An Cleamhnas
"An Craoibhín"
do scríobh.
[ar leanamhaint]
NA DAOINE.
Cáit (cailín óg).
Máthair Cháit.
Athair Cháit.
Seághainín (dearbhráthair óg do Cháit).
Diarmuid (atá i ngrádh le Cáit).
Peadar Ó Giobaláin (sean-fhear).
Amharc.
(Cisteannach tighe feilméara. Tá dorus an tseomra
ag bun an chisteannaigh. Tá fuinneóg ins an
taoibh chlé. Tá an Mháthair agus Seághainín 'san
gcisteannach leó féin).
[Cluintear glór árd agus díospóireacht istigh.]
M. — Buidheachas le Dia, tá tú sábhálta.
… Acht ní'l … ní'l …
Ó! Tá sé ag tabhairt na sean-chránach uaidh
'n-a dhiaidh sin. Go deimhin níor shaoil mé
go raibh sean-Pheadar chomh fial sin …
Óra! a Cháit, a mhúirnín, tá siad a' rádh go
bhfuil an cleamhnas beag nach déanta.
C. — Beag nach déanta! Ochón go deó!
M. — Ó! Mhuire, Mhuire! Cad é an rud
iarrfas sinn air nach dtiubhraidh sé? Cad é
an rud is mó chuireann sé suim ann?
D. (go searbh.) — 'Sé an poitín an rud is
fearr leis, ar an domhan — leis féin agus
leis an mbolgadán de mhac atá aige. Gráin
go deó ar an mbeirt aca.
M. — Poitín! Ó, nach mise an t-amadán.
nár chuimhnigh air sin roimhe seo! Cuirfidh.
mé faoi d'athair, a Cháit, an tsean-still
d'iarraidh air. Dá mbeith sé dul isteach i
bhflaitheas amárach, agus an tsean-still do
ghreamughadh san dorus, ní rachadh sé isteach
'n-a héagmais. O! Tá siad ag éirighe …
Tá siad ag teacht isteach annso. Gabh
bhfolach, a Dhiarmuid. Ná leig dóibh thú
fheicsint.
D. — A Cháit, a stóir, tarr amach chugam
annso; agus béidh misneach agam, acht thusa do
bheith i n-éinfheacht liom.
C. — Tiucfad, a Dhiarmuid. Béimíd ag
éisteacht fá'n bhfuinneóig. Ó! a mháthair,
déan do dhichioll anois nó riamh.
[Gabhann sí amach chuige.]
M. — Seo iad!
[Fosgailtear dorus an tseomra, agus tagann
an bheirt fhear amach.]
An tATHAIR. — A Mháire, tá 'ch uile shórt
ag dul ar aghaidh go breágh linn. Tá an
cleamhnas déanta, nach mór. Tabhair deoch
dúinn, agus críochnóchamaoid é.
PEADAR. — Tá, a Mháire. Tá 'ch uile
rud socruighthe anois, thig liom a rádh.
M. — Tá fhios agam cad é atámaoid féin
'á thabhairt le Cáit; innis dam anois cad
é an chaoi ar shocruigh Peadair leat, a
Phádraig.
[Cuireann DIARMUID agus CÁIT a gcloiginn
isteach ar an bhfuinneóig ag éisteacht.
Sméideann an Mháthair ortha agus cuireann
sí a méar ar a béal, nuair nach bhfuil
an bheirt eile ag dearcadh uirri.]
A. — Fan go fóil anois, go gcuimhneóchaidh
mé ortha. [Tosuigheann sé ag cómhaireamh
ar a méaraibh.] Tá sé ag tabhairt an mhóin-
fhéir mhóir agus Gort an Chapaill le Peadar
Óg. Sin Gort an Chapaill mar bhí sé sul ar
atharruigh sé an claidhe, sular chuir sé a leath
isteach le Páirc na mBó. Agus, a dó,
atá sé ag tabhairt an bhainc mhóna atá aige
ar an gCnoc Salach, agus ní holc an banc é.
