Saoghal-Ré Sheathrún Céitinn.
"Searc na suadh an chrobhaing chumhra
De chraoibh Gheal-Ghall Ínse Fáil
Nach tug cúl le béim a bíodhbha,
Géill a nglún gur díoladh dáibh.
"Seathrún Céitinn, cnú den mhogall,
Maoidhfe mise ar chách a chóid;
Tug a Fhorus dleacht a diamhraibh
Solus ceart a riaghail róid."
- Daithí Ó Bruadair.
I.
Ar an mBuirgéisigh, baile fearainn atá geall 
le cheithre míle slighe i dtaobh theas de 
Chathair Dúin Iascaigh, i gCo. Thiobrad 
Árann iseadh rugadh Seathrún Céitinn tim-
cheall na bliadhna 1570.  Níl éan chruinn-
tuairisc againn i dtaobh na bliadhna, acht ní dócha go bhfagham 
teist níos cruinne uirthi ioná scéal Iarla Chlainnriocaird, le
n-a dtáinig Uilliam Ó hArgadáin ar éan-fhocal.  Caithfeam bheith 
sásta go fóill leis an méid sin, maidir le n-a bhreith, go dtí go 
bhfagham faill ar chunntaisibh Nathscol Bhordó agus Toulús do 
scrúdadh, agus ar thuairiscíbh sean-Cholláistidhthe na nGaedhal 
san bhFrainnc is i gcoigcríochaibh eile ar mhór-roinn na hEórpa. 
"Mé féin de Shean-Ghallaibh," arsa Seathrún Céitinn san 
"bhForus Feasa."  An chéad luadhchant atá le fagháil againn ar 
an sloinne sin i stair na hÉireann, tá sé chomh fada ó bhaile 
leis an mbliadhain 1179 — fear darbh ainm is sloinne Halis 
Keting.  Bhí sé mar fhinné le cairt a fuair manaigh na mainis-
treach san Dúnbradaigh i gCo. Loch gCarman.  Chun Halis Keting 
do fríth ceannus Bhaile an Bhaildínigh san gceanntar úd; agus 
den treibh chéadna, de réir dheallraimh, do b'eadh Céitinn, 
Barún Chill Mhananáin, sa chontae réamhráidhte, an fear do 
fuair gairm chun na Seanaide i mbl. a 1360.  Bhí go leor den 
tsloinne ar fuaid na conntae, ag Cill Chaomháin is ag Tulach 
Bháirdigh, agus mar an gcéadna i gCo. Cheatharlaigh — ar an 
gCluaineach is i mBaile Uí Mhaoláin — agus i n-a lán áiteanna 
eile i gCúige Laighean; agus gach duine de chine na gCéitinn-
each a bhí i gCeatharlach i mbl. a 1591 do chuir reacht Eilíse
Shasana fé attainder é.  Ní beag linn de chomhartha an méid sin 
indiu go rabhadar Céitinnigh na haimsire sin daingean diong-
mhálta ar thaobh creidimh is dúthchuis na nGaedheal.                           
Acht níor líonmhaire na Céitinnigh i n-éan-áit ioná i gCo. 
Thiobrad Árann, mar a bhfuilid go dtí an lá atá indiu againn. 
B'iad na n-áitreabha ná Baile Niocláis, Cathair Dúin Iascaigh, an 
Sean-Bhaile, Cloichín an Mhargaidh, Clochárdain, Baile Múine, &c. 
I mBaile Niocláis iseadh do phréamhuigh ceap sinnsir Céitinneach 
na gceanntar san, agus tá mórán dá sheana-chaisleán i n-a 
sheasamh fós, cé gur thuit roinn de sna fallaibh Oidhche na Gaoithe 
Móire (26° Feabhra, 1903).  Den treibh seo is dóichighe Seathrún, 
acht ní fios dúinn fós cad do b'ainm dá athair ná dá mháthair. 
Agus ní mó ár bhfios ar a óige is ar a scoluidheacht, acht go 
n-abrann na Clannriocaird Memoirs go ndeachaidh sé ar dtúis 
chun na scoileanna Gaedhlacha do bhí i n-a cheanntar dúthchuis .i. 
