Craobh Inis-Meadhóin
Tá sé sgathadh maith anois ó chuireamar cunntas ag
an gClaidheamh, acht ní shin é an fáth nach rabhamar a
déanamh oibre maithe na dhiaidh sin. Is fearr le muin-
tir na h-áite seo gníomh agus obair do dhéanamh lá ar
bith ná caint.
Dia Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá déag bhí cruinniughadh
mór againn a dteach na sgoile. Is minic bhí an
seomra líonta suas go béal ó cuireadh an ghéag seo ar
bun acht ní fhacas an oirid ann riamh agus bhí an lá úd. Tá
an cailín óg tír-ghrádhamhail sin, fíor-charaid na Gaedhilge,
an bhean uasal mhúinte fhoghluimte, an charaid bhréagh
Ghaedhealach sin. Aigneas ní Fhaircheallaigh a nInis-
mheadhóin ar a cuid laethe saoire agus thug sí cuairt
orainn agus ní chúram dhúinn a rádh go raibh céad míle
fáilte roimpi. Níor tháinig fear ná bean annso riamh
a thaithnigheanns chomh mhór le muinntir na h-áite. Dá
dtiocfadh a leitheide ins gach áit a labhruighthear an
teanga, bheith níos mó meas ar an nGaedhilge na mar
tá.
Thar éis an sgríobh agus an léigheadh, bhí abhráin a's
sgéalta, agus ceól agus puirt a damhsa againn.
Thug Éamonn O Briain agallamh Phádraic agus Oisín
uaidh agus is é atá deas air. Is deacair fear fhágháil
tá i n-ann cainnt chur i ndiaidh a chéile, ná chroiceann chur
ar sgéal comh maith le Éamonn. Glaoidheadh ar Shéamas
Ua Conceannain, tá ar éis teacht as San Francisco,
California gur thug sé óráid bhríoghmhar chéillidhe uaidh.
Tá sé (30) deich mbliadhna fichead ó d'fhág sé Éire
agus má tá féin níor chaíll sé an teanga a gheall Dia
dhó, cé go bhfuil cuid againn chailleanns í nuair bheas-
muid ann cheithre uaire fichead.
D'innis sé dhúinn an obair nór tá na hÉireannaigh a
dhéanamh i Meiriocá i dtaobh ar dteanga, tá sé dá
múnadh ins an coláisdíbh is áirde agus is mó cáil ann, tá
na hÉireannaigh dhá foghluim dhá gclainn, tá cion agus
meas agus grádh aca orra (.i. uirri) agus goidé an
fáth, adeir sé, nach ndéanann muid mar an gcéadna
annso a nÉirinn.
Má's mian linn Éire bheith na náisiún go deo, má's
mian linn, meas bheith againn orainn féin, caithfidh gach
fear agus bean agus páisde i nÉirinn teanga na hÉireann
a labhairt. "Aithnighthear daoine" adeir sé "do réir an
teanga labhrann siad agus an tÉireannach nach bhfuil aige
acht Béarla, ní'l sé ceart na cóir an t-ainm bréagh-
naomhtha sin do thabhairt air, mar ní thuilleann sé é."
Labhair Aigneas Ní Fhaircheallaigh agus dubhairt go raibh
bród mór agus lúthgháir orra (uirri) bheith 'nar measg arís
agus go mór-mór ó cuireadh an chraobh ar bun go bhfuil
sí lán-chinnte go dtiubhramuid aire mhaith do'n sgoil
agus go raibh súil aici gur geárr nach mbeadh duine
beag ná mór sa n-oileán nach mbeadh abálta ar an
teanga sgríobh agus a léigheadh.
Ghabh an Maighistir Sgoile, Mícheal Ua Cúnain,
"caitheamh na ghlais" agus is rí-dheas rinne sé é.
Tugadh beagan eile abhrán agus damhsa dhúinn agus annsin
sgaipeamar go dtí an Domhnach seo chugainn nuair
thiucfamuid a dteannta chéile arís le congnadh Dé.
Beannacht Dé agus Mhuire ar an gClaidheamh Soluis.
Is fada linn go dtagann sé gach seachtmhain. Níor
tháinig aon pháipéar nuaidheacht' annso riamh chuireanns
an oirid rí-mhéid orainn leis.
Go mairidh sé beo go deo
An Rúnaire