DINNSEANCHUS.
Cluain,
Márta 10, 1906.
A Chara,
Ba mhaith liom focailín do rádh mar gheall ar
a dó nó trí des na h-ainmneachaibh áiteann atá i
b“Post-Sheanchas,” an leabhairín is fearr do thaithnigh
liom d'ár tháinig amach le déidheanaighe.
“Ballinagh — Béal an Átha”. Is amhlaidh d'airigheas-
sa sean-daoine Chontae an Chabháin — agus go h-áirighthe
duine aca go raibh rud beag Gaedhilge aige, agus blas
Gaedhilge ar a chuid béarla — ná Bell-na-neach, & im'
thuairim-se is é Béal Átha na n-Each an t-ainm ceart.
“Annalore — Áth na Lobhar”. Daoine gan léiginn
annso, deir siad “Aan-lore”. B'fhéidir go mba chirte
“Áth an Lobhair”.
”Ceanannas (local pronunciation is kan-on'-us).”
D'airigheas an rádh so ó shean-fhear i Muileann an
Bhata go raibh teanga líomhtha Gaedhilge aige, & ní
kan-on'-us adubhairt sé, acht kan'-an-us: “Ceannanus
a bhí, Cill Choinnigh athá, & Callain a bheidh” (ar an
gcathair is mó san Chontae). “Cill Choinnigh,”
adubhairt an fear so (nó “Cill Choinne,” de réir
fhuama), agus ní Cill Coinnigh, mar dob' fhearr le
Pádraig Ó Cearbhaill a rádh. I g“Cill Mhochuda”
mar an gcéadna análuighthear an m. “Cill 'Ochúdha,”
adeirthear.
“Ahenny — Áth-anna.” Níor airigheas an t-ainm so
i nGaedhilg, acht i mBéarla isé Aa-hinny adeirtear i
gContae Chille Choinnigh. Gan dobhat tá an t-ainm
Gaedhilge ag Gaedhilgeoiríbh Sléibh' Breathnach, mar
tá sgéal breágh do bhíodh dh'á innsint annsin ar
sheacht n-easbuig do cuireadh chum báis fad ó le
Cúntaois Leasa Mhic Thaidhg, agus do h-adhlacadh i roilig
Ahenny iad.
“Bennetsbridge — Droichead Binéid.” D'airigheas
sgéal ó shean-phíobaire dall de shloinneadh Sain-
Seoin — Corcaigheach is eadh é, & toghadh Gaedhilgeora,
leis — ag tagairt do thairngireacht do rinne Mac
Amhlaoibh ar Lord Lisle (nó Lyle) ó cheanntar Mh'Alla.
Do chóimhlíonadh an tairngireacht i mBennetsbridge,
“Droichead an Bhinéidigh” do thug sé seo air.
Ní'l Lukeswell (“Tobar na h-Abha' Duibhe”) i
b“Post-Sheanchas” cé go bhfuil tigh posta ann.
Lukeswell, Waterford, an seoladh, is dóigh liom.
Mise do chara,
Le móir-mheas ort,
RISTEÁRD Ó SÉAGHDHA.
Seosamh Laoide, uasal.
[Go raibh míle maith ag fear na litre seo.
Ballinagh: Tá ár gcara ag cuimhneamh ar áit eile
sa chontae chéadna, .i. Bellananagh.
Annalore: Is geall le h-“Áth an Lobhair” an chuma
ar a gcuala Risteárd an ainm. B'fhéidir an ceart
a bheith aige.
Ceanannus: Do chualas-sa “kan-on'-us” ó Éamonn
Comartún ó Chill Choinnigh. Chuala seisean ag sean-
duine éigin é. Tá kan-an-us níos chirte gan amhras.
Ahenny: Truagh gan an sgéal soin thíos ag
Risteárd. B'fhéidir go bhfaghadh sé féin nó an Crathach
é uair éigin.
Droichead Beinéid: ó'n Athair Uilliam Ó Carag-
áin. Bheadh Droichead an Bhinéidigh comh ceart leis.
Lukeswell: Cuirfear sa leabhar fós é le congnamh
Dé. — S.L.]
Colláiste Chnuic Mheilleirí,
Ceapach Chuinn, Co. Phuirtláirge,
Eanair 29, 1906.