Chathair Dúin Iascaigh, agus as san ar fuaid na Mumhan is tré 
Chúige Laighean, ag tabhairt cuarda ar gach scoil chlúmhail i sna 
dúithchíbh sin, go dtí gur fhéad sé dian-scrúdadh do sheasamh i 
léigheann ós comhair an easpoig, agus gur seoladh annsan é fí 
dhéin Nathscoile ar roinn mhóir na hEórpa, le haghaidh na 
sagartóireachta. 
Ins an Rémhrádh do cuireadh leis an bhfiollsiughadh úd i 
mbliadhain a 1809 den aistriughadh a rinn Diarmuid Ó Conn-
chubhair ar an "bhForus Feasa," dubhradh gur chaith an Céitinneach 
tréimhse éigin i Nathscoil Salamanca san Spáinn; acht dhearbh-
uigh Liam Ó hArgadáin ná raibh sa chainnt sin acht scaothaireacht 
shean-fhánuidhe darbh ainm Donnchadh Mag Craith ó Cho. Thiobrad 
Árann.  D'fhiafruigh cara de cháirdibh Uí Argadáin den gCrathach 
cad é an cruthughadh a bhí aige leis an gcainnt sin, agus fuair 
de fhreagra ná raibh ann acht "dubhairt bean liom go ndubhairt 
bean léi!"  I n-a inead san, 'sé gnáth-chuimhne na cos-mhuinntire 
gur insan bhFrainnc a tugadh múine do Chéitinn, agus tá dhá 
dheimhin againn gurbh eadh, agus gur chaith sé téarma éigin, fada 
nó gairid, i gColláiste na nGaedhal sa chathair sin Bordó — 
colláiste do thionnscain an tAthair Diarmuid Mac Carrthaigh ó 
Mhuscraighe i gConntae is i bhFairche Chorcaighe, i mbl. a 1603. 
An Diarmuid Mac Carrthaigh so do ghluais sé ó Éirinn i 
bhfíor-dheire an sémhadh aois déag, agus timcheall dá fhichid duine 
eile dá shórt i n-a theannta — b'fhéidir go raibh Seathrún Céitinn 
féin ortha, acht ní'l a dheimhin againn — chun foghluim is múine 
d'fhagháil ar mhór-roinn na hEórpa, rud nár cheaduigh Gall-smacht 
dóibh abhfus.  Thugadar aghaidh ar an bhFrainnc, agus fuaireadar 
feisteas is aoidheacht ar feadh tamaill ag Douai i dtuaisceart 
na tíre sin, áit a bhí an tráth úd fé riar na Spáinne.  Do bhog 
an Carrthach is a cháirde chun na Romha, mar a bhfuaireadar 
fáilte ó Chlement, an t-ochtmhadh Pápa den ainm sin.  Chuireadar 
aithne annsúd ar an Abbé Alastar de la Rochefocauld (fear go 
raibh dearbhráthair leis i n-a Chardinal), agus do chuir súd i 
n-iúl dóibh go bhfaighdís feisteas, foithin, is fóirithin fé scéith 
Árd-Easpoig Bhordó, .i. an Cardinal Proinséas de Sourdis. 
