FEIS COLMÁIN
Tá na Gaedh-
ilgeóirí go
léir ar éan-
aigne anois i
dtaoibh na bun-
táiste tá ann do chraoibh feis do chur ar
bun uair sa mbliadhain an chuid is lugha dhe.
Nuair thagann lá feise curtar an
Ghaedhilg ós comhair gach éinne agus curtar
a brigh agus a fuinneamh i n-umhail do chách.
I gcaitheamh an gheimhridh, nuair bhionn na
chomhdhaltaí istigh ag foghluim agus ag saoth-
rughadh na teangan, ní bhíonn radharc ar a
gcuid oibre ag an phobul, agus ní bhíonn
slighe ag an phobul a mbreitheamhntas do
chaitheamh ar obair an Chonnartha agus a
dhéanamh amach an maith no olc an obair
sin. Bhí na smaointe seo ag rith linn
annso ins an ngeimhreadh agus cheapamar
dá mba rud é go mbeadh áit againn le
haghaidh feise go mbéadh an t-ádh go
deóidh orainn. Ní raibh éan-choinne againn
le háit d'fhagháil mar nach bhfuil seomra ar
an mbaile oireamhnach chum cruinniughadh
mór daoine do bhailiughadh ann i lár an
tsamhraidh; agus maidir le páirc níor
bh'eól dúinn éin-cheann annso d'oirfeadh
dár n-obair.
Bhíomar ceaptha go gcaithfimís déanamh
gan feis nuair do chualaidh Uachtárán
Cholláiste Cholmáin cad do bhí ag cur
cúraim orainn agus ní túisce d'airigh sé an
scéal ná dubhairt sé go bhfuighmís faithche
an Cholláiste agus fáilte. Ba dheacair
áit ní ba dheise d'fhagháil. Tá an Coll-
áiste ar chliathán an chnuic atá ar an taobh
theas de'n mbaile agus radharc aoibhinn
uaidh anuas ar an mbaile agus anonn ar
an gcnoc atá ar an dtaobh thuaidh agus
thairis sin arís ar chnocaibh Chillúirt, ar
"Airglinn aoibhinn an cheóil," agur ar
na Galltaoi atá ag baint leis an spéir.
Tá an Colláiste féin go breagh leis,
agus leigeadh do sna daoinibh do tháinig
chum na feise dul isteach agus breathnughadh
ar an gcóir mhaith oibre atá ann.
Tá na hallaí agus na seomraí go
breagh fairsing aerach ann, agus tá gach caoi
ann chum an eólais do mhúineadh do theas-
tuigheann ó aos óg na haimsire seo.
Tá spioraid na Gaedhilge dá cur i
bfeidhm go ceart ann mar tá sí dá
múineadh do gach duine de'n chéad
buachaill atá ar scoil ann. Is 'mdhó scoil
i nÉirinn atá tar éis múineadh na teangan
do thógaint suas ó chuaidh an Connradh i
láidreacht, acht tá cuid aca agus ní'l ins an
múineadh acht leath-scéal mar nach bhfuil
eólas ceart ag na múinteóiríbh ar an
dteangain, nách dtugtar am go leór do
sna scoláiríbh chum a foghluma agus nach
gcleachtar a labhairt ar éan-chor. Ní mar
seo do'n Chollaiste seo. Sé an tAthair
Dáithí Ua Conaill, Uachtarán ár gCraoibhe-
ne, atá mar ollamh aca, agus ní fhágann sé
iad i dtaoibh leis na leabraibh acht labh-
rann sé an Ghaedhilg leó coitcheannta
agus is í bhíonn aca nuair bhíd ag imirt
liathróide nó ag iomáin ar an bhfaithche.
Ní bhíonn de chleasaibh lúith aca acht iad so
atá Gaedhealach. Is é halla ealadhan an
chuid is déidheannaighe cuireadh leis an
gcolláiste agus múintear ann an teagasc
ceárdamhail go fuinneamhail bríoghmhar.
Shocruigheamair ar an bhfeis do bheith
againn lá 'l Pheadair is Phóil, agus nuair
tháinig an lá bhí an ghrian ag taithneamh
orainn chomh lonnrach agus bhí sí éan-lá
riamh. Thug an tAthair Dáithí Ua Conaill
seanmóin Ghaedhilge uaidh an lá soin ag an
Aifreann déidheannach, agus is fada fada
roimhe sin ó bhí seanmóin Ghaedhilge ins
an teampoll céadna.
B'ádhmharach agus b'oireanmhach an tosnu-
ghadh é sin ar obair an lae. Chomh luath
agus bhí na daoine amuigh ón Aifreann
dhírighdear orainn agus leath-uair tar eis a
buille bhí an obair ar láin-tsiubhal againn.