Agus, a trí, tá sé ag tabhairt an tsean-
ghearráin bháin le dul faoi an gcárr Dia
Domhnaigh, agus leis an móin do tharraing
a-bhaile. Agus, a ceathar, tá sé ag tabhairt
na móna go léir atá aige ar an tsráid
do'n lánamhain. Agus, a cúig, tá sé ag
tabhairt na bprátaí atá aige ins an
sgioból; tá oiread is tonna ann. Agus, a
sé, atá sé ag tabhairt cuinneóige agus feircín
ime. Agus, a seacht, tá sé ag tabhairt na
sean-chránach. [Ag gáire.] Dubhairt mise
leis nach raibh dadaidh do chongbhóchadh an
lánamhain óg ó imreas chomh maith le bheith
ag freastal ar an tsean-chráin. 'Nois, a
Mháire, cad deir tú?
M. (go mí-shásta, mar 'dheadh)— Agus an
é sin an méid!
An Bheirt Fhear (agus iongnadh orra). —
"An é sin an méid!"
A. — Cad chuige deir tú sin, a Mháire? An
ndearnaidh mé aon rud as bealach? Ar
dhearmad mé aon phioc?
M. — Ní headh, acht is é Peadar Ó Gioba-
láin annsin do dhearmad tairgsint ghean-
amhail do thabhairt duit-se.
P. — Tairgsint gheanamhail! Nach bhfuil mé
fágtha lom, agus an méid do thug mé dhaoibh.
An é mo chroicionn do bheitheá ag iarraidh
a bhaint anuas de mo chnámhaibh.
M. — Agus nach dtug Pádraig féin a lán
uaidh, mar an gcéadna? Budh chóir dhó
bheith ag fághail ruidín bhig éigin dó féin,
agus é ag cailleamhaint a chailín óig, agus
an oiread sin airgid léi.
A. — Fíor dhuit, a Mháire, ní bheidh mórán
sóláis agam as so amach, agus mo chailín
beag imthighthe uaim.
[Triomuigheann sé a leath-shúil. Cluintear
srannfartaigh ag an bhfuinneoig. Im-
thigheann ceann CHÁIT agus ceann DHIAR-
MADA, do bhí sáighte tríd an bhfuinneóig,
as amharc.]
Cad é sin?
M. — Ó! an rógaire cait úd atá ag an
bhfuinneóig. Huis! huis! Gabh amach as sin,
a chait!
M. — Sé r'd a bhí mé 'un rádh, a Pheadair,
nár mhór dhuit an tsean-still atá agat ar
an bportach do thabhairt isteach san margadh,
agus annsin d'féadfadh Pádruig lámh a
thabhairt do'n lánamhain ag déanamh an
uisge-beatha, agus do bhainfeadh sé an
t-uaigneas dé. Béidh sé uaigneach feasta,
an créatúir, gan a chailín óg. Tabhair an
still dó, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé
meisneach ann.
Peadar. — Diabhal baoghal orm! Ní thiubh-
rad pioc dé. Ní dáríribh atá sibh ag iarraidh
mo stille orm! Ná saoil, go bhfuighidh
sibh í. An iomarca atá pioctha agaibh asam
cheana!
A. — M'anam a Dhia! a Pheadair, ná bí
crosta. Ní fiú mórán an tsean-still, agus tá
sé chomh maith dhuit a thabhairt isteach san
margadh - mar aguisín, tá's agat - agus
sásóchaidh sé Máire. Déan, agus béidh an
cleamhnas réidh. Seo mo lámh dhuit nach
n-iarrfaidh mé aon rud eile ort, beag ná
mór.
[Sáithtear an dá chloigionn isteach an fhuinn-
eoig arís, ag éisteacht. Bagrann an
mháthair ortha.]
Peadar. — A Phádraig, shaoil mé riamh go
dtí anocht gur fear cóir do bhí ionnat.
Shaoil mé gur duine fialmhar fairrsing thu.
Acht, m'anam ó'n diabhal anocht agus ní ó Dhia!
níor stop tú ó tháinig mé isteach acht do
mo phiocadh agus do mo réabadh agus do mo
streachailt agus do mo tharraingt ó chéile.
Níor fhág tú aon rud agam acht an teach agus
na ceithre ballaí. Tá mé sgriosta, rob-
álta, agat. Agus ní dhéanfadh an méid sin
bhur ngnó, acht sibh a bheith ag iarraidh mo
stille orm, nuair tá fhios agaibh go maith
gur fearr liom í 'ná an teach féin. Tá mé
beárrtha, feannta, pioctha lom agaibh!