Ní léir dúinn cad do rinneadh ar an láthair i dtaobh an scéil 
seo, acht go bhfuair an Carrthach Grádh Coisreagtha agus gur thug 
sé a aghaidh ar Éirinn; acht do ruaigeadh as san thar sáile arís 
é, agus annsan do ghluais sé féin is roinnt chompánach chun 
Bordó, áit a shroiseadar i mí na Samhna, 1603.  Bhí fáilte ag an 
Árd-easpog rómpa: chuir sé ar bun scóil i gcomhair múinte na 
Diadhachta Béasachtaighe fé cheannus an Athar Diarmuid Mac 
Carrthaigh, agus do chuir paróiste Eutropius Naomhtha i gcúram 
na foirne, ionnus go mbeadh a shochar aca chun a gcongbháil is a 
gcothuighthe.  Do sheasaimh an Colláiste sin na nGaedhal ar feadh 
dha chéad bliadhain agus is líonmhar an t-áireamh de mhacaibh 
léighinn a fuair foghluim ann.  I mbl. a 1619 do cuireadh i gcló 
ag Bordó ainmneacha dhá chéad is chúig dhuine dhéag a fuair 
oideachus sa Cholláiste go dtí san, agus "An Athar Seathrún 
Céitinn, Dochtúir sa Diadhacht, ó Fhairche Phortláirge", an seacht-
mhadh ainm déag san réim úd.  Dá réir sin, ní mór ná gur 
deimhin go raibh Céitinn ar an gcéad mheithil a bhrúghaidh isteach i 
gColláiste Bhordó. 
An tarna deimhniughadh gur sa bhFrainnc a fuair Céitinn 
oideachus, sidé é: Do cuireadh leabhar i gcló i mbliadhain a 
1621-2 i gcathair Antuerp i dtír na bPléimeann — .i. le linn ré 
an Chéitinnigh féin — chun faisnéise na fírinne i dtaobh na brad-
ghaile a bhí 'á dhéanamh ag Tomás Dempster, an tUachtarán a bhí 
an uair sin ar Cholláiste Gaedhal Alban i bPáris — fear a bhí 
ag áiteamh agus a d'iarraidh a chur 'n-a luighe ar an saoghal gur 
de dhuthaigh Alban a lán de naoimh na hÉireann!  Acht an 
freagra a fuair sé san leabhar úd, chuir sé an tAlbanach i n-a 
chomhnuidhe.  Tá trácht san leabhar ar Sheathrún Céitinn, féibh mar 
a luadhfam gan mhoill.  Agus b'fhéidir nár mhiste dham beagán 
do rádh annso i dtaobh an tí do scríbh an leabhar tábhachtach úd. 
Deir an tAthair Seán Ó Luingsigh, Áird-dheacán Thuama i. ughdar 
"Cambrensis Ebhersus", gur scríbh an tAthair Seán de Róiste 
(a bhí i n-a dhiaidh san i n-a easpog ar Fearna, Co. Loch gCarman, 
&rl.), agus é ag gabháil tré chathair Pháris, i gcoinne na hiarr-
achta úd ó láimh Thomáis Dempster, uachtarán Cholláiste na 
nAlbanach, i bPáris, an tráth san.  Agus is léir dam go deimhin 
go ndeachaidh an Athair Seán de Róiste reamhráidhte go dtí an 
Róimh mar theachta i mbl. a 1622 ag triall ar Ghreagóir, an 
sémhadh Pápa déag den ainm sin. 
Ag cur síos don Róisteach i san leabhar úd an Bhindicia, ar 
leathanach a 35, ar Ghaedhal-scoláirí na haimsire sin, seo aistri-
ughadh ón Laidin ar an méid adeir i dtaobh Sheathrún Céitinn: —
"Éireannaigh eile atáid ann thar comhaireamh, atá ionluaidhte 
ar na scoláiríbh is aoirde cáil de bharr a sár-léighinn.  Ní righim 
a leas d'ainmniughadh annso acht Ribeárd de Barra, Seathrún 
Céitinn, Muiris Ó Dubhlaoich, Peadar de Buitléir, Séamus 
Foiréast, Pádraig Ó hAnrachtaigh, .i. dochtúirí de Nathscolaibh 
Bhordó is Toulús." 
Do b'é an Dochtúir Roibeárd de Barra so an Bhiocaire 
Aspaldha (fear inid easpoig) ar Fhairche Ruis i nIarthar Chorc-
aighe, agus bhí sé i n-a easpog ar Fhairche Chorcaighe fhéinidh i n-a 
dhiaidh san.  Ó Fhairche an Chlochair i dtuaiscirt Éireann do b'eadh 
an Dochtúir Pádraig Ó hAnnrachtaigh — bhí seisean i n-a Bhiocaire 
Aspaldha ar Fhairche an Dúin. 
