SINN FÉIN.
Níor fríth againn an mhí seo aon aiste do b'fhiú 
duais.  Tá súil againn go mbrostóghaid ár sgríbh-
neóirí ortha féin.  Is baoghal linn gur dóigh le n-a 
lán daoine ná beadh sé ar a gcumus aiste ealadhnta 
a scríobhadh. 
Ní healadhnta atá uainn acht eólus.  Is iomdhó 
dine go bhfuil eólus aige ar rudaíbh áirithe agus an 
Ghaedhilg aige chun cur síos ortha; agus dá mb'áil 
leis luighe chun trácht ar phongcaibh áirithe mar mhaithe 
le lucht an ainbhfeasa, do raghadh soin i dtairbhe dhó 
fhéin is don Ghaedhilg.  An rud atá agat, a dhuine, 
tabhair dúinn é. 
Fuaireamair ón "Liúdaidhe Óg" freagra ar lucht 
a cháinte.  Bhí sé ró-dhéidheannach, amh, chun teacht i 
gcló an mhí seo.  An mhí seo chughainn, a Liúdaidhe. 
Do hiarradh orainn breis cáirde a thabhairt i 
gcóir an "Duais Nua".  Ó nach mian linn a bheith 
dian ar éinne, bhéarfam uainn féin mí mar thuilleadh. 
Bídís na haistí ar láimh againn an chéad lá de mhí an 
Iúil.