí agus nidhthe den tsórd soin. Táid
daoine i gcoitchinne ag dul i n-a taithighe, agus ní bhíonn a braith
a thuilleadh ar ghoithíbh éigcinnte ban teidil ná banríoghan.



(B). NA hEARRAIDHE DÁ nDEINTAR É.



Sara gcuiread síos ar an gcuma n-a ndeintar an phoiplín
b'fhéidir nár mhiste dham beagán a rádh ar an earraidh sin féin,
ar a thréithibh is ar na hearaidhibh dá ndeintar é.



Éadach is eadh an Phoiplín a deintar de shíoda is d'olainn is
iad fighte i n-a chéile. Ní fuláir togha síoda agus togha olna
chuige. Éadach mín bog lonnrach lán-tsaidhbhir is eadh é. An
síoda do-bheir saidhbhir lonnrach é; an olann a thugann an mhíne
is an bhuige dhi; iad araon ar-n-a bhfighe i gcothrom 's i gceart
ann fé ndeara an teilgean a baintear as a caitheamh.



Ón tSín do thagann furmhór an tsíoda. Ní faghtar an ear-
radh soin i nÉirinn ar shon gurab é tuairim daoine atá oilte
ar an ngnó gur féidir cnumh an tsíoda a chothughadh is a choimeád i
mballaibh áirithe i ndeisceart Chúige Mumhan. D'fhásfadh an
crann maoildhearg n-a sheódh ann. Badh dhóigh liom gur bh'fhiú dhon
Dipartmint é seo a thréail i bhfochair na bprátaí luatha is an
tobac. Sa bhFraingc is san Iodáil is iad bantrach an tighe a
bhíonn i mbun na hoibre seo. An iomad dár gcailíní-na a
théidheann tar sáile nó a bhíonn dá ndalladh age lásaí beag-
thairbhe.



Ón Austráil a thagann an olann. Olann Bhotaní nó olann
Mherino an ainm atá uirthi. Is amhlaidh cuirtar an olann ar
luingeas go Lunndain is díoltar annsoin í ar ceant. Ceannuigh-
eann gach duine an méid is dóigh leis a theastuigheann uaidh. Sé
an truagh nach féidir úsáid a dhéanamh d'olainn na hÉireann.
Tá sí rógharbh, agus ní fuláir don abhrus a bheith ar mhíneacht an
domhain. Caithtar í thiomáint tré sholus gasa chun na guairighe a
dhóghadh dhi.


L. 65


(C). DATHUGHADH.



N-a scáinníbh abhruis seadh do-gheibhtear an síoda is an olann.
Bíd na scáinní seo déanta suas i mbeartaibh. Innfhiúchtar agus
mionscrúduighthear gach scáinne síoda dá mbíonn ann, agus
cuirtar i n-eagar iad de réir a míneacht. Ní fuláir na scáinní
a mheadhchaint anois i gcóir an dlúith .i. an snáth a ghabhann tré
fhaid an éadaigh. Bíonn meadhchant fé leith i gcóir gach dlúith, de
réir fhaid an phíosa éadaigh. Cuirtar na scáinní annsoin dá
ndathughadh. Beirbhthear an síoda i gcoire uisce go mbíonn
galamhnach leaghta tríd, agus fágtar ag beirbhadh ar feadh a
ceathair nó a cúig d'uairibh an chluig é. Baineann soin dé an
croiceann cruaidh a bhíonn air. Cailleann sé timcheall is an
ceathramhadh chuid dá mheadhchant, agus nuair tógtar as an gcoire
é bíonn sé ar dhath an uachtair, agus é ar mhíne do mhothóghfá ar
éigin idir do mhéireannaibh. Beirbhthear agus nightar an t-abhrus
olna ar an gcuma gcéadna nach mór. San inneach a cuirtear
an snáth olna. I gcóir an dathughcháin, bíd coirí mhóra annsúd
agus iad ag síor-bheiriughadh. Bíonn meascán fé leith i gcóir
gach datha. Crochtar de mhaide na scáinní abhruis is sáithtear sa
choire iad. Coimeádtar ann iad go dtagann ortha an ghné datha
is mian le duine. Ní'l gné datha fén spéir nach féidir d'fhagháil
ortha. Nuair a bhíd dathuighthe a ndóthain deintar iad do thíoradh
os cionn teine.

(D). AN tINNEACH.



