tart thimcheall na háite, tada air ariamh acht “Srath
Salach.”
Nuair bheithfeá ag braith an leabhar a chuir amach
aríst, ba mhaith an rud duit é chuir thart ag Gaedhilg-
eoiribh annso 's annsúd le rud ar bith tá bun os
cionn ann a cheartughadh.
Tá súil agam go bhfuil tú go rí-mhaith agus go bhfuil
ag éirghe leat go geal.
Mise do chara,
PÁDHRAIC UA DÓMHNALLÁIN.
[Bíodh a fhios ag an sgríbhneoir go gcuala “Béal
Átha na Muc” ó Chonnachtach éigin. Admhuighim anois,
ámh, gur fearr “Béal Átha na Muice,” ó's é an
t-ainm atá ag muintir an cheanntair féin. Tuigeadh
sé leis gur minic níos mó ná aon chuma amháin ar
ainm áite. Cuir i gcás Belmullet, ní har aon nós
atá an t-ainm sin ag na saoibhibh féin i gCúige
Chonnacht. Sgríobhann an Chraoibhín Aoibhinn “Béal
Mhuiléad,” an Buachaillín Buidhe agus sagart na háite
“Béal a' Mhuirthid,” Mac Uí Chonchubhair ó'n gceann-
tar féin “Béal a' Mhuileit,” & 'na dteannta sain go
léir tá “Béal Muileat” thíos ag Seaghán Ó Donn-
abháin ar léarsgáil do chuir sé le chéile! Na daoine
seo go léir, bhíodar cinnte gur mar sin a bhí an
t-ainm ag muintir na háite! Is dócha go mbíonn
canamhaint ar ainm áite comh maith leis an gcaint.
Gaedhilg aisteach an eadh? Nach ughdarthásach atá
sé! Tuigeadh sé anois go bhfuaras “an Ruiséalach” ó
mhnaoi uasail do bhí san áit féin & do chuala ó mhuin-
tir na háite é.
Níor ghábhadh dhó an chomhairle sin do thabhairt dam
dá fheabhas í. Sin a ndearnas go díreach. Chuireas
ceisteanna ar dhuine is fiche de mhuintir Chúige Chonn-
acht agus níor thug acht cuid aca toradh orm. Bhí leisge
ortha, is dócha. Is usa go mór bheith ag fághail spíde
ar dhuine ná a chuid ceisteanna do réidhteach do. “Go
leor rudaí eile bun os cionn” de dhruimm aon ainm
amháin bheith amhlaidh, dar leo! Níor mheasas riamh
gurab é an rud sonnradhach is bun do'n rud choit-
chionnta. Nach trom an chiall í sin?
Fá dheoidh, ní misde dham a rádh nach táinig aon
fhreagra ó Chonnachtaighibh ar mo sgríbhinn “Postal
Topography” do chuireas ins “An Chlaidheamh Soluis.”
Cá hiongnadh go mbeadh corr-dhearmad ann, agus “an
tIarthar 'na dhubh-chodhladh”? Mar sin féin, bheirim a
ndubhshlán anois — ní bhfuighid “go leor rudaí eile
bun os cionn,” má ghníd a sean-dícheall. — S.L.
Baile eadar dá Abhainn, Co. Shligigh,
14 Deireadh Fóghmhair, 1905.
A Chara Dhílis,
Feicim sa leitir a scríobh tú i “gClaidheamh
Soluis” na seachtmhaine seo go bhfuil Béal Átha na
Muc shíos agat do'n bhaile a dtugtar Swineford
i mBéarla air. Tá tú beagán amugha annseo, acht
is rí-bheagán é. Béal Átha na Muice atá ó cheart ar
an mbaile sin, & is é a thugas na daoine i gcomhnuidhe
air.
Tá corr-áit annseo agus annsúd agus níl an
Ghaedhilg cheart agat ortha sa bPost-Sheanchus. Cuir
i gcás: “Lios an Chúil” ar an mbaile beag sin i gCo.
Ros-Chomáin i n-áit Lios an Ghaill. “Bóthar na
Trágha” ar Salthill i n-áit Poll a' Rúim, agus
“Baile Gearr” i n-áit Béal Átha Gháire. Atá Baile
idir dhá Abhainn thíos agat le haghaidh na háite seo.
tá sé sin ceart go leór acht is “eadar” a abruigh-
eanns na daoine thart annseo i n-áit “idir.”
Tá rudaí eile agat freisin nach bhfuil ceart acht
níl am agam le cur síos ortha fao láthair. Má's
mian leat é rachfaidh mé tríd an leabhar am eicínt
eile & ceartóchaidh mé dhuit iad.
Mise, le deifir mhóir,
Do chara go buan,
PÁDRAIC Ó MÁILLE,
Seosamh Laoide
An Timthire.
[Táim buidheach de Phádraic ó Máille. Ceapaim
go gcualas “Béal Átha na Muc” ag duine nó
beirt ó Chúige Chonnacht. Bíonn athrughadh beag de'n
tseort so isna hainmneachaibh anois agus arís. Acht
má's “Béal Átha na Muice” is ainm do'n bhaile mór
i n-aice na háite féin, beidh sé againn fá comhair an
chéad leabhair eile.
Lisacul: B'fhéidir an ceart a bheith ag Pádraic, acht
badh mhaith liom go sgríobhfadh duine éigin chugam ó'n
áit féin.
Salthill: Tá “Bóthar na Trágha” ceart agus lán-
cheart. Sin é ainm na háite ag Eoghan Ua Neachtain
agus ag muinntir Chois Fhairrge ar fad. Caidé an
t-úghdarthás atá agat le “Poll a' Rúim,” a Phádraic?
“Baile Gearr”: Fuaras é seo ó dhuine éigin atá
'na chomhnaidhe i dTuaim Dhá Ghualann. B'fhéidir gur
chuir sé amugha mé. Badh cheart do Phádraic tuilleadh
sgéala chur chugainn.
Baile idir Dhá Abhainn; D'innis an tAthair Ó
Críocháin dam gur “Baile 'd's Á'inn” an fhuaim atá
ag na seandaoinibh. Is cuma sain nó “Dóinn”
(= Blackwater) i gCúige Mumhan i n-ionad “Dubh-
abhainn.” Canamhaint is eadh “eadar,” ceart is eadh
“idir.” Tá Pádraic ro-chruaidh ar an leabhar annso,
ró-bheacht ar fad! Tá focal ag Gearmánachaibh ar a
leithéid — spitzfindig!
Cuirfead míle fáilte roimh gach aon cheartughadh.
—S.L.