AN MÍ-ÁDH MÓR.
DRÁMA GAIRID DO SCRÍBH 'LIAM Ó RIAIN.
NA DAOINE:
Micheál O Laoghaire.
Máire, Bean Mhichíl.
Cáit, Deirbhshiúr Mháire.
Tadhg Óg, Peig, - Comhursain.
Sagart Paróiste.
An Siriam.
An Maor (nó an
t'"Agent")
Píléirí.
Báillí.
Comhursain eile.
Ait: Tigh Mhichíl i Sráid-Bhaile bhig fé'n dtuaith.
Aimsir: Láithreach.
RADHARC: An chistin i dtigh Mhichíl; Máire 'n-a
suidhe i gcathaoir; a lámha fé n-a ceann. I gcionn
ngimit éirgheann sí n-a seasamh agus téidheann go dtí
an doras.
MÁIRE - Nach é an mí-ádh cráidhte é! Sin
maidin eile tharm, agus an bitheamhnach
úd gan filleadh fós! Árd-chrochadh lá
gaoithe chuige! Cá bhfuil sé i n-éan-
chor nó cá ndeaghaidh sé leis an air-
gead? Uch! mo bhrón is mo léir, beidh
an siriam annso gan mhoill, agus cuirfear
amach ar thaobh an bhóthair sinn i
ndeireadh an scéil. Go bféachaidh Dia
orainn indiu, nach agam-sa atá an
fear ciallmhar? Nach orm-sa atá an
mí-ádh mór?
[Téidheann sí siar go dtí an teallach.
Ní fheadar 'n tsaoghal cá bhfuil an
bitheamnach nó cá ndeaghaidh sé i n-éan-
chor -
[Tagann Peig isteach.
PEIG - A Mháire an chroidhe istigh, bhfuil
Micheál tagtha fós?
M. [go feargach] - "Bhfuil Micheál tagtha
fós?" Greadadh chugat, a shean-
chailleach, cad chuige dhuit bheith ag
teacht isteach annso dhom' bhodhradh. Is
maith atá a fhios agat ná fuil sé tagtha,
an cladhaire!
P. - Ná beadh sé chomh
maith dhuit freagra
caoin a thabhairt
dam. Níor bhris
deagh-focal béal
éinne riamh, a bhean.
M. - Imthigh leat as
mo radharc, a chail-
leach, agus tabhair
aire dod' ghnó féin.
Táim liath agaibh
"Bhfuil sé tagtha
fós? Bhfuil sé
tagtha fós?! Níor
airigheas a mhalairt
as béal éinne ó lá
an aonaigh. Mura
mbeadh go bhfuil sé
amuigh uaim, an
dóigh leat gur mar
seo bheinn. Bailigh
leat as so.
P. [agus í ag dul
amach]. - An bhean
bhocht; tá sí as a
meabhair nach mór,
agus ní hiongnadh é.
Nach uirthi atá an
mí-ádh.
M. [ag imtheacht ar
fuid an tighe]. -
Dhe dhe, dhe, nach
mairg mná an
domhain! Bitheamhnaigh atá aca mar
fhearaibh. Faid do bhíd siad san mbaile
bíonn an mí-ádh ar an dtigh, agus faid do bhíd
amuigh uainn bhíonn mí-shuaimhneas i n-ár
gcroidhthibh.
[Suidheann síos.
Is olc dúinne i gcomhnuidhe.
[Airightear ceól leathsmuigh. Preabann
Máire de gheit. Tagann Tadhg Óg
isteach agus é ag seinnim ar feadóig.
Tadhg Óg [ag baint na feadóige dá bhéal
go hobann]. - Gabhain párdún - Dia 's
Muire dhuit! - Dearmhad do bhí orm -
Bhfuil, bhfuil Micheál tagtha fós? -
Máire [go feargach]. - Marbhfáisc ort, a
phlubaire! An mar sin is cóir dhuit
teacht isteach?
T. Ó. - Gabhaim párdún agat, a Mháire. Ag
déanamh taithighe ar roinnt cheóil i
gcóir Chonnradh na Gaedhilge bhíos, agus bhí
an oiread sin áthas orm nár bh'éidir
dam stad de'n phort.
M. - Droch-rath ort féin agus ar do phuirt!
Shíleas gur bh'é an siriam do bhí ann.
T. Ó. - [ag gáiridhe] - Hó! hó! hó! An dóigh
leat, a Mháire, gur ceól Gaedhealach
do bheadh ag an siriam?
M. - Éist do bhéal. Ní fheicim-se éin-
deifridheacht indiu idir phortaibh. Ní
measa ceann aca ná a chéile.
T. Ó. [ag gáiridhe] - Go maith, im baiste.
Bhfuil Micheál tagtha a-bhaile fós?
M. [ar buile]. - "Bhfuil Micheál tagtha a
bhaile fós," an eadh? Mhuise árd-
chrochadh lá gaoithe chughat!
[Ag déanamh fé dhein an tlúidh.
Ná fuil a mhalairt le rádh ag gach
bitheamhnach -
[Ruitheann Tadhg Óg amach. Seinneann
sé port Gaedhealach agus é ag dul suas an
tsráid.
M. [go brónach]. - Ó, a Dhia ghléigil, saor
sinn go bráth! Ní'l mo leitheid de
bhean dona i nÉirinn indiu. Tá gach
éinne ag magadh fúm - "Bhfuil
Micheál tagtha thar n-ais fós?"
