BEARTA CRUADHA.
24. I dtaoibh na ceiste ud do chuir “Tuireann” ar na
Connachtaibh i nIRISLEABHAR na míosa seo chaith tú,
ba mhaith liom-sa, le do chead, beagáinín beag a rádh.
Bíodh go bhfuil “faoi thráth is go” ceart 'réir
leabhar nó ná bíodh, sé “faoi rádh is go” atá i
mbéalaibh na ndaoine i gConnachtaibh, agus sílim-se gur
leór an méid sin d'aon sgríobhnóir Chonnacht. Tá
difridheacht mhór, freisin, idir an dá fhuaim — “faoi
rádh” & “faoi thráth,” má thugtar cluas i gceart
dóibh.
Cuirim an sompla seo:— “Faoi rádh's go raibh a
mac 'na dhalta d'éirigh sí i gcúthach báinidhe.” An
cirte sin a rádh ná “faoi thráth is go raibh a mac,
&rl.”? Sí an chiall a bhainfinn-se i mBéarla as an
gcéad chainnt thuas, “Because of saying,” nó
“Because it was said that here son was a rascal she
became very angry; acht dá mbéadh sé ráidhte 'sa
gcaoi eile ní bhainfinn ciall ar bith as i mBéarla ná
i nGaedhilg & bhéadh an-chaoimse Connachtach ar an
mbealach céadna liom.
Sí mo thuairim féin go gceapann “Tuireann”, ó
tá, mar deir féin, “tráth is go” dhá labhairt i
gCúige Mumhan, gur cheart gan athrughadh bheith i n-aon
Chúige eile, acht “tá an dá bhealach ann,” & d'ár ndó
ní tóigfear é ar na Connachtaibh muinighin bheith acab
astab féin i gcainnt, go háithrid ós sean-fhocal é go
bhfuil an ceart & an blas aca.
Anois faoi “rádh” féin. Sé rádh atá ag na
Gaedhilgeóiríbh san Iarthar. Níor chualaidh mise
ariamh “Céard sin tá tú ráit,” acht d'airigheas go
mion 's go minic “Céard sin tá tú rádh.” Chítear
dhom gur chualas “ráit” ó bheirt nó triúr, b'fhéidir i
gConndae Mhuighe Eó — daoine a déarfadh “Céard tá
tú rádh,” dá mbéadh i n-ann is nach gcloisfidís go
réidh thú. Mar an gcéadna chualaidh mé ó dhaoinibh
'san Iarthar “uisg'” & “uisge”, “mis'” & “mise”,
“tus'” & “tusa”, “Coláisd'” & “Coláisde”,
“agam-s'” & “agam-sa”, agus a lán focla mar sin.
Ní'l a fhios agam céard déarfadh “Tuireann” leis
seo:— “An é uisg' nó uisge an Ghaedhilg atá i
gConnchtaibh ar “water” &rl.; acht tá an méid
seo feasa agam go bhfuil 'san Iarthar ó fhágfas tú
Árainn go dtéidhidh tú síos go hAcaill thart-thimcheall
siar dtuaidh le cladach & suas aríst tríd an tír ag
gach uile dhuine atá i n-ann Gaedhilge a labhairt an
chainnt sin, nó an abairt, mar deir siúd, “faoi rádh
's go.” Chualaidh mé féin é 'chuile lá ó tháinig rath
orm; agus tuige a mbéadh locht ar na Connachtaibh a
gcanamhaint féin — an chaoi a bhfuil an Ghaedhilg dá
labhairt i measg na ndaoine 'san gCúige sin — a
sgríobhadh. Níor cheart go mbéadh go háithrid.
Ní thráth rádh bíodh go bhfuil fáth, má tá, le thráth a
chur ar pháipéir.
MÍCHEÁL Ó MAOLÁIN.