Saoghal-Ré Sheathrún Céitinn.
"Searc na suadh an chrobhaing chumhra
De chraoibh Gheal-Ghall Ínse Fáil
Nach tug cúl le béim a bíodhbha,
Géill a nglún gur díoladh dáibh.
"Seathrún Céitinn, cnú den mhogall,
Maoidhfe mise ar chách a chóid;
Tug a Fhorus dleacht a diamhraibh
Solus ceart a riaghail róid."
- Daithí Ó Bruadair.
I.
Ar an mBuirgéisigh, baile fearainn atá geall
le cheithre míle slighe i dtaobh theas de
Chathair Dúin Iascaigh, i gCo. Thiobrad
Árann iseadh rugadh Seathrún Céitinn tim-
cheall na bliadhna 1570. Níl éan chruinn-
tuairisc againn i dtaobh na bliadhna, acht ní dócha go bhfagham
teist níos cruinne uirthi ioná scéal Iarla Chlainnriocaird, le
n-a dtáinig Uilliam Ó hArgadáin ar éan-fhocal. Caithfeam bheith
sásta go fóill leis an méid sin, maidir le n-a bhreith, go dtí go
bhfagham faill ar chunntaisibh Nathscol Bhordó agus Toulús do
scrúdadh, agus ar thuairiscíbh sean-Cholláistidhthe na nGaedhal
san bhFrainnc is i gcoigcríochaibh eile ar mhór-roinn na hEórpa.
"Mé féin de Shean-Ghallaibh," arsa Seathrún Céitinn san
"bhForus Feasa." An chéad luadhchant atá le fagháil againn ar
an sloinne sin i stair na hÉireann, tá sé chomh fada ó bhaile
leis an mbliadhain 1179 — fear darbh ainm is sloinne Halis
Keting. Bhí sé mar fhinné le cairt a fuair manaigh na mainis-
treach san Dúnbradaigh i gCo. Loch gCarman. Chun Halis Keting
do fríth ceannus Bhaile an Bhaildínigh san gceanntar úd; agus
den treibh chéadna, de réir dheallraimh, do b'eadh Céitinn,
Barún Chill Mhananáin, sa chontae réamhráidhte, an fear do
fuair gairm chun na Seanaide i mbl. a 1360. Bhí go leor den
tsloinne ar fuaid na conntae, ag Cill Chaomháin is ag Tulach
Bháirdigh, agus mar an gcéadna i gCo. Cheatharlaigh — ar an
gCluaineach is i mBaile Uí Mhaoláin — agus i n-a lán áiteanna
eile i gCúige Laighean; agus gach duine de chine na gCéitinn-
each a bhí i gCeatharlach i mbl. a 1591 do chuir reacht Eilíse
Shasana fé attainder é. Ní beag linn de chomhartha an méid sin
indiu go rabhadar Céitinnigh na haimsire sin daingean diong-
mhálta ar thaobh creidimh is dúthchuis na nGaedheal.
Acht níor líonmhaire na Céitinnigh i n-éan-áit ioná i gCo.
Thiobrad Árann, mar a bhfuilid go dtí an lá atá indiu againn.
B'iad na n-áitreabha ná Baile Niocláis, Cathair Dúin Iascaigh, an
Sean-Bhaile, Cloichín an Mhargaidh, Clochárdain, Baile Múine, &c.
I mBaile Niocláis iseadh do phréamhuigh ceap sinnsir Céitinneach
na gceanntar san, agus tá mórán dá sheana-chaisleán i n-a
sheasamh fós, cé gur thuit roinn de sna fallaibh Oidhche na Gaoithe
Móire (26° Feabhra, 1903). Den treibh seo is dóichighe Seathrún,
acht ní fios dúinn fós cad do b'ainm dá athair ná dá mháthair.
Agus ní mó ár bhfios ar a óige is ar a scoluidheacht, acht go
n-abrann na Clannriocaird Memoirs go ndeachaidh sé ar dtúis
chun na scoileanna Gaedhlacha do bhí i n-a cheanntar dúthchuis .i.
