FÁ CHOINNE CHRUINNIGHTHE
DHÚIN NA nGALL.
I. Nach aoibhinn an áit é ar an chnoc os
cionn an tsáile agus an cruinniughadh seo comh
hálainn taobh amuigh de Dhún na nGall, agus
gurab é an gnaithe uile go léir ann ag
neartughadh na Gaedhilge, an chanamhaint a
bhí i n-Éirinn sul má dtearnas uirthi feall.
Tá an talamh seo comh naomhtha giota beag
taobh thíos de go mb'fhusa dúinne smaoi(n)-
tiughadh air i bhfad 'ná bheith d'á rádh. Tá na
bráithre 'na gcéadtaibh 'na gcodladh ann
faoi'n chréafóig; tá na seamróga ag fás
tharsta 'gus an uile chineál bláth.
Iarraim bhar bpárdúna anois ar son mise
mo bhéal 'osgladh annseo indiú agus mo ghlór
beag lag gan mhaith thógáil ann bhar measg,
acht is bocht liom é an lá leigint thart gan
innse daoibh fá'n áit bheannuighthe a bhfuilmid
iongantach comhgarach dó, an áit i bhfuil na
sgórtha agus na céadta bráithre agus naomh 'na
gcodladh, acht chuala mé riamh nach bhfuil sé
maith a bheith ag caint ar na mairbh mur
ndéarfamuid paidir dóibh, agus ní fá choinne
dhul phaidreacha thainic mise annseo indiú ar
chor ar bith acht fá choinne amhrán beag
Gaedhilge a rádh, dhá dtigeadh liom, acht,
faraor, tá aon rud amháin dho dhíth orm agus sin
an guth.
II. Is truagh nach dtig liom-sa seinm mar
na cuacha ná mac alla bhaint as néaltaibh le
tuaim agus le ceól, go dtiocfadh liom-sa innse
daoibh maitheas na Gaedhilge, an chanamhaint
a bhí i n-Éirinn, 'gus a moladh mar badh chóir.
Díbreadh an Ghaedhilg ar shiubhal ó bhailtibh
móra; fuair sí dídean fá shléibhte faoi
dhosracha fraoich. Agus cá bhfuil an chaint
comh suailceach, ag teacht ar an tráthnóna,
'ná thart fá'n teinidh mhónadh le coinfheasgar
na hoidhche?
Óch! óch! ní theanfa mé dearmad go
bráthach de, dhá mbeinn comh sean agus go
mbéidheadh cearc ábalta m'iomchar thart
i n-a gob trí huaire fá'n teach, fá chailín óg
de'n chomharsain ar bhuail cumhaidh í 'san
Oileán Úr a n-oiridh (= i n-uraidh) agus phill sí
ar ais 'un a' baile. Chuala mé dhá radh nach
bhfaca sí rud ar bith ó chuaidh sí ann gur
fhág sí é a thiocfadh léithi a chuir (= chur) caoi
ar bith i gcomórtas ná anál fholláin bhárr na
gcnoc, grásta an Ríogh 's an Ghaedhilg.
III. B'éigean do'n Ghaedhilg a bheith diong-
mhálta di féin uili-g'. Ní rabh sí deánta
suas de dhomasach ná moirteál gan aol, ná,
dhá bhfuigheadh an Béarla beag mín seo a
leath oiread íosbairt, ní bheith aon fhocal di
le chéile leis na trí chéadtaibh bliadhain. Ó,
go musglaidh tú agus go mairidh tú, a chanamhaint
na tíre; b'anacair do leabaidh agus b'fhada do
néal. Agus cá bhfuil an chaint comh cráibh-
theach ag dul do'n Phaidrín Páirteach 'ná
sean-bhean ar a glúine 'gus an Ghaedhilg
i n-a béal.
Tá se uili-g' thart go leór, acht dhá
gcluinfeadh sibh sean-mhná ag dul phaidreacha
go cráibhtheach ná ag sgamhláil go tíoránta,
mar chuala mise go minic ar an droch-uair
damh fhéin, déarfadh an uile dhuine riamh agaibh
nach bhfuil seort ar bith canamhaint dh'á
dtiocfadh le duine ar bith a intinn a
mhíniughadh ine sgéal gheárr leath comh maith
leis an Ghaedhilg.