TURUS GO TÍR NA nÓG.
Gléas A, go ciúin, socair.  An tAthair T. Mac 'Liam do ghléas.
I.  Tá gaoth na tír' ag séideadh, 's tá na 
héan-laith ag dul 'un suain,  Tá'n dubhar ag dul 'un 
síneadh ar an mbán,  Ó éadan ruadh an 
tsléibhe tagann méidhleachán na n-uan,  
Agus
 
fuaim na caise ag caoineadh ar an dtráigh;  Tá 
uaigneas ar m'anam, 'ris fada liom an 
oidhche,  Budh mhian lem' spiorad gluaiseacht leis an 
ngréin, Ón mbuaidhirt seo tá ar m'aigine is ó 
chealag rún an tsaoghail, Go tír a bhfaghainn-se 
fuasgailt ar mo phéin.
II.
Glaoidhthear orm aniar, agus is aoibhinn liom an ghlór
Mar bheadh leóithne caoin ag cogar thar an gcuan,
Raghad 'un mo luinge, nó go scaoilfidh mé mo sheól,
A's go ndeónuighthear mo shroistin slán anonn!
Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom do b'fhearr,
Acht tír bheith lán do charthannacht 'mo chómhair,
Mar a maireann féile croidhthe idir shaoithibh Inse Fáil,
Is ann atá mo thriall - go Tír na nÓg!
An tUr. F. Ua Conaill (An tÁrd-Dhraoi).
Scríobhas síos an fonn so i Mainistir Fhearmuighe ó'n Athair Séamus de Róiste, do chaith a 
óige imeasc na ndaoine fá'n dtuaith.  Ní raibh ainm an fhuinn aige, ná na focail, acht chomh beag.
'Sé mo thuairim go n-oireann na focail do scríobh F. Ua Conaill go maith do'n bhfonn.
Is ceart leanamhaint níos sia ar na nótaibh go bhfuil an comhartha XXX os a gcionn 'ná mar
a déanfaidhe i n-amhrán Béarla.
T. Mac 'Liam, Coláiste Cholmáin.