SEANFHOCAIL.
V.
TOMÁS Ó hEIDHIN DO BHAILIGH.
497. Ní leis na fearaibh maithe a bain-
tear an foghmhar.
498. Ní dhóigheann sean-chab é féin.
499. Ní mhaireann rith maith don each i
gcomhnuidhe.
500. Níor dhubhairt fearg fíor.
501. Ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a
hithtear.
502. Ní hionann bodach is Dia.
503. Ní éireóghaidh sé go n-éirighidh fiona
ag forsadh.
504. Nuair théidheas an bocht go hursain
téidheann sé go gabhail éadain.
505. Ní thabhairfeadh sí órlach dhe ar ór.
Bhí sí go mór i ngrádh leis.
506. Nainsí Ní Dhálaigh, bhainfeadh a
bláthach gáire as cat.
507. Níor mhisde dhuit nimh a bheith ar a
cuid. Bhí sí an-ghortach.
508. Ní dá roinnt leis é, cailleadh cuid
mhaith air.
509. N-a min is n-a mbainne. Súighte
tré na cheile.
510. Ní hé a mhalairt a bhí ann.
511. Níor choiscéim idir dhá theach dhó
teacht as. Ráidhte le bealach fada.
512. Ní raibh ann acht na bráithre is
d'imthigh na bróga.
513. Níl aon chíos a ndiaidh cainnte. Dá
mbeadh ní bheadh an oiread le rádh ag
daoinibh.
514. Ní imreóghadh cat dá aois le sop.
515. Níl ag mnaoi acht a teanga. Ar an
ádbhar sin is ceart cead cainte thabhairt
dithi agus gan bacadh léithi.
516. Ní fearr an iomarca léighinn 'ná
faoi n-a bhun.
517. Ná cuir suas do dhada acht do
bhuillíbh.
518. Ní maith sagart gan cléireach.
519. Ní féidir an sean-fhocal a shárughadh.
520. Ní mar a shaoiltear bhíos go minic.
521. Ní chuimhnigheann an fear sáthach ar
an bhfear leath-sháthach.
522. Ná bí do-shásta.
523. Nár lagaidh Dia thú.
524. Nár chuiridh Dia brón ort.
525. Níl áit ar bith mar an mbaile.
526. Níl duine ar bith gan a lochtaí féin.
527. Oisín i ndiaidh na Féinne.
D'airigheas “an casadh guisín (ag Oisín?) i
ndiaidh na Féinne” air seo.
528. Pluid nua ar shean-phluid.
529. Pósta ar iarraidh a béil. Go maith
as.
530. Pósadh Domhnaigh bíonn sé brónach.
531. Plaicín gabhair. Rinne sé plaicín
gabhair de. D'uaidh sé ar fad i n-éinfheacht
é.
532. Pósadh dícéillídhe.
533. Pósadh mar mhagadh.
534. Roinneann Dia na subháilcí.
535. Rath do chéirde ort, an annsin atá
tú?
536. Raghadh sé ar shagart na buile.
D'airigheas so le stoca bhí an-mhór.
537. Raithneach é, raithneach é, is mairg
nach mbainfeadh é.
538. Raghaidh sé síos agus ní cuirfear
beannacht len' anam.
539. Soitheach mór fada is bainne abhfad
síos.
540. Seóladh na ngamhan sa bhfásach.
Deirthear go gcialluigheann gamhna géidhidhe
annso.
541. Slán as mo láimh-se é.
542. 'Sí an cailín is sine againn an
cailín is mire againn.
543. 'Sé an greideal ag tabhairt tón
dubh ar an mbácús é.
544. 'Sé an chéad bhiadh chuaidh ar shliogán
dó. Is ionnan so agus a rádh go raibh sé
nádúrtha leis, nó gur bh'é an chéad obair
do rinne sé.
545. Súil le breith chailleas an cearrbhach.
546. 'Sé Lá Nodlag againn é is daoine
bochta gile gan aon phioc. Adéarfaidhe go
minic nuair bheadh féasta beag dá chaitheamh.
547. San áit nach bhfeicfar é cloisfear
é. Bhí sé uailleach.