Chathair Dúin Iascaigh, agus as san ar fuaid na Mumhan is tré
Chúige Laighean, ag tabhairt cuarda ar gach scoil chlúmhail i sna
dúithchíbh sin, go dtí gur fhéad sé dian-scrúdadh do sheasamh i
léigheann ós comhair an easpoig, agus gur seoladh annsan é fí
dhéin Nathscoile ar roinn mhóir na hEórpa, le haghaidh na
sagartóireachta.
Ins an Rémhrádh do cuireadh leis an bhfiollsiughadh úd i
mbliadhain a 1809 den aistriughadh a rinn Diarmuid Ó Conn-
chubhair ar an "bhForus Feasa," dubhradh gur chaith an Céitinneach
tréimhse éigin i Nathscoil Salamanca san Spáinn; acht dhearbh-
uigh Liam Ó hArgadáin ná raibh sa chainnt sin acht scaothaireacht
shean-fhánuidhe darbh ainm Donnchadh Mag Craith ó Cho. Thiobrad
Árann. D'fhiafruigh cara de cháirdibh Uí Argadáin den gCrathach
cad é an cruthughadh a bhí aige leis an gcainnt sin, agus fuair
de fhreagra ná raibh ann acht "dubhairt bean liom go ndubhairt
bean léi!" I n-a inead san, 'sé gnáth-chuimhne na cos-mhuinntire
gur insan bhFrainnc a tugadh múine do Chéitinn, agus tá dhá
dheimhin againn gurbh eadh, agus gur chaith sé téarma éigin, fada
nó gairid, i gColláiste na nGaedhal sa chathair sin Bordó —
colláiste do thionnscain an tAthair Diarmuid Mac Carrthaigh ó
Mhuscraighe i gConntae is i bhFairche Chorcaighe, i mbl. a 1603.
An Diarmuid Mac Carrthaigh so do ghluais sé ó Éirinn i
bhfíor-dheire an sémhadh aois déag, agus timcheall dá fhichid duine
eile dá shórt i n-a theannta — b'fhéidir go raibh Seathrún Céitinn
féin ortha, acht ní'l a dheimhin againn — chun foghluim is múine
d'fhagháil ar mhór-roinn na hEórpa, rud nár cheaduigh Gall-smacht
dóibh abhfus. Thugadar aghaidh ar an bhFrainnc, agus fuaireadar
feisteas is aoidheacht ar feadh tamaill ag Douai i dtuaisceart
na tíre sin, áit a bhí an tráth úd fé riar na Spáinne. Do bhog
an Carrthach is a cháirde chun na Romha, mar a bhfuaireadar
fáilte ó Chlement, an t-ochtmhadh Pápa den ainm sin. Chuireadar
aithne annsúd ar an Abbé Alastar de la Rochefocauld (fear go
raibh dearbhráthair leis i n-a Chardinal), agus do chuir súd i
n-iúl dóibh go bhfaighdís feisteas, foithin, is fóirithin fé scéith
Árd-Easpoig Bhordó, .i. an Cardinal Proinséas de Sourdis.