Sé rud an t-inneach ná an snáth a ghabhann ó thaobh taobh san
éadach. Snáth olna a cuirtar i n-inneach poiplíneach. D'éis an
snáth a dhathughadh agus a thíoradh beirtear é go dtí gléas atá
ana-chosmhail le túrainn olna. Deineann an túrann so an
t-abhrus a thochruis ar fhiteánaibh beaga. Is amhlaidh bhíd na
fiteáin seo agus iad ar n-a ndéanamh de pháipéar cárta, agus
poll tríotha, mar bheadh timcheall is dhá órdlach go leith do gearr-
faidhe de dheócán. Tochruistear roinnt áirithe den abhrus ar gach
fiteán aca soin. Nuair a bhíonn ádhbhar an innigh tochruiste ar
na fiteánaibh, beirtear chun an tseóil iad. Tógtar fiteán aca.
Sáithtear tríd an bpoll dol iarainn, agus cuirtar isteach sa
spól é. Féadann an fiteán casadh timcheall istigh sa spól, agus


L. 66


an dol a choimeádan daingean istigh é. Tá an t-inneach ullamh
anois don bhfigheadóir.



(E). AN DLÚTH.



An snáth síoda a théidheann sa dlúth. Sara gcuirtear ar an
gcrann dealbha é, is éigin é thochruis ar fhiteánaibh. Bíd na
fiteáin sin ar nós na bhfiteán snáith do chífidhe ag mnáibh tighe fé
ghabhshnáth, acht go mbeidís b'fhéidir beagán níos mó 'ná iad. Seo
mar dheintar an tochruis: Tá gléas annsúd, go bhfuil air a lán
de chliabhaibh adhmaid agus iad ag casadh timcheall mar bheadh
rothanna. Ar aghaidh na gcliabh soin tuas tá bara iarainn go
gcuirtear na fiteáin air. Bíonn an bara so ag casadh timcheall
leis. Ar gach cliabh cuirtar scáinne den tsnáth mar do chífá
scáinne d'abhrus olna ar dhruim cathaoireach ag mnaoi fén
dtuaith. Nuair cuirtar an gléas ar siubhal, tochruistar an snáth
síoda ar na fiteánaibh. Cailíní a bhíonn i mbun na hoibre seo,
agus d'fhéadfadh duine amháin aca aire thabhairt do scór fiteán.



An chéad rud eile, caithfar an snáth a chur ar an gcrann
dealbha. Agus cad chuige é sin, adéarfar. Seadh caithfar a
chur le hais a chéile uimhir áirithe de shnáithíníbh síoda — idir 5,000
agus 10,000, de réir mhíneacht is leithead an éadaigh — i gcóir an
dlúith. Sórd druma mhóir is eadh an crann dealbha. Cuirtar
fráma i n-a sheasamh le hais balla. Bíd tairngí sáithte annso
is annsúd ann — abair dafhichid ceann, nó deich gcinn is dafhichid.
Cuirtear na fiteáin snáith ar na tairngíbh seo. Tugtar le chéile
cinn na snáithíní agus ceangaltar i n-éinfheacht iad don druma,
nó don gcrann dealbha. Castar timcheall an crann dealbha.
Ar an gcuma so tochruistar de sna fiteánaibh agus gabhaid na
snáithíní timcheall an chrann dealbha go dtí go sroistear an fhaid
atá riachtanach i gcóir an phíosa éadaigh. Athchastar gluaiseacht
an chrann dealbha annsoin. Bítar mar sin síos suas an crann
dealbha go mbíonn oiread snáithíní le chéile is a bhíonn riachtanach
i gcóir an dlúith. Nuair a baintear den gcrann dealbha, bíonn
an dlúth mar bheadh téadán, acht gan aon chasadh air. Duine
ná beadh taithighe aige air, do thabharfadh sé an leabhar go raibh sé
go léir in' aimhréidh.



Cuirtear an "téadán" anois timcheall ar rollaibh beaga
adhmaid, agus tré chír go mbíonn fiacla práis uirthi. Deineann


L. 67


soin na snáithíní a scaradh ó n-a chéile. Cruadhthochruistar an
dlúth anois ar sparra adhmaid; agus cuirtar an sparra soin in'
ionad féin ar chúlaibh an tseóil. Tá an dlúth ullamh don
bhfigheadóir annsoin.



(F). AN SEÓL.



Gabhann an dlúth ón "sparra" thiar go dtí sparra eile ar
bhéalaibh an tseóil. Sa aistear sin gabhann gach snáithín den
dlúth tríd an dtácla agus tré chír cruaidhe, agus cuirtear an
t-inneach treasna ann. Mar sin, bíonn sé in' éadach ag dul
timcheall an sparra i mbruinnibh an tseóil.



Sa ghnáithsheól, seo mar bhíonn an tácla: bíonn dhá fhráma
adhmaid ann; i ngach fráma bíonn treasnán os cionn an dlúith,
agus ceann eile féidh; idir an dá threasnán, mórchuid snáithíní
cnáibe; i lár buill gach snáithín deintear súil mar bheadh cró
snáthaide; gabhann snáithín den dlúth tré gach súilín aca-san.
Bíd na frámaí sin ar ceangal d'uachtar an tseóil i slighe is gur
féidir leo dul síos suas. Bíonn dhá throghthín i n-aice leis an
dtalamh thíos ag an bhfigheadóir chun iad d'oibriughadh le na
chosaibh.