Is ró-léir as a bhfuil ráidhte agam gur i gcathair Bhordó do 
fuair Céitinn Grádh Coisreachta is a chéim mar Dhochtúir san 
nDiadhacht, cé go ndubhairt an tAthair Dáithí Ó hÉanacháin go 
raibh Céitinn i n-a shagart sar ar dh'fhág sé Éire, rud ná creid-
im-se, agus tá muinighin agam go bhfagham cruthughadh ar mo 
thuairim. 
Le linn a bheith ag Bordó, de réir dheallraimh, is eadh do chúm 
sé "Mo Bheannacht Leat, a Scríbhinn," &c. — dhá líne dhéag ar 
fhichid d'fhilidheacht a shuighmheann dúinn méid a ghrádha dá dhuthaigh 
bhoicht agus dá fóirnibh Gaedhal. 
II.
Timcheall na bliadhna san 1610 d'fhill Céitinn abhaile ar 
a cheanntar féin, agus do bhí ag tréaduidheacht i bParóiste 
Uachtar Achadh tamaillín i dtaobh thuaidh de Chathair Dúin Iascaigh. 
An fhaid is bhí sé sa pharóiste sin do chuir sé deire le droch-
bhéas a bhí ag maithibh na háite — mar do dheintí, go dtí san, 
moill ar an Aifreann do rádh mura mbeidís siúd de láthair. 
Ní heól dúinn cad é an fhaid d'fhan sé ann ag tréaduidheacht, 
acht tá a fhios againn go maith go raibh sé fós i gCo. Thiobrad 
Árann i mí na Samhna, 1613, mar do chuir físeóir éigin an 
scéal i n-iúil do lucht cheannuis Shasana an uair sin.  I gcionn 
dhá bhliadhain i n-a dhiaidh san (1615) do rinn spiadóir eile fís-
eóireacht arís air, dá innsint go raibh: 
"… i bhFairche Leasa Mhóir an tAthair Seathrún 
Céitinn, seanmónuidhe, agus coidreabh aige ar gach éán-áird 
den deóiseas." 
Tugtar fí ndeara go n-abartar go raibh sé i n-a shean-
mónuidhe an tráth san, 'sé sin an uair ná raibh sé thar dosaein 
bliadhan i n-a shagart, agus go raibh aithne air ins gach cúinne 
den deoiseas úd.  Agus tá an scéal céadna deimhnighthe dhúinn 
i seanachus Chlainnriocaird, fear dá chomh-aimsir, mar adeir: 
"Bhí a thriall i n-a lán áiteanna, agus, i gcionn tamaillín, 
fuair sé árd-cháil ionnus go lingeadh mór-shluagh dá éisteacht pé 
áit a bhíodh ceapaithe chun an aithisc — do chairéaltaí ag gach sean-
móin an chéad inead eile." 
Ní hiongnadh linn-na anois go dtigeadh na sluaighte dá 
éisteacht — thiocfaidís indiu féin chun éisteacht le hughdar is 
fíor-scoláire dá leithéid, dá mbeadh sé ann — rud ná fuil, 
foríor!  An fear go raibh stair na tíreach ar bharra a theangan 
aige, agus gach cur-síos fealltach meabhlach dá ndeárnaidh ár 
namhaid orainn; fear go raibh céim Dochtúra san nDiadhacht aige; 
fear go raibh ar a dtarraint aige cúrsaí an tsaoghail chuirpthigh, 
chealgaigh, mhalartaigh, agus cúrsaí creidimh an domhain uile go 
dtí san, féibh mar atá léirighthe i san "Eochair-Sciath" is i 
"dTrí Bior-Ghaoithe an Bháis," ní deacair a mheas go mbíodh súil 
ag an bpobul leis i gcomhair an Domhnaigh.  Cé go raibh 
an fhíseóireacht dá déanamh air, níor mhaolaidh ar a ndéine 
cainte aige — ba chuma le Seathrún Céitinn má íseal má 
uasal an cionntach sa pheacadh, ba mhar a chéile an sciúrsadh. 