Ní léir dúinn cad do rinneadh ar an láthair i dtaobh an scéil
seo, acht go bhfuair an Carrthach Grádh Coisreagtha agus gur thug
sé a aghaidh ar Éirinn; acht do ruaigeadh as san thar sáile arís
é, agus annsan do ghluais sé féin is roinnt chompánach chun
Bordó, áit a shroiseadar i mí na Samhna, 1603. Bhí fáilte ag an
Árd-easpog rómpa: chuir sé ar bun scóil i gcomhair múinte na
Diadhachta Béasachtaighe fé cheannus an Athar Diarmuid Mac
Carrthaigh, agus do chuir paróiste Eutropius Naomhtha i gcúram
na foirne, ionnus go mbeadh a shochar aca chun a gcongbháil is a
gcothuighthe. Do sheasaimh an Colláiste sin na nGaedhal ar feadh
dha chéad bliadhain agus is líonmhar an t-áireamh de mhacaibh
léighinn a fuair foghluim ann. I mbl. a 1619 do cuireadh i gcló
ag Bordó ainmneacha dhá chéad is chúig dhuine dhéag a fuair
oideachus sa Cholláiste go dtí san, agus "An Athar Seathrún
Céitinn, Dochtúir sa Diadhacht, ó Fhairche Phortláirge", an seacht-
mhadh ainm déag san réim úd. Dá réir sin, ní mór ná gur
deimhin go raibh Céitinn ar an gcéad mheithil a bhrúghaidh isteach i
gColláiste Bhordó.
An tarna deimhniughadh gur sa bhFrainnc a fuair Céitinn
oideachus, sidé é: Do cuireadh leabhar i gcló i mbliadhain a
1621-2 i gcathair Antuerp i dtír na bPléimeann — .i. le linn ré
an Chéitinnigh féin — chun faisnéise na fírinne i dtaobh na brad-
ghaile a bhí 'á dhéanamh ag Tomás Dempster, an tUachtarán a bhí
an uair sin ar Cholláiste Gaedhal Alban i bPáris — fear a bhí
ag áiteamh agus a d'iarraidh a chur 'n-a luighe ar an saoghal gur
de dhuthaigh Alban a lán de naoimh na hÉireann! Acht an
freagra a fuair sé san leabhar úd, chuir sé an tAlbanach i n-a
chomhnuidhe. Tá trácht san leabhar ar Sheathrún Céitinn, féibh mar
a luadhfam gan mhoill. Agus b'fhéidir nár mhiste dham beagán
do rádh annso i dtaobh an tí do scríbh an leabhar tábhachtach úd.
Deir an tAthair Seán Ó Luingsigh, Áird-dheacán Thuama i. ughdar
"Cambrensis Ebhersus", gur scríbh an tAthair Seán de Róiste
(a bhí i n-a dhiaidh san i n-a easpog ar Fearna, Co. Loch gCarman,
&rl.), agus é ag gabháil tré chathair Pháris, i gcoinne na hiarr-
achta úd ó láimh Thomáis Dempster, uachtarán Cholláiste na
nAlbanach, i bPáris, an tráth san. Agus is léir dam go deimhin
go ndeachaidh an Athair Seán de Róiste reamhráidhte go dtí an
Róimh mar theachta i mbl. a 1622 ag triall ar Ghreagóir, an
sémhadh Pápa déag den ainm sin.
Ag cur síos don Róisteach i san leabhar úd an Bhindicia, ar
leathanach a 35, ar Ghaedhal-scoláirí na haimsire sin, seo aistri-
ughadh ón Laidin ar an méid adeir i dtaobh Sheathrún Céitinn: —
"Éireannaigh eile atáid ann thar comhaireamh, atá ionluaidhte
ar na scoláiríbh is aoirde cáil de bharr a sár-léighinn. Ní righim
a leas d'ainmniughadh annso acht Ribeárd de Barra, Seathrún
Céitinn, Muiris Ó Dubhlaoich, Peadar de Buitléir, Séamus
Foiréast, Pádraig Ó hAnrachtaigh, .i. dochtúirí de Nathscolaibh
Bhordó is Toulús."
Do b'é an Dochtúir Roibeárd de Barra so an Bhiocaire
Aspaldha (fear inid easpoig) ar Fhairche Ruis i nIarthar Chorc-
aighe, agus bhí sé i n-a easpog ar Fhairche Chorcaighe fhéinidh i n-a
dhiaidh san. Ó Fhairche an Chlochair i dtuaiscirt Éireann do b'eadh
an Dochtúir Pádraig Ó hAnnrachtaigh — bhí seisean i n-a Bhiocaire
Aspaldha ar Fhairche an Dúin.