Maidir leis an gcír cruaidhe go mbíonn an dlúth tríthi, de
shnáith shármhín a deintear í. Bíd na fiacail innti timcheall le
trí órdlach ar fhaid; agus bheadh ó dheich gcinn is trí fichid go dtí
cheithre fichid ceann aca dhon órdlach innti. Bíonn an chíor soin
istigh i bhfráma trom, ar crochadh de mhullach an tseóil i slighe is
gur féidir é luascadh siar is aniar.



(G). FIGHEADÓIREACHT.



Beireann an figheadóir ar fráma na círeach. Brughann sé
uaidh amach é. Luigheann sé cos ar cheann de sna troighthíníbh.
Árduigheann soin ar fráma den dtácla agus ísligheann ar an
gceann eile. Fágann soin poll treasna an dlúith ar aghaidh na
círeach. Tríd an bpoll so caitheann an figheadóir an spól agus
an snáth olna ann. Scaoiltar ar fhráma na círeach; luascann
sé aleith agus buaileann an t-inneach isteach i gceart. Brughann
an figheadóir uaidh arís é. Luigheann sé cos ar an dtroighthín
eile. Árduigheann soin ar an bhfráma den tácla bhí thíos, agus
ísligheann ar an gceann a bhí thuas. Caithtear an spól treasna


L. 68


ón dtaobh eile anois. Agus mar sin dó. Is minic nach fuláir
an spól a chaitheamh os cionn céad uair chun órdlach éadaigh a
dhéanamh. N-a theannta san is éigin snáithíní an dlúith a choimeád
gach ceann aca in' ionad féin.



Sin mar oibrightar an gnáithsheól. Chun obair ghréasta a
dhéanamh ní fuláir tácla ar leith do sholáthar. Deintar soin ar
ghléas go dtugtar air Seól Jacquard. Caithfar deilbh an éadaigh
a tharraing ar pháipéar. As soin cuirtear é ar chártaíbh go mbíd
puill de réir na deilbhe ionnta. Ceangaltar as a chéile na
cártaí, agus nuair cuirtar sa tseól iad, de réir na bpoll
ionnta seadh bhíonn árdughadh is ísliughadh an tácla agus snáithíní
an dlúith.



I bhfochair an méid atá churtha síos agam is iomdhó rud do
b'fhéidir a rádh i dtaobh na poiplíneach, acht ní beag liom de an
chor so. D'éis í fhighe caithfar í ghléasadh i gcóir an mhargaidh.
Acht cheana, as an méid atá ráidhte agam is féidir tuairim a
dhéanamh den obair a bhaineann léi agus den mhéid a raghadh sé
chun leasa na tíre dá gcuideóghadh muinntir na hÉireann
d'aontoil leis an ndéantús fíorghaedhlach so.



(I). MUINNTIR EILIOT.



Táim fé chomaoin mhóir ag Muinntir Eiliot, agus anois an
t-am is ceart é admháil. Mí ó shoin bhíos chomh dall ar dhálaibh na
poiplíneach is do bheadh Patagóinteach. Ar an dtaobh amuigh
dhem charabhat ní aithneoghainn thar an mbréid í. Feicim anois
cia cuirfidh an dubh n-a gheal orm mar gheall air.



An lá fé dheireadh thugas cuaird ar mhonarchain Mhuinntir
Eiliot. Is ann do fuaireas an t-eólus agus soin le bárr
cineáltuis. Do thespeáin Tomás Eiliot an áit go léir dam,
agus do mhínigh dham cionnus a deintar gach nídh. Gaedheal maith
is eadh Tomás. Gaedhil go léir atá ag obair ann. Is maith a bhí
sé ar a gcumus ag cuid aca rudaí a mhíniughadh dham i nGaedhilg
bhlasta.



Badh liosta dham cur síos ar na saghsanna poiplíneach a
chonnac dá bhfighe i monarchain Eiliot. Ní miste dham a rádh
amh, go bhfuighfar ann earraidhe daora i gcóir culaithe aifrinn,
éadaighe ban, ribíní, agus a lán earraidhe i gcóir carabhataí.
Ar chuid aca so gheóbhfar gréasa greanta Gaedhlacha.



