Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SINN FÉIN.



Níor fríth againn an mhí seo aon aiste do b'fhiú
duais. Tá súil againn go mbrostóghaid ár sgríbh-
neóirí ortha féin. Is baoghal linn gur dóigh le n-a
lán daoine ná beadh sé ar a gcumus aiste ealadhnta
a scríobhadh.



Ní healadhnta atá uainn acht eólus. Is iomdhó
dine go bhfuil eólus aige ar rudaíbh áirithe agus an
Ghaedhilg aige chun cur síos ortha; agus dá mb'áil
leis luighe chun trácht ar phongcaibh áirithe mar mhaithe
le lucht an ainbhfeasa, do raghadh soin i dtairbhe dhó
fhéin is don Ghaedhilg. An rud atá agat, a dhuine,
tabhair dúinn é.



Fuaireamair ón "Liúdaidhe Óg" freagra ar lucht
a cháinte. Bhí sé ró-dhéidheannach, amh, chun teacht i
gcló an mhí seo. An mhí seo chughainn, a Liúdaidhe.



Do hiarradh orainn breis cáirde a thabhairt i
gcóir an "Duais Nua". Ó nach mian linn a bheith
dian ar éinne, bhéarfam uainn féin mí mar thuilleadh.
Bídís na haistí ar láimh againn an chéad lá de mhí an
Iúil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services