Is ró-léir as a bhfuil ráidhte agam gur i gcathair Bhordó do
fuair Céitinn Grádh Coisreachta is a chéim mar Dhochtúir san
nDiadhacht, cé go ndubhairt an tAthair Dáithí Ó hÉanacháin go
raibh Céitinn i n-a shagart sar ar dh'fhág sé Éire, rud ná creid-
im-se, agus tá muinighin agam go bhfagham cruthughadh ar mo
thuairim.
Le linn a bheith ag Bordó, de réir dheallraimh, is eadh do chúm
sé "Mo Bheannacht Leat, a Scríbhinn," &c. — dhá líne dhéag ar
fhichid d'fhilidheacht a shuighmheann dúinn méid a ghrádha dá dhuthaigh
bhoicht agus dá fóirnibh Gaedhal.
II.
Timcheall na bliadhna san 1610 d'fhill Céitinn abhaile ar
a cheanntar féin, agus do bhí ag tréaduidheacht i bParóiste
Uachtar Achadh tamaillín i dtaobh thuaidh de Chathair Dúin Iascaigh.
An fhaid is bhí sé sa pharóiste sin do chuir sé deire le droch-
bhéas a bhí ag maithibh na háite — mar do dheintí, go dtí san,
moill ar an Aifreann do rádh mura mbeidís siúd de láthair.
Ní heól dúinn cad é an fhaid d'fhan sé ann ag tréaduidheacht,
acht tá a fhios againn go maith go raibh sé fós i gCo. Thiobrad
Árann i mí na Samhna, 1613, mar do chuir físeóir éigin an
scéal i n-iúil do lucht cheannuis Shasana an uair sin. I gcionn
dhá bhliadhain i n-a dhiaidh san (1615) do rinn spiadóir eile fís-
eóireacht arís air, dá innsint go raibh:
"… i bhFairche Leasa Mhóir an tAthair Seathrún
Céitinn, seanmónuidhe, agus coidreabh aige ar gach éán-áird
den deóiseas."
Tugtar fí ndeara go n-abartar go raibh sé i n-a shean-
mónuidhe an tráth san, 'sé sin an uair ná raibh sé thar dosaein
bliadhan i n-a shagart, agus go raibh aithne air ins gach cúinne
den deoiseas úd. Agus tá an scéal céadna deimhnighthe dhúinn
i seanachus Chlainnriocaird, fear dá chomh-aimsir, mar adeir:
"Bhí a thriall i n-a lán áiteanna, agus, i gcionn tamaillín,
fuair sé árd-cháil ionnus go lingeadh mór-shluagh dá éisteacht pé
áit a bhíodh ceapaithe chun an aithisc — do chairéaltaí ag gach sean-
móin an chéad inead eile."
Ní hiongnadh linn-na anois go dtigeadh na sluaighte dá
éisteacht — thiocfaidís indiu féin chun éisteacht le hughdar is
fíor-scoláire dá leithéid, dá mbeadh sé ann — rud ná fuil,
foríor! An fear go raibh stair na tíreach ar bharra a theangan
aige, agus gach cur-síos fealltach meabhlach dá ndeárnaidh ár
namhaid orainn; fear go raibh céim Dochtúra san nDiadhacht aige;
fear go raibh ar a dtarraint aige cúrsaí an tsaoghail chuirpthigh,
chealgaigh, mhalartaigh, agus cúrsaí creidimh an domhain uile go
dtí san, féibh mar atá léirighthe i san "Eochair-Sciath" is i
"dTrí Bior-Ghaoithe an Bháis," ní deacair a mheas go mbíodh súil
ag an bpobul leis i gcomhair an Domhnaigh. Cé go raibh
an fhíseóireacht dá déanamh air, níor mhaolaidh ar a ndéine
cainte aige — ba chuma le Seathrún Céitinn má íseal má
uasal an cionntach sa pheacadh, ba mhar a chéile an sciúrsadh.