"Bhfuil Micheál tagtha a-bhaile
fós" -
[Tagann Cáit deirbhshiúr Mháire isteach.
Cáit. - Dia annso isteacht acht amháin an
chat agus an mhadradh.
[Cuireann sí a sean-mhuf ar an mbord agus
baineann a clóca dhi.
Cheapas már mhisde dham cuaird do
tabhairt ort, a Mháire. Bhíos an-ghnó-
thach le fada. Cionnus tá an saoghal
ag éirghe leat. Bhfuil Micheál san
mbaile?
Máire [go feargach]. - Dhe, dún do chlab.
Seadh. "Bhfuil Micheál tagtha thar
n-ais? Bhfuil Micheál san mbaile?"
Táim bodhar cráidhte agaibh. Nach deas
an rud é mo dheirbhshiúir féin do theacht
annso ag magadh fúm!
C. - Airiú, a Mháire a' chroidhe, cad tá ort
ar éan-chor?
M. - Cad tá orm, an eadh? Mí-fhortún an
tsaoghail atá orm. B'fhearr liom beith
im' mhnaoi déirce ag siubhal na mbóithre
'ná bheith mar atáim. Ní fheicim duine
ná deóruidhe do cabhroghadh liom. Agus
mo shean-bhitheamhnach fir, d'imthigh -
C. - Micheál imthighthe, an eadh? Airiú, bíodh
ciall agat, a bhean a' chroidhe.
M. - Óch! go deimhin, is furuist "bíodh ciall
agat," do rádh. Dá mbeadh ciall ag
mnaoi ní pósfadh sí choidhche. "Ní
féasta go rósta is ní céasadh go
pósadh."
C. - Faire! ná bí ag gearán mar sin. Fear
maith croidheamhail nádúrtha is eadh
Micheál.
M. - Gaoth, a Cháit. Croidheamhail nádúrtha
an eadh? Dubhart leis maidin lae an
aonaigh ná raibh a leithéid d'fhear chros-
táltha ar thalamh ghlas na hÉireann.
Níor bh'iongnadh go raibh troid ead-
rainn. Dhineas feidhre laimhinní bre-
aghtha olna dhó - mar bítear 'ghá rádh
gur chóir déantúsa na hÉireann do
chur ar aghaidh. An dóigh leat caidé an
buidheachas do bhí aige orm?
C. - Ní fheadar 'n tsaoghal.
M. - "Ní leanbh me," ar seisean; "ná ní'l
éin-eagla orm roimh an bhfuacht."
B'éigin dam aoideadh na muc is na
madraidhe do thabhairt air sular ghlac
sé leó. Annsoin chuaidh sé chum an
aonaigh; bhí scata muc ramhar againn;
agus tásc ná tuairisc ní bhfuaireas air
ó shoin. Mo chreach is mó chás! tá sé
imthighthe go bráth. Tá sé imthighthe - agus
tá an t-airgead imthighthe i n-éinfeacht
leis.
[Gabhann sí anonn 's anall ag gol.
Dia go deó linn, tá mo chroidhe briste,
agus beidh an siriam annso gan
moill -.
C. - Micheál imthighthe! Agus an siriam ag
teacht! Ní dáríribh ataoi, a Mháire.
M. - Ar dóigh leat orm gur mar mhagadh
atáim. Ó! nach é an bitheamhnach
críochnuighthe é. Dubhairt sé ar linn
imtheacht dó: "Slán leat, a chailleach,"
ar seisean,, "b'éidir ná fillfinn
choidhche aríst ort." Shíleas, ar ndóin,
gur mar 'dh eadh bhí sé.
C. - Agus nár tháinig sé a-bhaile -
M. - Níor tháinig, an cladhaire. Bhíos agh
fuireach leis ar feadh dhá lá, agus ar
maidin indé chuadhas go dtí an baile
mór, acht ní raibh tásc ná tuairisc air
romham. O mo chreach is mo léir-scrios!
beidh an siriam annso indiu -
C. Ách adhe! Níor shíleas go raibh an scéal
chomh dona soin.
M. - A Cháit a chuid, bhuail an droch-rath
linn, acht níor mhaith liom bheith ag trácht
air. Do theip orainn an cíos do chur
le chéile tamall ó shoin, agus ó'n lá soin
go dtí an lá indiu ag dul i n-olcas is
eadh bhí an scéal orainn. Dubhairt an
bodach Agent go gcuirfidhe amach sinn,
acht shíleas go mbeadh luach na muc
againn i n-am. Acht mo mhíle brón!
Tá an cáirde i gcrích; agus an bitheamhnach
úd imthighthe i n-ainm an diabhail agus fiacha
na muc i n-éinfheacht leis; agus beidh an
siriam annso indiu -.
[Suidheann Máire go lag brónach i
gcathaoir.
C. - A Mháire a' chroidhe, taoi lag tuirseach
breóite. Téanam ort isteach sa
tseomra, agus éirigh a chodladh dhuit féin.
Teastuigheann sé uait.
[Téidheann siad isteach san tseomra.
Dúnann Cáit an doras. Ar an dtoirt,
tagann Micheál isteach ó'n tsráid. Tá
sé beagán súgach; maide 'n-a láimh
aige; na laimhinní olna ar a lámhaibh.
(Ní críoch.)