DINNSEANCHUS.
SALTHILL, ETC.
Béal Átha na mBuillí, Ros Comáin
16 Mí na Nodlag, 1905.
Chun Fear-eagair an IRISLEABHAIR.
Nuair a sgríobh mé chuig Seosamh Laoide an litir
sin a bhí i nIRISLEABHAR na míosa seo agat, ní ag
iarraidh lochta nó “spíde” a fhághail air a bhí mé, acht
ag féachaint le congnamh agus cuidiughadh a thabhairt
dó. Badh cheart go mbeadh fhios aige go maith nach
bhféadfadh sé gach uile ainm áite a bheith ceart aige
sa bPost-Sheanchus, acht is cosamhail nach bhfuil éan
mhaith a bheith ag iarraidh comhairle a chur ar an bhfear,
mar tá sé ró-dhearbhtha as féin ar fad.
“Tá Bóthar na Trágha ceart agus lán-cheart.” Ó!
staidéar, a Laoidigh — nach cinnte atá tú! Deirim-
se nach bhfuil sé lán-cheart nó ceart acht oiread
Bóthar na Trágha a thabhairt ar Salthill. Tá áit ann a
dtugann siad Bóthar na Trágha air, acht tá sé míle ó
Salthill, timcheall 's leath bealaigh idir é féin agus
Gaillimh. Is dócha gur ag cur síos ar an áit seo bhí
Eoghan Ó Neachtain. Maidir le muinntir Chois
Fhairrge, sílim go bhfaca mé féin an oiread aca a's
chonnaic an Laoideach, agus is é Poll na Rúime a
chualaidh mé aca uilig ar Salthill.
Badh mhaith liom fheiceál go bhfuil an Laoideach
sásta Béal Átha na Muice a thabhairt ar Swineford
feasta. Tá sé ag dul amugha go mór má cheapann
sé nach bhfuil an leagan sin ar an ainm i n-áit ar
bith acht i n-aice an bhaile é féin. Níl a mhalairt air
i n-áit ar bith i gConnachtaibh; má tá, níor chualaidh
mise é, agus tá an chuid is mó de'n Chúige siubhalta
agam.
Níl Seosamh sásta leis an nGaedhilg a thug mé dhó
ar Lisacul. B'fhéidir nach bhfuil Lios a' Ghaill ceart,
acht níl sé chomh mór as bealach le Lios a' Chúil atá
aige-san, mar atá dhá l i ndeireadh an fhocail go
dearbhtha. Seo é an chaoi a abruigheanns na Gaedhilg-
eoirí atá san áit é — Lios a' Choill, nó Lios a' Chuill.
Ní bheadh ceachtar aca so ceart do réir graiméir,
mar dá mbadh í coill a bhí ann, bheith sé Lios na
Coille. Ní fhéadfadh sé a bheith coll, hazel, a bhí i
gceist acht oiread, mar ní thagann athrughadh ar
bith ar an bhfocal sin. Tá oileán beag i Loch 'c Oirb
a bhfuil Inis a' Ghaill air. Is ionann, mórán, an
fhuaim atá ag Ghaill annso a's tá ag deireadh an
ainm sin, Lisacul.
Feicim gur labhair Pádhraic Ó Domhnalláin, san
litir sin a chuir sé chuig Seosamh Laoide ar an
nGaedhilg a bhí aige ar Recess sa “bPost-Sheanchus.”
Tá an ceart ag Pádhraic sa rud a dubhairt sé. Is
Srath Salach atá ar an áit sin i nGaedhilg gan aimh-
reas ar bith, agus ní hé an Ruiséalach, mar tá sa
leabhar ag ár gcaraid.
Níor cheart do'n Laoideach a bheadh chomh feargach
a's go mbeadh sé ag iarraidh ar na Connachtaighibh a
“ndubhshlán a dhéanamh,” agus gan ádhbhar ar bith aige
acht go raibh cuid againn ag tabhairt conganta dhó
leis na hainmneachaibh seo a bhí “bun os cionn” aige
a cheartughadh. Níor cheart dó acht oiread a bheith ag
déanamh gaisge chomh luath so, mar níl an leabhar
saor ó lochtaibh go fóill.