Acht tá sean-rádh againn mar adeir: "Ní thagann an crúsca 
slán ón dtobar i gcomhnuidhe," agus b'shin é dálta Sheathrúin 
Céitinn.  Bhí bean-uasal sa chomhursanacht darbh ainm is 
sloinne Eilínór Lafán.  Bhí sí pósta le maith mór, Squire 
Móicléir, ag Baile Mhóicléir, i n-aice Chnuic Rafann.  An 
leabhar seanchuis seo atá luaidhte agam, deir sé go raibh sí i n-a 
mnaoi sciamhaigh, agus go raibh sí mórdhálach thar barr ó n-a 
tréithe bheith dá síor-luadhchant léithi.  Bhí cuirpthigh go leór ar a 
coidreabh nár dhearmhaid an gliogar is an leamhas do chanadh i 
n-a cluais ó mhaidin go hoidhche agus ó Luan go Satharn.  Duine 
ciúin réidh ab eadh a céile pósta, fear a thug cead a cinn féin 
di, agus níor chian go dtí go raibh a hainm i mbéal na ndaoine 
tré í bheith chomh mór san le sna buic seo.  Acht thárla go raibh 
sise lá ag éisteacht le seanmóin ón nDochtúir Seathrún 
Céitinn, agus, ar adhmharaighe an domhain, cad air a bheadh sé ag 
trácht 'ná ar shubháilce na banamhlachta agus ar an luach saothair 
a leanann dá cleachtadh.  Do rinn sé fad-trácht ar chráibhtheacht 
is ar dheigh-bhéasaibh seochus cuirptheacht is urcóid, i slighe gur 
cheap gach n-aon san éisteacht gur chúichí siúd a bhí sé, agus bhí 
súile an phobuil uirthi láithreach bonn, féachaint cionnus a ghlac-
fadh sí an greadadh.  Munab di-si a bhí an Dochtúir ag tagairt, 
is cuma san, mar shaoil sisi gur dhi, agus as go bráth léithi fí 
dhéin Dhonnchadh Ó Briain, Iarla Thuadhmhumhan, aon dá ciallachaibh, 
a bhí an uair sin i n-a Uachtarán ar Chúige Mumhan, agus é i n-a 
chomhnuidhe i gCathair Luimnigh.  Do nocht sí dhó fáth a casaoide, 
agus ní dócha gurab amhlaidh a bhain sí den scéal — is deall-
raighthe go mór gur amhlaidh a chur sí leis; acht, ar éan-chuma, do 
rinn an tUachtarán foirithin ar an ngearán san, agus gan moill 
nóimint d'órduigh sé an t-arm, idir mharcra is choisidhthe, ar 
thóir an tsagairt, agus, san am céadna dhe, do thairgeadh mór-
dhuais don té a dhéanfadh é ghabháil nó a dhéanfadh físeóireacht 
air.  B'éigin don nDochtúir atharrach culaith is ainme do ghabháil 
agus dul i bhfolach sa cheanntar ar feadh tamaill go dtí gur 
thréig sé an dútha san ar fad, chun go bhfaghadh sé a raibh de 
leabhraibh i nÉirinn do scrúdadh chomh fada is bhí baint aca le 
stair na tíreach.  Timcheall na bliadhna 1618-1619 do thárla 
na cúrsaí seo, féibh mar a mheasaim; agus b'in é an uair a 
scríbh sé —
"Uch is truagh mó ghuais ón ngleo-bhruid"
ar bhás Shéamuis Óg Buitléir, mac Iarla Chnuic an Tóchair.
