GIOTAÍ.
Do bhí triúr cailíní ag comhthalán rinnce, lá Domh-
naigh. Nuair a bhíodar chun teacht abhaile, dubhairt
duine aca leis an tarna duine glaodhach ar an dtrí-
mhadh cailín. "Ariú," ar san chéad chailín, "ní'l ba
na gamhain aici sin; cad do b'áil léithi a-bhaile." Do
chuala an cailín bocht í. Ins an Inid do phós an cailín
bocht, agus do bhí ba agus gamhna aici. Bhíodar ag an
rinnce arís sa tsamhradh bhí chughainn, agus do ghlaéidh
duine dhe sna cailíníbh uirthi chun teacht a-bhaile um
thráthnóna. Annsoin, dubhairt sí leó:
Céad moladh le Rígh na gcomhacht
Ní rabhas fé bhrón acht tamall
Tá mo ghamhna ag deól
Agus aghaidh mo bhó ar an mbaile;
Raghad isteach fé scóip
Anois gan bhrón gan mhairg,
Agus rinncfad ríl nó dhó
Le hÉamonn Óg Mhac Gearailt.
M. Ó C.
Bhí bean chaointe tamall soir ón nDaingean is bhí
sí go tréan chun chaoine. Do cailleadh sean-bhacach
ar an mbaile 'na raibh sí. Insan oidhche sin bhí na
buachaillí go léir ag tathant uirthi caoine a dhéanamh
dó, acht ní dhéanfadh sí dhóibh é. Do gealladh leath-
ghloine fuiscí ón nduine aca, agus gloine, acht ní
dhéanfadh. Do ghealladar scilling ón nduine ann-
soin, agus d'éirigh sí agus dubhairt:
Dia dhuit, a dhuine;
Dia dhuit is fiche;
Ní aithnigheann mise thusa,
Is ní aithnigheann tusa mise;
Bhí mála ort is fiche;
Bhí adharc agat chum an ime,
Agus galún agat chun an scidir;
Gealladh dham go minic
Bodhla puins is gloine,
Is scilling ó sgach duine,
As an méid seo a rádh dhuit-se;
Is ní sheasomhaidh cúirt ná cuisle
Mara ndíolfaid súd an bille.
M. Ó C.
Bhí cabaire ag teacht ó aonach lá, agus d'fhiafraigh
fear de cionnus a bhí an t-aonach. D'fhreagair an
cabaire mar seo é:
"Bhí bean ar droch-chóta
Agus bean eile agus dá chóta mhaith uirthi;
Cúig phúint ar bhúdóig,
Deich is dafhichid ar strupóig,
Airgead ag an gcníopaire
Agus fear an chroidhe gan aon airgead."
M. Ó C.