548. Sábháil an foghmhar fhad is tá an
ghrian suas.
549. Sláinte an bhradáin agat — croidhe
folláin agus gob fliuch.
550. Scéal i mbárr bata. Adéarfaidhe
súd le scéal gan áird. Ar na cláraibh a
dtugtar cláir mhéire ortha i mbéarla a
tugadh an t-ainm seo ar dtús, acht anois
tugtar mar ainm ar theachtaireacht tein-
treach é. Is ionann “an scéal i mbárr
bata” agus “an teachtaire teintreach.”
551. Scéal an chaipín deirg. Ráidte le
díospóireacht fhada.
552. 'Sé an sionnach i gcraiceann an
uain é.
553. 'Sé a leanbh féin bhaisteas an
sagart i dtosach.
554. Samhradh riabhach is fóghmhar grian-
mhar. Sin é bhíodh ó na Fiannta.
555. Sáruigheann an fhoighide an chin-
eamhaint.
556. Scéitheann meisce mí-rún.
557. Searrach feasach ag láir uathbhásach.
558. Sláinte na mbromaighe agat.
559. Slán saoghlach an scéalaidhe.
560. San oidhche bhíos na caisleáin dá
ndéanamh annso.
561. Shílfeá gur ann a briseadh an luing.
562. Síleann fear gan aon chiall gurab
aige féin atá an chiall ar fad.
563. Saoghal fada abhfad ó bhrón.
564. Sé comórtas píobaire dhona le n-a
mháthair é.
565. Sonuachar fionn gléigeal agat.
566. San aois leanabaidhe.
567. Sonas ar do láimh.
568. 'Sé an brathlín a bhaint de chorp é
chongbháil. D'airigheas so ráidhte i dtaoibh
airgid do bhí caillte ag fear bocht.
569. Seaghán saor margadh daor.
570. Tagann comhar na gcomhursan le
chéile.
Gluais.
499. Ní mhaireann … do, “does not live to,”
does not stay with.
501. “Eaten bread is soon forgotten.”
503. Go n-éirighidh, till fiona (?) goes harrowing. Ag
fuirseadh in Munster.
504. “When a poor person goes to the door, he
does not stop till he gets to the chimney-prop (?).”
Will some reader define gabhal éadain.
506. Bhainfeadh a bláthach, “her buttermilk would
make a cat laugh,” an ironical saying.
507. Níor mhisde dhuit, it would be as well for you.
508. Ní da roinnt leis é, “Not dividing it with
him,” not grudging it to him.
509. Súighte, soaked through each other.
513. Cíos i ndiaidh cainnte, a tax on speech.
515. “A woman has only her tongue.” Cead
cainnte, leave to speak.
517. “Put up with anything except blows.”
521. Sáthach, satisfied.
522. Do-shásta, hard to be satisfied.
527. That is “left lonely and alone.”
528. Pluid, a blanket, quilt.
529. Ar iarraidh a béil, according to her wish. Go
maith as, well satisfied.
531. D'uaidh sé, “he ate it all together.”
533. Mar mhagadh, playing at.
537. Raithneach, fern. Is mairg nach, pity him who
would not pluck it.
538. Raghaidh sé síos, .i. into the grave.
540. Seóladh na ngamhan, driving the calves.
542. An cailín is sine, the eldest girl. Is mise,
most active.
543. An bácús, the oven.
544. An chéad bhiadh, “the first food he got with a
shell (spoon).” Nádúrtha leis, kind for him.
545. Súil le breith, expectation of winning.
547. Uailleach, loud-voiced.
550. Clár mhéire, “finger-boards.” Teachtaireacht
teintreach, the telegraph. Teachtaire teintreach, a
telegram.
553. A bhaisteas an sagart, that the priest bap-
tises.
555. “Patience overcomes destiny.”
556. Scéitheann, squirts, lets out. Mí-rún, an evil
secret determination.
558. Na bromaighe, (?) na mbromach, of the foals.
564. Comparing a bad piper to his mother.
565. Sonuachair, a good companion.
568. “It is taking the shroud off a corpse”.
570. In Munst. they say “ní thagann, &c.”