Acht tá sean-rádh againn mar adeir: "Ní thagann an crúsca
slán ón dtobar i gcomhnuidhe," agus b'shin é dálta Sheathrúin
Céitinn. Bhí bean-uasal sa chomhursanacht darbh ainm is
sloinne Eilínór Lafán. Bhí sí pósta le maith mór, Squire
Móicléir, ag Baile Mhóicléir, i n-aice Chnuic Rafann. An
leabhar seanchuis seo atá luaidhte agam, deir sé go raibh sí i n-a
mnaoi sciamhaigh, agus go raibh sí mórdhálach thar barr ó n-a
tréithe bheith dá síor-luadhchant léithi. Bhí cuirpthigh go leór ar a
coidreabh nár dhearmhaid an gliogar is an leamhas do chanadh i
n-a cluais ó mhaidin go hoidhche agus ó Luan go Satharn. Duine
ciúin réidh ab eadh a céile pósta, fear a thug cead a cinn féin
di, agus níor chian go dtí go raibh a hainm i mbéal na ndaoine
tré í bheith chomh mór san le sna buic seo. Acht thárla go raibh
sise lá ag éisteacht le seanmóin ón nDochtúir Seathrún
Céitinn, agus, ar adhmharaighe an domhain, cad air a bheadh sé ag
trácht 'ná ar shubháilce na banamhlachta agus ar an luach saothair
a leanann dá cleachtadh. Do rinn sé fad-trácht ar chráibhtheacht
is ar dheigh-bhéasaibh seochus cuirptheacht is urcóid, i slighe gur
cheap gach n-aon san éisteacht gur chúichí siúd a bhí sé, agus bhí
súile an phobuil uirthi láithreach bonn, féachaint cionnus a ghlac-
fadh sí an greadadh. Munab di-si a bhí an Dochtúir ag tagairt,
is cuma san, mar shaoil sisi gur dhi, agus as go bráth léithi fí
dhéin Dhonnchadh Ó Briain, Iarla Thuadhmhumhan, aon dá ciallachaibh,
a bhí an uair sin i n-a Uachtarán ar Chúige Mumhan, agus é i n-a
chomhnuidhe i gCathair Luimnigh. Do nocht sí dhó fáth a casaoide,
agus ní dócha gurab amhlaidh a bhain sí den scéal — is deall-
raighthe go mór gur amhlaidh a chur sí leis; acht, ar éan-chuma, do
rinn an tUachtarán foirithin ar an ngearán san, agus gan moill
nóimint d'órduigh sé an t-arm, idir mharcra is choisidhthe, ar
thóir an tsagairt, agus, san am céadna dhe, do thairgeadh mór-
dhuais don té a dhéanfadh é ghabháil nó a dhéanfadh físeóireacht
air. B'éigin don nDochtúir atharrach culaith is ainme do ghabháil
agus dul i bhfolach sa cheanntar ar feadh tamaill go dtí gur
thréig sé an dútha san ar fad, chun go bhfaghadh sé a raibh de
leabhraibh i nÉirinn do scrúdadh chomh fada is bhí baint aca le
stair na tíreach. Timcheall na bliadhna 1618-1619 do thárla
na cúrsaí seo, féibh mar a mheasaim; agus b'in é an uair a
scríbh sé —
"Uch is truagh mó ghuais ón ngleo-bhruid"
ar bhás Shéamuis Óg Buitléir, mac Iarla Chnuic an Tóchair.