"Is dona an ghaoth ná séideann do dhuine éigin," agus is 
maith an scéal d'Éireannaigh i gcoitchinne gur thárla an ghéar-
leanmhain seo do Sheathrún Céitinn; mura mbeadh í, ní dócha go 
mbeadh an leabhar breagh mór-chlú san "Forus Feasa ar Éirinn" 
againn i n-éan-chor.  Is minic do rinneadh a mhaoidheamh gur i 
bpluaiseannaibh Ghleanna Eatharlaigh do chuir sé an leabhar san 
le chéile, acht ní dóigh liom féin gur mar sin a bhí; ní móide gur 
rinn sin ar feadh i bhfad acht an t-adhmhad do bhailiughadh agus na 
cúinsí do chruinn-mheas.  Agus ba ró-shuarach é beatha agus 
saoghal na nGaedhal san dúthaigh seo san ré mhíofhortúnaigh úd 
— féach an cunntas atá fí chló san teangain Spáinnise ó láimh 
an Athar Pádraig Comartún, i leabharlainn na mBráthar, ar 
Chéibh na gCeannuidhe, i mBaile Átha Clilath, fí bhliadhain a 1619. 
Trí bliadhna i n-a dhiaidh san (1622) ní raibh ar thalamh na 
hÉireann acht aon easpog amháin den seana-chreideamh .i. an 
tAthair Dáithí Rothe, Easpog Osraighe, agus b'éigin cead 
d'fhagháil ón Róimh dó san maille re beirt abb chun beirt 
easpog do choisreacan. 
Ón méid sin is iontuigthe an íde a bhí ar ár dtír bhoicht le linn 
na huaire sin, agus an t-easpog aonair sin ní dócha go bhfaghadh 
sé puinn suaimhnis acht gur dhe Ghallaibh é.  An t-aonmhadh 
lá fichead de Eanair, 1623, do chuir an Fó-rí is a Chomhairle 
fuagra amach ag bagairt ar lucht Chumainn Íosa agus ar 
shagairt eile an tír seo do thréigean, agus an 17 de Shamhain 
1624, do scríbh Aodh de Búrc leitir i Laidin ag cur síos ar 
phianadh Chaitlicí Éireann an tráth san. 
Má thrachtaim ar na chúrsaíbh seo, is é is fáth leis sin dam: a 
thaispeáint go cruinn cionnus mar do bhí an scéal ag ár sean 
le linn Céitinn a bheith ag taisteal na dtriúch ar lorg eoluis i 
gcomhair a leabhair, agus níor bhfuiris é dh'fhagháil mar eólus.  Sa 
chéad dul, b'é cás an tsagairt seo go raibh sé ar gor agus lucht 
faireacháin ar a thí; sa tarna dul, ba fánach an leabhar a bhí le 
fagháil i n-éan-chor i ndiaidh an léir-scris; san trímhadh dul, 
níor bh'áil leo so go rabhadar i n-a seilbh aca scaramhaint le sna 
leabhraibh, i dtráth is gur bh'éigin don bhfear bocht cóib do scríobh 
de gach nídh a theastuigh go géar uaidh.  Agus, thairis sin go léir, 
bhí daoine ann go raibh leabhartha agus eolus aca, ná tabharfadh 
dó ceachtar aca, mar bhí amhrus aca ar a mhacántacht — rud nár 
ghábha dhóibh.  Duine den gcineál so do b'eadh Ó Ceallaigh 
Ghleanna Chonchadhain i gCo. Dhoire Cholm Cille.  D'iarr an fear 
so ar Sheathrún Céitinn a chuid nótaí do thaispeáint dó; agus, 
tar éis dó beagán díobh do léigheadh, adubhairt sé leis an 
nDochtúir: 
"Taoi tar éis na Muimhnigh do mholadh agus stair Chúige 
Uladh do cheilt — an chúige is táscmhala i nÉirinn." 
Fóríor cráidhte! go bhfuil go leór oighrídhe fós againn ar 
Mhac Uí Cheallaigh, ná tuigeann go bhfuil "Éire" i n-a ríoghacht ar 
leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle is na 
hollamhain do bhí innti i n-allóid, gur chumadar breitheamhnus, 
leigheas, filidheacht, is ceól as riaghlachaibh cinnte riu do bheith ar 
bun i nÉirinn." 
