Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Turus go Tír na nÓg.

Title
Scoil na Suadh - Turus go Tír na nÓg.
Author(s)
Ua Conaill, An tUr. F.,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Mac 'Liam, T.
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 210


TURUS GO TÍR NA nÓG.



Gléas A, go ciúin, socair. An tAthair T. Mac 'Liam do ghléas.



I. Tá gaoth na tír' ag séideadh, 's tá na
héan-laith ag dul 'un suain, Tá'n dubhar ag dul 'un
síneadh ar an mbán, Ó éadan ruadh an
tsléibhe tagann méidhleachán na n-uan,
Agus


L. 211


fuaim na caise ag caoineadh ar an dtráigh; Tá
uaigneas ar m'anam, 'ris fada liom an
oidhche, Budh mhian lem' spiorad gluaiseacht leis an
ngréin, Ón mbuaidhirt seo tá ar m'aigine is ó
chealag rún an tsaoghail, Go tír a bhfaghainn-se
fuasgailt ar mo phéin.



II.



Glaoidhthear orm aniar, agus is aoibhinn liom an ghlór
Mar bheadh leóithne caoin ag cogar thar an gcuan,
Raghad 'un mo luinge, nó go scaoilfidh mé mo sheól,
A's go ndeónuighthear mo shroistin slán anonn!
Ní tír go n-iomad soillse, ná laoithe liom do b'fhearr,
Acht tír bheith lán do charthannacht 'mo chómhair,
Mar a maireann féile croidhthe idir shaoithibh Inse Fáil,
Is ann atá mo thriall - go Tír na nÓg!



An tUr. F. Ua Conaill (An tÁrd-Dhraoi).



Scríobhas síos an fonn so i Mainistir Fhearmuighe ó'n Athair Séamus de Róiste, do chaith a
óige imeasc na ndaoine fá'n dtuaith. Ní raibh ainm an fhuinn aige, ná na focail, acht chomh beag.
'Sé mo thuairim go n-oireann na focail do scríobh F. Ua Conaill go maith do'n bhfonn.



Is ceart leanamhaint níos sia ar na nótaibh go bhfuil an comhartha XXX os a gcionn 'ná mar
a déanfaidhe i n-amhrán Béarla.



T. Mac 'Liam, Coláiste Cholmáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services