"Is dona an ghaoth ná séideann do dhuine éigin," agus is
maith an scéal d'Éireannaigh i gcoitchinne gur thárla an ghéar-
leanmhain seo do Sheathrún Céitinn; mura mbeadh í, ní dócha go
mbeadh an leabhar breagh mór-chlú san "Forus Feasa ar Éirinn"
againn i n-éan-chor. Is minic do rinneadh a mhaoidheamh gur i
bpluaiseannaibh Ghleanna Eatharlaigh do chuir sé an leabhar san
le chéile, acht ní dóigh liom féin gur mar sin a bhí; ní móide gur
rinn sin ar feadh i bhfad acht an t-adhmhad do bhailiughadh agus na
cúinsí do chruinn-mheas. Agus ba ró-shuarach é beatha agus
saoghal na nGaedhal san dúthaigh seo san ré mhíofhortúnaigh úd
— féach an cunntas atá fí chló san teangain Spáinnise ó láimh
an Athar Pádraig Comartún, i leabharlainn na mBráthar, ar
Chéibh na gCeannuidhe, i mBaile Átha Clilath, fí bhliadhain a 1619.
Trí bliadhna i n-a dhiaidh san (1622) ní raibh ar thalamh na
hÉireann acht aon easpog amháin den seana-chreideamh .i. an
tAthair Dáithí Rothe, Easpog Osraighe, agus b'éigin cead
d'fhagháil ón Róimh dó san maille re beirt abb chun beirt
easpog do choisreacan.
Ón méid sin is iontuigthe an íde a bhí ar ár dtír bhoicht le linn
na huaire sin, agus an t-easpog aonair sin ní dócha go bhfaghadh
sé puinn suaimhnis acht gur dhe Ghallaibh é. An t-aonmhadh
lá fichead de Eanair, 1623, do chuir an Fó-rí is a Chomhairle
fuagra amach ag bagairt ar lucht Chumainn Íosa agus ar
shagairt eile an tír seo do thréigean, agus an 17 de Shamhain
1624, do scríbh Aodh de Búrc leitir i Laidin ag cur síos ar
phianadh Chaitlicí Éireann an tráth san.
Má thrachtaim ar na chúrsaíbh seo, is é is fáth leis sin dam: a
thaispeáint go cruinn cionnus mar do bhí an scéal ag ár sean
le linn Céitinn a bheith ag taisteal na dtriúch ar lorg eoluis i
gcomhair a leabhair, agus níor bhfuiris é dh'fhagháil mar eólus. Sa
chéad dul, b'é cás an tsagairt seo go raibh sé ar gor agus lucht
faireacháin ar a thí; sa tarna dul, ba fánach an leabhar a bhí le
fagháil i n-éan-chor i ndiaidh an léir-scris; san trímhadh dul,
níor bh'áil leo so go rabhadar i n-a seilbh aca scaramhaint le sna
leabhraibh, i dtráth is gur bh'éigin don bhfear bocht cóib do scríobh
de gach nídh a theastuigh go géar uaidh. Agus, thairis sin go léir,
bhí daoine ann go raibh leabhartha agus eolus aca, ná tabharfadh
dó ceachtar aca, mar bhí amhrus aca ar a mhacántacht — rud nár
ghábha dhóibh. Duine den gcineál so do b'eadh Ó Ceallaigh
Ghleanna Chonchadhain i gCo. Dhoire Cholm Cille. D'iarr an fear
so ar Sheathrún Céitinn a chuid nótaí do thaispeáint dó; agus,
tar éis dó beagán díobh do léigheadh, adubhairt sé leis an
nDochtúir:
"Taoi tar éis na Muimhnigh do mholadh agus stair Chúige
Uladh do cheilt — an chúige is táscmhala i nÉirinn."
Fóríor cráidhte! go bhfuil go leór oighrídhe fós againn ar
Mhac Uí Cheallaigh, ná tuigeann go bhfuil "Éire" i n-a ríoghacht ar
leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle is na
hollamhain do bhí innti i n-allóid, gur chumadar breitheamhnus,
leigheas, filidheacht, is ceól as riaghlachaibh cinnte riu do bheith ar
bun i nÉirinn."