A Laoidigh, a Chara,
Is tairbheach taithneamhach tábhachtach an leabhar é an
Post-Sheanchas. Is ríogh-mhaith atá sé saothruighthe
agat. Acht ní fhuil saoi gan locht. Ar —
l.39. Bunbrosna, Rathowen, Co. Westmeath. Tá
Bun Brosna, Ráth Abhann. Tá Ráth Eoghain
go ceart agat ar l.108.
l.33. Balrath, Co. Meath. Baile an Rátha — locht é
seo; Co. Westmeath, Bile Rátha — an ceart
Féach Annála Ríogh. Éir. A.D. 1488.
l.49. Clongowes Wood. Ní fhúil aon chuas san áit.
Cluain an Ghabhann d'airigheas ariamh da thabh-
airt ar an áit.
l.54. Cratloe. Cratsalach atá i nAnnálaibh Uladh.
l.64. Dunmanway. Dún Maonmhuighe. Féach Dánta
Shéafraidh Uí Dhonnchadha, l. 310.
l.85. Kilranelagh. Cill Rannairech atá i nAnn.
Ríogh. Éir., A.D. 493.
l.84. Kilmore, Limerick. Coill Mhóir (near Conlish
barony of Up. Connelloe) atá i nAnn. Ríogh-
Éir., A.D., 1581.
l.96. The Maze. Tugann Seaghán Ua Donnabháin
“An Más” air seo. Féach a chuid litreach i
dtaobh Tomhais Chondae an Dúin. Tá Cumann
an Leabharlainn chun iad do chlóbhualadh.
l.121. Tullycrine. Tulach Crainn atá i nO'Brien's
Rental Survey, Vol. XV., Proc. R.I.A.
l.124. Woodford. Áth Caille (coille) atá i nAnn
Ríogh. Éir., A.D., 1124.
Nár lagaidh Dia do lámh ag saothrughadh an tSean-
chara.
Mise, & meas mór agam ort.
Tomás P. Ua Nualláin.
Ceist agam ort: Is 'mó áit i dtuaisceart na
hÉireann a bhfuil “Calhame” mar ainm air. Cad í
an chiall atá leis sin?
[Go raibh míle maith ag ár gcaraid.
Clongowes Wood: “Cluain an Ghabhann” atá thíos
ag Risteárd Tuibear i láimhsgríbhinn 23/L32 R.I.A.
Shaoileas go raibh na Fiants ní b'ughdarthásaighe 'ná é,
agus Clongoweswood, Clonegoweswodd, &c., aca. Do
thugas cúl do'n cheart sa rud so, b'fhéidir. Cionnus
thárla go gcuala Tomás an t-ainm? Dhar ndóigh,
ní'l focal Gaedhilge san áit.
The Maze: Ní raibh an ceart ag Seaghán Ua Donn-
abháin. “Meysse” an litriughadh atá i n-Inquisition
éigin le Rígh Séarlas.
Woodford: “Gráig na Muilte Iarainn” atá ag
Gaedhilgeoiríbh Chontae na Gaillimhe ar an áit seo.
Is dócha go raibh dhá ainm air agus go bhfuil an sean-
ainm caillte sa Ghaedhilg.
Balrath: “Bile Rátha” an ceart gan amhras, acht
is dóigh liom go dtáinig “Baile” i bhfeidhm san ainm
sa deireadh thiar. Ní bheadh “Bal-” sa Bhéarla, acht
muna mbeadh sain amhlaidh.
Tá an ceart ag Tomás Ó Nualláin sa chuid eile
dhíobh. Do imthigh dearmad orainn i dtaobh “Cill
Rannairech.” Do léigheamar é i “mBorumha Laigh-
ean.” Gheobhaidh Tomás “Creatshalach” i “Mórthim-
cheall Érenn do rigne Muirchertach mac Néill.”
Calhame = Cáil Shéim .i. cuid Shéamuis nó Cál Shéim
i cabáiste Shéamuis? Chualamar “rásaí Cháil Shéim”
i dTír Chonaill. — S.L.]
Cnoc Meilleirí,
Ceapach Chuinn,
Feabhra 6, 1906.