M. — Ó, a Thighearna! Éist leis anois, a
Phádraig. Cad é an mhaith atá i n-a shean-
still. Ag tógbháil clampair atá sé. Ní
shásóchainn é anois gan an tsean-still do
bhaint dé. An gcluin tú é, a Phádraig?
Thug sé cráidhteachán ort!
Athair. — Cad é seo atá in do cheann, a
Pheadair? Ná bíodh fearg ort. Ní thug tú
cráidhteachán orm! Ní féidir go dtug tú
cráidhteachán orm.
Peadar [ar buile]. — Thugas! cráidhteach-
án agus préachán leis, agus bhéarfad ort arís é,
nó ar aon duine eile nach bhfuil sásta le
trí cheathramhna de mo mhaoin shaoghalta do
bhaint díom, gan mo still bhreágh áluinn
d'iarraidh orm.
M. — Ó, a Phádraig, éist leis anois!
A. — Ara! bíodh ciall agat, a dhuine.
P. — Ní bhéidh ciall agam! Tá mé ar
mire agus ar buile, agus ar dearg-bhuile!
mo stillín d'iarraidh orm! An still a bhí
ag mo sheacht sinsir rómham. An still a
chaill athair mo shean-athar a bheatha leis;
an still a thug deoch ar leabuidh a bháis dom'
shean-athair; an still a bhí ag m' athair féin
gur báitheadh é san oidhche ag teacht a-bhaile
léi, agus an still atá agam-sa ariamh ó
shoin, agus do dhéanann dam uisge beatha
chomh maith agus chomh milis agus do gheobhfá
i gcúirt na Bainríoghna é; an still a bhfuil
copar i n-a bhun agus miotal i n-a bhárr agus
'ch uile alt innti chomh mín agus chomh
sleamhain le coinlín; an still do bheannuigh
an naomh do bhí ins an tír seo fad ó, na
céadta bliadhain ó shoin; an still a bhfuil
de bhuaidh innti nár gabhadh í le gauger, ná
le peeler, ná le haon duine eile ariamh,
agus nach ngeobhthar choidhche; an still a chuir
ar meisge mé trí chéad uair gan tinneas
builg ná cinn do chur orm; an still nár
chlis an t-uisge beatha ariamh uirri, acht é
theacht amach aiste chomh milis le bainne ó'n
mbó. Agus tá sibh-se dá iarraidh sin orm!
Acht cuirim mo dhubhshlán fúibh araon, a Pháidín
na smaoise, a chráidhteacháin an mhí-ádh, a
ghaduidhe gan náire!
M. — Ó! a Phádraig, an leigfidh tú sin
leis?
A. — M'anam ó'n diabhal, a Mháire, ní
fhéadaim é sin do sheasamh. [Iompuigheann
sé go feargach ar Pheadar.] A bhuilg
mhóir, a ghoile go muinéal, a shean-phótaire
ar mire, a ropaire an ólacháin, a Pheadair
na Sróna, gluais leat láithseach. Acht go
bhfuil mé in mo thigh féin do leathnóchainn an
tsrón dearg sin ar do chab mór. Gabh
amach as so, nó brisfidh mé do mhuinéal!
'Mach leat, nó … Bhfuil tú 'g
imtheacht?
P. — Tá mé ag imtheacht, a Pháidín shalaigh,
an bhéil mhóir chabaigh, a rógaire ghaduidhe, agus
nár bh'fhearrde go deó thu. Nuair bhéas tú
ar leabaidh do bháis go maithfidh Dia dhuit
do ghoid 's do robáil. Acht go bhfuil do
bhean i láthair, ní fhágfainn oiread agus órlach
de'n chroicionn ar do chorp gránna nach
mbuailfinn chomh dubh leis an áirne.
[Preabann sé amach an dorus.]
A. (d'á leanmhaint, ag glaodhach go hárd
'n-a dhiaidh) — Gabh a-bhaile anois, agus nár
fheiceam do phluc bulgóideach, ná do shrón
mhór dhearg, ná do cheann cam carrach go
ceann seacht mbliadhan. Rith leat anois.
[Cailltear a ghuth ins an oidhche.]