Is fuiris do dhaoine gearán a dhéanamh indiu gur rinn
Seathrún Céitinn a leithéid seo nó a leithéid siúd, nó gur fhág
sé gan déanamh é. Im thaobh-sa dhe, aontuighim go dtí fíor-
bheagán leis an bhfile insa chur-síos do rinn sé ar chás an
Dochtúra i n-am na buadhrtha san, mar adeir:
"Fearthainn fhliuch is sneachta air is an ghaoth adtuaidh;
Scamaill neimhe ag bagairt air 's ag scéidhe anuas;
An chlagairneach go spairrneach ag téacht 'n-a chluais
Am eadarshuth, gan taise dhó, ná éin-phioc truaigh!
"Gan fallaing air dhá chasnamh ar shíon ná ar fhuacht,
Ná leabaidh ann acht carraig ar a sínfadh suas;
Ganna-chuid na maidne agus na hoidhche d'uaidh;
A gheala-chrobha ar bailli-chrith 's an ghríosach fuar.
"Ailp charraige cois falla aige mar bhórd chun scríbhe,
Canna duibh i n-aice leis, is stól beag fí;
Leabhair ann do bhailigh as gach cóige 'en tír,
Is Seanchus na Banba aige i bprós dá ríomh."
Agus cá bhfuil an té úd a dhéanfidh machtnamh ar an scéal
ná haontoghaidh leis an méid seo ón bhfear céadna:
"A lucht taithighthe na leabharlann 'n-a mbíonn eólus,
Gur theangamhaidh dhíbh beatha shona ar fíor-chomhghar,
Cead labhartha agus acaracht chun scríbhneóireacht,
Is scaipeadh agaibh ar leabhraibh gan moill nóimit. —
"Machtnaidh ar easbhathacht an fhír-leoghain úd
I nEatharlach is carraig ghlas ghá dhíon ón sioch;
Bhur gcama-bhreith um aindeise nó mí-chóir air
Caithidh uaibh — ná labharaidh air níos mó liom."
Tá dearbhadh againn ó Chéitinn féin i "dTrí Bior-Ghaoithe an
Bháis" go ndeachaidh sé go Cúige Chonnacht, mar adeir, ag cur
síos dó ar mhodhaibh adhnacail:
"An naomhadh nós: is eadh do ghnídís na Neviae (?) do réir Alexander ab
Alexandro, iii. 7.
"An marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmholtaibh is ré comhgháir
chaointe is ré píobaireacht do bheith roimhe gus an eagluis. Agus do-chím an
nós so ag a ghnáthughadh i gConnachtaibh; óir, bíd mná timchioll an mhairbh ag
tabhairt teasta is formholta air, agus bí píobaire ag seinm rés an gcorp ag
triall gus an gcill."
Atá, fós, deimhin againn go raibh tásc Chéitinn i gCúige
Laighean le n-a linn féin. Seo aistriughadh gus an nGaedhilg
ar leitir — ní loitfinn an beag-shaothar so le héin-mhir Shacs-
bhéarla do chur ann — do sheól an tAthair Seán de Róiste,
Easpog Fearna, ag triall ar an Athair Lúcas Bhadding san
Róimh, an 19 de mhí Iúl, 1631, agus an t-easpog an tráth san
ar cuaird ag a cháirdibh ag an gCeapaigh, i bParóiste Inis Téog,
i gCo. Chill Choinnigh:
"Dochtúir Céitinn, tá sé ag saothrughadh go dian ag cruinn-
iughadh nótaí eoluis i gcomhair Seanchuis san nGaedhilg. Is
léigheanta an duine é; acht, má thagann a chuid oibre chun
críche, is eagal liom nach mór don leabhar atharrughadh do
dhéanamh ann maidir le scéalta lag-bhunudhais. Is é d'fhéadfadh
do chur it lámh a lán aistí greannamhara is fearr d'oirfeadh
duit-se ioná dhó féin. Ní'l éan-tsuim agam san bhfear: ní
fheaca riamh é, mar san Mhumhain iseadh atá comhnuidhe air."
[A chríoch an mhí seo chughainn].