Badh mhaith liom a iarraidh go sonnrádhach ar Chléir na
Gaedhltacht earraidhe mhuinntir Eiliot a thréail. Tá a dtrácht
ón gCléir ag dul i méid cheana féin, acht n-a dhiaidh-san is


L. 69


éachtach an méid earraidhe gan tábhacht a seóltar go hÉirinn ó
thíorthaibh iasachta, agus rudaí is míle fearr 'ná iad dá ndéanamh
sa bhaile againn.



Dubhairt Tomás Eiliot liom go bhfuilid figheadóirí gann fé
láthair. Tá glaodhach chomh mór-san ar an bpoiplín go bhfuil
d'fhiachaibh ortha a lán printíseach a ghlacadh. Is maith an comhartha
é sin. Céird fhulláin is eadh é, agus monarcha Eiliot badh
dheacair í shárughadh ar oscailteacht ar ghlaineacht is ar dheiseacht.
Go mairid siad é, is go mairimíd-na iad-san.



TÓRNA.



Tagra



(a). Poiplín, gen. -neach, g.f. poplin. Poperinghe, an old commercial
town in Belgium, near the French frontier, and about eight miles from Ypres.
Aimsir imchian, a far-distant date. Malartughadh creidimh, .i. the Reformation.
Do hionnarbadh, was expelled. Saor-fhearann, .i. freehold, "liberties" the
Weavers enjoyed certain privileges and exemptions from the citizens of Dublin.
Ní'l pioc dá mhearaidhe orainn, we are right in saying. Tabhairt chun críche,
bring to perfection. Cur faoi, settle down in. Bheilbhit, velvet. Fighghréasa,
tapestries. Aithearrach faiseann, change of fashions. Faireachán, constant
watching. A liacht eólus, the great amount of technical knowledge. Cadhbáis,
finishing stroke, "home" blow. This very common word has probably come
from béarlagar na saer. Ag dul i n-a thaithighe, getting accustomed to it.
Goithí éigcinnte, uncertain vagaries. Bean teidil, a titled lady.



(b). Buige, softness (of feel). Ar n-a bhfighe, woven in proper pro-
portions. An teilgean, the economy practised in the use of it. Oilte ar an
ngnó, know well the business. Cnumh an tsíoda, the silkworm. Crann maoil-
dhearg, mulberry tree. Beag-thairbhe, of little use. Botaní, "Botany" or
"Merino" wool. Ar ceant, by auction. Abhrus, a generic term for thread;
"ní den abhrus an chéad snáth," "the beginning of the thread does not form
portion of the abhrus," for the spinner has to make it between her fingers in
order to tie it to the spindle. Ar mhíneacht an domhain, of the utmost fineness.
An ghuaireach, the hairs which arise off woollen thread.



(c). Scáinní, skeins. An dlúth, the "warp," i.e. the threads which run
lengthwise in a piece of cloth. An croiceann cruaidh, the harsh rind or "gum"
of raw silk. Ar dhath an uachtair, of a "cream" colour. Do mhothóghfá ar éigin,
you would scarcely feel. An t-inneach, the "warp," i.e., the threads which run
from side to side across a piece of cloth. Dathughchán, dyeing. An ghné datha is
mian le duine, the required tint.



(d). Túrann olna, a spinning-wheel (wool). Fiteán, a spool. Páipéar
cárta, "cardboard." Deóchán, a kind of "drone" or "reed" made from a
stalk of corn. An seól, the loom. Dol, a "spring" or lock. An crann dealbha
(prond. dealú), the warping "mill."



(e). Gabhshnáth, "house-wife" thread. Tairngí, nails, "pegs." Athchastar
agusrl., the motion of the mill is then reversed. Thabharfadh sé an leabhar, he would
swear. In' aimhréidh, entangled. Rolla adhmaid, a wooden roller. Cruadh-
thochruistar, is wound tightly. Sparra, a block of wood. Ar chúlaibh, at the
back.



(f). Ar bhéalaibh, in front of. An tácla, the "harness." Cíor cruaidhe, a
steel comb. I mbruinnibh, at the front. An gnáithsheól, the ordinary loom.
Féidh, beneath it. Cnáib, hemp. I lár buill, in the centre. Troighthíní, levers
worked by the feet. Don órdlach, to the inch.



(g). Brughann, he pushes it out from him. Árduigheann … ar, causes to
rise. An spól, the shuttle. Obair ghréasta, brocaded work. Tácla ar leith, a
special harness. Seól Jacquard, a Jacquard Loom. D'aonthoil, with one
accord.



(i). Dála na p., things relating to Poplin. Patagóinteach, a Patagonian.
Bréid, freize. Monarcha, -an, ain, 5. f., a factory. Culaith Aifrinn, vestment.
Gréasa Gaedhlacha, "Celtic" designs. Go sonnrádhach, especially. Trácht
custom. Gan tábhacht, flimsy. Printíseach, an apprentice, Oscailteacht,
airiness.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services