Bhí aithristheóireacht agus scéaluidheacht agus
rinnce agus amhráin ann. Ní raibh cúinne
de'n pháirc gan rud éigin ann. Bhí na
daoine ag líonadh isteach go bríoghmhar agus
go mear, agus ba greannmhar féachaint ortha
ag rith annso agus annsúd dh'iarraidh
gréim d'fhagháil ar gach nídh. Acht ní bhfuigh-
dís gach éan-rud d'fheicsint i bhfochair a
chéile agus b'éigin dóibh bheith sásta le
giota dhe seo agus giota dhe siúd. Bhí
buidhean-cheóil againn ó Chorcaigh agus
nuair tháinig sé - Buidhean-cheoil Shráide an
Daingin i gCorcaigh - cuireadh stad ar gach
nídh eile go dtabharfadh sé greas ceóil
dúinn. Sé an smaoineadh do bhí ag rith
im' aigne féin agus iad ag imirt gur beag
an gábhadh tá againn le hairgead mór do
dhíol le buidhin ghallda bhíonn ag gabháil
leis an arm an fhaid agus tá a leithéidí
seo againn. Bhí éan-rud eile ar cuireadh
ar stad na comórtais len' aghaidh - óráid
an Athar Peadar Ua Laoghaire. Is é an
tAthair Peadar féin do bhí mar Uachtarán
ar an bhFeis agus ba mhaith an mhaise dhúinn
soin. Nuair thosnuigh sé ag cainnt bhrúidh
an sluagh mór daoine suas chum an áird ar
a raibh sé i dtreó go n-aireoghaidís gach
focal. "Bhí da'chead bliadhain," adubhairt
sé "ó sheas sé ar an áit sin ar dtúis.
Is fada an aimsir í agus is 'mdhó cor
chuir an saoghal de ó shoin. I dtaobh na
Gaedhilge ba dhona an aimsir í mar is le
n-a linn do leigeadh do theangain na tíre
dul nach mór chum báis. Bhí muinntir na
hÉireann 'n-a gcodladh ar feadh na haim-
sire sin i dtaobh na Gaedhilge. Acth bhí
fo-dhuine annso 's annsúd 'n-a dhúiseacht
ag faire go géar ar gach nídh." Bhí an
tAthair Peadar ortha so. Chonnaic sé gach
cor agus casadh. Chonnaic sé an trom-shuan.
Acht, buidhe le Dia! chíonn sé anois an
múscladh. Nár bh'uaigneach brónach do n-a
leithéid na bhliadhanta so! Bhí sé buailte
go daingion isteach i n-a aigne go raibh an
Ghaedhilg ceangailte suas le creideamh agus
le náisiúntacht na hÉireann agus dá mba
rud é go scaoilfeadh na daoine uatha an
teanga go n-imtheóghadh an creideamh agus
an náisiúntacht 'na diaidh. Agus bhí sé ag
féachaint ortha ag leigean do'n teangain
imtheacht! Níor mhór dam an tIrisleabhar
ar fad chum cunntais do thabhairt ar na
daoinibh tháinig ag iomaidh ann agus ar
a ngníomharthaibh. Acht bhí sin ins na
páipéiríbh Béarla cheana. Tá an Ghaedhilg
dá múineadh i ngach scoil ins an pharóiste
seo, acht ní'l sí dá labhairt coitcheannta i
measc na ndaoine agus dá dheascaibh sin
ní'l sí fós ag an aos óg maith go leór
chum dul isteach ag iomaidh ar chomhrádh;
agus na daoine atá ag foghluim i rangaibh
an Chonnartha annso ní'l an blas fós aca
chomh maith agus atá sé ag muintir na
gceanntar nGaedhealach.
Dá bhrigh sin is go Baile Mhistéala, go
dtí an Baile Nua, agus an Baile Dubh, go
Dúngarbhán agus go hÁrd Mhór, chuaidh an
chuid ba mhó de sna duaiseannaibh.
Acht mar sin féin fuair muinntir na
háite seo a gcuid féin agus béidh siad
ag dul i dtreise i n-ionad a chéile. Ní
fhacthas ar an mbaile go dtí sin cruinn-
iughadh chomh breagh agus chomh deagh-iomchurtha
agus do bhí againn, agus bhíodar go léir
sásta. Ní raibh éinne ag gearán agus is
annamh ná bíonn duine éigin ag fagháil
locht.
Tar éis na gcomórtas bheith críochnuighthe,
bhí aeridheacht bhreagh againn, agus bhí sé a
seacht a chlog sul ar leigeadh abhaile na
daoine. B'aoibhinn an lá é agus tá muinntir
an bhailé ag feitheamh le n-a leithéid arís.
PÁDRAIG MAC SUIBHNE.