D. [agus a cheann tríd an bhfuinneóig] — Míle
buidheachas le Dia! Támaoid sábhálta.
M. — Amén. Tigidh isteach anois. Tarr
isteach, a Cháit, a chuisle! Dubhairt mé
leat go ndéanfadh do mháthair an gnó!
[Tagann siad isteach tríd an dorus, lámh
ar láimh.]
D. — A! a Cháit, a stóir, tá tú sgann-
ruighthe!
C. — Bhí mé sgannruighthe, a Dhiarmuid;
acht tá mo mhisneach agam arís.
M. — Tá tú sábhálta agam, a mhúirnín.
Bíodh muinighin agat as do mháthair i gcómh-
nuidhe.
A. (ag filleadh)— An sean-steangaire!
An bolgadán gránna! An meisgtheóir gan
náire! … [Féachann sé Diarmuid agus
Cáit le chéile.] Créad é seo?
M. — Ó! a Phádraig, seo Diarmuid Ó
Riain do tháinig isteach ag iarraidh Cháit dhó
féin, agus go deimhin ní shásóchainn an sean-
bhrúid úd í thabhairt d'á mhac anois! Tabhair
do Dhiarmuid í. Agus, chor leis sin, tá
grádh aca d'á chéile. Dubhairt mé é sin
leat. Agus tá fiche acra de'n talamh is
fearr san bparáisde ag Diarmuid.
C. [dá caitheamh féin ar bhrollach a athar]
Ó! a athair, déan, tá grádh againn d'á chéile
A. — Ní thiubhrainn thú do'n spreallaire
úd, Peadar Óg Ó Giobaláin anois, dá
mbeith gach póca dá bhfuil aige ag pléasgadh
leis an ór. Seó, a Dhiarmuid, glac í, agus mo
bheannacht léi [leis féin] … cráidh-
teachán! préachán! an sean-ghliogaire! …
C. — Ó! a athair, tá an sonas orm anois.
M. [ag sméideadh a súl ortha] — Seadh, a
pháistí, ó tá an t-athair toilteanach racha-
maoid go dtí an sagart anocht, agus
socróchamaoid leis. Ní bhéidh aon fhearg
air nuair chloiseann sé an gnó atá
againn leis. [Le Diarmuid.] Amach libh,
nó b'fhéidir go dtiocfadh aithreachas air
nuair fuaróchadh sé.
[Imthigheann siad i dtriúr amach. Téidheann
an t-athair go dtí an bórd. Dóirteann
sé amach gloine phoitín. Blasann sé
é, agus blasann sé arís é, agus é ag
allabhair leis féin.]
A. — Ní bréag dó a rádh go ndéanann an
still úd poitín mhilis. Go deimhin níor
bh'olc liom í. Dá mbeith sí agam féin
mar aguisín!
[Ritheann Seághainín isteach. Caitheann sé é
féin síos cois na teineadh, agus sgairteann
sé ar gáiridhe.]
S.- Ó! hó, hó! - Ó! hó, hó!
A.- Cad tá ort, a mhic?
S.- Óra, a athair! Óra, a athair!
[Ní thig leis labhairt le neart gáire.]
A.- Ara, cad tá ort? Stad agus labhair
linn.
S.- Ó! hó, hó! Tá na peelers t'reis
an still a bhí ag Peadar Ó Giobalain
d'fhagháil san bpurtach; tá sí aca anois; agus
tá siad a' rádh, an té ar leis í, go gcuir-
fidh sé an oidhche thairis ins an bpríosún i
nGaillimh, má bhéireann siad air. Ó! hó, hó!
- bhí mé ar chúl an tuim agus mé ag éisteacht
leó.
A. (Tuiteann an gloine as a láimh agus
bristear é)- By gob!
CRÍOCH
Gaedhil na Mumhan flathach, feólmhar, feas-
tach, fíonmhar, daoindeach, mórdhálach.
Gaedhil na Laighneach, faobhrach, nimhneach,
fialmhar, gleusmhar ceolmhur, daoin-
neach, connagharach.
Gaedhil na gConnachtach freachmhar, focal-
líomhtha, gasta, deagh-labhrach.
Gaedhil na nUltach bronntach, tabharthach,
neartmhar, cabharthach, neamh-sgáthmha-
rach.
(As sean-leabhar)