Is fuiris do dhaoine gearán a dhéanamh indiu gur rinn 
Seathrún Céitinn a leithéid seo nó a leithéid siúd, nó gur fhág 
sé gan déanamh é.  Im thaobh-sa dhe, aontuighim go dtí fíor-
bheagán leis an bhfile insa chur-síos do rinn sé ar chás an 
Dochtúra i n-am na buadhrtha san, mar adeir: 
"Fearthainn fhliuch is sneachta air is an ghaoth adtuaidh;
Scamaill neimhe ag bagairt air 's ag scéidhe anuas;
An chlagairneach go spairrneach ag téacht 'n-a chluais
Am eadarshuth, gan taise dhó, ná éin-phioc truaigh!
"Gan fallaing air dhá chasnamh ar shíon ná ar fhuacht,
Ná leabaidh ann acht carraig ar a sínfadh suas;
Ganna-chuid na maidne agus na hoidhche d'uaidh;
A gheala-chrobha ar bailli-chrith 's an ghríosach fuar.
"Ailp charraige cois falla aige mar bhórd chun scríbhe,
Canna duibh i n-aice leis, is stól beag fí;
Leabhair ann do bhailigh as gach cóige 'en tír,
Is Seanchus na Banba aige i bprós dá ríomh."
Agus cá bhfuil an té úd a dhéanfidh machtnamh ar an scéal 
ná haontoghaidh leis an méid seo ón bhfear céadna: 
"A lucht taithighthe na leabharlann 'n-a mbíonn eólus,
Gur theangamhaidh dhíbh beatha shona ar fíor-chomhghar,
Cead labhartha agus acaracht chun scríbhneóireacht,
Is scaipeadh agaibh ar leabhraibh gan moill nóimit. —
"Machtnaidh ar easbhathacht an fhír-leoghain úd
I nEatharlach is carraig ghlas ghá dhíon ón sioch;
Bhur gcama-bhreith um aindeise nó mí-chóir air
Caithidh uaibh — ná labharaidh air níos mó liom."
Tá dearbhadh againn ó Chéitinn féin i "dTrí Bior-Ghaoithe an 
Bháis" go ndeachaidh sé go Cúige Chonnacht, mar adeir, ag cur 
síos dó ar mhodhaibh adhnacail: 
"An naomhadh nós: is eadh do ghnídís na Neviae (?) do réir Alexander ab 
Alexandro, iii. 7.
"An marbh d'adhnacal fá úir maille ré hadhmholtaibh is ré comhgháir 
chaointe is ré píobaireacht do bheith roimhe gus an eagluis.  Agus do-chím an 
nós so ag a ghnáthughadh i gConnachtaibh; óir, bíd mná timchioll an mhairbh ag 
tabhairt teasta is formholta air, agus bí píobaire ag seinm rés an gcorp ag 
triall gus an gcill." 
Atá, fós, deimhin againn go raibh tásc Chéitinn i gCúige 
Laighean le n-a linn féin.  Seo aistriughadh gus an nGaedhilg 
ar leitir — ní loitfinn an beag-shaothar so le héin-mhir Shacs-
bhéarla do chur ann — do sheól an tAthair Seán de Róiste, 
Easpog Fearna, ag triall ar an Athair Lúcas Bhadding san 
Róimh, an 19 de mhí Iúl, 1631, agus an t-easpog an tráth san 
ar cuaird ag a cháirdibh ag an gCeapaigh, i bParóiste Inis Téog, 
i gCo. Chill Choinnigh: 
"Dochtúir Céitinn, tá sé ag saothrughadh go dian ag cruinn-
iughadh nótaí eoluis i gcomhair Seanchuis san nGaedhilg.  Is 
léigheanta an duine é; acht, má thagann a chuid oibre chun 
críche, is eagal liom nach mór don leabhar atharrughadh do 
dhéanamh ann maidir le scéalta lag-bhunudhais.  Is é d'fhéadfadh 
do chur it lámh a lán aistí greannamhara is fearr d'oirfeadh 
duit-se ioná dhó féin.  Ní'l éan-tsuim agam san bhfear: ní 
fheaca riamh é, mar san Mhumhain iseadh atá comhnuidhe air." 
[A chríoch an mhí seo chughainn].
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11