A Chara,
I dtaobh an Phost-Sheanchasa —
l.20. Ahascragh. Ath Eascrach Cuan (ní Cuain) i
n-Annálaibh Uladh, 1307.
l.22. Artane. Ard-aidhin. A.U., 1534.
l.33. Baltinglass. Bealach Conglais. A.U. 1163.
l.33. Balrath. Bil (Bile) Ratha. A.U. 1488. Tá
Balrath i Midhe & ceann eile i nIarmhidhe.
l.24. Ballaghaderreen is in Co. Mayo except for the
P.O.
l.40. Clonard in Félire Aengusa, May 26. C. Ard.
l.104. Oola is in Tipperary.
l.95. Malahide. Baile Átha Thid. A.U. 1375.
l.41. Carlingford. Carrlongphort, A.U., 1214. Cáir-
linn, A.U., 1511.
l.81. Killala. Cell (Cill) Aladh. A.U., 1275.
l.82. Killeeshal. Cill Ísiol right. A.U., 1527, and
Sol.
l.84. Kilmore, Armagh. Cill Mór Enir. A.U., 1251.
l.85. Kilsheery is in Co. Tyrone.
l.85. Kiltoom, spelt Cell Tome. A.U. 751.
l.48. Clogher, Tyrone. Clochar Mac nDaimhean,
Clochar Mac Domheni. A.U., 770, &c.
l.114. Solloghead. Salcuait in Cormac's Glos.
Sail Cóit in Four Mast. A.D. 1602.
l.97. Moneymore. Móin Mhór Doire Lothair is
right. A.U. 563, 727.
l.64. Dungiven. Dún Geimhin. A.U., 1207.
l.77. Inishcrone. Eiscir Abhann, A.U., 1512.
l.91. Lisalway. Lios Shealbhaigh. A.U., 1340.
l.67. Fahan. Fathan, not Fathain. A.U. 762; also
Othan, A.U., 725.
l.69. Garadice, Co. Leitrim. Garradice Lake is
Lough of Finn-Mágh in A.U., 1418.
Mise & meas mór agam ort.
Tomás P. Ua Nualláin.
[Táim buidheach de Thomás Ua Nualláin.
Artane: Ní féidir gur bh'ionann “Árd Aidhin” &
Artane, agus Tartaine sa tSean-Bhéarla ar an áit.
Baltinglass: Sean-ainm is eadh “Bealach Conglais.”
“Mainistir an Bhealaigh” an t-ainm déidheanach.
Malahide: Ní haon áit amháin “Baile Átha Thíd” &
Malahide. Tá Molaghyde sa tSean-Bhéarla, & is
deimhin gurab ionann sain & “Mullach Íde.”
Ní haon áit amháin Carrlongphort & Carlingford.
“Cáirlinn” atá i mbéal Gaedhilgeoirí Chuailnge go
dtí indiu féin.
Dungiven: Tá Dún Geimhin trí mhíle i dtaobh theas
de Bhaile an Mhullaigh (.i. ainm an Bhaile Mhóir go
dtugaid Béarlóirí Dungiven air go tuathalach).
Inishcrone: Táim ag feitheamh le sgéalaibh ó'n
Dochtúir Seaghán Mac Enrí i dtaobh na háite seo.
Clonard: Cluain Iorairda bhí riamh ar an áit ba
cháileamhla dhíobh. Tá áiteanna eile ann go mbain-
eann “Cluain Árd” leo ó cheart.
Ná déintear dearmad air seo: Ní ceart do
cuireadh síos gach aon chéadnughadh i nAnnálaibh Uladh
nó i dtéxannaibh eile nach é. Is minic ha heagarthóirí
amugha — S.L.]
Má bhíonn tú súighte brúidhte marbh tnáithte
Ó shughadh na n-ubhall gcumhra 's an an leanna láidir,
Glac-se chughat, má's fiú leat teacht it shláinte,
Ruibe dhe chlúimh na cún soin lá 'r n-a bháireach.
Ar theacht an Talbóidigh i nÉirinn i n-aimsir Ríogh
Shéamuis adubhrathas:—
Cé d'fhásadar táimh-fhir na tairbh-fheóla
le ládus an chárta go hana-bhóineach,
Dar Pádraig is fear liom 'ná an seana-chóta
N-a shláinte mar tháinig an Tálbóideach.
Neach is díomhaoine ar domhan,
Má's fíor d'iúl na healodhan,
Mac brughaidh ar mbreith ar rath
ler cumhain bheith n-a bhodach.