Tá dhá bhaile i gConndae na Gaillimhe a bhfuil
Kilkerrin orthu i mBéarla, agus tá Cill Chiaráin thíos
ag Seosamh do'n dá cheann aca. Ní cheart dó é seo a
dhéanamh. Cill Chiaráin atá ar an gceann atá i
gConamara, acht is Cill Chuirrín atá ar an mbaile
beag atá sa taobh thoir de'n Chonndae.
Tá an litir seo sáthach fada agam cheana, ní chuir-
fidh mé an sgéal níos fuide faoi láthair.
Is mise, do chara go buan,
PÁDHRAIC Ó MÁILLE.
BÉAL ÁTHA NA MUICE, &rl.
187 Abbey Road, Barrow-in-Furness,
December 12th, 1905.
A Sheósaimh, a chara,
Is fada ó bhídheas ar tí sgríobh' chugat a dtaobh cuid
de na hainimneacha áite-sa aguinne, acht ba hé mo
thuairm go mbeithfheá bodhruighthe aca gan mo theanga-
sa do chuir isteach sa ngleo, &, do réir an IRIS-
LEABHAIR, ní dhearnas mearbhall.
Béal Átha na Muice. — Gan amhras, seo é an t-ainim
ceart. 'Sé an t-adhbhar atá leis, mar deirtear — 'san
abhainn i n-aice an bhaile tá nó bhí carraig 'na
seasadh ins an uisge a rabh samhaltas muice ar a
leath-taobh, ar nós go tugadh Áth na Muice ar an áth.
Is cinnte nach rabh acht aon mhuc amháin ann ariamh.
Lios a' Choill. — Níl 'fhios agam cé bhfuair an
Máilleach “Lios an Ghaill” mar ainim do'n bhaile
seo. Rugadh agus tóigeadh mé fuisgeacht míle dhe, agus
níor chualas riamh air acht Lios a' Choill. Is fír-
bheagán ainmneacha 'sa bparáiste thart thimchioll air
nach bhfuil baint aca le coillte nó croinn, mar tá
“Coillte Meadhoin” & “Coillte Brancs” ar leath-
taobh na “Craobhaighe” 's Fidh. Ar thaobhaibh eile, ní
áirighim “Coilleach” níos fuide amach uaidh.
Baile Chathail. — An áit a sgríobhann “P. Ua Domh-
nalláin” as. Is dócha gur aistriughadh é seo ar Char-
lestown, ainim do tugadh ar Béal Lathaighe tá leith-
chéad bliadhan ó shoin. Béal Lathaighe do bhí air le mo
linn-se — nó corr-uair Baile Úr Bhéil Lathaighe. Ba
hé Chas. (Cathal) Strickland — fear ionaid an Tighearna
Diolúin — do bhaist a ainm fhéin air. Cidh go mba
Sasanach é Stric, ba fear cóir cneasta a bhí ann. Is
éigean dom a rádh: ní fhacas an leabhar go fóill, acht
chuireas sgéal 'na choinne chuig an siopa.
Do shean-chara,
S. UA RUAIDHRÍ.
[Go raibh míle maith ag Seaghán Ua Ruaidhrí. Béal
Átha na Muice: is dearbh gurab é seo an ceart
anois. Lios an Chuill: tá an ceart ag Seaghán Ua
Ruaidhrí, acht is dóigh liom gur fearr é litriughadh
mar sin. — S. L.]
“KILMEENA.”
Baile Uí Fhíodhcháin, Condae Muigheó.
15/3/1906.
A chara,
Is é Cille Míodhna an t-ainm ceart i nGaedhilge
ar an pharáisde sin. The word is derived from cill,
a church, and Míodhna, the patron saint of the parish.
Le meas mór, mise
PÁDRAIG Ó DOMHNAILL.
…